Spriocdhátaà le teacht do Chláir Mhaoiniúcháin BSÉ/IFB
Ba mhian le Bord Scannán na hÉireann (BSÉ) iarrthóirí a chur ar an eolas maidir le spriocdhátaí atá le teacht dá gcláir mhaoiniúcháin fhorbartha, léiriúcháin agus dháilte, mar seo a leanas:
Forbairt
- An Aoine 28ú Lúnasa 2015
- An Aoine 30ú Meán Fómhair 2015
Léiriúchán
- An Aoine 25ú Meán Fómhair 2015
Dáileadh
- An Aoine 28ú Lúnasa 2015
- An Aoine 30ú Meán Fómhair 2015
Déanfar próiseáil ar iarratais taobh istigh de 6-8 seachtain ón spriocdháta.
Moltar d'iarrthóirí an leathanach cuí den mhír Cláir Mhaoiniúcháin a léamh ar shuíomh gréasáin BSÉ sula dhéantar iarratas. Tabhair faoi deara le do thoil go ndúnfar an córas iarratais ar líne ar 1i.n. lá an spriocdháta. Moltar go dtabharfaidh iarrthóirí go leor ama dóibh féin chun iarratais a ullmhú, a uaslódáil agus a sheoladh chugainn, mar ní ghlacfar le hiarratais neamhiomlána nuair a dhúnann an córas ar líne.