BSE/IFB AGUS TG4 I GCOMHAR LE IFI DVD SAOR IN AISCE DE GHEARRSCANNÃIN GHAEILGE DO GACH SCOIL SA TAR
Sheol Bord Scannán na hÉireann, TG4 agus Institiúid Scannán na hÉireann DVD nua do scoileanna dár teideal GEARRSCANNÃIN ar a bhfuil lear breá de ghearrscannáin Ghaeilge.Ar an DVD GEARRSCANNÃIN tá 9 ngearrScannán Gaeilge agus leis an DVD tá Treoir Oideachais ar féidir le múinteoirà Gaeilge a úsáid chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc mac léinn. ÃirÃtear ar na 9 dteideal an teideal curaclaim CLARE SA SPÉIR atá mar chuid de Theastas na hArdteistiméireachta don chéad uair i mbliana.
Mar chuid den tionscnamh núálach seo gheobhaidh gach scoil dara leibhéal sa tÃr cóip amháin saor in aisce den phacáiste DVD GEARRSCANNÃIN. Is obair i gcomhar atá sa DVD idir TG4, an craoltóir náisiúnta Gaeilge, Institiúid Scannán na hÉireann a bhfuil sé de dhualgas uirthi cultúr Scannán a chur chun cinn agus Bord Scannán na hÉireann/the Irish Film Board (BSÉ/IFB), gnÃomhaireacht náisiúnta scáileáin na hÉireann.
“Táim thar a bheith sásta na hinstitiúidà éagsúla a fheiceáil ag teacht le chéile chun an tionscadal seo a thabhairt chun crÃche” a deir an tUasal John O Donoghue, an tAire EalaÃon, Spóirt agus Turasóireachta. “LéirÃonn scannáin conas gur féidir réimsà an Oideachais agus an Chultúir a thabhairt le chéile chun tionscadal samhlaÃoch mar Gearrscannáin a chur ar fáil. Ba chóir go mbeadh luà ag mic léinn ar fud na tÃre leis an DVD seo de ghearrscannáin i nGaeilge”.
Dúirt Mary Hanafin, An tAire Oideachais “FáiltÃm roimh an tionscnamh nua seo mar go léirÃonn sé bealach nua agus difriúil do mhic léinn úsáid a bhaint as an nGaeilge. Is bealach nua múinteoireachta é leas a bhaint as scannáin Ghaeilge chomhaimseartha mar uirlis oideachais”
Ag seoladh an lae inniu in Institiúid Scannán na hÉireann, tháinig leanaà scoile agus lucht déanta Scannán le chéile chun roinnt de na gearrscannáin Ghaeilge atá ar fáil ar an DVD a fheiceáil. Tá aisteoirà cáiliúla mar Brendan Gleeson, Cillian Murphy agus Alan Leech atá faoi láthair sa Scannán mór Éireannach MAN ABOUT DOG ar an DVD GEARRSCANNÃIN.
Dúirt Mark Wood, PrÃomhfheidhmeannach BSÉ/IFB “Féachaimid ar seo mar dheis iontach do Bhord Scannán na hÉireann obair leis an Roinn Oideachais chun scannáin Ghaeilge a thabhairt isteach sa seomra ranga agus chun obair lucht déanta Scannán na hÉireann a chur chun cinn i measc lucht féachana nÃos leithne.”
Rinne an tionscnamh OSCAILT, scéim ghearr a mhaoinigh TG4 agus Bord Scannán na hÉireann, coimisiúnú ar 8 gcinn de na teidil ar an DVD GEARRSCANNÃIN.
Dúirt Proinsias Nà Ghráinne, Eagarthóir Coimisiúnaithe i TG4 “Glúin nua óg bhrÃomhar déantóirà Scannán a rinne agus a scrÃobh na scannáin in Oscailt agus a bhfuil bealach nua aimsithe acu chun scéalta a insint i nGaeilge. Tá súil agam, nach amháin gur ábhar ranga a bheidh sna scéalta seo a mbeidh luà ag mic léinn leo, ach freisin go spreagfaidh siad mic léinn dul ag scrÃobh i nGaeilge faoina dtaithà féin.”
Ar an DVD GEARRSCANNÃIN DVD tá Yu Ming is Ainm Dom a bhuaigh Duais IFTA chun cur leis na duaiseanna eile atá bainte amach aige ar fud an domhain.
“Is tionscadal iontach é seo chun an Ghaeilge a thabhairt isteach in oideachas ealaÃon agus leagann sé an bealach do chomhoibriú nÃos fearr idir comhlachtaà éagsúla stáit agus cultúir” a deir Mark Mulqueen, Stiúrthóir Institiúid Scannán na hÉireann.
Tá an pacáiste DVD GEARRSCANNÃIN ar fáil do gach scoil dara leibhéal ar fud na hÉireann via Ionaid Oideachais. Chun mionsonraà a fháil ar an Ionad Oideachais is gaire duit tabhair cuairt le do thoil ar www.filmboard.ie nó www.irishfilm.ie