A Scannánóirà ar fad! Is é an 8ú Ãúil an spriocdháta don scéim 'Gearrscannáin’
Tá áthas ar Bhord Scannán na hÉireann iarratais a éileamh don chéad bhabhta eile den scéim an-rathúil ‘Gearrscannán. Is é an Aoine 8ú Íúil 2011 an spriocdháta nua don scéim.
Scéim í ‘Gearrscannán' a bhfuil sé mar sprioc aici gearrscannáin as Gaeilge a sholáthar, a mbeidh tarraingt acu do lucht féachana ginearálta. Tá sé mar chuspóir ag an scéim go spreagfaí stiúrthóirí úra chun dul i bpriacal, chun dushlán a thabhairt don lucht féachana agus chun téamaí suimiúla a rachaidh i bhfeidhm orthu a chur os a gcomhair. Cé gur chóir go mbeidh sé mar aidhm ag na scannáin freastal ar lucht féachana fairsing, ba chóir go mbeidh siad in ann grádú ‘faoi 15' a bhaint amach. Ní mór gur bunscéalta as Gaeilge atá sna hiarratais. Ní ghlacfar le gearrscannáin a cuireadh chuig BSÉ/IFB i mBéarla cheana. Déanfar an scéim a sholáthar ar-líne den chuid is mó.
S'é an Aoine 8ú Íúil 2011 an spriocdháta do ‘Gearrscannán'
Líon na scannán: 2
Fad: Timpeall 8 nóiméad
Buiséad: Uasmhéid de €10,000 in aghaidh an scannáin
Formáid: Aon fhormáid dhigiteach d'ardchaighdeán
Teanga: Gaeilge
Ba chóir gach iarratas a sheoladh chuig: Bord Scannán na hÉireann, Geata na Banríona, 23 Bóthar na Duganna, Gaillimh.
Tá treoirlínte mionsonraithe agus foirmeacha iarratais ar fail ag Cláir Mhaoiniúcháin.
Léigh na treoirlínte go cúramach roimh iarratas a dhéanamh.