Hit enter to search or ESC to close
 Ciste Iltionscadal Todhchaíochtaí Cruthaitheacha 2026-2028

Ciste Iltionscadal Todhchaíochtaí Cruthaitheacha 2026-2028

Ag infheistiú i bhforbairt iltionscadal chun guthanna cultúrtha Éireannacha láidre agus IP idirnáisiúnta a mhéadú

Cúlra

Toisc gurb í Fís Éireann áisíneacht náisiúnta thionscal scannánaíochta, drámaíochta teilifíse, beochana agus chlár fhaisnéise na hÉireann, is í comhpháirtí cruthaitheach na hearnála, ag infheistiú i dtallann, i gcruthaitheacht agus i bhfiontar. 

Spreagann scéalaíocht úrnua sinn a mheallfaidh luchtanna féachana go mothúchánach sa bhaile agus thar sáile. Trí réimse leathan modhanna maoinithe, tacaíochta, praiticiúla, atá ar fáil fá choinne gnéithe forbartha, léirithe, dáilte, margaíochta agus forbairt scileanna, is amhlaidh go dtacaíonn Fís Éireann leis an earnáil ag gach céim. Tacaímid le scannánóirí ina n-iarrachtaí cruthaitheacha chun scéalta luachmhara, ealaíonta, cultúrtha agus tráchtála a roinnt ar scáileán. 

Sa bhliain 2026 leanfaimid le Ciste Iltionscadail na dTodhchaíochtaí Cruthaitheacha (CITC) lena thuilleadh ciste iltionscadail, a bheidh ar fáil ag comhlachtaí closamhairc a bheidh ag forbairt rogha tograí insinte trasna scannánaíochta, teilifíse, beochana agus clár faisnéise agus atá ag iarraidh méadú agus tógáil ar a gcuid mianta cruthaitheacha, tallann a fhorbairt agus dul i dtreo iltionscadail chruthaithigh atá éagsúil agus atá ag leathnú. 

Cé Is Féidir Iarratas a Dhéanamh?

Cuideachtaí Léirithe Éireannacha (cuideachtaí léirithe atá cláraithe i bPoblacht na hÉireann a bhfuil oifig bhunaithe bona fide agus foireann acu atá lonnaithe i bPoblacht na hÉireann) atá ag obair ar Scannáin Lánfhada (Beo-aicsean agus Beochan), ar Shraitheanna Teilifíse Ileipeasóide (Beochan agus / nó Drámaíocht Theilifíse) agus ar Chláir Fhaisnéise. 

Is féidir le hiltionscadail a bheith measctha idir seánra agus / nó formáid, comhdhéanta de chineál amháin nó d’éagsúlacht dóibh siúd atá réamhluaite. Aithnímid go n-oibríonn cuid mhór cuideachtaí trasna meascán formáidí agus beidh solúbthacht i mbronnadh na sparánachtaí cistithe. Is féidir le comhlachtaí a chuirfidh isteach ar chistiú iltionscadail do chláir fhaisnéise, is féidir leo cur isteach ar fhorbairt sraitheanna freisin mar aon le cláir lánfhada aonair. 

Ní mór do dhá scannán lánfhada, sraith nó clár faisnéise (beochan nó beo-aicsean) ar a laghad a bheith léirithe ag Cuideachtaí Iarratasóirí mar threoirléiritheoir. 

Caithfidh Cuideachtaí Iarratasóirí, ar dháta an iarratais, a bheith in ann an dá shraith is déanaí de chuntais bhliantúla atá acu a chur ar fáil. 

Beidh Cuideachtaí Iarratasóirí, ar dháta an iarratais, nár chuir gach rud ar fáil fós ó bhabhta Iltionscadal Todhchaíochtaí Cruthaitheacha roimhe seo, beidh siad neamh-incháilithe gan measúnú.  Is í an chiall a bheidh le “curtha ar fáil” ná go gcuirfear gach cáipéis riachtanach isteach agus iad faofa ag Fís Éireann roimh dháta an iarratais. 

Faoin Chistiú 

Chun iltionscadal a fhorbairt tá gá le féith chruthaitheachta agus acmhainní láidre mar aon le bainistiú tallainne agus sceideal. Is í an aidhm atá ag an CITC ná MI/IP láidir a thógáil atá ábharthach ó thaobh cultúir de trí dhaoine cruthaitheacha trasna na tíre, a rachaidh i bhfeidhm ar luchtanna féachana in Éirinn agus thar sáile.

