{made}" />
Hit enter to search or ESC to close
Bankside Films Boards Colm Bairéad’s Award-Winning The Quiet Girl (An Cailín Ciúin) / Ceannaíonn Bankside Films An Cailín Ciúin, A Bhfuil Duaiseanna Buiate Aige, Le Colm Bairéad

News

Bankside Films Boards Colm Bairéad’s Award-Winning The Quiet Girl (An Cailín Ciúin) / Ceannaíonn Bankside Films An Cailín Ciúin, A Bhfuil Duaiseanna Buiate Aige, Le Colm Bairéad

Posted: 8th July 2022

London 8 July 2022:  Bankside Films today announced their acquisition of Colm Bairéad’s remarkable, award-winning debut feature film, The Quiet Girl (An Cailín Ciúin) which premiered at the Berlin Film Festival this year, winning the Grand Prix of the Generation Kplus International Jury for Best Film. The film went on to win a phenomenal 7 Irish Film & Television Academy Awards, including Best Film, Best Director and Best Lead Actress.

The Quiet Girl (An Cailín Ciúin) is based on the highly-acclaimed story, Foster by Irish author, Claire Keegan, with the screenplay written by Bairéad.

The Quiet Girl (An Cailín Ciúin) stars newcomer, Catherine Clinch in the role of Cáit, alongside Carrie Crowley, Andrew Bennett, Michael Patric and Kate Nic Chonaonaigh.

Following the film’s world premiere at the Berlin Film Festival this year, it went on to play at the Dublin International Film Festival where it won the Audience Award and was also the winner of the Best Irish Film award at the Dublin Film Critics’ Circle Awards 2022. The Irish-language film is currently on release in the UK (Curzon) and Ireland (Break Out Pictures) and crossed €800k at the box office this week, having received stellar 5-star reviews across the board. The film is eligible to be Ireland’s entry for Best International Feature Film at the Oscars next year.

Rural Ireland, 1981. A quiet, neglected girl is sent away from her overcrowded, dysfunctional family to live with her mother’s relatives for the summer. She blossoms in their care, but in this house where there are meant to be no secrets, she discovers one painful truth.

The Quiet Girl (An Cailín Ciúin) is produced by Cleona Ní Chrualaoi of Inscéal, the production company she established alongside Bairéad in 2012. The film was developed and produced as part of the Cine4 Irish-language feature film scheme. It was financed by Screen Ireland, the Irish-language broadcaster, TG4, the Broadcasting Authority of Ireland through its Sound & Vision Funding Scheme and Section 481 funding.

Stephen Kelliher said of the project:

 

We are delighted to be partnering with Colm and Cleona on this incredibly special film which has taken audiences and critics by storm since premiering in Berlin this year. We were blown away by its beauty and perfectly judged emotion and we can’t wait to bring it to international audiences.”

 

Colm Bairéad & Cleona Ní Chrualaoi said:

 

We are delighted to be partnering with Bankside Films on The Quiet Girl (An Cailín Ciúin). We have long been admirers of their work and are inspired by their passion for and belief in our film. As we continue our incredible theatrical run in Ireland and the UK, we look forward to an exciting new chapter working with Bankside Films to bring The Quiet Girl (An Cailín Ciúin) to new audiences all around the world.

 

About Bankside Films:

Founded in London in 2007, Bankside Films is a leading international sales company providing worldwide distribution, executive producing and financing services to independent producers globally. The company also manages an in-house development and production slate, originating its own projects as well as partnering with filmmakers to commission and develop new material. Bankside Films also enjoys a close relationship with its sister company, Head Gear Films, a leading financier of global content whilst maintaining relationships with a broad range of international financiers. The company is driven by a passion for storytelling which challenges the status quo.

Bankside Films prides itself on working with unique and distinctive cinematic voices capable of delivering exciting new stories for worldwide audiences. Emerging filmmakers are intrinsic to the company’s ethos and we continue to champion them whilst remaining a key partner for more established directors and producers.

