Hit enter to search or ESC to close
{title}

News

A Scannánóirí ar fad! Is é an 17ú Nollaig an spriocdháta don scéim nua 'Gearrscannáin’

Tá áthas ar Bhord Scannán na hÉireann iarratais a éileamh don chéad bhabhta eile den scéim an-rathúil ‘Gearrscannán. Is é an Aoine 17ú Nollaig 2010 an spriocdháta nua don scéim.

Scéim nua í ‘Gearrscannán' a bhfuil sé mar sprioc aici gearrscannáin as Gaeilge a sholáthar, a mbeidh tarraingt acu do lucht féachana ginearálta. Tá sé mar chuspóir ag an scéim go spreagfaí stiúrthóirí úra chun dul i bpriacal, chun dushlán a thabhairt don lucht féachana agus chun téamaí suimiúla a rachaidh i bhfeidhm orthu a chur os a gcomhair. Cé gur chóir go mbeidh sé mar aidhm ag na scannáin freastal ar lucht féachana fairsing, ba chóir go mbeidh siad in ann grádú ‘faoi 15' a bhaint amach. Ní mór gur bunscéalta as Gaeilge atá sna hiarratais. Ní ghlacfar le gearrscannáin a cuireadh chuig BSÉ/IFB i mBéarla cheana. Déanfar an scéim a sholáthar ar-líne den chuid is mó.

S'é an Aoine 17ú Nollaig 2010 an spriocdháta do ‘Gearrscannán'

Líon na scannán:         2
Fad:                             Timpeall 8 nóiméad
Buiséad:                      Uasmhéid de €10,000 in aghaidh an scannáin
Formáid:                      Aon fhormáid dhigiteach d'ardchaighdeán
Teanga:                       Gaeilge

Ba chóir gach iarratas a sheoladh chuig:  Bord Scannán na hÉireann, Geata na Banríona, 23 Bóthar na Duganna, Gaillimh.

Tá treoirlínte mionsonraithe agus foirmeacha iarratais ar fail ag http://www.irishfilmboard.ie/

Léigh na treoirlínte go cúramach roimh iarratas a dhéanamh.