Successful Gearrscannáin projects announced
Bord Scannán na hÉireann/the Irish Film Board (BSÉ/IFB) is happy to announce the two projects chosen for the latest Gearrscannáin short-film scheme:
Rince, to be written/directed by Medb Johnstone and produced by Clodagh Ní Bhric. A glance at life in a family of dancers in the west of Ireland. As Mother prepares dinner, she reveals their innate competitiveness.
Céad Ghrá, to be directed by Brian Deane, produced by Eamonn Cleary and written by Matthew Roche. Best friends Colm and Donal have heard that the prettiest girl in their primary-school class "likes" them. But this isn't good enough for Donal — he wants to find out who she likes the most.
Gearrscannáin is a BSÉ/IFB funding scheme for the production of Irish-language short films that appeal to a general audience. The initiative encourages fresh, new directorial voices; filmmakers who are willing to take risks and challenge viewers.
Previous Gearrscannáin projects include Rúbaí, which won Best First Short Drama at the Galway Film Fleadh, and An Créatúr, winner of the audience award for Best Irish Short at the Cork Film Festival and the jury award for Best Short Film at the International Youth Festival of Rimouski in Canada.
For more information on the Gearrscannáin scheme, click here.
To watch a selection of Gearrscannáin, click here.
Tá áthas ar Bord Scannán na hÉireann/the Irish Film Board (BSÉ/IFB) an dá thionscadal a roghnaíodh don scéim Gearrscannáin is déanaí a fhógairt:
Rince, a bheas á scríobh/stiúradh ag Medb Johnstone agus á léiriú ag Clodagh Ní Bhric. Sracfhéachaint ar an saol atá ag teaghlach damhsóirí in Iarthar na hÉireann. Nochtaíonn an mháthair an cumas iomaíochta atá go smior iontu agus an dinnéar á réiteach aici.
Céad Ghrá, a bheas á stiúradh ag Brian Deane, á léiriú ag Eamonn Cleary agus á scríobh ag Matthew Roche. Tá cloiste ag dlúthchairde Colm agus Donal gur "maith" leis an gcailín is gleoite ina mbunscoil iad. Ach ní leor seo do Dhonal — tá seisean ag iarraidh fáil amach cé is mó ar maith léi.
Scéim mhaoinithe de chuid BSÉ/IFB í Gearrscannáin chun gearrscannáin Ghaeilge a léiriú a mbeidh tarraingt acu do lucht féachana ginearálta. Spreagann an tionscnamh seo stiúrthóirí nua; scannánóirí atá sásta dul sa tseans, agus réidh le dúshlán a chur roimh an lucht féachana.
I measc na dtionscdal Gearrscannáin a léiríodh cheana, tá Rúbaí, a bhuaigh gradam An Chéad Ghearr-Dhráma is Fearr ag Fleadh Scannán na Gaillimhe, agus An Créatúr, a bhuaigh gradam an lucht féachana don Ghearrscannán Éireannach is Fearr ag Féile Scannán Corcaigh, agus gradam an ghiuiré don Ghearrscannán is Fearr ag Féile Idirnáisiúnta na n-Óg, Rimouski, Ceanada.
Le tuilleadh eolais a fháil ar scéim Gearrscannáin, cliceáil anseo.
Chun amharc ar rogha Gearrscannán, cliceáil anseo.