Past successes include Belle by Amma Asante, sold globally to Searchlight Pictures, Cargo by Yolanda Ramke and Ben Howling, sold globally to Netflix, Sundance title The Hole In The Ground by first time director Lee Cronin, which was acquired by A24 in the US, Ordinary Love by Glenn Leyburn and Lisa Barros D’Sa, sold internationally to Focus Features and domestically to Bleecker Street, In Fabric by Peter Strickland, sold domestically to A24, Eternal Beauty written and directed by Craig Roberts and starring Sally Hawkins and Wolf written and directed by Nathalie Biancheri and starring George MacKay and Lily Rose Depp which sold to Focus Features globally. 

Recent festival successes include Terence Davies’ Benediction and Kate Dolan’s You Are Not My Mother which both premiered at the Toronto Film Festival 2021. Jim Archer’s Brian and Charles and Goran Stolevksi’s You Won't Be Alone both premiered at the Sundance Film Festival this year, and both sold internationally to Focus. Peter Strickland’s Flux Gourmet was also in official selection at the Berlin Film Festival this year.

In the documentary space, the company is drawn to broad appeal, human stories which can perform in the traditional theatrical space as well as on worldwide streaming services. Our approach to selling documentaries mirror that of fictional features and our relationships with buyers of documentary films are second to none.

 

About Inscéal:

Established in 2012 by producer, Cleona Ní Chrualaoi and writer/director, Colm Bairéad, Inscéal was originally formed as a vehicle for passion projects in documentary film-making. It was nominated for several Irish Film and Television Academy awards for its lead series, An Ceoldráma (The Musical) for Irish broadcaster, TG4.

In recent years, Colm and Cleona have focussed on the production of feature films and were twice shortlisted for the Cine4 feature film development scheme. As a freelance producer-writer/director team, Colm & Cleona worked on many award-winning flagship programmes and documentaries for Irish broadcasters including the hit IFTA-nominated series on life inside Dublin’s Mountjoy prison, The Joy and the docudrama, Cumann Na mBan which won an IFTA in 2015. 

Colm's Irish-language shorts have also garnered awards worldwide. He is the recipient of a distinction from the Screen Directors’ Guild of Ireland for his “outstanding work as a director in the Irish language”. At the 2022 IFTA Awards, Colm was the recipient of the Screen Ireland-IFTA Rising Star Award.

Cleona was recently selected as one of Screen International's Stars of Tomorrow 2022. The Quiet Girl (An Cailín Ciúin) is Inscéal's feature film debut which has become one of the most successful Irish films of recent times having won multiple awards at the Berlinale, the Dublin International Film Festival and seven Irish Film & Television Academy Awards, including Best Film, Best Director & Best Actress. The film is the highest-grossing Irish film of recent years at the Irish-UK box office.

 

For further information please contact:

Sarah Townsend | sarah@bankside-films.com | Guthán: +44 7887 644 700

 

____

 

Londain 8 Iúil 2022: D’fhógair Bankside Films inniu gur cheannaigh siad céad scannán lánfhada iontach, a bhfuil duaiseanna buaite aige, le Colm Bairéad An Cailín Ciúin (The Quiet Girl) a cuireadh i láthair den chéad uair ag Féile Scannán Bheirlín i mbliana, agus a bhain Grand Prix Choiste Idirnáisiúnta Generation Kplus don Scannán Is Fearr. Lena chois sin ghnóthaigh an scannán 7 nGradam Acadaimh sármhaith de chuid Scannánaíocht agus Theilifís na hÉireann, ina measc An Scannán Is Fearr, An Stiúrthóir Is Fearr agus an Príomhaisteoir Is Fearr.

