Misean
Is é misean Fís Éireann tacaíocht agus cothú a thabhairt do scannánaíocht, teilifís agus beochan na hÉireann, trí fhís ealaíonta Éireannach, agus ár dtallann ilghnéitheach chruthaitheach agus léiriúcháin a chur chun cinn, lucht féachana a fhás, agus scannánóirí agus infheistíocht a mhealladh isteach sa tír.
Déanaimid ár misiún a sheachadadh mar seo a leanas:
- Ceannaireacht, treo agus abhcóideacht a sholáthar do thionscal scannán na hÉireann
- Maoiniú Forbartha agus Léiriúcháin le haghaidh inneachar scannán agus scáileáin na hÉireann
- Infheistíocht i ndaoine agus i bhforbairt scileanna trí Screen Training Ireland
- Dáileachán príomhscannán le tacaíocht a chur chun cinn, agus scannáin na hÉireann a thabhairt chuig lucht féachana níos leithne Scannáin Éireannacha a fhógairt i mórmhargaí idirnáisiúnta
- Infheistíocht isteach a ghiniúint trí Éire a chur chun cinn mar láthair scannánaíochta agus comhairle a thabhairt maidir le láithreacha do chuideachtaí idirnáisiúnta
- Idirghabháil le comheagraíochtaí Eorpacha maidir le tograí beartais a rachadh chun tairbhe dóibh uile