Hit enter to search or ESC to close
{title}

News

Ar Mhaith Leat GearrScannán a Dhéanamh? - Spriocdháta Nua á Fhógairt don Scéim Signatures

Tá  spriocdháta don scéim shuaitheanta ghearrscannán SIGNATURES de chuid Bord Scannán na hÉireann/the Irish Film Board (BSÉ/IFB) fógraithe anois. Glacfaí le hiarratais go dtí 1.00i.n. Dé Céadaoin, 20ú Lúnasa 2014.

Is scéim ghearrscannán í  SIGNATURES chun scannáin fhicsin bheoghnímh a dhéanamh, a bheas mar thalamh profa do dhaoine cruthaitheacha in Éirinn. Tá sé mar chuspóir ag an scéim scéalaíocht láidir, nuálaíoch a spreagadh, chomh maith le cumas físe agus luachanna léiriúcháin atá oiriúnach don mhórscáileán a chur chun cinn. I measc na ngearrscannán SIGNATURES a rinneadh cheana tá Foxes, a roghnaíodh go hoifigiúil do na féilte scannán SXSW agus Tribeca i 2012 agus do Féile Gearrscannán Clermont Ferrand níos luaithe sa bhliain seo, agus Pentecost, a ainmníodh do Dhuais an Acadaimh i 2012. Tairgíonn an scéim seo an deis do léiritheoirí, stiúrthóirí agus scríbhneoirí obair a dhéanamh i gcomhshaol proifisiúnta a thabharfaidh leibhéal breise don taithí atá acu.  

 Nuair atá d'iarratas á ullmhú agat, ba chóir d'iarratasóirí macnamh a dhéanamh ar an tréimhse léiriúcháin. Beidh deis ghairid ag léiritheoirí idir Eanair agus Aibreán le gearradh réamhlíne a bhaint amach don tionscadal, agus ní mór an tionscadal a sheachadadh faoi dheireadh Bealtaine 2015.

 Beidh muid ag súil go mór le hiarratais as Gaeilge, mar is féidir na scannáin a dhéanamh i nGaeilge nó i mBéarla faoin scéim seo.

 Is gá go ndéanfar iarratais anois tríd an chóras iarratais ar líne.

Le tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh téigh chuig an mhír Cláir Mhaoiniúcháín ar ár láithreán gréasáin.