Hit enter to search or ESC to close
{title}

News

Tá Cinemobile chun Gearrscannáin Ghaeilge a chur ar scáileán le linn Sheachtain na Gaeilge

Tá Seachtain na Gaeilge, féile bhliantiúl idirnáisiúnta agus ceiliúradh ar an Ghaeilge agus ar an chultúr Gaelach, faoi lán seoil anois.  Mar chuid den cheiliúradh beidh gearrscannáin Ghaeilge a maoiníodh ag Bord Scannán na hÉireann le cur ar scáileán ag Cinemobile. Beidh Seachtain na Gaeilge na bliana seo le tarlú idir 1ú Márta agus 17ú Márta.

Beidh na scannáin le taispeánadh ag na suíomhanna éagsula seo le linn na seachtaine.

Dé Luain, 9ú Márta - Doire

Dé  Máirt, 10ú Márta - Béal Feirste

Dé Céadaoin 11ú Márta - Tulach Mhór

Déardaoin, 12ú Márta - Trá Lí

Is iad na gearrscannáin atá le taispeánadh ná: Asal; Del Toro; Rúbaí; Beirt Le Chéile; Yu Ming is Ainm Dom; Clare sa Spéir; Fluent Dysphasia; Lipservice agus An Díog is Faide.

Le tuilleadh eolais a fháil ar Cinemobile, féach ar cinemobile.ie

Le tuilleadh eolais a fháil ar Seachtain na Gaeilge, féach ar snag.ie