Tá ríméad ar Fhís Éireann an chéad bhabhta eile de scéim Spotlight a fhógairt: Miotais & Finscéalta na hÉireann.
Maidir leis an Maoiniú
Roghnófar suas le deichniúr rannpháirtithe don scéim seo le coincheap sraithe teilifíse a fhorbairt ón bpits tosaigh 1-2 leathanach go céim an eolaire sraithe agus na scripte píolótaí mionsonraithe.
Bronnfar maoiniú ar na scríbhneoirí a roghnaítear ar fiú é agus suas le €15,000 do dhaoine aonair nó suas le €18,000 d’fhoirne de bheirt nó níos mó scríbhneoirí.
Cuirfear ag obair le heagarthóir scripte gach scríbhneoir/foireann scríbhneoirí, rud a íocfaidh Fís Éireann as, agus le meantóir, ar feadh ré an chláir.
Reáchtálfar sraith seimineár gréasáin agus máistir-ranganna fíorúla mar chuid den chlár, agus ag a dheireadh beidh imeacht líonraithe alumnais ann ag a mbeidh baill tionscail agus iar-rannpháirtithe scéim Spotlight i láthair.
Cé atá i dteideal Iarratas a Dhéanamh
Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil an scéim seo dírithe ar ghuthanna nua atá ag teacht chun cinn agus atá faoi ghannionadaíocht, a bhfuil taithí luath scríbhneoireachta scáileáin agus/nó taithí eile scríbhneoireachta acu chomh maith le huaillmhian shoiléir dul le gairm an scríbhneora drámaí teilifíse. Fáilteofar go háirithe le creidiúintí scríbhneoireachta gearrscannán chomh maith le scríbhneoirí ó mheáin eile chlosamhairc agus liteartha. Molaimid go láidir d’iarratasóirí nár chuir iarratas isteach chuig Fís Éireann roimhe seo iarratas a dhéanamh.
Iarratasóir ar bith ar thacaigh Fís Éireann leis roimhe seo, seachas i gcás na scéimeanna Gearrscannán, níl sé incháilithe iarratas a dhéanamh.
Níl iarratasóirí a bhfuil creidiúint léirithe acu mar scríbhneoir ar phríomhscannán nó ar shraith theilifíse bheo-aicsin nó bheochana incháilithe do Spotlight.
Riachtanais an Iarratais
Tá sé mar aidhm againn scéalta scáileáin saibhir ó thaobh chultúr na hÉireann de a fhorbairt. Agus an sprioc seo san áireamh, iarrtar ar iarratasóirí pits 1-2 leathanach a leagan isteach do shraith theilifíse atá bunaithe ar Mhiotais agus Finscéalta na hÉireann. Is féidir le formáid 30-nóiméad nó 60-nóiméad a bheith i gceist leis an tsraith theilifíse seo, is féidir leis a bheith i seánra ar bith, agus molaimid gach smaoineamh agus léamh nua ar na miotais agus finscéalta Éireannacha a bhfuil eolas againn ar fad orthu. Ní hé an chéad Chluiche na Corónach eile atá á lorg againn, is féidir le cruth lúbtha seánra ar bith a bheith i gceist leis na scéalta seo! Agus tuiscintí síoraí, uilíocha agus ábhartha orthu atá á lorg againn lenár gcultúr a chur os comhair an chuid eile den domhan. Ó chlár grinn 30 nóiméad go dráma, clár uafáis, uasdátuithe nua-aimseartha, nó sin thuas ar fad, fáiltímid roimh gach léirmhíniú nua agus peirspictíocht shamhlaíoch.
Na hiarratasóirí a leagann isteach na smaointe is nuaí, uathúla agus ábhartha a bhfuil soiléireacht físe ag baint leo, tabharfar cuireadh dóibh siúd an smaoineamh a fhorbairt i rith an chláir ina eolaire iomlán sraithe agus script phíolótach a scríobh.
Treoir le hAghaidh Iarratas
Ba cheart don cháipéis pits aghaidh a thabhairt ar na ceannteidil seo a leanas:
- Gearr Achoimre: Pits de do chlár in aon abairt amháin, i 25 focal nó níos lú.
- Achoimre: Achoimre iomlán, tá milleadh scéil á lorg againn!
- Téamaí: Céard atá le hinsint agat i gclár teilifíse a theastaíonn uait a roinnt leis an saol mór?
- Domhan: Céard é an ghné uathúil dhíolacháin (USP)? An bhfuil sé luachmhar, ar mhórán leibhéal agus in-athnuaite?
- Lucht féachana: Cé hiad na daoine a bhreathnóidh ar do chlár, dar leat?
- Forbairt Carachtair: Déan cur síos i bparagraf amháin ar éabhlóid nó déabhlóid shíceolaíoch agus mhothúchánach do phríomhcharachtair thar an gcéad sraith agus ina dhiaidh sin. Seachain le do thoil barraíocht úsáide a bhaint as scéal cúlra, dírigh ar an aistear faoi mar a bhaineann sé leis an gcéad sraith.
- Forbairt na Sraithe: Paragraf ina samhlaítear go ginearálta forbairt fhéideartha na chéad sraithe. Dírigh ar do ghuth a léiriú trí charachtar ar a mbeidh an clár bunaithe ar bhealach uathúil, ach ar deireadh thiar, dílis, agus léirigh go han-soiléir ar fad na féidearthachtaí grinn a bhaineann leis.