Tá An Cailín Ciúin (The Quiet Girl) bunaithe ar an scéal a bhfuil dea-cháil i bhfad is i ngearr air, Foster leis an údar Éireannach, Clár Nic Aogáin, agus ba é Bairéad a scríobh an script scannáin.

Is í an t-aisteoir nua Caitríona Clinse réalta An Cailín Ciúin (The Quiet Girl) sa ról mar Cháit, taobh le Carrie Ní Chrualaoich, Aindriú Mac Beinéid, Mícheál Pádraig agus Cáit Nic Conaonaigh.

Tar éis première domhanda an scannáin ag Féile Scannán Bheirlín i mbliana, léiríodh ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath é, áit ar ghnóthaigh sé Gradam an Luchta Féachana agus ba é buaiteoir Ghradam an Scannáin Éireannaigh Is Fearr é ag Duaiseanna Chomhluadar Léirmheastóirí Scannán Bhaile Átha Cliath 2022. Tá an scannán Gaeilge le feiceáil faoi láthair sa RA (Curzon) agus in Éirinn (Break Out Pictures) agus shaothraigh thar €800C ag oifig na dticéad an tseachtain seo, i ndiaidh sár-léirmheasanna 5-réalta a fháil ar bhonn uilechoiteann. Tá an scannán incháilithe le bheith mar iontráil na hÉireann don Scannán Lánfhada Idirnáisiúnta Is Fearr ag na hOscair an bhliain seo chugainn.

Faoin tuath in Éirinn, 1981. Cuireadh ar shiúl cailín ciúin a ndearnadh neamart inti óna teaghlach plódaithe, mífheidhmiúil chun cónaí le gaolta a máthara don samhradh. Bláthaíonn sí faoina gcúram ach sa teach seo nach bhfuil aon rúin in ainm a bheith ann, tagann sí ar aon fhírinne phianmhar amháin.

Is í Clíodhna Ní Chrualaoi ó Inscéal a léirigh An Cailín Ciúin (The Quiet Girl), an comhlacht léirithe a bhunaigh sí le Bairéad i 2012. Forbraíodh agus léiríodh an scannán mar chuid den scéim Cine4 do scannáin lánfhada Ghaeilge. Mhaoinigh Fís Éireann é mar aon leis an chraoltóir Gaeilge, TG4, Údarás Craolacháin na hÉireann trína Scéim Chistithe Fuaim agus Fís agus fuarthas maoiniú faoi Alt 481.

 

Dúirt Stiofán Ó Céileachair faoin togra:

 

“Tá lúcháir orainn a bheith i gcomhpháirtí le Colm agus le Clíodhna ar an scannán rí-speisialta seo a raibh an-tóir go deo air ag luchtanna féachana agus léirmheastóirí ó bhí a chéad taibhiú ann i mBeirlín i mbliana. Bhí ionadh an domhain orainn mar gheall ar a áilleacht agus ar a mothúchán a bhí tomhaiste go paiteanta agus ní féidir linn fanacht chun é a chur i láthair luchtanna féachana idirnáisiúnta.”

 

Dúirt Colm Bairéad agus Clíodhna Ní Chrualaoi:

 

“Tá ríméad orainn a bheith i gcomhpháirtí le Bankside Films ar An Cailín Ciúin (The Quiet Girl). Is fada an lá a bhfuil meas againn ar a gcuid oibre agus spreagtar sinn trína bpaisean agus a gcreideamh inár scannán. Agus muid ag leanúint lenár rith amharclainne in Éirinn agus sa RA, táimid ar bís faoi chaibidil nua iontach ag obair le  Bankside Films chun An Cailín Ciúin (The Quiet Girl) a chur i láthair luchtanna féachana úra ar fud na cruinne.”

