Baineann Iontráil Oscar Na hÉireann, An Cailín Ciúin (The Quiet Girl), €1 Mhilliún Amach Ag Oifig Na dTicéad In Éireann Agus Sa Ríocht Aontaithe
Posted: 11th October 2022
Tar éis 22 sheachtain dhochreidte i bpictiúrlanna trasna na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe, tá An Cailín Ciúin (The Quiet Girl) le Colm Bairéad tar éis os cionn €1 mhilliún a shaothrú ag oifig na dticéad, éacht neamhghnách i gcomhair scannáin neamhspleách. Ó eisíodh é mí Bhealtaine seo caite bhí an-tóir ar an scannán ag féilte scannáin idirnáisiúnta, bhain sé slám gradam, Gradam Grand Prix san áireamh ag an Berlinale agus seacht nGradam Acadaimh de chuid Scannánaíocht agus Theilifís na hÉireann agus tá sé ina seoid ag na léirmheastóirí ag carnadh léirmheasanna 5-réalta ar bhonn uilechoiteann. Is é An Cailín Ciúin iontráil na hÉireann do na hOscars® i gcatagóir an Scannáin Lánfhada Idirnáisiúnta Is Fearr ag an 95 cheiliúradh de chuid na nGradam Acadaimh bliantúil atá le teacht.
Seo an chéad uair stairiúil gur bhain scannán Gaelach a leithéid de bhuaic amach agus Nell Roddy agus Robert McCann Finn, comhSBí Break Out Pictures, ag caint ar a rath leanúnach, arsa siad:
“ Is sárthoradh é agus tá ríméad an tsaoil orainn gur ghlac luchtanna féachana in Éirinn agus sa RA an scannán chucu féin an oiread céanna linn féin. Is éacht thar cionn é do scannán ar bith tairseach an €1 mhilliún a thrasnú ach tá níos suntasaí anois i gcomhthéacs an mhargaidh dheacair atá ag éirí níos measa. Ár mbuíochas le gach duine a tháinig amach leis an scannán speisialta seo a fheiceáil agus leis na pictiúrlanna go léir as a dtacaíocht dhaingean. Comhghairdeas le Colm, Cleona agus foireann iomlán An Cailín Ciúin as an gharsprioc shuntasach seo a bhaint amach.”
Chuir Louisa Dent, SB Curzon leis sin ag rá:
“Is gaisce iontach é ag dul thar €1,000,000 ag oifig na dticéad in Éirinn agus sa RA. B’aoibhinn An Cailín Ciúin (The Quiet Girl) a fheiceáil ag dul i bhfeidhm ar luchtanna féachana ar dhóigh chomh tochtmhar sin. Comhghairdeas as cuimse arís le Colm Bairéad agus leis an fhoireann scannánaíochta ar fad.”
Dúirt Scríbhneoir/Stiúrthóir, Colm Bairéad agus Léiritheoir, Cleona Ní Chrualaoi ó Inscéal:
“Chuaigh an dóigh ar ghlac luchtanna féachana in Éirinn agus sa RA ár scannán chucu féin, chuaigh sé go croí ionainn. Do gach uile dhuine a cheannaigh ticéad do An Cailín Ciúin (The Quiet Girl) agus a thacaigh leis an scannán ó eisíodh i mí Bhealtaine é, gabhaimid buíochas leat ónár gcroí. Gabhaimid buíochas agus comhghairdeas lenár ndáilitheoirí iontacha in Éirinn agus sa RA, le Break Out Pictures agus le Curzon, a leanann de bheith ag obair go han-dian ar an eisiúint. Táimid thar a bheith buíoch de na pictiúrlanna go léir a cheadaigh an t-am agus an spás don scannán le fás agus de Access Cinema dá chuid obair iontach ag cur an scannán ar fáil do luchtanna féachana áitiúla. Táimid faoi chomaoin mhór freisin ag Clár Nic Aogáin a lig dúinn a saothar a chóiriú chuig an scáileán. Léiriú ar an saothar uilíoch go fírinne a chruthaigh sí i “Foster” is ea rath an scannáin. Agus an meall mór ar deireadh, ba mhian linn ár mbuíochas ó chroí a ghabháil le TG4, Fís Éireann agus an ÚCÉ, mar mhaoinitheoirí na scéime Cine4, as muinín a bheith acu asainne mar scannánóirí agus as tacú linn i rith an turais iontach seo. B’eispéireas é a chuir cor inár saol.”
