Le Splanc! 2008
Le Splanc! 2008 déanfar dlúthfhéachaint ar Dhéanamh Scannán agus stair na scannánaíochta in Éirinn mar insint fhísiúil ar an gcultúr Gaelach agus mar cheilliúradh ar oidhreacht lucht déanta scannán na linne seo i mBéarla agus i nGaeilge.
Beidh dearcadh cuimsitheach sa sraith ar cheird na scannánaíochta agus ar éabhlóid an scannáin mar shaothar ealaíne a thabharfaidh luach cultúrtha agus ealaíne do lucht féachana leathan teilifíse.
Tugann TG4, an Chomhairle Ealaíon agus Bord Scannán na hÉireann cuireadh do dhéantóirí scannán agus do chomhlachtaí léiriúcháin iarratas a dhéanamh anois ar an tsraith nua seo de Splanc!
Tugtar cuireadh dóibh iarratas a dhéanamh ar shraith scannán (ceithre chlár leathuaire, dhá chlár uair a chloig a thabharfaidh léiriú cuimsitheach ar gach gné d’insint scéalta i scánnán in Éirinn. Beidh fadscannáin, gearrscannáin, drámaí teilifíse, scannáin fháisnéise, aicsean beo, saothair bheochana agus gach réimse eile de shaothar cruthaitheach scannánaíochta san áireamh.
Beidh scannáin a taifeadadh nó a taispeánadh ar scannán, ar fhístéip, go digiteach agus / nó in aon fhormáid eile san amharclann, ar an teilifís nó in aon mheán eile in Éirinn nó thar sáile san áireamh.
Beidh béim ar an bpróiséas cruthaitheachta agus ar dhéantús scannán mar cheird agus beidh plé ar pholasaí agus maoiniú san áireamh mar eolas taca. Beidh déantóirí scannáin atá lonnaithe thar sáile agus scéalta maidir le hÉireannaigh thar sáile san áireamh freisin.
Is féidir tabhairt faoin tsraith ar bhealach cruthaitheach. D’fhéadfaí, mar shampla, turas na scannánaíochta a thabhairt ar bhonn cróineolaíoch nó ar bhonn téamaí sa tsraith. Beidh an ealaín a bhaineann le cóiriú físiúil a dhéanamh ar na scéalta mar phríomhchuid de gach eagrán le samplaí agus giotaí ó chuid mhór saothar scannánaíochta.
Molann TG4, an Chomhairle Ealaíon agus Bord Scannán na hÉireann go n-earcófaí oibrithe scannán le Gaeilge.
Fad na Sraithe: 2 x 50 nóiméad nó 4 x 25’/ 40 nóiméad
Buiséad Léiriúcháin: €170,000
Formáid: Craoladh ar scáileán leathan,16:9 le fotheidil Bhéarla.
Formáid teanga: I nGaeilge nó formáid dhátheangach.
An próiseas iarratais:
Ba cheart iarratais a sheoladh chuig TG4, Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe.
Spriocdáta roimh 5 i.n. ar an 17 Samhain, 2008
Ba cheart go mbeadh na nithe seo a leanas leis an iarratas:
1. Foirmeacha coimisiúnaithe Splanc! atá ar fáil ach iad a íoslódáil ó www.TG4.ie.
2. Buiséad mion léiriúcháin do 4 chlár leathuaire / daichead noiméad nó ar 2 chlár uair an chloig.
3. Mionsonraí an chóirithe ina mbeidh samplaí den ábhar físiúil, den ábhar scríofa agus den stíl reacaireachta.
4. Liosta de na príomh-rannpháirtithe agus de na príomhbhaill foirne atá cinntithe do na cláir.
Déanfaidh Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4, Speisialtóir Scannán na Comhairle Ealaíon, Feidhmeannach Léiriúcháin an Bhoird Scannán scagadh ar na hiarratais.
Ní mór do na hiarratasóirí a n-éireoidh leo dul ar an ngearrliosta a bheith ar fáil le haghaidh agallamh idir an 15 go 19 do mí na Nollaig i mBaile Átha Cliath.
Tá foirmeacha iarratais na sraithe ar fáil ó TG4 ar www.tg4.ie. www.artscouncil.ie and www.filmboard.ie
Is iad TG4 a bhronnfaidh an tsraith agus bainfidh na téarmaí caighdeánacha coimisiúnaithe leis an gcomhaontú léiriúcháin.