Hit enter to search or ESC to close
{title}

News

Scéim GhearrScannán Bheochana Frameworks - Oscailte Anois, Treoirlínte Nuashonraithe

Tá spriocdháta don scéim ghearrscannán bheochana Frameworks de chuid Bord Scannán na hÉireann, anois sa 21ú eagrán, á fhógairt. Glacfar le hiarratais go dtí 1i.n. Dé hAoine, 11ú Márta 2016.

Ba chóir d'iarratasóirí na treoirlínte nuashonraithe a léamh anseo ar dtús.

Scéim shean-bhunaithe is ea Frameworks chun gearrscannáin bheoite a dhéanamh, scéim atá ag éirí go mór léi maidir le saothair nua cheannródaíocha ó bheochantóirí Éireannacha a spreagadh.

Déanfaidh na tionscadail a thugfar maoiniú dóibh taiscéalaíocht chruthaitheach agus beidh siad in ann freastal ar lucht féachana ginearálta.

Tá éirithe go mór ag gearrscannáin Frameworks le déanaí, mar shamplaí A Coat Made Dark a stiúraigh Jack O'Shea, a roghnaíodh do Féile Idirnáisiúnta Ghearrscannán Clermont-Ferrand, agus Unhinged a stiúraigh Tom Caulfield, a bhuaigh an gradam An Chéad Bheochan is Fearr ag Fleadh Scannán na Gaillimhe.

Déanann BSÉ/IFB agus RTÉ cómhaoiniú ar an scéim Frameworks.