SeirbhÃs Trà Ghaeilge ar Fáil
Mar atá aontaithe faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, beidh seirbhís trí Ghaeilge ar fáil do dhuine ar bith atá ag iarraidh teagmháil a dhéanamh le Bord Scannán na hÉireann trí mheán na Gaeilge.Mar sin, má ghlaonn duine ar bith ar BSÉ/IFB nó má chuireann siad ríomhphost chugainn le fiosrúchán i nGaeilge, beidh sé/sí in ann freagra a fháil ó Ghaeilgeoir sa ghníomhaireacht.
Muna mbíonn aon chainteoir Gaeilge ar fáil chun déileáil leis an nglaoch, míneoidh an duine a fhaigheann an glaoch an cás agus tógfaidh siad ainm, uimhir teileafóin agus sonraí fiosrúcháin an ghlaoiteora agus déanfaidh siad cinnte de go nglaonn duine le Gaeilge ar ais orthu ag am socraithe.
Freisin, má tá maoiniú léiriúchán nó forbartha á fháil ag duine, agus má tá crinniú as Gaeilge de dhíth air/uirthi maidir le haon ghné den tionscadal, déanfaidh BSÉ/IFB cinnte de go mbeidh Gaeilgeoir ar fáil don gcrinniú sin.
Faoi láthair, tá treoirlínte agus iarratais mhaoiniúcháin as Gaeilge ar fáil do ghearrscannáin ar fad BSÉ/IFB, agus ar ball, beidh treoirlínte mhaoiniúcháin uilig BSÉ/IFB ar fáil as Gaeilge. Beidh an tseirbhís seo á fógairt go luath.