Hit enter to search or ESC to close
Dámhachtainí Sparánachta

Dámhachtainí Sparánachta

Cuireann Fís Éireann sparánachtaí ar fáil chun cúnamh le gairmithe tionsclaíochta Éireannacha ón earnáil scáileáin a ngairmeacha beatha a fheabhsú trí fhorbairt scileanna go hidirnáisiúnta agus trí dheiseanna idirnáisiúnta atá ar fáil ar líne.

Nóta Tábhachtach: Tabhair faoi deara le do thoil go gcaithfidh taisteal idirnáisiúnta cloí leis na  treoirlínte go léir de chuid an rialtais agus FSS i dtaobh le COVID-19 de.

Mar Gheall ar an Chistiú

Nuair nach bhfuil na deiseanna forbartha scileanna ar fáil go fisiciúil in Éirinn, ligeann an Dámhachtainí Sparánachta d’fhaighteoirí sparánachtaí páirt a ghlacadh trí fhreastal ar chláir, ar cheardlanna agus ar chláir oibre struchtúra idirnáisiúnta nó a bheith páirteach iontu ar líne chun cuidiú lena bhforbairt ghairme.

Is í aidhm na scéime faill fhoghlama a sholáthar do chleachtóirí tionscail atá bunaithe ar an saoineolas agus ar an obair phraiticiúil idirnáisiúnta is fearr maidir le forbairt scileanna de ar bhonn phearsanta nó ar líne. I ngach cás, bronnfar sparánachtaí chun forbairt phroifisiúnta agus feabhsú scileanna a dheimhniú a bheidh ag teacht le caighdeáin oibre agus le dea-chleachtas idirnáisiúnta.

Tugann Fís Éireann trí shaghas sparánachta d’iarrthóirí:

  • Maoiniú le freastal ar chúrsaí lánaimseartha agus ar cheardlanna atá thar sáile.
  • Maoiniú le páirt a ghlacadh i gclár oibre struchtúrtha taobh istigh de chomhlachtaí agus d’eagraíochtaí idirnáisiúnta. Is féidir leis an duine aonair an clár oibre a dhearadh chun teacht lena riachtanais fhorbartha scileanna.
  • Maoiniú le páirt a ghlacadh i gclár forbartha scileanna tathagach ar líne.

Thacaigh Fís Éireann roinnt gairmithe tionscalaíochta i gcaitheamh na mblianta le teacht ar chláir scileanna mheasúla idirnáisiúnta, amhail EAVE, ACE Producers, Inside Pictures, Aardman Academy Stop Motion, Documentary Campus Masterschool, ESoDoc agus Eurodoc.

Cé Is Féidir Iarratas a Dhéanamh?

Tá an scéim seo do ghairmithe tionsclaíochta atá ag obair sna hearnálacha scannánaíochta, teilifíse, beochana agus i n-earnálacha bainteacha eile atá in Éirinn, a bhfuil íosmhéid trí bliana taithí lánaimseartha acu atá ábhartha do ghné phoist an iarrthóra.

I gcás sparánachtaí do scríbhneoireacht scripte measfar iarrthóirí a mbeidh aon bhliain taithí acu má fuair siad maoiniú forbartha ó Fís Éireann, ón Chlár MEDIA nó ó chraoltóir náisiúnta i gcomhair scripte scannáin lánfhada nó le haghaidh sraithe theilifíse.

Níl an scéim sparánachta seo ar fáil ach do chlár fhorbartha scileanna nó do chlár oibre/socrúcháin atá ábhartha do ghné oibre an iarrthóra. Sa chás go mbeidh an t-iarrthóir ag pleanáil aistriú gairme taobh istigh den tionscal, ní mór don iarratas léiriú go soiléir go mbeidh an t-iarrthóir geallta don athrú gairme pleanáilte.

Mar gheall ar acmhainní ganna tá an próiseas iarratais iomaíoch. Caithfidh rannpháirteachas an iarrthóra sa chlár a bheith tairbheach do na hearnálacha scannánaíochta, teilifíse, beochana agus d’earnálacha bainteacha eile atá in Éirinn.

Is féidir le hiarrthóirí atá ar feitheamh tairiscint áite ar chlár cur isteach ar sparánachtaí ach ní bheifear in ann an sparánacht a tharraingt anuas go soláthrófar cruthú glactha, fianaise íocaíochta tháille an chúrsa agus taisceadh an bhuiséid dheiridh/na tuairisce costas ag tabhairt achoimre ar na costais ábhartha go léir (taisteal agus lóistín réasúnta san áireamh). Beidh ar gach faighteoir sparánachta admhálacha ábhartha a choinneáil i gcomhad i gcás iniúchóireachta sa todhchaí. Molann Fís Éireann go gcuirfidh iarrthóirí iarratais isteach a luaithe agus a shocróidh siad tabhairt faoi dheis fhorbartha scileanna chun freagra tráthúil a dheimhniú.

Cuirfear Ilchineálacht, Cothromas agus Cuimsiú san áireamh sa phróiseas roghnúcháin.

Coinníollacha Iarratais

Ní thabharfar sparánachtaí ach amháin do dheiseanna forbartha scileanna. Ní thacófar le daoine aonaracha filleadh ar oideachas lánaimseartha, cláir nó cúrsaí gearrthéarmacha nó páirt-aimseartha san áireamh, macasamhail Máistreacht, Céimeanna nó Dioplómaí.

Ní dhámhfar sparánachtaí le haghaidh seimineár aonlae, comhdhálacha nó le freastal ar fhéilte scannán/aontaí. Níl sparánachtaí ar fáil ach fá choinne deiseanna forbartha scileanna idirnáisiúnta nó do chláir thathagacha idirnáisiúnta ar líne, ach amháin sa chás gur socrúchán oibre a bheadh mar chuid de chlár Fhís Éireann a bheadh i gceist.

Ní ghlacfar le hiarratais iardhearcacha.

Ní mheasfar iarratais easnamhacha. D’fhéadfadh eolas contráilte moilleanna a chur ar phróiseáil iarratas. Ní bhronnfar ach sparánacht amháin in aghaidh an duine i dtréimhse 12 mhí.

Dícháileofar iarratas láithreach má dhéanfar aon iarracht dul i gcion ar bhall painéil.

Clúdaíonn an sparánacht suas go dtí 70% tháille an chúrsa, 70% costas thaistil (eitiltí amháin) agus 70% costas lóistín. Déanfar sparánachtaí suas go dtí uasmhéid €5,000. I gcásanna eisceachtúla d’fhéadfadh an uasteorainn a athbhreithniú de réir mar a shocródh painéal na scéime cistithe.

Caithfidh iarrthóirí sonraí mar aon le torthaí a chur ar fáil faoi gach iarratas eile a rinneadh d’fhoinsí maoinithe eile. Muna ndéanfar sin d’fhéadfadh tarraingt siar tacaíochta a bheith mar thoradh air.

Le sparánacht a tharraingt anuas caithfear admhálacha tháillí an chúrsa/chláir agus tuairisc costas ar chostais ábhartha (taisteal agus lóistín réasúnta) mar aon le sonrasc a sholáthar. Beidh ar gach faighteoir sparánachta admhálacha agus cáipéisí dearbhaithe uilig a choinneáil, a bhaineann le costais thabhaithe, go ceann tréimhse thrí (3) bliana ó dháta chomhlíonadh an chúrsa/chláir. Ar iarratas Fís Éireann soláthróidh an faighteoir sparánachta gach admháil agus cáipéis dhearbhaithe riachtanach a bhaineann le fíorchostais thabhaithe an chúrsa/chláir.

Caithfidh Iarrthóirí rathúla Píosa Athmhachnamhach a chur isteach suas go dtí 12 sheachtain tar éis dháta chríochnaithe an chláir don tarraingt anuas deiridh. D’fhéadfadh é seo a phostáil ar láithreán gréasáin Fís Éireann agus ar chainéil na meán sóisialta (má aontóidh an Faighteoir Sparánachta leis).

Forchoimeádann Fís Éireann an ceart chun maoiniú a chur ar fionraí nó a chealú sa chás, dar leis, nach bhfuil iarrthóir rathúil ag baint amach an tiomantas riachtanach don chlár scileanna/oibre. Nuair a bheidh sé riachtanach, beidh ar fhaighteoirí sparánachtaí eolas a sholáthar ar a ndul chun cinn.

Forchoimeádann Fís Éireann an ceart chun athbhreithniú a dhéanamh ar an mhéid a bronnadh nuair atá sé sásta gur cuireadh eolas contráilte ar fáil.

Ní ghlacann Fís Éireann freagracht ná dliteanas ar bith uirthi féin maidir le haon chostais nó caillteanais a bhaineann le cur isteach taistil de chineál ar bith agus na torthaí a éiríonn as sin, cúrsaí eitilte agus/nó lóistín san áireamh. Tá an faighteoir sparánachta freagrach as cinntiú go bhfuil árachas taistil cuí ar láimh aige.

Íocaíochtaí Sparánachtaí

  • Íocfar an sparánacht ar bhonn tráthchodanna agus comhdhéanfar de dhá nó de thrí thráthchuid í ag brath ar fhad agus ar shaghas an chláir.
  • Le sparánacht a tharraingt anuas caithfear admhálacha tháillí an chúrsa/chláir agus tuairisc costas ar chostais ábhartha (taisteal agus lóistín réasúnta) mar aon le sonrasc a sholáthar. Ní ghlacfar ach le costais a bhaineann le táille an chúrsa, taisteal agus lóistín réasúnta. Beidh ar gach faighteoir sparánachta admhálacha ábhartha a choinneáil i gcomhad i gcás iniúchóireachta sa todhchaí.
  • Íocfar an chéad tráthchuid suas go dtí 30 lá ón fhógra cáilitheachta chuig an fhaighteoir sparánachta faoi chinneadh an phainéil. I roinnt cásanna b’fhéidir go mbeidh tuilleadh cáipéisí (m.sh. teistiméireachtaí) ag teastáil ó iarrthóir rathúil agus, dá bharr sin, ní phróiseálfar íocaíocht go bhfaighfear aon cháipéisíocht a iarrfar.
  • Íocfar an tráthchuid dheiridh (25% den mhéid atá bronnta) nuair a gheobhfar na cáipéisí a leanas:
    • Píosa Athmhachnamhach ón iarrthóir ar an chúrsa fhorbartha scileanna nó ar an chúrsa ar líne nó ar an chlár oibre (cuirfear teimpléad ar fáil);
    • Agus fianaise ar chomhlíonadh shásúil an chúrsa fhorbartha scileanna nó ar an chúrsa ar líne nó ar an chlár oibre ón eagraíocht/chomhlacht fhorbairt scileanna.

An Dóigh le hIarratas a Chur Isteach

Ba chóir do ghairmithe a bhfuil spéis acu cur isteach ar Sparánacht Fís Éireann an fhoirm iarratais a líonadh. Caithfidh gach iarrthóir na doiciméid thacaíochta a leanas a chur isteach lena iarratas aonair:

  • CV reatha le stair ghairme ábhartha sa tionscal. (Tabhair faoi deara go bhfuil sé ríthábhachtach do d’iarratas go mbeidh do CV suas chun dáta).
  • Sonraí iomlána an chláir fhorbartha scileanna atá á mholadh mar aon le structúr an chláir, an chláir ar líne nó an chláir oibre a bhfuiltear ag iarraidh maoiniú fána choinne (mar cháipéis ‘Word’ nó mar PDF).
  • Fianaise thairiscint áite ar an chlár fhorbartha scileanna nó ar an chlár oibre (measfar iarratais a bheidh ar feitheamh tairiscint áite ar an chlár).
  • Dhá theistiméireacht scríofa agus sínithe ó dhaoine gairmiúla ábhartha, agus sonraí teagmhála iomlána san áireamh dóibh.
  • Eolas ar iarratais do mhaoiniú ar bith eile, agus freagraí a fuarthas san áireamh.

Sa chás go mbeidh an t-iarratas ag baint le clár oibre nó le socrúchán caithfidh an t-iarrthóir moladh a chur ar fáil ina mbeidh na gnéithe a leanas san áireamh:

  • Mionléiriú aidhmeanna an chláir oibre/socrúcháin.
  • Sceideal molta don chlár oibre/socrúchán.
  • Beathaisnéisí an oide óstaigh, an mheantóra agus próifíl comhlachta más cuí.
  • Miondealú buiséid don chlár/socrúchán.
  • Súilíochtaí ar a bhainfear amach agus torthaí a gheobhfar ón chlár/socrúchán.
  • Litir ghealltanais ó sholáthraí an tsocrucháin.

Tiocfaidh painéal na scéime cistithe le chéile go míosúil le hiarratais Sparánachtaí a mheas. Roghnaíonn an painéal na hiarrthóirí agus méid an sparánachta. Beidh measúnú ar na critéir a leanas san áireamh:

  • Buntáistí na deise forbartha scileanna don tionscal.
  • Tábhacht na deise forbartha scileanna d’fhorbairt phroifisiúnta an iarrthóra agus dá riachtanais láithreacha uasoiliúna.
  • An bhaint atá ag an chlár le spriocanna fadtéarmacha an iarrthóra, riachtanais chros-oiliúintí ábhartha san áireamh.
  • Tiomantas agus spreagadh an iarrthóra d’fhorbairt leanúnach sna tionscail scáileáin.

Tabhair faoi deara le do thoil nach measfar iarratais easnamhacha.

Ní mór d’iarratais a chur isteach íosmhéid sé seachtaine sula dtosóidh an clár forbartha scileanna.

Cuir ríomhphost le do thoil faoi aon cheist chuig skills.fundingschemes@screenireland.ie

Spriocdhátaí le hAghaidh Iarratais do 2023

  • Tá an scéim chistithe seo oscailte ó cheann ceann na bliana.
  • Is é spriocdháta iarratais Aoine dheiridh gach mí.

Ba chóir iarratais a dhéanamh tríd an bfhoirm iarratais ar líne seo.