Is é an ciste iomlán suas le €3,000,000. Cuirfear an CITC/CFSF ar fáil i bhfoirm iasachta. Aisghabhfar aon mhaoiniú a leithdháilfear ar thogra áirithe ó bhuiséad léirithe an togra sin má rachaidh sé chun léirithe. 

Beidh an ranníocaíocht is mó suas le €250,000 in aghaidh an iltionscadail i gcomhair scriptithe agus forbartha ealaíonta. Beidh réimse sparánachtaí cistithe a shocrófar de réir critéar formáide agus roghnaithe atá thíos. Ní dóiche go mbronnfaí uasleibhéil sparánachtaí do na haighneachtaí go léir. Beidh suas le 25% san áireamh san iasacht le haghaidh táillí léiritheora agus forchostais de réir bhuiséid fhorbartha gach tionscadail. 

Plean Iltionscadal na Todhchaí Cruthaithí / Sonraí Iarratais 

Beidh na gnéithe a leanas mar chuid den phlean iltionscadail agus den fhoirm iarratais atá ar fáil thíos le híoslódáil: 

  • Fís Chruthaitheach, Cúlra & Uaillmhian / Ráiteas Oiriúnachta an Chuideachta. 
  • Plean Forbartha Tosaigh an Iltionscadail agus Mionsonraí an Tionscadail - ina áireofar aon chomhpháirtíochtaí cruthaitheacha féideartha (náisiúnta agus idirnáisiúnta) 
  • Straitéis Fhorbartha Thallainne ina áireofar Ilchineálacht agus Ionchuimsiú. 
  • Spriocmhargaí agus Lucht Féachana a bhfuil sé ar intinn ag an chuideachta léiriú dóibh. 
  • An fhoireann Chruthaitheach agus Ghnó a thacóidh leis an fhís seo agus dea-theisteanna san áireamh. 
  • Buiséid Fhorbartha Mhionsonraithe agus mioneolas ar Fhoinsí Cistithe Eile. 
  • An dá shraith is déanaí de chuntais bhliantúla chláraithe atá agat. 

Tabhair do d’aire: Ní chóir d’iarratais a bheith níos faide ná 10 leathanach ar fad (ceangaltáin san áireamh). Chun measúnú tráthúil agus éifeachtach ar iarratais a dheimhniú, ní athbhreithneofar iad siúd atá níos faide ná 10 leathanach. 

Tá cistiú agus CITC/CFSF faoi réir threoirlínte státchabhair agus d’fhéadfadh sparánachtaí maoinithe a bheith coigeartaithe chun comhlíontacht a chinntiú le riachtanais rialacha státchabhrach. 

Critéir Mheasúnaithe
  1. Grinneas Físe maidir le hailíniú le treocht fháis a bheidh réadúil ach uaillmhianach, dea-theist shoiléir agus aidhmeanna láidre agus faill chruthaitheach (30) 
  2. Straitéis Fhorbartha Thallainne - Comhoibrithe cruthaitheacha molta agus struchtúr infheistíochta a fheabhsóidh agus a chumasóidh luasghéarú i gcumas cruthaitheach agus i saineolas, le fócas ar ghuthanna atá faoi ghannionadíocht (20) 
  3. Plean Forbartha Iltionscadail ina bhfuil moltaí togra soiléire láidre agus buiséid thacúla ag léiriú tuiscint shoiléir agus réadúil ar chroídhúsláin agus ar dheiseanna an mhargaidh mar aon le treo soiléir i dtaobh le luchtanna féachana de (30) 
  4. Cur Chuige Náisiúnta do chúrsaí forbartha agus fáis - ag tacú le forbairt deiseanna trasna na tíre (10) 
  5. Dea-theist agus Foireann - dea-theist chuideachta an iarratasóra agus bua na foirne cruthaithí agus ghnó inmheanaí (10) 
Léargas ar an Iltionscadal agus ar an Phróiseas 

