Hit enter to search or ESC to close
{title}

News

Plean Straitéiseach 2016"”2020: An Rath a Bhuanú

 

Fáilte chuig Straitéis Cúig Bliana Bhord Scannán na hÉireann/Irish Film Board, don tréimhse 2016 go 2020. D'ullmhaíomar an straitéis seo tar éis chomhairliúchán
leitheadach le páirtithe leasmhara in earnáil scannáin agus cion scáileáin na hÉireann agus le hionchur mionsonraithe ón bhfoireann féin. Leagtar amach ár ráiteas misin agus ár bhfís, agus cuirtear béim ar na croí-luachanna atá chomh tábhachtach sin dúinn.

An Rath an Bhuanú
In 2015 agus 2016, bhí rath thar na bearta ar scannáin, teilifís agus beochan na hÉireann. Ghnóthaigh scannáin le tacaíocht BSÉ ocht n-ainmniúchán Academy Award (le deich
n-ainmniúchán san iomlán do scannáin agus scannánóirí Éireannacha), éacht as miosúr. Bhuaigh scannán le tacaíocht BSÉ The Lobster Duais an ghiúiré ag Féile Scannán Cannes, agus bhuaigh Room, a fuair tacaíocht freisin ón BSÉ, Gradam Rogha an Phobail ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Toronto. In 2015/16 thuill scannáin na hÉireann os cionn $140 milliún i ndíoloifigí domhanda agus tá díolacháin ar fud an domhain ginte acu. Rinneadh an éacht seo mar thoradh ar infheistíocht agus tacaíocht a thug SBÉ le mórán blianta agus cruthaíonn sé má tá aitheantas náisiúnta agus idirnáisiúnta le baint amach go bhfuil sé ríthábhachtach
infheistíocht leanúnach a dhéanamh i dtallann na tíre.

Carpe Diem - Beir ar an Fhaill
Tá rath thar na bearta ar inneachar scannán agus scáileáin na hÉireann ar fud an domhain, ach cad a tharlóidh anois? Tá dreasacht nua, fheabhsaithe an-iomaíoch ag Éirinn le
haghaidh gníomhaíochtaí léiriúcháin, ach conas a bhainfidh muid an leas is mó as seo? Creidimid gurb é seo an t-am le breith ar an fhaill a thugann an rath seo d'Éirinn, leis an
tionscal a scálú go dtí an chéad leibhéal eile.