Hit enter to search or ESC to close
Ciste D’fhorbairt Lucht Féachana

Ciste D’fhorbairt Lucht Féachana 2025

Mar chuid dá tiomantas dearbhaithe d’fhorbairt luchtanna féachana tá Fís Éireann ag seoladh an dara leagan den Ciste Forbartha Luchta Féachana le luchtanna féachana nua a chruthú do scannáin, do bheochan agus do chláir fhaisnéise na hÉireann.

Mar chuid dá tiomantas dearbhaithe d’fhorbairt luchtanna féachana tá Fís Éireann ag seoladh an dara leagan den Ciste Forbartha Luchta Féachana le luchtanna féachana nua a chruthú do scannáin, do bheochan agus do chláir fhaisnéise na hÉireann.

Aidhmeanna an chiste seo
  • Lucht féachana níos mó agus níos éagsúla a thógáil do scannáin, do bheochan agus do chláir fhaisnéise neamhspleácha na hÉireann
  • Rochtain d’abhar éagsúil a fheabhsú
  • Caidreamh a bhunú le luchtanna féachana atá níos óige
  • Cultúr comhaimseartha na hÉireann a léiriú
  • Freastal ar an phictiúrlann a chur chun cinn i measc réimse leathan grúpaí socheacnamaíocha
  • Aiseolas a bhailiú ó luchtanna féachana na hÉireann
  • Úsáid a bhaint as gréasán cineama na hÉireann chun scannáin as Éirinn a chur chun cinn go díreach do luchtanna féachana
Is féidir le hiarrthóirí iad seo a leanas a chur san áireamh:
  • Pictiúrlanna ar le hÉireannaigh iad nó sraitheanna pictiúrlann
  • Comhlachtaí dáilte nah Éireann
  • Ardáin ábhar de chuid na hÉireann
  • Comhlachtaí margaíochta de chuid na meán Éireannach
  • Saineolaithe taighde ar an lucht féachana
  • Féilte de chuid na hÉireann nó grúpaí féilte
  • Ionaid Thaispeántais a bhfuil luchtanna féachana cultúrtha leathana acu
  • Grúpaí for-rochtana a bhfuil béim ar leith acu ar luchtanna féachana scannánaíochta
D’fhéadfadh iad seo a leanas bheith i measc na ngníomhaíochtaí:
  • Ag cruthú imeachtaí scannán nua uaillmhianacha a mheallfaidh luchtanna féachana chuig scannáin na hÉireann
  • Ag tógáil tionscnaíochtaí forbartha luchtanna féachana
  • Ag méadú luchtanna féachana atá ag féilte scannáin na hÉireann do scannáin de chuid na hÉireann
  • Ag coimisiúnú taighde ar luchtanna féachana in Éirinn
  • Ag tástáil éifeachtacht agus tionchar na bhfeachtas margaíochta do scannáin Éireannacha ina áireofar modhanna bolscaireachta atá nua agus nuálach
  • Ag forbairt múnla for-rochtana píolóta do scoileanna
  • Ag cruthú feachtais faoi choim sonraí ag baint úsáid as ábhar Éireannach
  • Tionscadail a thástáil le lucht féachana ag céim fhorbartha scripte
  • Pobalbhreitheanna a eagrú ar ábhar Éireannach
  • Cláir do Scannáin Éireannacha ar camchuairt
  • Tionscnaíochtaí le failleanna rochtana a chruthú do luchtanna féachana atá faoi mhíchumas
  • Tionscnaíochtaí bolscaireachta ag nascadh tallann scáileáin chruthaitheach na hÉireann le luchtanna féachana
Gnéithe Cistithe

Bronnann an Scéim Chistithe Fhorbartha Lucht Féachana maoiniú faoi thrí ghné.

  • Gné 1 – Suas le huasmhéid €40,000 do pháirtithe leasmhara chun tionscnaíocht fhorbartha luchta féachana mhórscála ardchaighdeáin a chur ar fáil le torthaí intomhaiste thar thréimhse 12 mhí.
  • Gné 2 – Suas le huasmhéid €25,000 do pháirtithe leasmhara chun le sraith gníomhaíochtaí forbartha luchta féachana a fhorbairt agus a chur ar fáil gur dóiche go mbeadh tionchair shuntasacha acu ar luchtanna féachana na hÉireann.
  • Gné 3 – Suas le huasmhéid €10,000 atá ar fáil ag iarrthóirí a bheidh dírithe ar sheachadadh phlean fhorbartha luchta féachana a bheidh níos spriocdhírithe, b’fhéidir dírithe go sonrach ar dhul i bhfeidhm ar ghrúpaí nideoige nó ar luchtanna féachana nach bhfuil freastal ceart á ndéanamh orthu.
Conas mar a mheasfar iarratais?

