Gairm ar gach Déantóir Scannán Gaeilge - Ag Teastáil: Aighneachtaà ar Ghearr-Scannáin Ghaeilge
Tá Bord Scannán na hÉireann (BSÉ) ag cuardach scannán Gaeilge do réimse leathan scéimeanna scannán. Anuraidh sheol BSÉ scláta nua scéimeanna gearrscannán agus d'infheistigh suas le €1 milliún i gcúig cinn le guthanna úra cruthaitheacha a spreagadh i ngach limistéar de dhéanamh scannán, ó bheoghníomhaíocht agus scannáin faisnéise go beochan agus an teicneolaíocht dhigiteach.Eochairghné den scláta nua scannán é go bhfuil na scéimeanna uile oscailte don chéad uair do scannáin Ghaeilge. Roimh an tionscnamh úr seo, ba é Oscailt an t-aon scéim a dhírigh ar iontrálacha Gaeilge amháin agus is breá mar a d'éirigh leis an scéim, agus ar na buaicphointí le déanaí bhí An Teanga Rúnda (Oscailt 2005) a bhain duais don Ghearrscannán Is Fearr ag Féile Scannán Bhéal Feirste 2006 agus An Créatúr (Oscailt 2007) a fuair duais an Lucht Éisteachta don Ghearrscannán Gaeilge is Fearr ag Féile Scannán Chorcaí 2007.
Is scéimeanna bunaithe rathúla iad Short Shorts agus Frameworks do ghearrscannáin bheoghníomhaíochta agus bheochana, ach is scéimeanna úra iad Signatures, Virtual Cinema agus Reality Bites a bhfuil sé d'aidm acu an réimse scéimeanna gearrscannán atá ar tairiscint ag BSÉ a uasdátú.
Tá an spriocdháta do Reality Bites anois ag druidim linn ach is é an dáta deiridh d'iarratais 13ú Meitheamh 2008. Gríosaíonn an scéim ghearrscannán faisnéise tástáil agus réadú chur chuige nua do dhéanamh scannán neamhfhicsin, bíodh an scannán faisnéise tuairisciúil nó cruthaitheach, breathnaitheach nó aeistéitiúil, oibiachtúil nó pearsanta. Táthar ag dúil go bhfaighfear iontrálacha láidre, i nGaeilge go háirithe, don scéim seo.
Signatures, scéim eiseamláireach BSÉ, maoiníonn sé gearrscannáin bheoghníomhaíochta, fhicsin a bheadh ina láthair tástála do thallanna cruthaitheacha Éireannacha ag iarraidh scannáin don phictiúrlann a scríobh, a stiúradh agus a léiriú. Ar an taobh eile is scéim é Virtual Cinema, a mhaoiníonn gearrscannáin a oireann do na cineálacha úra tomhaltais dhigitigh físeáin agus do ghlúin YouTube. Fógrófar spriocdhátaí na scéimeanna seo níos moille i mbliana.
Gearrscannáin a léireofar faoi na scéimeanna seo cuirfear i láthair ag féilte scannán ar fud an domhain iad agus úsáidfear iad le déanamh agus tionscal scannán na hÉireann a chur chun cinn.
Chun tuilleadh eolais ar na scéimeanna seo a fháil, féach http://www.irishfilmboard.ie/