Hit enter to search or ESC to close
Tacaíonn Fís Éireann le himeachtaí agus le gníomhaíochtaí forbartha scileanna ionas go bhfoghlaimeoidh cleachtóirí tionscail faoi dhea-chleachtas idirnáisiúnta agus in Éirinn don earnáil scáileáin.

Mar Gheall ar an Mhaoiniú

Tacaíonn Fís Éireann le himeachtaí agus le gníomhaíochtaí forbartha scileanna, ina measc, máistir-ranganna, ceardlanna, seimineáir, seimineáir ghréasáin, imeachtaí líonraithe, seomraí scríbhneoirí, cainteanna painéil agus cláir/tionscnaíochtaí (a d’fhéadfadh socrúcháin, failleanna scáthaithe a chur ar fáil) nuair a éascóidh an ghníomhaíocht faill fhoghlama do chleachtóirí tionscail faoi dhea-chleachtas idirnáisiúnta agus in Éirinn don earnáil scáileáin.

Mar gheall ar acmhainní ganna tá an próiseas iarratais iomaíoch. Caithfidh tairbhe shoiléir bheith mar thoradh ar sholáthar an imeachta/na gníomhaíochta do na hearnálacha scannánaíochta, teilifíse, beochana nó d’earnálacha bainteacha eile atá in Éirinn.

Cuireann Fís Éireann fáilte roimh iarratais d’imeachtaí/ghníomhaíochtaí atá ag teacht le cuspóir ar bith atá i Straitéis Fís Éireann "Fís Athnuaite: Strategic Plan 2025-2029"

De ghnáth, is é an t-uasmhéid cistithe a bheidh ar fáil ag aon iarrthóir amháin in aghaidh na bliana ná €10,000. Nuair a bheidh sé tuillte, in iarratais eisceachtúla, d’fhéadfadh an painéal cistiú a mholadh a bheidh os cionn an uasmhéid d’imeachtaí/ghníomhaíochtaí ardchaighdeáin ar dócha go mbeadh tionchar suntasach acu; agus a sholáthróidh deiseanna uathúla forbartha scileanna d’earnáil an scáileáin in Éirinn.

Cuireann Fís Éireann fáilte ar leith roimh iarratais d’imeachtaí a thabharfadh aghaidh ar cheann amháin de na téamaí tosaíochta a leanas ar a laghad:

  • Ardthionscnaíochtaí forbartha scileanna idirnáisiúnta do thallann os cionn na líne – scríbhneoirí, stiúrthóirí, léiritheoirí, aisteoirí srl.
  • Comhionannas, Ilchineálacht & Cuimsiú
  • Inbhuanaitheacht/Táirgeadh Glas
  • Teicneolaíocht Amach Anseo/Léiriú Fíorúil/ Cluichí
  • Ag Feabhsú Chultúr an Ionaid Oibre & Folláine
  • Forbairt Reigiúnach
  • Gairmeacha Beatha i dTionscal an Scáileáin
  • Forbairt Comhlachta/Gnóithe

Féach thíos le do thoil le haghaidh liosta eagraíochtaí agus imeachtaí/gníomhaíochtaí a maoiníodh tríd an scéim i 2020 agus i 2021.

Cé Is Féidir Iarratas a Dhéanamh?

Caithfidh an eagraíocht a bheidh ag cur iarratas isteach faoi choinne tacaíochta a bheith lonnaithe in Éirinn agus ní mór don imeacht/ghníomhaíocht fhorbartha scileanna molta tarlú in Éirinn. Má chuirfear an t-imeacht/ghníomhaíocht fhorbartha scileanna ar fáil ar líne, ní mór dó bheith dírithe go príomha ar rannpháirtithe Éireannacha.

Ní mór do naisc láidre a bheith ag an eagraíocht le hearnáil an scáileáin in Éirinn agus i measc na n-eagraíochtaí sin tá féilte, cuallachtaí, páirtithe leasmhara agus comhlachais tionscail. Níl an scéim oscailte do chomhlachtaí léiritheoirí, do choláistí tríú leibhéil nó d’áisíneachtaí/eagraíochtaí atá maoinithe go poiblí.

Riachtanais Iarratais

Ní dhéanfar cinneadh tacú le haon imeacht/ghníomhaíocht mholta go bhfaighfear an fhoirm iarratais líonta ina mbeidh miondealú iomlán ar an imeacht/ghníomhaíocht, ar an bhuiséad agus ar bheathaisnéisí oidí/cainteoirí.

Tacófar uasmhéid aon iarratas amháin in aghaidh na heagraíochta in aghaidh na bliana, ach amháin nuair a chuirfear dhá mholadh isteach a mbeidh fiúntas urghnách iontu a léireoidh deiseanna forbartha scileanna uathúla nach féidir a athchruthú uair éigin eile.

Caithfidh an imeacht/ghníomhaíocht díriú ar ghairmithe tionsclaíochta aitheanta agus iad siúd atá ag teacht chun cinn atá ag obair sna hearnálacha scannánaíochta, teilifíse, beochana agus i n-earnálacha bainteacha eile atá in Éirinn.

Go hiondúil ní chóir go ngearrfaí aon táille orthu siúd a bheadh ag freastal ar aon imeacht/ghníomhaíocht a thacaítear tríd an Scéim Mhaoinithe Fhorbartha Scileanna, ach amháin má aontófar sin roimh ré le Fís Éireann. Ní mór don eagraíocht mhaoinithe na hiarratais go léir a phróiseáil agus an páipéarachas uilig a bhainistiú (aiseolas agus luacháil don Tuarascáil Dheiridh san áireamh) don ghníomhaíocht. Nuair a bheidh an eagraíocht mhaoinithe ag cur áiteanna d'imeachtaí/ghníomhaíochtaí i leataobh ní mór di cur chuige cothrom agus trédhearcach a léiriú.

Caithfidh an cháipéisíocht agus ábhair phoiblíochta uilig a bhaineann le himeachtaí/gníomhaíochtaí a maoineofar tríd an Scéim Mhaoinithe Fhorbartha Scileanna, caithfidh siad a chur in iúl gur thacaigh Fís Éireann leis an ghníomhaíocht agus ní mór dóibh lógó Fís Éireann a léiriú.

Tá sé mar dhualgas ar na heagraithe a dheimhniú go bhfuil árachas ann leis an imeacht/ghníomhaíocht a chlúdach.

An Dóigh le hIarratas a Chur Isteach

Caithfidh iarrthóirí an fhoirm iarratais a líonadh agus á cur isteach ar líne íosmhéid ocht seachtaine sula dtosóidh an imeacht/ghníomhaíocht fhorbartha scileanna.

Mar chuid den iarratas ní mór do na gnéithe seo a leanas a bheith san áireamh:  miondealú iomlán ar an imeacht/ghníomhaíocht mholta; buiséad ina mbeidh   cistiú/urraíocht bhreise agus ioncam réamh-mheasta (más ann dó) san áireamh; agus beathaisnéisí oidí/cainteoirí.

Ba chóir d’iarrthóirí táille (uasmhéid 15%) a chur san áireamh do chostais riaracháin/oibríochtúla chun tacú le soláthar an imeachta/na gníomhaíochta.

Tagann painéal na scéime cistithe le chéile sé huaire sa bhliain agus mar sin ba chóir iarratais a chur isteach íosmhéid ocht seachtaine chun tosaigh ar an imeacht/ghníomhaíocht phleanáilte.

Déanfaidh painéal na scéime cistithe cinnidh a bheidh bunaithe ar na critéir agus ar an scóráil (as 100) a leanas:

  • Caighdeán ginearálta an iarratais (25)
  • A thairbhí is a bheidh an t-imeeacht/ghníomhaíocht mholta do na hearnálacha scannánaíochta, teilifíse, beochana nó d’earnálacha bainteacha eile atá in Éirinn (25)
  • An chaoi a dtugann an t-iarratas aghaidh ar dhá cheann nó ar níos mó de na bunthéamaí tosaíochta (25)
  • Dea-theist na heagraíochta maidir le himeachtaí/gníomhaíochtaí scileanna a soláthraíodh roimhe d’earnáil an scáileáin (25)

Ní dhámhfar ach aon Bhronnadh Maoinithe Forbartha Scileanna amháin d’aon eagraíocht amháin in aghaidh na bliana. Dícháileofar iarratas láithreach má dhéanfar aon iarracht dul i gcion ar bhall painéil. Ní ghlacfar le hiarratais iardhearcacha.

Íocfar an bronnadh thar dhá thráthchuid, íocfar an chéad 80% suas go dtí 30 lá i ndiaidh chomhlíonadh an phróisis chonartha (ar fháil an chonraidh shínithe agus na cáipéisíochta iarrtha). Ní phróiseálfar íocaíocht go bhfaighfear an cháipéisíocht iarrtha uilig. Leis an íocaíocht dheireanach 20% a tharraingt anuas caithfidh na heagraithe foirm luachála líonta a chur isteach a chuirfear chucu ar an ríomhphost nuair a cheadófar cistiú.

Iarrfar ar iarrthóirí rathúla an cháipéisíocht a leanas a chur ar fáil mar chuid den phróiseas chonartha:

  • Foireann Bainistíochta agus Bord Stiúrthóirí na heagraíochta (más bainteach).
  • Sonraí cuntais bainc (in ainm na heagraíochta).
  • Teastas dheimhniú imréitigh cánach nó uimhir chána chláraithe & rochtana don Eagraíocht.
  • Buiséad agus plean airgeadais don mholadh.
  • Fianaise pholasaí árachais a chlúdóidh an t-imeacht/ghníomhaíocht sa mholadh.
  • Dearbhú go bhfuil an Eagraíocht cláraithe le Biúró Náisiúnta Grinnfhriosrúcháin (más bainteach) de réir na n-Achtanna um an Bhiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (Leanaí agus Daoine Soghonta) 2012 go dtí 2016.

Ba chóir iarratais a chur isteach íosmhéid ocht seachtaine chun tosaigh ar an imeacht/ghníomhaíocht scileanna phleanáilte.

Spriocdháta Iarratais

  • Tá an scéim chistithe seo oscailte ó cheann ceann na bliana.
  • Is é spriocdháta iarratais Aoine dheiridh gach mí.

Ba chóir iarratais a dhéanamh ar líne.

Déan teagmháil linn

Má tá aon cheisteanna agat nó más maith leat labhairt linn faoin scéim seo, cuir ríomhphost chuig skills.fundingschemes@screenireland.ie.