Eolas faoin Chistiú
Anois ina chúigiú bliain tá Fís Éireann / Screen Ireland agus Éire Bheochana, le tacaíocht Ghréasán Scileanna Earnálacha Chultúrtha & Chruthaitheacha & Éirthumthach/Eirmersive, ag infheistiú €430,000 cistithe a thacóidh le tograí scéalaíochta forbartha agus tumthacha, nua, nuálacha, ardchoincheapúla lastigh de thionscail na scáileán cruthaitheach. Tá sé mar aidhm ag ciste na bliana seo triail agus fréamhshamhaltú a spreagadh, ag tacú le tograí trasna réimse leathan seánraí agus formáidí. Leanann an ciste ar uaillmhian Fís Éireann le haird a dhíriú ar Éirinn mar ionad bairr feabhais i nuálaíocht agus le hinfheistíocht a dhéanamh i réimse leathan scileanna, i dtallann, i seánraí agus i bhformáidí a chothaítear trí ealaíontacht agus scéalaíocht. Tá sé leagtha amach chun ligint don earnáil iniúchadh a dhéanamh ar fhailleanna nua a chuireann teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn ar fáil, chun tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt MI agus do bhealaí úra nuálaíochta scéalaíochta.
Agus Forbairt nuálaíochta ag súil le triail agus fréamhshamhaltú a spreagadh, d’fhéadfadh na gnéithe a leanas a bheith i gceist agus iad uilig ceadaithe faoin infheistiú: ullmhú formáidí déchodacha nua, sreabha oibre scéalaíochta nua, ag síniú uaillmhianta seánraí taobh amuigh den sreabh oibre reatha agus ag díriú ar ghnéithe nua iarrachtaí ealaíonta agus cruthaitheacha (amhail Beochan, Cluichíocht & Teicneolaíochtaí Tumthacha agus teicneolaíochtaí úra).
Is féidir le léiritheoirí agus le Lucht na n-Ealaíon Tionscail cur isteach ar sparánacht mhaoinithe go dtí uasmhéid €75,000 san iomlán. Ní dhéanfar machnamh ar an sparánacht mhaoinithe is airde ach amháin i gcás iarratais a mbeidh an acmhainneacht iontu maoiniú tráchtála a bhailiú don chéad chéim fhorbartha eile, agus a mbeidh poitéinseal inléirithe acu a rachaidh chun tairbhe na hearnála. Táthar ag glacadh leis go mbeidh an chuid is mó de na deontais i réimse €25,000 - €50,000.
Is iad na gnéithe insoláthartha deiridh a bheidh ag teastáil ná cruthúnas coincheapa ina áireofar: gearrchuntas, cur i láthair físe agus fréamhshamhail/réamhscéal (mar is cuí) a thabharfaidh aghaidh ar an choincheap nua agus an chonair nuálach a ghnóthaigh an maoiniú don iarratasóir.
Riachtanais Iarratais
- Foirm iarratais líonta
- Buiséad (bain úsáid as Teimpléad Buiséid Chiste Forbartha Fís Éireann le do thoil atá in-íoslódáilte ónár láithreán gréasáin. Athraigh na ceannteidil mar is cuí más é do thoil é.)
- Aon nótaí tacaíochta eile, dréachtaí físe, gearrscannáin bholscaireachta, treoirphleananna fréamhshamhlacha nó cáipéisí teicniúla.
Critéir Mheasúnaithe
- Buneolas (gan, mharcáil, don riar agus rangú)
- Cuid 1: Cuideachta agus gearrchuntas ar an togra
- Cuid 2: Sonraí ábhair an togra
- Iarratas Cuid 1: (25 Mharc)
- 1.1 Fadhb / Riachtanas (5 mharc)
- 1.2 Margadh / Lucht Féachana (10 marc)
- 1.3 Moladh luacha / USP (10 marc)
- Iarratas Cuid 2: (25 Mharc)
- 2.1 Achoimre ar an Smaoineamh Nuálach (15 mharc)
- 2.2 Amlíne agus Gnéithe Insoláthartha (5 mharc)
- 2.3 Úsáid Intleachta Saorga (gan scór)
- 2.4 Múnla Gnó (5 mharc)
- Iarratas Cuid 3: (25 Mharc)
- 3.1 Indéantacht Theicniúil (10 marc)
- 3.2 Foireann agus Inniúlacht Eagraíochtúil lena Chur i gCrích (10 marc)
- 3.3 Riosca agus Maolú (5 mharc)
- Iarratas Cuid 4: (25 Mharc)
- 4.1 Cad é mar a rachaidh an smaoineamh nuálach seo chun sochair don earnáil i gcoitinne go náisiúnta nó go hidirnáisiúnta (10 marc)
- 4.2 Tabhair achoimre ar an chaoi a ndéanfaidh tú taifead agus measúnú ar thionchar an togra i rith a shaoil (10 marc)
- 4.3 Cad iad féidearthachtaí pleananna don togra amach anseo tar éis an chistithe? (5 mharc)
Conas Iarratas a Chur Isteach
Ba chóir iarratais a chur isteach ag baint úsáid as an fhoirm iarratais agus í a sheoladh chuig applications@animationireland.com
Is é an dáta deiridh An Mháirt 2 Nollaig 2025, 1pm.
Ba chóir líne an ábhair léamh mar “IARRATAS DON CHISTE FORBARTHA DO NUÁLAÍOCHT I SCÉALAÍOCHT Babhta 5”.
Ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha.