Sraith nua Gaeilge, Na Cloigne dá thaifeadadh faoi láthair i nGaillimh
Tá ROSG i mbun léiriúchán ar ‘Na Cloigne', sraith trí chlár drámaíochta atá á léiriú do Bhord Scannán na hÉireann, TG4 agus an BCI. Tá an sraith á stiúradh ag Robert Quinn agus á leiriú ag Ciarán Ó Cofaigh. Thosaigh an scannánú ar an Luan 30ú Márta agus leanfaidh sé ar aghaidh ar feadh sé seachtainí ag suíomhanna éagsúil thart timpeall ar Chonamara.Is "Supernatural Thriller" é Na Cloigne, a bhaineann le lanúin óg, Seán agus Nuala, go bhfuil an saol atá acu tarraingaithe as a chéile nuair a tharlaíonn dúnmharú uafásach beirt bhan óga.
I measc na haisteoirí tá Darach Ó Dubháin, Barry McGovern, Siobhán Ní Cheallaigh agus Mac dara Ó Fátharta. Mar chuid den chriú tá Stiúrthóir Ghrianghrafadóireachta, Micheál Ó Dubháin, Dearthóir, Mags Linnane, Dearthóir Feistis, Aisling Wallace Byrne, Léiritheoir Line, Mick Walsh, Bainisteoir Suímh Declan O'Toole agus Eagarthóir, Conall de Cléir le áiseanna Iar-léiriú curtha ar fáil ag ROSG.
Is iad na scríbhneoirí ná Lauren MacKenzie agus Darach Ó Scolaí, Tá maoiniú faighte ó TG4, Bord Scannán na hÉireann agus an BCI, chomh maith le infheistíocht príobháideach tríd ‘Section 481'. Beidh Na Cloigne á chraoladh ar TG4.