Hit enter to search or ESC to close
{title}

News

Forbairt Thallainne: Fógraíonn Bord Scannán na hÉireann (BSÉ) Spriocdhátaí do Thrí Scéim GhearrScannán Úr


Tar éis léirmheas a dhéanamh ar an infheistíocht a dhéanann Bord Scannán na hÉireann (BSÉ) i ngearrscannánaíocht, tá áthas orainn trí scéim ghearrscannán úr a fhógairt, a bhfuil sé mar chuspóir acu deiseanna a chur ar fáil do thalainn scannánaíochta atá ag teacht chun cinn. Is iad na scéimeanna úra seo ná: FOCUS, REAL STORIES & SHORT STORIES.

Beidh sé mar aidhm ag BSÉ fosta go mbeidh cothromaíocht inscne 50/50 ann ó thaobh rólanna an scríbhneora, an stiúrthóra agus an léiritheora, thar na scéimeanna gearrscannán seo ar fad.

Ag trácht ar láinseáil na scéimeanna úra, dúirt James Hickey, Príomhfheidhmeannach Bord Scannán na hÉireann:

"Tá ardchlú ar Éire mar gheall ar ghearrscannánaíocht, le dhá Dhuais an Acadaimh buaite agus naoi n-ainmniúchán do Dhuais an Acadaimh bainte amach ag gearrscannáin na tíre seo leis na blianta beaga anuas. Tá muid uaillmhianach anois dár scéimeanna úra. Déanfaidh muid iarracht a chinntiú go gcuirfidh siad deis iontach ar fáil do scannánóirí nua atá ag teacht chun cinn dushlán cruthaitheach a thabhairt dóibh féin, agus go dtacófaí leo chun a ngairm a fhorbairt. Ba mhaith linn freisin cothromaíocht insce a bhaint amach thar na scéimeanna gearrscannán seo ar fad, agus ba mhian linn líon ard iarratas a fháil ó bhanscríbhneoirí, ó bhanstiúrthóirí agus ó bhanléiritheoirí."

Is scéim úr í FOCUS chun gearrscannáin fhicsin bheoghnímh a dhéanamh, a bheas mar thalamh profa do dhaoine cruthaitheacha in Éirinn atá ag iarraidh scannáin don phictiúrlann a scríobh, a stiúradh agus a léiriú. Tá sé mar chuspóir ag an scéim scéalaíocht láidir, nuálaíoch a spreagadh, chomh maith le cumas físe agus luachanna léiriúcháin atá oiriúnach don mhórscáileán a chur chun cinn. Tairgíonn an scéim seo an deis do léiritheoirí, stiúrthóirí agus scríbhneoirí obair a dhéanamh i gcomhshaol proifisiúnta a thabharfaidh leibhéal breise don taithí atá acu. Is féidir le gearrscannáin FOCUS a bheith suas le deich nóiméad ar fhad agus le huasmhéid buiséid de €50k acu.

Is scéim úr í REAL SHORTS do ghearrscannáin fhaisnéise, a chumasófaí scannáin fhaisnéise le hard-luachanna léiriúcháin cineamatacha, ar féidir leo lucht féachana idirnáisiúnta a aimsiú trína bheith ar taispeáint i bpictiúrlainne agus ag féilte. Molaimid go gcuirfidh na scannánóirí saothar le guth pearsanta láidir i gcrích, agus go gcuirfí ábhar i láthair a bhainfí leas as teicnící mothúlacha agus aeistéitiúla na scannánaíochta.

Is féidir le gearrscannáin REAL SHORTS a bheith suas le deich nóiméad ar fhad agus le huasmhéid buiséid de €20k acu.

Is í SHORT STORIES an scéim dheireannach a fhógraímid inniu, a chuireann fáilte roimh iarratais ar thionscnaimh bheoghnímh agus bheochana. Molaimid go mbeidh scannánóirí ag baint leasa as a gcuid samhlaíochta chun scannáin ghonta, chruthaitheacha agus shiamsiúla a léiriú. Don chéad shraith den scéim seo iarraimid ar iarratasóirí tionscnaimh faoin téama ‘TREIBHEANNA' a chur chugainn. Tá an treoir seo leathan agus fairsing; ó ghrúpaí eitneacha go lucht leanúna peile, ó theaghlaigh go páirtithe polaitióchta, ó shoirbhígh go doirbhígh; fágfaimid fúibh é leis an chinneadh a dhéanamh cén treibh is mó a bhfuil dúil agat inti. Is féidir le gearrscannáin SHORT STORIES a bheith idir 3-5 nóiméad ar fhad agus le huasmhéid buiséid de €15k acu.

Ní bheidh athrú ar bith ar an scéim ghearrscannán bheochana FRAMEWORKS, á bhfuil éirithe go maith léi, agus a chuirtear ar fáil i gcomhar le RTÉ.

Beidh fáilte roimh iarratais as Gaeilge faoi na scéimeanna ar fad. Tacóidh BSÉ le cur chun cinn na ngearrscannán a léirítear faoi na scéimeanna seo ag féilte idirnáisiúnta agus ar aghaidh.

 

SHORT STORIES Spriocdháta d'Iarratais: 15ú Iúil 2016

SHORT STORIES & REAL SHORTS Spriocdháta d'Iarratais: 5ú Lúnasa 2016