Hit enter to search or ESC to close
{title}

News

Ag fógairt na ndtionscadal ‘Gearrscannáin’ ar éirigh leo

Tá áthas ar Bord Scannán na hÉireann/the Irish Film Board (BSÉ/IFB) an dá thionscadal a roghnaíodh don scéim Gearrscannáin is déanaí a fhógairt:

Rince, a bheas á scríobh/stiúradh ag Medb Johnstone agus á léiriú ag Clodagh Ní Bhric. Sracfhéachaint ar an saol atá ag teaghlach damhsóirí in Iarthar na hÉireann. Nochtaíonn an mháthair an cumas iomaíochta atá go smior iontu agus an dinnéar á réiteach aici.

Céad Ghrá, a bheas á stiúradh ag Brian Deane, á léiriú ag Eamonn Cleary agus á scríobh ag Matthew Roche. Tá cloiste ag dlúthchairde Colm agus Donal gur "maith" leis an gcailín is gleoite ina mbunscoil iad.  Ach ní leor seo do Dhonal — tá seisean ag iarraidh fáil amach cé is mó ar maith léi.

Scéim mhaoinithe de chuid BSÉ/IFB í Gearrscannáin chun gearrscannáin Ghaeilge a léiriú a mbeidh tarraingt acu do lucht féachana ginearálta. Spreagann an tionscnamh seo stiúrthóirí nua; scannánóirí atá sásta dul sa tseans, agus réidh le dúshlán a chur roimh an lucht féachana.

I measc na dtionscdal Gearrscannáin a léiríodh cheana, tá Rúbaí, a bhuaigh gradam An Chéad Ghearr-Dhráma is Fearr ag Fleadh Scannán na Gaillimhe, agus An Créatúr, a bhuaigh gradam an lucht féachana don Ghearrscannán Éireannach is Fearr ag Féile Scannán Corcaigh, agus gradam an ghiuiré don Ghearrscannán is Fearr ag Féile Idirnáisiúnta na n-Óg, Rimouski, Ceanada.

Le tuilleadh eolais a fháil ar scéim Gearrscannáin, cliceáil anseo.

Chun amharc ar rogha Gearrscannán, cliceáil anseo.