Hit enter to search or ESC to close

Real Shorts

Is féidir le Real Shorts a bheith chomh fada le 10 nóiméad agus buiséad suas go dtí £20K euro a fháil.

REAL SHORTS

Is scéim nua í REAL SHORTS a chumasóidh scannáin fhaisnéise a bhfuil ardluachanna léiriúcháin cineamatacha acu agus gur féidir leo lucht féachana idirnáisiúnta a bhaint amach trí bheith ar taispeáint i bpictiúrlanna agus ag féilte. Spreagtar na scannánóirí chun saothar a chruthú ina bhfuil guth láidir pearsanta le braistint, agus a chuireann ábhar ar fáil a bhaineann leas as teicnící mothúlacha agus aeistéitiúla na scannánaíochta.

Is féidir le gearrscannáin REAL SHORTS a bheith suas le deich nóiméad ar fhad agus le huasmhéid buiséid de €20k acu.

Is féidir na scannáin a dhéanamh i nGaeilge nó i mBéarla. Más i nGaeilge atá an scannán ní mór fotheidil a bheith ann fá choinne féilte agus díolacháin ar fud an domhain.

Is í 1.00 i.n. An Aoine 22ú Márta 2019 an spriocdháta

Dúnfar an córas ar líne go huathoibríoch agus láithreach ar 1i.n. ar an lá seo, agus mar sin ba chóir duit d'iarratas a líonadh agus a sheoladh tamall maith roimh an spriocdháta mar ní ghlacfar le hiarratais ina dhiaidh seo ar ríomhphost nó ar aon bhealach eile.

TRÉIMHSE AMA 

Nuair atá d’iarratas á ullmhú agat, ba chóir d’iarratasóirí macnamh a dhéanamh ar an tréimhse léiriúcháin. Tá sé mar dhualgas ar an léiritheoir a chinntiú gur féidir an saothar a chur i gcrích de réir an sceidil agus an buiséid. Má tá an saothar á sheachadadh mall is féidir go gcuirfidh sin isteach ar iarratais eile sa todhchaí, agus mar sin de ba chóir go mbeidh gearradh réamhlíne faofa bainte amach don tionscadal go luath i mí an Mheithimh 2020, agus ní mór an tionscadal a sheachadadh faoi mí Lúnasa 2020.

Paraiméadair na Scéime 

—  Líon scannán: Uasmhéid de 4 sa bhliain  

—  Fad: Uasmhéid de 10 nóiméad 

—  Buiséad do gach scannán:* Uasmhéid de €20,000

—  Seachadadh: DCP, Prores & BluRay

*Ba chóir go dtógfaí costais sheachadta (de réir na riachtanas thuasluaite) agus costais fhotheideal san áireamh i mbuiséad an iarratais, más ann dóibh.

Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh 

Tá iarratais á n-éileamh ó fhoirne léiritheora/stiúrthóra/scríbhneora (nuair nach ionann an léiritheoir agus an stiúrthóir) faoi réir threoirlínte incháilitheachta mar seo a leanas: 

  • Léiritheoirí - ní mór do léiritheoirí a bheith in ann a chruthú go bhfuil cumas acu i léiriú faisnéise, agus go bhfuil gearrscannán amháin ar a laghad léirithe acu.*
  • Stiúrthóirí – ní mór dóibh taispeáint go bhfuil sé ar a gcumas acu scannán ar ábhair fhaisnéise a stiúradh, nó go bhfuil ar a laghad gearrscannán faisnéise amháin stiúraithe acu. Nuair a bhfuil sé de rún ag an stiúrthóir a bheith ina cheamaradóir fosta, ba chóir go dtaispeánfaidh seóspól an cumas seo chomh maith.*
  • Scríbhneoirí – ní mór taithí scríbhneoireachta a bheith acu cheana, mar shampla, saothar scáileáin, saothar foilsithe nó ar líne (ba chóir nascanna a chur ar fáil sa CV i gcás saothar ar líne).
  • Ní féidir iarratas a dhéanamh le tionscadal a cuireadh isteach faoi dhó cheana agus a diúltaíodh dó.
  • Níl an scéim seo oscailte roimh mhic léinn lánaimseartha.  

