Hit enter to search or ESC to close
Iasachtaí d’Fhorbairt Bheochana

Iasachtaí d’Fhorbairt Bheochana

Cuir ar chumas comhlachtaí beochana tabhairt faoi obair choincheapa, dhearaidh agus scéil uilig atá riachtanach le scannán fada beochana nó le sraith TV a fhorbairt.

Maidir Leis an Maoiniúchán

Ligeann Iasachtaí d'Fhorbairt Bheochana do chomhlachtaí beochana tabhairt faoin obair choincheapa, dheartha agus scéil ar fad is gá chun príomhscannán nó sraith theilifíse bheochana a fhorbairt.  

‘S í an uasmhéid atá ar fáil ag aon am amháin ná €50,000; is í an uasmhéid iomlán gur féidir le Fís Éireann a chur ar fáil d'aon tionscadal ná €100,000. Má chuirtear níos mó ná €50,000 de mhaoiniú forbartha ar fáil do thionscadal, ní mór cistiú meaitseála an tríú pháirtí a fháil ó fhoinsí eile. Toisc go bhfuil brú ar acmhainní Fís Éireann, ba chóir d'iarratasóirí tabhairt san áireamh gur dócha anois go mbeidh an tairiscint mhaoiniúcháin i bhfad níos lú ná an uasmhéid.

Cuireann Fís Éireann maoiniú d'fhorbairt bheochana ar fáil do scannáin as Béarla nó as Gaeilge don chuid is mó, nó meascán den dá theanga.

Cé atá i dTeideal Iarratas a Dhéanamh

Tá Iasachtaí d'Fhorbairt Bheochana ar fáil do léiritheoirí a bhfuil príomhscannán beoite nó sraith theilifíse bheoite gur mian leo á fhorbairt, le rochtain shoiléir acu ar na cearta atá riachtanach chun ábhar a chur in oiriúint don scáileán, agus aontú (i bprionsabal ar a laghad) leis an scríbhneoir scripte agus duine cruthaitheach eile gur mian leo á choimisiúnú.

Conas Iarratas a Dhéanamh

Is féidir iarratas a dhéanamh ar líne anois. Téigh go dtí Déan Iarratas Ar Líne Fís Éireann.

Spriocdhátaí Cistithe 2024

  • Déardaoin 29 Feabhra ar 1in
  • An Mháirt 30 Aibreán ar 1in
  • An Aoine 28 Meitheamh ar 1in
  • Déardaoin 31 Deireadh Fómhair ar 1in

Ní gá teagmháil a dhéanamh le ball foirne Léiriúchán, Forbairt agus Dáileadh Fís Éireann sula dhéantar iarratas ar Iasachtaí d'Fhorbairt Script Scannáin.

Más mian leat iarratas ar mhaoiniú a dhéanamh tríd an phost, cur glaoch ar 091 561 398 chun an fhoirm iarratais chuí a fháil.

07/02/2024