Hit enter to search or ESC to close
{title}

News

Dráma nua Gaeilge á Chraoladh Anocht

Craolfar ‘Seacht', sraith bheoga nua drámaíochta i nGaeilge anocht ar TG4 ag 10pm.

Leanann an dráma, a rinne Robert Quinn é a stiúradh agus a léirigh Ferdia Mac Anna, cúrsaí corraitheacha beatha agus grá mar a tharlaíonn siad do sheachtar mac léinn céad bliana in acadamh taibh-ealaíona.

Déanta ar suíomh i mBéal Feirste, le foireann aisteoirí lena n-áirítear Linda Breathnach, Eoghain McDermott agus Diarmuid Murtagh, tá ‘Seacht' maoinithe ag an IFB, Northern Ireland Screen, an BCI agus TG4.