Agus í ag caint faoin ghaisce ar leith seo dúirt Désirée Ní Fhionnagáin, Príomhfheidhmeannach Fís Éireann/Screen Ireland:
“ Is díol mórtais mhóir dúinn go léir i Fís Éireann gur thacaíomar le An Cailín Ciúin. Nuair a chonaiceamar tionchar an scannáin ar luchtanna féachana ó gach glúin, chuaigh sin i bhfeidhm go mór orainn, agus creidimid gur baineadh cor cinniúna amach do scannánaíocht Ghaelach, a ndearnadh sainmhíniú as an nua air tríd an aschur dhochreidte ón scéim Cine4 ar na saolta deireanacha. I lár tréimhse thar a bheith deacair do phictiúrlanna agus taithí fhreastail na pictiúrlainne, sháraigh scannán Gaelach curiarrachtaí oifig na dticéad intíre agus d’inis scéal álainn faoi óige, faoi chaidreamh agus faoi chumhacht chúraim. Tréaslaímid leis an stiúrthóir Colm Bairéad, an léiritheoir Cleona Ní Chrualaoi, an t-aisteoir Caitríona Clinse agus leis an fhoireann iomlán a chuir beocht i An Cailín Ciúin.”
Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont:
"Déanann TG4 comhghairdeas le gach duine ag Inscéal agus lena gcomhpháirtithe cruthaitheacha agus dáileacháin as an gharsprioc iontach seo do ‘An Cailín Ciúin’ ag oifig na dticéad in Éirinn agus sa RA. Gabhaimid buíochas ach go speisialta le Cleona agus le Colm as an scannán álainn seo faoi theanga, faoi chiúnas agus faoi ghrá a chruthú. Breathnaítear air ar fud an domhain cheana féin mar cheann de na clasaicí de chuid scannánaíocht na hÉireann. Is dearbhú iontach é freisin ar fheabhas na tallainne cruthaithí a oibríonn trí mheán na Gaeilge agus is ardléiriú é don chomhpháirtíocht idir TG4, Fís Éireann agus an ÚCÉ a sheol an scéim Cine4 agus a thugann lucht na pictiúrlainne go rialta isteach i saol nua - saol na scannán Gaeilge."
Tá An Cailín Ciúin bunaithe ar an scéal Foster, a bhfuil dea-cháil i bhfad is i ngearr air, leis an údar Éireannach, Clár Nic Aogáin, agus scríobh Bairéad an script scannáin. Is dráma teacht in aois, casta, mórmhothaithe é a dhéanann mionscagadh ar bhrí an teaghlaigh trí shúile cailín óig a ndearnadh neamart inti. Suite faoin tuath in Éirinn sa bhliain 1981, leanann an scannán Cáit (Caitríona Clinse) nuair a chuirtear óna teaghlach plódaithe, mífheidhmiúil í chun cónaí don samhradh le gaolta i bhfad amach. Cuireann Eibhlín (Carrie Ní Chrualaoich) fearadh na fáilte roimpi ach coinníonn a fear céile, Seán (Aindriú Mac Beinéid) Cáit ar fhad a sciatháin uaidh. Go mall, áfach, fásann láíocht sa teaghlach seiftithe seo agus tosaíonn Cáit ag bláthú faoina gcúram. Ach sa teach seo nach bhfuil aon rúin in ainm a bheith ann, tagann sí ar aon fhírinne phianmhar amháin.
Léirigh Clíodhna Ní Chrualaoi ó Inscéal An Cailín Ciúin (The Quiet Girl) agus is é Inscéal an comhlacht léirithe a bhunaigh sí le Bairéad sa bhliain 2012. Rinneadh é mar chuid den scéim mhaoinithe Cine4 do scannáin Ghaelacha i bpáirt le Fís Éireann, le TG4 agus le hÚdarás Craolacháin na hÉireann (ÚCÉ/BAI). Tá an scannán ag baint tairbhe as dreasacht chánach Alt 481 de chuid Rialtas na hÉireann chomh maith.
Le haghaidh tuilleadh eolais, seol ríomhphost chuig Nell@breakoutpictures.com.