Chlár don Féile Scannán an Daingin ar siúl 17th-20th March
Tá Féile Scannán an Daingin tar éis clú a ghnóthú dó féin as daoine éagsúla cruthaitheacha a thabhairt le chéile chun sásamh a bhaint as scannáin agus chun an scannánaíocht a phlé. Ní taise d'Fhéile na bliana, a osclóidh ar Lá ‘le Pádraig nuair a taispeánfar an clár faisnéise We'll Always Have Dingle don gcéad uair aon áit sa domhan. Is scannán de chuid na Féile féin é, fé stiúir Geoff Wonfor, stiúrthóir go bhfuil duais de dhuaiseanna Grammy buaite aige.
Agus é á reachtail fén manna being here, nó bheith i láthair, tá súil ag Féile Scannán an Daingin an timpeallacht inspioráideach ar leith atá sa Daingean a dhlúthú le cruinniú stiúrthóirí, scríbhneoirí, agus léiritheoirí iontacha chun spásanna fuinniúla a chruthú a mhéadódh smaointí na ndaoine a bhíonn sásta a bheith páirteach sa ghréasán anamúil seo.
Tá an Fhéile ag díriú ar a bheith i láthair anso sa Daingean, chun cruthaitheacht agus tiomantas na scannán agus lucht déanta na scannán a shú isteach, agus táthar ag súil go mbeidh inspioráid á bhaint astu súd go ceann i bhfad i ndiaidh deireadh na Féile.
Beidh oíche na hoscailte ana-speisialta, nuair a taispeánfar We'll Always Have Dingle don gcéad uair aon áit sa domhan. D'úsáid Geoff Wonfor cur chuige cliste sa chlár faisnéise seo de chuid Fhéile Scannán an Daingin, ag athchruthú radharcanna clasaiceacha ó scannáin ar nós Casablanca, The Godfather, agus Cinema Paradiso, ag baint úsáid as dialóg Éireannach chun fíor-bhlaiseadh an Daingin a aimsiú, agus ag tabhairt aitheantais d'oidhreacht shaibhir scannánaíochta na dúthaí agus don gcion atá á dhéanamh le fada aige don dtionscal.
I measc na n"‘aíonna speisialta a bheidh ann, tá Jean-Jacque Beineix (Betty Blue), Lenny Abrahamson (Adam & Paul), agus Sophie Fiennes (Over your City Grass Will Grow), a ghlacfaidh páirt i bplé ar Scannánóirí Comhaimseartha na hEorpa san ionad álainn úd, sáipéal an Dísirt, le fuinneoga Harry Clarke mórthimpeall orthu.
Beidh cuid de na scríbhneoirí scripte is fearr sa tionscal páirteach sa Phainéal fé Scríbhneoireacht Chruthaitheacha na Scripteanna. Ina measc beidh Lisa Albert (léiritheoir agus scríbhneoir de chuid Mad Men), go bhfuil duaiseanna de chuid Emmy agus de chuid an Writers' Guild buaite aici; Richard Scobie (66 Degrees North), a bhuaidh Duais an Producers' Guild of America i mbliana agus atá i mbun idirbheartaíochta fé láthair leis an gcomhlacht Cruise/Wagner Productions; príomh-scríbhneoir scripte na hÉireann, Mark O'Halloran (Adam & Paul, Garage); Marc Flanagan (The Tracy Ullman Show), go bhfuil duais de dhuaiseanna Emmy buaite aige; agus Edwina Forkin (Headrush, Sugar), léiritheoir go bhfuil duaiseanna buaite aici chomh maith.
Don gcéad uair, beidh comórtas idir scannáin ghearra ag an bhFéile fén dteideal Físín, chun scríbhneoireacht scannán as Gaelainn a chothú. Cuirfear na haighneachtaí i láthair beo ag an bhFéile d'Éamon de Buitléar, don scríbhneoir Louise Ní Fhiannachta, don scríbhneoir Marina Ní Dhubháin, agus do stiúrthóir Ealaín na Gaeltachta, Mícheál Ó Fearraigh.
