Academy Award®-Nominated Song of the Sea is Released in Both English and Irish Languages in Cinemas this Friday, July 10th
Song of the Sea, the Academy Award®-nominated feature from Kilkenny-based animation studio Cartoon Saloon, is released in Irish cinemas this Friday, July 10th.
Directed by Tomm Moore, Song of the Sea tells the story of Ben and his little sister Saoirse - the last Seal-child - who embark on a fantastic journey across a fading world of ancient legend and magic in an attempt to return to their home by the sea. The film takes inspiration from the mythological Selkies of Irish folklore, who live as seals in the sea but become humans on land.
Earlier this year, Song of the Sea earned Moore and Cartoon Saloon their second Academy Award® nomination after The Secret of Kells in 2010. The film features the voices of David Rawle (Moone Boy), Brendan Gleeson (The Guard), Fionnula Flanagan (The Others), Lisa Hannigan, Pat Shortt (Calvary) and Jon Kenny (D'Unbelievables), as well as music from Bruno Coulais and Kíla.
The film also screens in the English language in cinemas under the title Song of the Sea. The film was produced by Cartoon Saloon, Melusine Productions, The Big Farm, Superprod and Noerlum Studios and was funded by Bord Scannán na hÉireann/the Irish Film Board, BAI, TG4, Orange, Eurimages, Wallimages, CFB, AFS, DFI, WDFF, Danish Radio, Open Workshop and Haut & Court.
Watch the trailer for Song of the Sea here.
Song of the Sea, atá Molta do Dhuais an Acadaimh, le hEisiúint sa Phictiúrlann i Béarla agus i nGaeilge Dé hAoine seo, 10ú Iúil
Tá Song of the Sea, an príomhscannán ó Cartoon Saloon, an stiuideó beochana i gCill Choinnigh, atá molta do Dhuais an Acadaimh, le heisiúint sa phictiúrlann dé hAoine seo, 10ú Iúil, agus beidh an leagan Béarla agus an leagan Gaeilge (Amhrán na Mara) le fáil.
Stiúraithe ag Tomm Moore, insíonn Song of the Sea scéal Ben agus a dheirfiúr óg Saoirse - an rónpáiste deireannach - a thosaíonn amach ar aistear iontach trí shaol finscéil agus draíochta atá ag titim i léig, agus iad ag iarraidh filleadh ar a mbaile cois farraige. Faigheann an scannán ionspioráid ó na Róndaoine (Selkies) cáiliúla i mbéaloideas na hÉireann, a chónaíonn san fharraige mar rónta, ach a mbíonn cruth daonna orthu ar thalamh.
Níos luaithe sa bhliain seo fuair Moore agus Cartoon Saloon an darna moladh acu do Dhuais an Acadaimh fá choinne Song of the Sea, leis an chéad mholadh fá choinne The Secret of Kells i 2010. Tá an scannán á guthú ag
David Rawle (Moone Boy), Brendan Gleeson (The Guard), Fionnula Flanagan (The Others), Lisa Hannigan, Pat Shortt (Calvary) agus Jon Kenny (D'Unbelievables), agus tá ceol ó Bruno Coulais agus Kila ann.
Léiríodh an scannán ag Cartoon Saloon, Melusine Productions, The Big Farm, Superprod agus Noerlum Studios, agus bhí sé á maoiniú ag Bord Scannán na hÉireann, BAI, TG4, Orange, Eurimages, Wallimages, CFB, AFS, DFI, WDFF, Danish Radio, Open Workshop agus Haut & Court.
Féach ar bhlaisín de Song of the Sea anseo.