Measfar iarratais de réir na gcritéar a leanas agus dámhfar marc as 1-10 do gach cuid. Is iad 50 iomlán na marcanna atá ar fáil do thionscadal.

  • Nuálaíocht phlean a mheallfaidh luchtanna féachana amach do scannáin neamhspleácha na hÉireann a mbeidh ráiteas ar ilchineálacht, chothromas, chuimsiú agus inbhuanaitheacht san áireamh. (10 marc)
  • Costas agus luach na gníomhaíochta. (10 marc)
  • Cé chomh réalaíoch agus indéanta agus atá an moladh atá leagtha amach. (10 marc)
  • Cé chomh maith is atá na pleananna margaíochta agus poiblíochta. (10 marc)
  • Taithí ábhartha an iarrthóra maidir leis an imeacht/ghníomhaíocht a mholtar. (10 marc)
Nótaí Tábhachtacha ar Iarratais:
  • Ní mór d’iarrthóirí cistiú dúbhailte a sheachaint e.g. má tá féile nó comhlacht dáilte ag fáil cistiú ó Fís Éireann faoi scéim thacaíochta eile caithfidh siad a dheimhniú nach bhfuil siad ag cur isteach don rud/imeacht/ghníomhaíocht chéanna faoi dhó.
  • Má tá féilte ag fáil cistiú ó Fís Éireann le haghaidh féile móire níl cead acu cur isteach ar chistiú dá bpríomhfhéile.
  • Ní dheartar an ciste seo chun caiteachas atá ann cheana a mhaoiniú, ina áit sin tá sé ann le gníomhaíocht nua a éascú sa bhreis ar ghnáthghnó an iarrthóra.
  • Tabhair do d’aire le do thoil gur ciste iomaíochta é seo agus nach ndeimhníonn aon chistiú faoin Ciste Forbartha Luchta Féachana roimhe seo cistiú breise ar bith faoin bhabhta seo.
  • Níl costais a bhaineann le leithéidí infreastruchtúr agus forchostais reatha comhlachta incháilithe.
  • Nuair a chríochnófar a ngníomhaíochtaí beidh ar iarrthóirí rathúla tuairisc mhionsonraithe a chur ar fáil ina áireofar luacháil ar a ngníomhaíochtaí in aghaidh a mbunspriocanna mar aon le tuairisc chostas fhaofa.
An Dóigh le hIarratas a Chur Isteach

Caithfidh iarrthóirí iarratais a dhéanamh le plean soiléir mionsonraithe don togra nó do na gníomhaíochtaí a mholfar chun tairbhe a bhaint as an chiste seo. Ní mór do na rudaí a leanas a bheith san áireamh mar chuid den iarratas:

  • Buiséad a bhfuil lánchostáil déanta air do na gníomhaíochtaí molta
  • Dea-theist iarrthóirí – ag tabhairt achoimre ar thaithí ábhartha
  • Achoimre ar ghníomhaíochtaí, a dtréithe nuálaíochta agus an chaoi a gcúnóidh siad chun luchtanna féachana nua agus ilchineálacha a cheangal le scannánaíocht na hÉireann
  • Pleananna margaíochta & poiblíochta leis an togra/na gníomhaíochtaí a chur chun cinn
  • Amlíne molta leis an togra a chomhlíonadh ón leagan amach go dtí an seachadadh
  • • Gealltanas scríofa maidir le hilchineálacht, ionchuimsiú, comhionannas agus inbhuanaitheacht de. Ba chóir don ghealltanas a bheith bainteach leis an ghníomhaíocht atá molta agus ba chóir ráiteas comhlachta ar na gealltanais seo a chur ar fáil freisin.

Spriocdháta le haghaidh iarratas: 13 Deireadh Fómhair 2025 ar 1.00 i.n.

Do cheist ar bith gabh i dteagmháil, más é do thoil é, le audiencedevelopmentfund@screenireland.ie.

CUIR ISTEACH D'IARRATAS