Hit enter to search or ESC to close
{title}

News

Spriocdháta fógraithe le haghaidh scéim Frameworks do ghearrscannáin beochana.

Tá an spriocdháta nua fógraithe i gcomhair iarratas ar an scéim an-rathúil Frameworks do ghearrscannáin bheochana. Glacfar le hiarratais go dtí an Aoine, 24 Aibreán.

Scéim bhunaithe is ea Frameworks chun gearrscannáin bheochana a dhéanamh. Scéim í seo atá fíor-rathúil ó thaobh saothar nua ceannródaíoch a spreagadh ó bheochantóirí Éireannacha. Comhcheanglóidh na tionscadail a roghnófar iad chun maoiniúchán a dhéanamh orthu taiscéalaíocht chruthaitheach agus an cumas lucht féachana leathan a mhealladh.

I measc na scannán ar éirigh go han-mhaith leo roimhe seo bhí Granny O’Grimm’s Sleeping Beauty a bhuaigh an duais don Bheochan is Fearr ag na Gradaim Éireannacha Teilifíse agus Raidío agus The Crumblegiant, stiúrtha ag John McCloskey, a fuair ainmniúchán le haghaidh BAFTA anuraidh don Ghearrscannán Beochana is fearr.

Déanann BSÉ/IFB, an Chomhaile Ealaíon agus RTÉ comhaoiniúchán ar an scéim agus is féidir na scannáin a dhéanamh i nGaeilge nó i mBéarla.

Chun breis eolais a fháil maidir le hiarratas a dhéanamh agus chun foirm iarratais a íoslódáil téigh chuig mír na gClár Maoiniúcháin ar an láithreán greasáin seo.