Iarratas a Dhéanamh
Is féidir iarratais a dhéanamh ar líne ag baint úsáid as an gcnaipe ‘Déan Iarratas’ ar an leathanach seo.
Measfar go huathoibríoch nach bhfuil iarratais nach gcomhlíonann na critéir atá leagtha amach sna treoirlínte thuas incháilithe lena mbreithniú.
Mar gheall ar nádúr na n-iarratas pits ghearr seo, ní chuirfear aiseolas ar fáil.
Má bhíonn aon cheist agat faoi na treoirlínte nó faoin scéim go ginearálta, cuir ríomhphost le do thoil chuig spotlight@screenireland.ie.
Spriocdháta an Iarratais
Dúnfar na hiarratais Dé hAoine an 15 Lúnasa ar 1p.m. Ní ghlacfar le hiarratais atá déanach nó neamhiomlán.
Ceisteanna Coitianta
- An nglacfar le hIarratais ó chónaitheoirí as Tuaisceart na hÉireann?
Tá sé riachtanach (bíodh sé ina duine aonair nó ina bhall ar fhoireann scannánóireachta) gur rugadh gach iarrthóir nó go bhfuil sé ina chónaí i bPoblacht na hÉireann le bheith incháilithe do chistiú Spotsolas.
-
An bhfuil Sraith Theoranta incháilithe?
Cé go bhfuil béim ar idéanna faoi chláir in-aischurtha, tá sraitheanna teoranta incháilithe.
- An bhfuil cead ag scríbhneoir níos mó ná iarratas amháin a chur isteach?
Ní féidir ach aon iarratas a ghlacadh in aghaidh an Scríbhneora nó na Foirne Scríbhneoireachta don scéim seo.
- An nglacfar le creidiúint Chomhscríbhneoireachta muna mbeidh aon chreidiúintí scríbhneoireachta eile?
Ní bheidh iarratasóirí incháilithe do Spotsolas a bhfuil creidiúint acu, mar scríbhneoirí ar phríomhscannán beo-aicsin nó beochana nó ar shraith theilifíse; baineann an critéar seo le creidiúintí comhscríbhneoireachta freisin. Áiríteofar creidiúintí comhscríbhneoireachta mar creidiúint scríbhneoireachta go fóill maidir leis an scéim seo.
- An mbeidh Creidiúintí Scríbhneoireachta Sobaldrámaí incháilithe don scéim seo?
Ní bheidh creidiúintí scríbhneoireachta sobaldrámaí incháilithe don scéim seo de bharr go nglacfar leis go mbeidh aon chreidiúint léirithe lasmuigh de na treoirlínte.
- An nglacfar le hiarratais as Gaeilge?
Glacfar, fáilteofar roimh iarratais as Gaeilge.
- An gcoinneoidh mé úinéireacht chóipchirt muna roghnófar mo thogra, nó an mbeidh aon chearta ag Fís Éireann ina leith nuair a gheobhaidh sé cóip de mo chur i láthair?
Coinneoidh iarratasóirí úinéireacht chóipchirt dá gcuid saothar bíodh sé roghnaithe do thacaíocht nó ná bíodh.
- Ar Fhoireann Scríbhneoireachta an féidir creidiúint scríbhneoireachta a bheith ag Scríbhneoir amháin muna mbeidh a leithéid ag an duine eile?
Níl an bheirt Scríbhneoir incháilithe ach amháin muna mbeidh iarchreidiúintí Scríbhneoireachta nó Comhscríbhneoireachta acu. Má bheidh iarchreidiúint scríbhneoireachta ag duine amháin nó ag an bheirt acu, ní bheidh sé seo incháilithe.
- An féidir brí a bhaint as miotas agus fabhalscéal mar rud a tharla le fíordhéanaí? An féidir liom an téama a léirmhíniú mar is mian liom?
Dé réir mar atá inár dtreoirlínte, ba mhaith linn léamha buana, uilíocha, ábhartha ar an téama seo chun ár gcultúr a chur i láthair ar fud an domhain. D’fhéadfadh coiméide 30 nóiméad a bheith i gceist nó dráma, scannán uafáis, leaganacha uasdátaithe nó gach rud atá luaite thuas. Spreagaimid thú chun do léiriú féin ar an téama seo a chruthú ar an chaoi is fearr a thiocfaidh le do scéal agus le do stíl. Glacfaimid le hiarratais ina bhfuil scéalta a lúbfaidh seánra i gcruth ar bith agus ina mbeidh dearcadh leathan ar théama an mhiotas agus na bhfabhalscéalta a d’fhéadfadh carachtair as béaloideas a chur san áireamh chomh maith.
- An mbeidh sé ceart go leor muna mbeidh stiúrthóir/léiritheoir ainmnithe leis an iarratas?
Níl an scéim Spotsolas ar fáil ach ag scríbhneoirí scripte nua, éiritheacha agus iad siúd atá faoi ghannionadaíocht. Ní chóir Léiritheoirí nó Cuideachtaí Léirithe a ainmniú. Ní bheifear incháilithe le hiarratais a chur isteach ach amháin scríbhneoirí aonaracha/foirne scríbhneoireachta/agus stiúrthóirí scríbhneoireachta a chomhlíonfaidh na treoirlínte.
- An mbeidh Scoláirí incháilithe le hiarratais a chur isteach ar an scéim Spotsolas 2025?
Níl cead ag mic léinn lánaimseartha cur isteach ar an scéim.