Ní bheidh Comhlachtaí Léirithe a bheidh ag fáil cistiú Iltionscadail incháilithe le cur isteach ar chistiú forbartha tógra aonair. Beidh saolré 24 mhí ag an scéim ó dháta chomhaontú chistithe iltionscadail Fís Éireann, nó go gcaithfear na suimeanna uilig (cibé acu is luaithe ach ní níos giorra ná 12/18 mí mar is cuí); ansin beidh comhlachtaí léirithe incháilithe do chistiú forbartha tógra aonair. Sa chás nach gcaithfidh comhlacht léirithe an tsuim iomlán lastigh de 24 mhí leanfaidh an téarma ar aghaidh go dtí go gcaithfidh an comhlacht léirithe an t-airgead iltionscadail uilig. Ciallaíonn caite sa chomhthéacs seo caite nó ceangailte go do-chúlghairthe. 

Is féidir le Cuideachtaí Léirithe iarratas a chur isteach le tograí atá mar chuid dá n-iltionscadal faoi láthair agus / nó le tograí úra nuair a bheidh an obair fhorbartha go soiléir ina gné bhreise. Tá cead ag Cuideachtaí Léirithe tograí úra a chur lena n-iltionscadail i rith na céime forbartha ach ní mór dóibh Fís Éireann a chur ar an eolas faoi na tograí úra chun tosaigh agus i scríbhinn de réir an teimpléid Fógra Tógra Nua, agus chuirfidh Fís Éireann cóip de ar fáil, sula nglacfar leis an togra nua mar chuid dá n-iltionscadal. Fanfaidh neamhspleáchas cruthaitheach leis an chuideachta léirithe i dtaobh leis na socruithe sin. 

Maidir le tograí atá á gcomhfhorbairt le cuideachta léirithe idirnáisiúnta, ní mór don léiritheoir Éireannach a bheith ina threoirléiritheoir ar fud na forbartha. 

Ainmneofar Ionadaí Iltionscadail ó Fís Éireann do gach iarratasóir rathúil díreach chun tacú leis an seiceáil isteach, faoina bhfuil sonraí leagtha amach thíos. 

Costais agus Buiséad Incháilithe 

Ba chóir don Chuideachta buiséad a chur isteach i gcomhair gach togra atá ar a Plean Forbartha Iltionscadail, a léiríonn costais iomlána an chaiteachais fhorbartha mholta don chuideachta trasna théarma (24 mhí) na sparánachta. Ba chóir go mbeadh na costais atá ann cheana agus na costais bhreise atá molta faoin Phlean Fhorbartha Iltionscadail a bheith san áireamh. Ba chóir aon réamhmhaoiniú forbartha agus aon síntiús ón Chuideachta Léirithe a thaispeáint go soiléir in éineacht leis an iarratas molta le haghaidh cistithe. Is féidir le Fís Éireann suas le 100% de chostais na forbartha cruthaithí a mhaoiniú. 

Mar chuid den chaiteachas incháilithe ar fhorbairt iltionscadail beidh glacadh na gceart, táillí Scríbhneora (-oirí), táillí Stiúrthóra (-óirí), taighde, eagarthóirí scripte agus forbairt dhéanach ina áireofar, b’fhéidir, pacáistiú. Beidh cuntas bainc tiomnaithe de dhíobháil ar an Chuideachta a ghlacfaidh cistiú Fís Éireann agus a thabhóidh caiteachas an iltionscadail. D’fhéadfadh leithdháileadh 25% a bheith i ngach buiséad aonarach a d’fhéadfadh a úsáid le híoc i dtreo táillí léiritheora agus forchostas. Má chaithfear aon suim de chistiú forbartha iltionscadail thar €75,000 ar aon togra amháin atá san iltionscadal, ní mór sin a bheith cómhaoinithe trí chistiú tríú páirtí ó fhoinsí eile. Is féidir Eagarthóirí Scripte atá fostaithe ag an chuideachta léirithe a ghearradh ag leibhéal tionscadail réasúnta. Ba chóir do Chuideachtaí Léirithe teimpléad caighdeánach bhuiséid fhorbartha Fís Éireann a úsáid.

Aisghabháil 

Aisghabhfar suimeanna iltionscadail mar chuid den ghnáthchúrsa fhorbartha má léireofar an togra áirithe. Beidh an tsuim sin mar chuid den bhuiséad léirithe agus aisíocfar í ar chéad lá na príomhghrianghrafadóireachta nó ar dhúnadh airgeadais, cibé acu is moille. 

