Hit enter to search or ESC to close
NUA: Gairm Ar Iarratais - Ceanneagraíocht le Ciste Forbartha ‘Nuálaíocht i Scéalaíocht’ a Riar (Babhta 5)

Gairm Ar Iarratais

Ceanneagraíocht le Ciste Forbartha ‘Nuálaíocht i Scéalaíocht’ a Riar (Babhta 5)

Ag tacú le forbairt chruthaitheach úr, nuálach, ardchoincheapúil in Earnáil na Beochana, na Cluichíochta Digitigh agus san earnáil Thumthach agus Scáileáin i gcoitinne.

Mar áisíneacht náisiúnta thionscal scannánaíochta, teilifíse, beochana, clár fhaisnéise, VFX agus cluichíochta na hÉireann, is í Fís Éireann/Screen Ireland comhpháirtí cruthaitheach na hearnála, ag infheistiú i dtallann, i gcruthaitheacht, i nuálaíocht agus i bhfiontar.

Spreagann scéalaíocht úrnua sinn a mheallfaidh luchtanna féachana go mothúchánach sa bhaile agus thar sáile. Trí réimse leathan modhanna maoinithe, tacaíochta, praiticiúla, atá ar fáil fá choinne gnéithe forbartha, léirithe, dáilte, margaíochta agus forbairt scileanna, is amhlaidh go dtacaíonn Fís Éireann leis an earnáil ag gach céim. Tacaímid le scannánóirí ina n-iarrachtaí cruthaitheacha chun scéalta luachmhara, ealaíonta, cultúrtha agus tráchtála a roinnt ar scáileán.

Tar éis ceithre bhabhta rathúil cistithe, tá Fís Éireann/Screen Ireland ar lorg Ceanneagraíochta nó Comhpháirtíochta chun cúigiú babhta an Chiste ‘Nuálaíocht i Scéalaíocht’ a éascú, atá ag síorfhorbairt.

Beidh an Cheanneagraíocht nó Comhpháirtíocht freagrach as dearadh, cur i bhfeidhm, tuairisciú agus athbhreithniú ar phróiseas chistithe a bheidh oscailte, cothrom, trédhearcach agus iomaíoch, ina áireofar bunú páinéil athbhreithnithe cuí agus roghnú na dtograí rathúla (i gcomhar le Fís Éireann agus le comhpháirtithe eile mar is gá). Ní mór dóibh comhlíontacht a dheimhniú freisin de réir Threoirphrionsabail Fís Éireann/Screen Ireland agus comhpháirtithe lárnacha eile.

Is é an ciste iomlán €430,000, ach beidh féidearthacht chistithe ann do bhabhtaí eile amach anseo ag brath ar athbhreithniú sásúil agus ar fhaomhadh bhord Fís Éireann. Mar chuid den €430,000 beidh suas le €30,000 chun costais riaracháin a chlúdach a thabhóidh an Cheanneagraíocht nó an Chomhpháirtíocht i soláthar na scéime. Cuir miondealú achomair na gcostas riaracháin ar fáil mar chuid de d’iarratas le do thoil.

Táthar ag súil go mbronnfar sparánachtaí thar na míonna atá romhainn.

Critéir Mheasúnaithe
  1. Dea-theist na Ceanneagraíochta nó na Comhpháirtíochta maidir le bheith ag tacú agus ag éascú riachtanais fhadtéarmacha Thionscal an Scáileáin Chruthaithigh in Éirinn go háirithe maidir le ‘Nuálaíocht i Scéalaíocht’. (30)
  2. Taithí ar bhronnadh cistithe náisiúnta agus ar chomhordú riaracháin dá réir. (30)
  3. Dea-theist in éascú conairí ionchuimsitheacha, ilghnéitheacha tacaíochta agus forbartha tallainne cruthaithigh. (20)
  4. Struchtúir, córais agus próisis chuí rialaithe, airgeadais agus tuairiscithe. (20)

Nótáil: Caithfidh iarrthóirí leibhéal sásúil ar a laghad a bhaint amach faoi gach critéar ionas go measfar iad.

Conas Iarratas A Chur Isteach

Is é an dáta agus am deiridh 08:00 An Luan 18 Lúnasa 2025.

Ní mheasfar iarratais dhéanacha.

Ba chóir iarratais a chur isteach trí innovation@screenireland.ie agus ba chóir “LEAD ORGANISATION – INNOVATION FUND” a bheith luaite sa líne ábhair.

Is féidir aon cheisteanna ar Ghairm na Ceanneagraíochta a sheoladh chuig susanne.cassells@screenireland.ie