A Scannánóirà ar fad! Spriocdháta fógraithe le haghaidh Scéim GearrScannán ‘Short Shorts’
Tá áthas ar Bhord Scannan na hÉireann/The Irish Film Board iarratais a éileamh don an chéad dreas eile den scéim an-rathúil ‘Short Shorts'. Is é an Aoine, 8 Bealtaine, 2009 an spriocdháta nua don scéim.Tá sé mar aidhm ag ‘Short Shorts' a dhéaneann maoiniú ar suas go dtí seacht scannáin 3-5 nóiméad ar fhad déanamh scannán an-ghairid atá nuálaíoch, gríosaitheach nó baolach ar chaoi éigin agus a sháraíonn rialacha, a spreagadh. Rinneadh athruithe ar an scéim anuraidh ionas go mbíonn ar na scánnáin cloí le séanra faoi leith gach bliain.
Is é ‘Scannáin Gan Aon Chaint Iontu' an téama do ghearrscannáin na bliana seo. Ní chiallaíonn sé sin scannáin tostacha ach scannáin nuair is féidir le haon rud a bheith sa bhfuaimrian seachas caint inchloiste. Sampla maith den chineál seo séanra is ea an sraith teilifíse Mr Bean agus an príomhscannán a bhaineann leis. Táthar ag súil go dtabharfaidh pacáistiú na ngearrscannán le chéile faoin séanra sonrach sin an deis do BSÉ/IFB margaíocht idirnáisiúnta níos éifeachtúla a dhéanamh.
Tá maoiniúchán á dhéanamh ar ghearrscannain ag an scéim ‘Short Shorts' le roinnt blianta anois. I measc na scannáin ar éirigh go maith leo le blianta beaga anuas tá Whatever Turns You On le Declan Cassidy a fuair an duais don Scannán is Fearr ag Féile Scannán Flórans san Iodáil agus ag Féile Scannán Filmstock sa mBreatain i Mí na Samhna seo caite. Chomh maith leis sin tá Atlantic a stiúirigh Conor Ferguson agus ina raibh Liam Cunningham ina phríomhaisteoir, a eisíodh i bpictiúrlainn ar fud na tíre roimh an bpríomhscannán 32A anuraidh agus roghnaíodh an gearrscannán uafáis Shapes, a stiúirigh Alan Brennan agus ina raibh Marc Huberman mar phríomhaisteoir, go hoifigiúil don fhéile chlúiteach idirnáisiúnta Palm Springs 2008.
Beidh a gcéad taispeáintais ag na gearrscannain a n-éiríonn leo ag Féile Scannán Chorcaí i Mí Dheireadh Fómhair.