Tá tograí a mbeidh nó nach mbeidh Fís Éireann bainteach leo san áireamh anseo agus téann sé i bhfeidhm ó lá sínithe fhoirm fhada an chonartha idir Fís Éireann agus an Chuideachta Léirithe. 

Ag Tuairisciú agus Scoithphointe 

Beidh seiceáil isteach roghnach do gach cuideachta léirithe atá ag fáil cistithe (a tharlóidh 6-9 mí ó dháta chomhaontú chistithe Fís Éireann). 

Mar chuid den tseiceáil isteach seo: 

  • beidh ar an chuideachta léirithe (i) tuairisc chun dáta scríofa a chur ar fáil ar dhul chun cinn a Plean Forbartha Iltionscadail (uasmhéid 2 leathanach) ina áireofar sonraí ar aon spéis ón mhargadh, aon chainteanna nó chomhphlé ginearálta leis an mhargadh i dtaobh le gach togra agus (ii) an t-eolas is déanaí ar chaiteachas go dtí seo. 
  • ag an phointe seo, d’fhéadfadh an chuideachta léirithe am a eagrú chun bualadh lena hIonadaí Iltionscadail chun dul chun cinn agus treo an Phlean Fhorbartha Iltionscadail a phlé. 

Leagfar na dátaí don tseiceáil isteach amach i gcomhaontú chistithe Fís Éireann ach, ar mhaithe le soiléireacht, ní tharlóidh an tseiceáil isteach seo níos luaithe ná 6-9 mí ó dháta chomhaontú chistithe Fís Éireann. 

Sa chás go measann Fís Éireann go bhfuil an comhlacht léirithe ag sárú nó ag loiceadh téarmaí agus coinníollacha chomhaontú iltionscadail Fís Éireann, feidhmeoidh an tseiceáil isteach 6-9 mí seo mar chlásal scoir, má mheasann Fís Éireann go bhfuil gá leis. 

Comhlíonfar athbhreithniú deiridh tar éis 24 mhí nó níos luaithe má chaithfear na suimeanna deiridh agus sula gceadófar don chuideachta cur isteach arís ar chistiú fhorbartha thógra aonair. Ar mhaithe le soiléireacht, in ainneoin a dúradh cheana, nuair a fuair cuideachta léirithe sparánacht ar lú ná €100,000 í, ní tharlóidh ateagmháil le cistiú forbartha tógra aonair níos luaithe ná 12 mhí ó dháta chomhaontú chistithe Fís Éireann, agus sa chás gur bronnadh sparánacht ar chuideachta léirithe ar mó ná €100,000 í, ní tharlóidh sé seo níos luaithe ná 18 mí ó dháta chomhaontú chistithe Fís Éireann. 

Ag deireadh an téarma beidh ar gach cuideachta léirithe tuairisc chostais iltionscadail dheiridh iniúchta a chur ar fáil a leagfaidh amach an caiteachas ar gach togra agus achoimre ar dhul chun cinn Phlean Fhorbartha an Iltionscadal fhoriomláine. Feidhmeoidh an caiteachas buiséadaithe sínithe deiridh in aghaidh an togra mar mhír shonraí fhorbartha bhuiséadaithe má rachaidh an togra chun léirithe.

Socrú Conartha agus Sreabhadh Airgid 

Beidh ar Chuideachtaí Léirithe rathúla conradh cistithe a aontú le Fís Éireann agus beidh 45% ar fáil ar a shíniú – beidh 20% eile ar fáil ar fhaomhadh na tuarascála ar dhul chun cinn a chuirfear ar fáil i rith na tréimhse cláraithe agus 35% ar fhaomhadh cháipéisíocht na tuairiscithe deiridh. 

Próiseas Iarratais 

Caithfidh iarratais a chur isteach go díreach tríd an Tairseach Iarratas Ar Líne roimh an sprioc-am. 

Tá sé mar aidhm ag Fís Éireann cinneadh a phróiseáil taobh istigh de thríocha lá oibre ó spriocdháta na n-iarratas. 

Is é an dáta deiridh go nglacfar le hiarratais 5i.n. ar 20 Samhain 2026. 

Ní thosófar breithniú ar aon iarratas do thacaíocht ach ar fháil foirme iarratais comhlánaithe. 

Riarfar cinnidh trí phainéal meastóirí inmheanácha.  

Pointí Eile - Faoi Réir Conartha
  • Tá cistiú ar fáil do chuideachtaí léirithe Éireannacha (cuideachtaí léirithe atá cláraithe i bPoblacht na hÉireann a bhfuil oifig bhunaithe bona fide agus foireann acu atá lonnaithe i bPoblacht na hÉireann) agus, ar dháta an iarratais, ar féidir leo an dá shraith is déanaí de chuntais chláraithe a chur ar fáil. 
  • Ba chóir do chuideachtaí a bheith gníomhach ag forbairt iltionscadal Scannáin, DrámaíochtaTeilifíse, Clár Faisnéise agus/nó Beochana. 
  • Ba chóir do gach infheistíocht mholta a bheith sa bhreis, gan aon mhaoiniú trasnasc. Ba chóir aird a dhíriú go soiléir ar aon chistiú ó ghníomhaireacht stáit ar bith eile agus ba chóir aird a tharraingt ar dheighilt infheistíochta mar aon le spriocanna soiléire d’infheistíocht fhorbartha nua atá á iarraidh. 
  • Ar mhaithe le soiléireacht, ní ghlacfar le hiarratais a bhaineann le costais nó le gníomhaíochtaí iardhearcacha. 
  • Glacfar le cistiú meaitseála nuair a bheidh deighilt shoiléir maidir leis an chaiteachas shonrach bhreise. 
  • Ní mór do chreidiúint a bheith ag Fís Éireann sa cháipéisíocht agus sna hábhair bholscaireachta uilig, a bhaineann leis an tionscnaíocht agus leis an infheistíocht seo a mhaoinigh Fís Éireann, i bhfoirm a leagfar amach sa chomhaontú chistithe fhadfhoirme. 
  • Dícháileofar iarratas láithreach má dhéanfar aon iarracht dul i gcion ar bhall painéil. 
  • Ní mheasfar iarratais easnamhacha agus cuirfear ar ais chuig na hiarratasóirí iad. D’fhéadfadh eolas contráilte moilleanna a chur ar phróiseáil iarratas. Ní athbhreithneofar iarratais a bheidh níos faide ná 10 leathanach. 
  • Forchoimeádann Fís Éireann an ceart chun maoiniú a chur ar fionraí agus/nó a chealú sa chás, dar leis, nach bhfuil aighneacht rathúil ag baint amach an gealltanas riachtanach mar atá leagtha síos sa chonradh. 
  • Fanfaidh na Treoirlínte seo agus an Cistiú féin faoi réir athbhreithnithe agus leasaithe rialta. 
  • Forchoimeádann Fís Éireann an ceart chun cuid ar bith de na Treoirlínte seo a cheartú nó a shoiléiriú. Sa chás go n-athrófar nó go n-athbhreithneofar na Treoirlínte seo, cuirfear leagan uasdátaithe ar fáil ar www.screenireland.ie agus aithneofar é tríd an mhí agus an bhliain a foilsíodh é. Tá iarratasóirí freagrach as deimhniú go bhfuil siad ag úsáid leagan reatha na dTreoirlínte agus na foirme iarratais.
  • Níl aon dualgas cúraim i gceist cé acu gur Státchabhair an cistiú seo nó nach é, go bhfuil sé díolúinthe nó nach bhfuil, nó go bhfuil sé neamhdhleathach nó nach bhfuil ar chaoi ar bith eile faoin Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE/TFEU). Ní chóir i gcás ar bith ar chor bith glacadh leis go bhfuil Fís Éireann ag maíomh nó ag cur in iúl nó ag tabhairt barántas go bhfuil aon mhaoiniú áirithe dlíthiúil faoi na rialacha Stáitchabhair. Ní ghlacann Fís Éireann le dliteanas ar bith do chaillteanas de chineál ar bith a mhaítear a d’fhulaing aon iarrthóir mar gheall ar an chaoi a gcaithfear le haon mhaoiniú ar leith faoi dhlí Stáitchabhair agus faoi aon mheicníochtaí bainteacha ina n-áirítear aisghabháil nó aisghlámadh. 

Le haghaidh tuilleadh eolais ar an scéim gabh i dteagmháil le do thoil le keith.potter@screenireland.ie / kate.mccolgan@screenireland.ie.

30.10.2026