Mar áisíneacht náisiúnta thionscal scannánaíochta, drámaíochta teilifíse, beochana, VFX, clár fhaisnéise, agus cluichíochta digití na hÉireann, is í Fís Éireann/Screen Ireland comhpháirtí cruthaitheach na hearnála, a infheistíonn i dtallann, i gcruthaitheacht, agus i bhfiontar.
Spreagann scéalaíocht úrnua sinn a mheallfaidh luchtanna féachana go mothúchánach sa bhaile agus thar sáile. Trí réimse leathan modhanna maoinithe, tacaíochta, praiticiúla, atá ar fáil fá choinne gnéithe forbartha, léirithe, dáilte, margaíochta agus forbairt scileanna, is amhlaidh go dtacaíonn Fís Éireann leis an earnáil ag gach céim. Tacaímid le Cumadóirí Scéalta ina n-iarrachtaí cruthaitheacha chun scéalta luachmhara, ealaíonta, cultúrtha agus tráchtála a roinnt ar scáileán.
Mar chuid dár dtiomantas dearbhaithe d’Ionannas, d’Ilchineálacht agus do Chuimsiú (EDI) agus d’ionadaíocht agus rochtain níos leithne i dtionscal an scáileáin chruthaithigh a fheabhsú beimid ag leanúint lenár gCiste Conairí Beochana agus VFX le haghaidh Fhorbairt EDI an Chriú agus an Luchta Saothair don bhliain 2026/27.
Tá an Ciste Conairí ag teacht le gné EDI Chuspóir Straitéiseach 4.4:
4.4 Oibrigh i bpáirt le bunpháirtithe leasmhara chun earnáil níos cuimsithí agus níos inbhuanaithe a fhorbairt ar bhonn níos córasaí ina mbeidh dínit sa láthair oibre agus ilchineálacht, cothromas agus cuimsiú i gcroílár a cuid oibre.
Beidh an Ciste ar fáil chun tacú le róil ar léirithe trasna gach grád agus leibhéal ar bhonn náisiúnta.
Is mian linn Ceanneagraíocht a cheapadh le ciste €100,000 a riar i rith 2026/2027 ar Bheochan agus VFX.
San áireamh sa chiste beidh leithdháileadh nach mbeidh níos mó ná €50,000 i 2026.
Mar chuid den mhéid a bhronnfar beidh táille riaracháin €15,000 thar thréimhse an Bhabhta.
Ba chóir dóibh siúd a bhfuil suim acu ann iarratais a chur chuig applications@screenireland.ie leis an líne ábhair (Bainistiú Chonairí Bheochana agus VFX) faoin Déardaoin, 20 Lúnasa 2026, 8am.
Measúnófar na hiarratais de réir a leanas:
- Dea-theist léirithe i dtacú agus i bhforbairt na hearnála.
- Dea-theist chruthaithe ag tacú le deiseanna gairme dóibh siúd a bhfuil tearcionadaíocht acu san earnáil.
- Dea-theist chruthaithe i soláthar chlár rochtana trasna I, I&C.
- Go bhfuil cumas léirithe ann chun an mhaoiniú a bhainistiú agus go bhfuil tionchar tíreolaíochta/náisiúnta acu.
Beidh ar iarratasóirí a gheobhaidh maoiniú tuairisc a chur isteach ag deireadh na bliana mar aon le luacháil ag deireadh thréimhse an chláir.
Déanfaidh Foireann Scileanna Fís Éireann maoirseacht ar an Chiste Conairí do Bheochan agus VFX.
Chun cur isteach air, bain úsáid as an fhoirm iarratais atá ar fáil anseo le do thoil.