Hit enter to search or ESC to close
{title}

News

Scannán lánfhada bunaithe ar an úrscéal clúiteach ‘Cré na Cille’ ar fáil le ceannach ar DVD

Tá an scannán lán-fhada Gaeilge ‘Cré na Cille', leagan d'úrscéal iomráiteach Mháirtín Uí Chadhain, ar fáil le ceannach ar DVD.  Is féidir an DVD a chéannacht ó díoltóirí éagsúla, gach eolas ar fáil ar http://www.rosg.ie/.

Tá an DVD ar fáil le fotheidil i nGaeilge, Béarla, Fraincís, Spáinis, Gearmanaís agus Sínis, agus insíonn sé an scéal faoin éad is faoin bhfuath atá ag beirt deirfiúracha dá chéile. Coimhlint a théann in olcas le haois, agus a leantar de fiú san athshaol.

Stiúrtha ag Robert Quinn agus léirithe ag Ciarán Ó Cofaigh do ROSG, comhlacht léirithe scannáin is teilifíse, bhí ‘Cré na Cille' scannánaithe in áiteanna éagsúla thart timpeall ar Chonamara ag foireann agus cliar do 60 duine.

Stiúrtha ag Robert Quinn agus léirithe ag Ciarán Ó Cofaigh do ROSG, comhlacht léirithe scannáin is teilifíse, is scéal dorcha lonnaithe i reilig i gConamara é ‘Cré na Cille'.

Le Bríd Ní Neachtain sa phríomhpháirt mar Caitríona Pháidín, díríonn ‘Cré na Cille' ar na mairbh sa chré agus iad á síorchéasadh ag an am atá á mheilt go mall agus ag an sciolladh gan staonadh. Is í Caitríona an príomh charachtar a bhfuil an t-athshaol bainte amach aici agus í ag fanacht go díocasach go leanfaidh a deirfiúr Neil chun na cille í ionas gur féidir leis an mbeirt leanacht den chath fada atá á throid eatarthu. De réir a chéile cuirtear comharsana Chaitríona sa reilig in aithne don lucht féachana, chomh maith leis na coirp nua a thugann na scéalta is deireanaí leo chun na cille ón saol thuas.

Ar na réalta eile atá in ‘Cré na Cille' tá na haisteoirí talannacha Mac dara Ó Fátharta, a bhfuil aithne mhaith air mar Thadhg an oilc i Ros na Run, Peadar Lamb, Joe Steve Ó Neachtain, Diarmuid Mac an Adhastair agus Máire Ní Mháille.

Ghlac roinnt de na haisteoirí páirt roimhe seo acu sa leagan stáitse den dráma, arbh é Macdara Ó Fátharta a chóirigh. Go deimhin, ainmníodh Bríd Ní Neachtain do ghradam amharclainne an Irish Times as a haisteoireacht ann i 2002.

Dúirt Ciarán Ó Cofaigh, léiritheoir ‘Cré an Cille': ‘Aithnítear ‘Cré na Cille' mar phríomh-úrscéal comhaimseartha na Gaeilge. Leagann an athchóiriú  scannáin béim ar eilimintí grinn an mhórshaothair seo agus tabharfaidh an DVD deis do lucht féachana leathan sult a bhaint as, in Éirinn agus thar lear. Níl aon dabht orainn ach go mbainfidh an lucht féachana taitneamh as an scannán, bíodh Gaeilge acu nó ná bíodh agus tá muid an bhródúil as athchóiriú ar an úrscéal iomráiteach seo a chuir os comhair lucht féachana níos leithne'.

Rinne TG4; scéim ‘Sound and Vision' Choimisiún Craolacháin na hÉireann agus Section 481 cómhaoiniú ar Cré na Cille. Is le tacaíocht ón Roinn Gnothaí Pobal, Tuaithe agus Gaeltachta a rinneadh an t-aistriú deireanach go scannán 35mm ar mhaithe leis an scannán a thaispeáint ag féilte agus i bpictiúrlanna in Éirinn agus thar lear. Scannán 94 nóiméad é Cré na Cille, agus tá fotheidealú iomlán déanta air.