  • Is féidir le Léiritheoirí, Stiúrthóirí agus Scríbhneoirí iarratas a chur isteach fá choinne níos mó ná scannán REAL SHORTS amháin, ach ní féidir leo maoiniú a fháil faoin scéim níos mó ná trí huaire.

* Ní scéim iomlán oscailte í REAL SHORTS maidir leis an dtallann gur mhian linn á dtarraingt: tá sé de rún againn léiritheoirí agus stiúrthóirí le guthanna láidre cruthaitheacha agus taithí proifisiúnta éigin a chumasú chun gearrscannáin a dhéanamh. Mar sin, ní ghlacfar le gearrscannán a dhéantar mar chuid d’obair ollscoile/choláiste, cé gur féidir go nglacfar le scannán céime a bhfuil clú suntasach bainte amach aige ag féilte.

Ionas nach mbeidh aon amhras ann, ní mór go mbeidh an scríbhneoir, an stiúrthóir agus an léiritheoir ceangailte leis an tionscadal chun iarratas a dhéanamh, agus ba chóir CV CUIMSITHEACH a bheith curtha isteach do gach duine acu. Tabhair faoi deara nach leor beathaisnéis ghairid.

Nós Imeachta

  • Déanfar na hiarratais á meas, agus tabharfar aird go háirithe ar an gcóiriú, ar na nótaí cruthaitheacha agus ar an bhfoireann chruthaitheach. Tá sé mar aidhm againn cothromaíocht inscne a bhaint amach leis na foirne chruthaitheacha a roghnaítear.
  • Déanfar gearrliosta d’fhoirne a chur le chéile agus tabharfar cuireadh dóibh siúd ar an liosta freastal ar agallamh. 
  • I ndiaidh do thionscadal dul ar an ngearrliosta agallaimh, is féidir go dtarraingeoidh Fís Éireann siar an t-agallamh molta má tá aon athrú suntasach ar chóiriú, sceideal nó phríomhfhoireann. Má tá gá le hathruithe ag an bpointe seo, ní mór iad a phlé le Fís Éireann.
  • Tabharfar dámhachtain do cheithre thionscadal ar a mhéid ag brath ar chaighdeán na n-iarratas. 
  • Ní mór d'fhoirne a roghnófar iad freastal ar lá faisnéise ionas go mbeidh siad i dteideal a ndámhachtain a éileamh. 


Gnéithe Thábhachtacha na Scéime 

  • Ba chóir go nginfí, agus go mbeidh ceannasaíocht cruthaitheach ar scannáin REAL SHORTS, ag tallann a bhfuil Cónaí Orthu i bPoblacht na hÉireann. Ba chóir go mbeidh na scannáin á léiriú ag comhlacht léiriúcháin atá cláraithe i bPoblacht na hÉireann agus le criú atá lonnaithe i bPoblacht na hÉireann. Is féidir go nglacfaí le Saoránaigh na hÉireann atá ina gcónaí thar lear ar feadh tréimhse más rud é go mbeidís sásta filleadh ar Éirinn don agallamh má roghnaítear iad don ngearrliosta agus don tréimhse iomlán léiriúcháin má éiríonn leo maoiniú a fháil.
    Ionas nach mbeidh aon amhras ann, munar saoránach na hÉireann é/í aon rannpháirtí cruthaitheach nó aon cheann roinne agus muna bhfuil cónaí air/uirthi i bPoblacht na hÉireann, níl cead aige/aici iarratas a dhéanamh nó páirt a ghlacadh sa scéim. Déan machnamh air seo le do thoil sula dhéanfar iarratas.
  • B’éigean don bhfoireann mholta a modh oibre a léiriú, chomh maith lena gcumas an tionscadal a chríochnú taobh istigh den sceideal agus de réir na sonraíochta aontaithe. Glacfaidh na maoinitheoirí leis go bhfuil an léiritheoir iomlán freagrach as an tionscadal agus mar sin ní mór don leiritheoir cinntiú go bhfuil an fhoireann iomlán tiomanta don tionscadal sula thosaíonn sé.
  • Caithfidh léiritheoirí a chruthú gur féidir leo cearta domhanda gan teorann ama a aimsiú, thar na meáin ar fad atá ann anois agus thar na meáin atá le cumadh fós.
  • Ba chóir aird speisialta a thabhairt ar chóiriú, ar cheartaí saoil nó ar aon ábhair chartlainne atá riachtanach don tionscadal, ag cinntiú go bhfuil cearta domhanda gan teorann ama thar na meáin ar fad ar fáil. Ba chóir go gcuirfear fianaise ar fáil ón bhfoinse go bhfuil na cearta sin ar fáil, ag cinntiú go bhfuil na costais a bhaineann leis le sonrú sa bhuiséad.
  • Ba chóir nótaí ar fhoireann mholta, ar phríomh-chriú teicniúil, ar cheol srl, a shonrú sna nótaí léiriúcháín
  • Ní fhaomhófar ach an t-aon léiritheoir amháin, agus ní thugfar teideal creidiúna ach do léiritheoir amháin do thionscadail a roghnaítear, agus beidh sé le tuiscint go mbeidh freagracht iomlán ar an té sin as an léiriúchán.
  • Ba chóir gur comhlacht teoranta é atá claraithe i bPoblacht na hÉireann a dhéanann conradh leis an mhaointheoir agus ní féidir ach le comhlacht amháin an scannán a léiriú.
  • Ní féidir aon mhaoiniú breise seachtrach a chur le tairisicint an mhaoinitheora
  • Beidh na rátaí seo leanas i bhfeidhm maidir le buiséid léiriúcháin na scannán ar fad a dhéanfaí faoin scéim:

—    Ba chóir go mbeidh táillí an Scríbhneora, an Stiúrthóra agus an Léiritheora de réir an bhuiséid, costas iomlán an tionscadail agus cúspóirí na scéime. Má cheaptar go bhfuil na táillí ró-ard, beidh ceartú le déanamh má roghnaítear an tionscadal.

—   Ráta laethúil d’aisteoirí agus do chriú (€120)

(mar a aontaítear gach bliain le Grúpa Scannán na gCeardchumann):

—   Árachas: Ceadaigh 1.2% den bhuiséad

—    Costais Theagmhasacha: Ceadaigh 5% den bhuiséad (níor chóir táille léiriúcháin á ghearradh)

  • Beidh cearta faofa ag Fís Éireann ar na gnéithe seo a leanas de gach scannán a dhéantar faoin scéim:     

—  Script scannánaíochta (agus is féidir go gceapfaidh Fís Éireann eagarthóir scripte i gcásanna áirithe).

—  Buiséad

—  Sceideal scannánaíochta an léiriúcháin

—  Roghnú aisteoirí, guth-aisteoirí san áireamh - ní mór réamh-     fhaomhadh a fháil     

—  Príomhfhoireann theicniúil – ní mór réamh-fhaomhadh a fháil   

—  Gearradh Réamhlíne

         —  Teidil Chreidiúna

  • Má tá aon athrú suntasach nach bhfuil faomhaithe ag Fís Éireann ar script scannáin, sceideal, ar phríomhfhoireann nó ar fhoireann aisteoireachta d’aon thionscadal a mhaoinítear, is féidir go dtarraingfí siar an maoiniú. Má tá gá le hathruithe, ní mór iad a phlé le Fís Éireann.

 Cearta

  • Is le Fís Éireann a bhfanfaidh cearta neamh-eisiacha thar na meáin ar fad in Éirinn agus cearta promóisine neamh-eisiacha ar fud an domhain. Fanfaidh na cearta dáilte eile leis an scannánóir. Is féidir leis/léi an scannán a dháileadh é/í féin, nó gníomhaire díolacháin a cheapadh. Mothaíonn Fís Éireann go dtabharfaidh seo oiliúint dháilte thábhachtach do scannánóirí, agus go gcuideoidh sé leo caidrimh dhíreacha a chothú leis na dáileoirí.
  • Tá polasaí ag Fís Éireann scannáin REAL SHORTS a sheoladh chuig féilte fhaofa idirnáisiúnta tar éis dóibh a bheith ar scáileán in Éirinn.