A ScannánóirÃ! Spriocdháta Nua don Scéim Short Shorts á Fhógairt
Tá áthas ar Bord Scannán na hÉireann iarratais a lorg don chéad bhabhta eile den scéim rathúil Short Shorts. Is é an spriocdháta nua ná: an Aoine 6ú Bealtaine.Tá maoiniú ag an scéim Short Shorts le haghaidh suas le seacht scannán 3-5 nóiméad. Tá sé mar aidhm againn go spreagfaí gearrscannáin atá nuálach, dúshlánach, nó a théann sa tseans ar bhealach, nó a bhriseann rialacha. Is gné áirithe den scéim é ná go gcloífí na scannáin le genre nó le téama ar leith a roghnaítear achan bhliain. I 2008 ba ghá gur cheoldráma a bhí ann; i 2009, ba ghá gur scannáin gan comhrá iad, agus anuraidh b'é an téama ná 'Éire, Is Tú Mo Ghrá.'
I mbliana, is é BIA an téama, bíodh sé más scannán beoghnímh nó beochan atá ann.
Mar théama lárnach inár saolta laethúla, tá gaol ar leith againn uilig leis an mbia, ach níl aon amhras faoi - don gcuid is mó againn, is caidreamh paiseanta grá é. Tá an t-iliomad scannán ann atá bunaithe ar iontaisí an bhia, cur i gcás Babette's Feast, Chocolat, Mystic Pizza agus Waitress. I mbliana, ba mhaith linn go spreagfaidh scannánóirí a lucht féachana lena bhfuil le rá acu faoi BIA.
Is féidir scannáin a dhéanamh i mBéarla nó i nGaeilge agus cuirimid fáilte ar leith roimh iarratais as Gaeilge.
Le tuilleadh eolais a fháil ar conas iarratas a dhéanamh agus chun foirm iarratais a íoslódáil, téigh chuig an mhír Cláir Mhaoiniúcháin ar an láithreán gréasáin.