Hit enter to search or ESC to close
{title}

News

Scannánaíocht Críochnaithe I Gcontae Chorcaí Ar Ondine Ina Bhfuil Colin Farrell Sa Phríomhpháirt

I rith na seachtaine seo chugainn críochnófar an scannánaíocht ar an scannán nua le Neil Jordan, ONDINE, ina bhfuil Colin Farrell (Minority Report), Stephen Rea (Breakfast on Pluto) agus an nuíosach Alicja Bachleda-Curus (Trade) sna phríomhpháirteanna, rud a chuirfidh críoch le tréimhse ghnóthach agus torrthúil do thionscal na scannán in Éirinn.   

Insíonn ONDINE scéal Syracuse (Farrell), iascaire áitiúil a mbíonn a shaol athraithe ag bean álainn mhistéireach a aimsíonn sé san fharraige agus a chreideann a iníon óg gur maighdean mhara í. Ach ar nós gach síscéil, téann an draíocht agus an dorchadas i dteannta a chéile. Scríofa agus stiúrtha ag Neil Jordan, insíonn ONDINE scéal faoin dóchas, faoin ngrá agus faoin bhfiúntas a bhaineann le creideamh i ndraíocht. Rinneadh an scannánaíocht ar an dtionscadal ar suíomh ar feadh tréimhse seacht seachtaine sa mbaile álainn sin Baile Chaisleán Béara, Co. Chorcaí, agus caitheadh buiséad suntasach réigiúnda áitiúil ar fhoireann agus ar sheirbhísí sa cheantar. In éineacht le Jordan, tá an scannán á leiriú ag James Flynn ó Octagon Films (Inside I'm Dancing, H3, Nora) agus Ben Browning ó Wayfare Entertainment a bhfuil comhaoiniú á dhéanamh acu ar an scannán le Bord Scannán na hÉireann/the Irish Film Board (IFB) agus RTÉ.         
“Tá lúcháir orainn go bhfuil infheistíocht shubstaintiúil isteach i mBaile Chaisleán Béara, áit a fuaireamar sár-thacaíocht ón bpobal le linn na scannánaíochta ar fad i rith an tsamhraidh, mar thoradh ar an scéim um Spreagadh Forbartha Réigiúnda,  scéim cheannródaíoch an IFB,” adúirt léiritheoir ONDINE, an t-uasal Flynn.     
Ceann de thrí scannán déag a rinneadh in Éirinn ó mhí Bealtaine i leith a bhfuil buiséad comhcheangailte foriomlán de bhreis is €42 milliún acu is ea ONDINE. In ainneoin na gcoinníollacha eacnamaíochta agus iomaíochta idirnáisiúnta atá ag éirí níos deacra i gcónaí, tá tionscal na scannán in Éirinn ag leanúint ar aghaidh ag déanamh maoiniúcháin ar phríomhscannáin chruthaitheacha le sáraisteoirí ar nós Farrell, Eva Green, Liam Neeson, Sally Hawkins agus Ciaran Hinds atá ag scannánaíocht ag suíomhanna ar fud na hÉireann.     

“Is mar thoradh ar dhian-mhargaíocht agus an dian-idirphlé a rinne buíon léiritheoirí Éireannacha a bhfuil taithí idirnáisiúnta acu agus atá ag fás i gcónaí agus a bhfuil tacaíocht Bhord Scannán na hÉireann acu maraon le polasaí comhsheasmhach agus dírithe rialtais chun tacú le tionscal na scannán in Éirinn atá líon agus caighdeán léiriúcháin na scannán in Éirinn chomh spreagúil sin i mbliana”, arsa James Morris, Cathaoirleach an IFB.     

”Maidir le fás a choinneáil ar siúl amach anseo tá an tionscal faoin mbrú mór iomaíochta céanna agus atá gach earnáil eile den gheilleagar. Tá an IFB tiomanta do gach bealach a leanúint lena chinntiú nach gcuirfear siar sa ghearrthéarma an dul chun cinn a chruthaigh an infheistíocht a rinneadh le blianta beaga anuas, ionas go mbeidh ar chumas tionscal na scannán a chuid a dhéanamh chun an geilleagar a chur ag fás arís” ar seisean chomh maith.     

I measc na scannán eile atá i mbun léiriúcháin faoi láthair tá THE ECLIPSE atá á stiúradh ag Conor McPherson (The Actors) agus ina bhfuil Ciaran Hinds (There Will Be Blood) sa phríomhpháirt, a thosaigh cúig sheachtain scannánaíochta ag an gCóbh i gContae Chorcaí an tseachtain seo. Tá THE ECLIPSE á léiriú ag Treasure Films le maoiniú ón IFB, RTÉ agus an BCI. Cuireadh tús le cúrsaí léiriúcháin ar EAMONN, atá á stiúradh ag Margaret Corkery agus ar ONE HUNDRED TO ONE OUTSIDERS, an chéad príomhscannán faisnéise le Ken Wardrop (Undressing My Mother) i lár mhí Lúnasa.    

Rinneadh scannánaíocht ar suíomh i mBaile Átha Cliath agus i gCill Mhantáin le linn Iúil agus Lúnasa ar SAVAGE, scéinscannán siceolaíochta mar gheall ar dhubhghabháil agus díoltas faoi stiúir Brendan Muldowney agus ar HAPPY EVER AFTERS, scannán grinn craiceáilte bainise, meascán mearaí den rómánsaíocht, cur i gcéill, polaitíocht, gnéas agus grá á stiúradh ag Stephen Burke agus ina bhfuil Sally Hawkins (Happy-Go-Lucky) mar phríomhaisteoir.         

I measc na bpríomhscannán idirnáisiunta atá á ndéanamh ar suíomh in Éirinn le cúpla mí anuas tá TRIAGE atá á stiúradh ag Danis Tanovic (No Man’s Land) agus ina bhfuil Colin Farrell sa phríomhpháirt agus CRACKS faoi stiúir Jordan Scott agus le Eva Green (Casino Royale) ina príomhaisteoir, a ndearnadh an scannánaíocht ar an dá cheann acu ar suíomh i mBaile Átha Cliath agus i gCill Mhantáin. Le linn mhí an Mheithimh agus mí Iúil bhí scannánaíocht ar siúl ar suíomh i mBéal Feirste ar CHERRY BOMB atá á stiúradh ag Lisa Barros d’Sa agus Glen Leyburn agus ar FIVE MINUTES OF HEAVEN á stiúradh ag Oliver Hirschbiegel (Downfall) ina bhfuil Liam Neeson agus James Nesbitt mar phríomhaisteoirí. Rinneadh scannánaíocht ar SHINE OF RAINBOWS atá á stiúradh ag Vic Sarin ar suíomh i nDún na nGall agus ar LOVE AND SAVAGERY á stiúradh ag John Smith i gContae an Chláir. Rinneadh scannánaíocht ar FOXES, a bhfuil Mira Fornayová á stiúradh ar feadh trí seachtaine i mí Lúnasa ar suíomh i mBaile Átha Cliath agus i gCill Mhantáin.           

Léiríodh na scannáin thuasluaite ar fad le tacaíocht ó Bhord Scannán na hÉireann/the Irish Film Board (IFB).