Tá Element Films ar cheann de na comhlachtaí scannán is ráthúla i nÉirinn; siad a léirigh na scannáin Garage, Adam & Paul, agus The Magdalene Sisters, a bhuaigh duais de dhuaiseanna an Golden Lion. Cuirfidh Michael Ryan (Fifty Dead Men Walking, Planet 51) agallamh ar Ed Guiney agus Andrew Lowe fén gcuma atá éirithe le Element Films, chun ráthúlacht agus straitéis ghnó an chomhlachta a léiriú. Tar éis an agallaimh léireofar an scannán dá gcuid, Essential Killings.
I measc na scannán a taispeánfar, tá We'll Always Have Dingle de chuid Geoff Wonfor; Produced by George Martin, clár faisnéise de chuid BBC Arena; Essential Killings de chuid Element Films; trí chlár faisnéise fé liosta gearra na nOscar don mbliain 2011: Enemies of the People, Client 9: The Rise & Fall of Eliot Spitzer, agus Gasland; anamúlacht Francach, Eleanor's Secret (Dominique Monfery); clár faisnéise Bharry McGuigan, In Sunshine or in Shadow (Andrew Gallimore); Howl, scannán de chuid Rob Epstein fé Allen Ginsberg (scannán a ainmníodh do dhuaiseanna Sundance Grand Jury agus Golden Berlin Bear); Son of Babylon (Mohamed Al Daradji), a bhuaidh duaiseanna BIFA agus Berlin; an scannán anamúlachta ó Chúba, Chico & Rita (Xavier Mariscal); Little Rock (Mike Otto), agus Beautiful People, scannán de chuid Elzbieta Szoka fé sheisiúin de cheol Gaelach i New York.
Déanfar léiriú speisialta ar Dreaming The Quiet Man i nAmharclann an Phoenix istoíche Dé Sathairn, agus sé stiúrthóir an scannáin Sé Merry Doyle a chuirfidh i láthair é. Léireofar ag MOMA i mí Bealtaine é mar chuid den gclár Imaging Ireland, clár stiúrtha de chuid Gabriel Byrne, gurb é a dhein an aithriseoireacht sa scannán. Tá Maureen O'Hara le feiscint go heisiach sa scannán, agus glacann Martin Scorsese agus Jim Sheridan páirt ann chomh maith.
Cuirfidh Cumann Lucht Tráchtala an Daingin scannán teaghlaigh i láthair saor i n"‘aisce arís. Is trí Ghráinne Kavanagh atá na ticéadaí le cur i n"‘áirithe. Is scannán anamúlachta é, Eleanor's Secret, ina bhfuil an chuid is fearr de charachtaeirí scéalta na leanaí: Éilís i dTír na nIontas, Cochaillín Dearg, agus Peter Pan. Léireofar an scannán so i nAmharclann an Phoenix ar an nDomhnach.
Beidh clár de na healaíona súl ann chomh maith, bunaithe ar théama an Uisce, i bpáirt le hIonad Scannánaíochta Chorcaí, mar a léireofar obair ochtar ealaíontóirí ar fhalla Sheana-mhonarcha an Leac Oighir.
Is aitheantas ar leith é Duais Gregory Peck de chuid Fhéile Scannán an Daingin dóibh siúd is mó a ghnóthaíonn i réimse na scannánaíochta, agus is aitheantas é ar chairdeas na Féile le muintir Gregory Peck. I mbliana, is ar Jean-Jacque Beineix a bronnfar an duais, i nAmharclann an Phoenix, ar an Aoine, 18 Márta. Tar éis bhronnadh na duaise, léireofar an scannán iontach dá chuid, Betty Blue.
Is leis an scannán Treacle Jr a tabharfar Féile Scannán an Daingin chun clabhsúir; beidh réalt an scannáin Aidan Gillen agus stiúrthóir an scannáin i láthair chuige.