Hit enter to search or ESC to close
{title}

News

BUAITEOIRÍ ‘TAR ÉIS ‘16’ FÓGRAITHE

Tá áthas ar Bord Scannán na hÉireann á fhógairt go bhfuil buaiteoirí ‘TAR ÉIS ‘16' roghnaithe againn. Tionscnamh aonuaire é ‘TAR ÉIS ‘16' a dhéanfaidh cuimhne, ceiliúradh agus macnamh ar 1916, agus ar an rian a d'fhág eachtraí Dhomhnach na Cásca agus ar aghaidh ar an gcéad bliain ina dhiaidh. Thug Bord Scannán na hÉireann cuireadh do scannánóirí a ndearcadh ar 1916, agus ar an gcéad bliain ina dhiaidh, a thabhairt. Lorg muid scéalta, idir fhaisnéis agus ficsean, a chaithfidh solas ar ábhar 1916 agus ar an méid a tháinig ina dhiaidh, a bheas mar chúis iontais, agus fiú gur féidir tuairimí a spreagadh. 

Tugfar maoiniú do naoi ngearrscannán faoin scéim aonuaire seo. Is iad na scannáin fhicsean a roghnaítear ná:

  • A Terrible Hullabaloo, á stiúradh ag Ben O'Connor, á scríobh ag Aoife Noonan agus á léiriú ag Bob Gallagher do Bowsie Workshop.
  • Goodbye, Darling, á stiúradh ag Maria Elena Doyle, á scríobh ag Alex Barclay agus á léiriú ag Fiona Kinsella do Jumper Productions.
  • My Life for Ireland, á stiúradh ag Kieron J Walsh, á scríobh ag Pat McDonnell agus á léiriú ag Damien O'Donnell do Suitable Films.
  • The Cherishing, á scríobh agus á stiúradh ag Dave Tynan agus á léiriú ag Dave Leahy do Warrior Films
  • The Party, á stiúradh ag Andrea Harkin, á scríobh ag Conor O'Neill agus á léiriú ag Emmet Fleming do Fleming Creative.

 

Is iad na scannáin neamhfhicsean a roghnaítear ná:

  • A Father's Letter, á stiúradh ag Joseph Dolan, á scríobh ag Sinead McCoole agus á léiriú ag Niamh Heery do Swansong Films.
  • Baring Arms, á scríobh agus á stiúradh ag Colm Quinn agus á léiriú ag David Clarke do El Zorrero Films.
  • Mr Yeats and the Beastly Coins, á stiúradh ag Niamh Guckian, á scríobh agus á léiriú ag Ann Marie Hourihane.
  • Granite and Chalk, á stiúradh ag Stephen McNally agus Patrick Hodgins. Á scríobh agus á léiriú ag Naomi O'Leary do NaoimCo.