Hit enter to search or ESC to close
Tacaíocht Dháilte

Tacaíocht Dháilte

Maoiniú do dháilitheoirí Éireannacha chun cuidiú le díol as costaisí éisiúna amharclannaíochta in Éirinn do scannáin fhada atá ag fáil maoiniú léiriúcháin Fís Éireann cheana féin, agus le poiblíocht agus cur chun tosaigh níos éifeachtaí a chothú.

Mar gheall ar an Mhaoiniú

Cuirtear maoiniú ar fáil ar bhunús iasacht cheart-chúitimh theoranta a bheas in-aisghabhála ó sciar an ioncaim a gheobhfar trí shaothrú an scannáin. Beidh aisíoc an iasachta seo infheidhme nuair a gheobhaidh an dáilitheoir a chuid costas ar ais, costais a aontófar roimh ré le Fís Éireann.  

Faoin scéim seo tá costais eisiúna do scannáin cháilithe roinnte idir iad siúd atá incháilithe do Thacaíocht mhargaíochta Fís Éireann agus iad siúd nach bhfuil incháilithe. Glactar leis go mbeidh dáilitheoirí iomlán freagrach as ullmhú scannáin don eisiúint sa mhargadh Éireannach agus dá dháileadh fhisiciúil. Dá réir sin níl na costais a leanas incháilithe do Thacaíocht Dháilte.

  • Costais chruthaitheachta agus tháirgeachta i dtaobh le croí-ealaín, póstaeir, fógraí sna páipéir, spótaí TV/raidió, leabhar preasa;
  • Costais priontaí eisiúna, priontaí tréiléir, iarratas cinsireachta, léirithe taispeántóra, taighde margaíochta;
  • Costais sheolta, costais rianaithe.

Tá costais bholscaireachta agus cur chun cinn scannán cáilithe sa mhargadh Éireannach incháilithe mar chostais faoin scéim. Thig le dáilitheoirí iarratas a chur isteach ar mhaoiniú Dháilte Dhírigh le 90% a chlúdach, go dtí uasmhéid £75,000 euro de na costais a leanas:

  • Costais spáis sna meáin: TV. Na nuachtáin, raidió, taobh amuigh, ar líne; 
  • Costais phoiblíochta: léirithe na meán, cuairteanna tallainne, féilte in Éirinn; agus (don mhéid nach féidir tríd an táirgeadh) stadáin/gearrthóga/EPK d’úsáid eagarthóireachta; 
  • Táillí gníomhaireachtaí CP, muna láimhseofar an obair go hinmheánach agus má tá sé formheasta ag Fís Éireann;
  • Costais réamhfhógráin: dearadh agus eagarthóireacht tréiléir, suíomh gréasáin, léirithe cainte, cur ar aghaidh speisialta, monarú agus dáileadh earraí i gcomhair úsáid bolscaireachta amháin.
  • Costais inrochtaineachta: cruthú na n‑ábhar chun inrochtaineacht an lucht féachana uile a cheadú agus a fheabhsú, lena n‑áirítear iad siúd atá faoi mhíchumas
Critéir  

Braithfidh socrú Fís Éireann chun cuidiú le heisiúint scannán cáilithe ar mheasúnú deimhnitheach ar fheachtas an dáilitheora, ar an phlean eisiúna agus ar an bhuiséad preasa agus bolscaireachta foriomlán. Is é is dóiche go bhfeabhsófaí iarratas tríd an dáilitheoir ag maíomh cad é mar a chuideodh Tacaíocht Dháilte Fís Éireann leis an scannán a bheith fógartha and curtha chun cinn ar bhonn níos éifeachtaí i gcomparáid le tacaíocht áiseanna an dáilitheora amháin a bheith ar fáil.

Cé is féidir iarratas a dhéanamh?

Tá maoiniú Dháilte Dhírigh ar fáil do chomhlachtaí dáiliúcháin bona fide atá bunaithe i bPoblacht na hÉireann a bhfuil sé de rún acu scannán cáilithe a eisiúint d’amharclanna in Éirinn (Tuaisceart na hÉireann san áireamh).

Is ionann scannáin cháilithe maidir leis an scéim seo de agus scannáin fhada (ficsean, beochan nó scannán faisnéise) atá ag fáil maoiniú léirithe nó críochnaithe ó Fís Éireann cheana féin.

Ag cur iarratas isteach

Is féidir iarratais a dhéanamh ar líne anois ag baint úsáide as an chnaipe ‘Déan Iarratas’ ar an leathanach seo. Cinntigh gur léigh tú na treoirlínte ar Conas Iarratas a Dhéanamh sula ndéanfar iarratas le do thoil.

Caithfidh dul i gcomhairle le Bainisteoir Dáiliúcháin Fís Éireann sula ndéanfar iarratas. Caithfidh cóip den scannán a chur ar fáil don Bhainisteoir Dáiliúcháin sula ndéanfar iarratas.

Más mian leat iarratas ar mhaoiniú a dhéanamh tríd an phost, cuir glaoch ar 091 561 398 leis an fhoirm iarratais chuí a fháil.

Sa chaoi is go nglacfar leis mar chomhlacht dáiliúcháin bona fide, agus a bheith incháilithe dá réir le hiarratas a chur isteach faoin scéim seo, ní mór don iarrthóir bheith in ann a léiriú go bhfuil sé i mbun gnó ag dáileadh scannán go rialta sa mhargadh Éireannach nó go bhfuil pleananna indeimhnithe ann lena leithéid de chomhlacht a bhunú.

Níl maoiniú ar fáil faoin scéim seo do chomhlachtaí neamhÉireannacha atá ag pleanáil dáileadh díreach ar scannán cáilithe sa mhargadh Éireannach, ach tá sé ar fail ag dáilitheoirí Éireannacha bona fide atá ag láimhseáil scannáin cháilithe in Éirinn faoi shocrú fhodháilte le comhlacht coimhthíoch, nach comhlacht Éireannach é. Sna cásanna seo ní féidir maoiniú a iarraidh ach amháin chun díol as costais incháilithe an dáilitheora Éireannach. Ní mór do chostais atá roinnte le críocha eile i.e. An RA a bheith leagtha amach go soiléir in aon iarratas.

Ní féidir an Fís Éireann ach conradh a dhéanamh le comhlachtaí atá ionchorpraithe i bPoblacht na hÉireann.

Spriocdhátaí d’Iarratais Dáileacháin le haghaidh 2024

  • An Aoine 16 Feabhra ar 1in

  • An Aoine 19 Aibreán ar 1in

  • An Aoine 14 Meitheamh ar 1in

  • An Aoine 16 Lúnasa ar 1in

  • An Aoine 18 Deireadh Fómhair ar 1in

  • An Aoine 13 Nollaig ar 1in

Déan Iarratas

Treoirlínte Cistithe Léirithe

20.12.2023