 

Faoi Bankside Films:

Bunaithe i Londain i 2007, is príomhchomhlacht díolacháin idirnáisiúnta é Bankside Films a sholáthraíonn dáileadh ar fud an domhain, mar aon le léiriú feidhmiúcháin, agus seirbhísí maoinithe do léiritheoirí neamhspleácha ar fud na cruinne. Bainistíonn an comhlacht deis tí fhorbartha agus léirithe, ag cruthú a thograí féin chomh maith le bheith i bpáirt le  scannánóirí le hábhair nua a choimisiúnú agus a fhorbairt. Tá caidreamh an-dlúth idir Bankside Films agus a chomhchomhlacht, Head Gear Films, mór-airgeadaí ábhar domhanda agus coinnítear caidreamh le réimse leathan airgeadaithe idirnáisiúnta. Tiomnaítear an comhlacht trí phaisean do scéalaíocht a thugann dúshlán don status quo.

Bíonn Bankside Films bródúil as a chuid oibre le guthanna scannánaíochta leithleacha, sainiúla atá in ann scéalta nua iontacha a chur ar fáil do luchtanna féachana ar fud an domhain. Sainchuid d’éiteas an chomhlachta is iad scannánóirí atá ag teacht chun cinn agus leanaimid de bheith á dtacú go tréan le linn dúinn a bheith mar pháirtí bunriachtanach do stiúrthóirí agus do léiritheoirí atá níos aitheanta.

I measc tograí rathúla san am a chuaigh thart bhí Belle le Amma Asante, díolta ar fud an domhain do Searchlight Pictures, Cargo le Yolanda Ramke agus Ben Howling, díolta ar fud an domhain do Netflix, teideal Sundance The Hole In The Ground le stiúrthóir céaduaire Lee Cronin, a cheannaigh A24 sna SA, Ordinary Love le Glenn Leyburn agus Lisa Barros D’Sa, díolta go hidirnáisiúnta le Focus Features agus sa bhaile le Bleecker Street, In Fabric le Peter Strickland, díolta sa bhaile le A24, Eternal Beauty scríofa agus stiúrtha ag Craig Roberts le Sally Hawkins sa phríomhpháirt agus Wolf scríofa agus stiúrtha ag Nathalie Biancheri agus le George MacKay agus Lily Rose Depp sna príomhpháirteanna agus a díoladh do Focus Features ar fud an domhain.

I measc tograí rathúla i bhféilte ar na mallaibh bhí Benediction le Terence Davies agus You Are Not My Mother le Kate Dolan a raibh a gcéad taibhiú acu beirt ag Féile Scannán Toronto 2021. Bhí première Brian and Charles le Jim Archer agus You Won't Be Alone le Goran Stolevksi araon ag Féile Scannán Sundance i mbliana, agus díoladh an bheirt acu go hidirnáisiúnta do Focus. Bhí Flux Gourmet le Peter Strickland ina rogha oifigiúil i bhFéile Scannán Bheirlín i mbliana freisin.

I réimse na gclár faisnéise tarraingítear an comhlacht i dtreo na tóra leathain, scéalta daonna ar féidir leo feidhmiú i spás traidisiúnta na hamharclainne agus ar sheirbhísí sruthuithe domhanda freisin. Is ionann ár gcur chuige ag díol clár faisnéise agus ag díol scannán ficsin agus níl sárú le fáil ar ár gcumainn le ceannaitheoirí scannán faisnéise.

 

Faoi Inscéal:

Bunaithe i 2012 ag an léiritheoir, Clíodhna Ní Chrualaoi agus ag an scríbhneoir/stiúrthóir, Colm Bairéad, cruthaíodh Inscéal  ar dtús mar ardán do thograí paisin i scannánaíocht faisnéise. Moladh d’éagsúlacht Gradam Acadaimh de chuid Scannánaíocht agus Theilifís na hÉireann é mar thoradh ar a phríomhshraith, An Ceoldráma (The Musical) don chraoltóir Ghaeilge, TG4.

Le blianta beaga anuas dhírigh Colm agus Clíodhna ar léiriú scannán lánfhada agus cuireadh ar ghearrliosta dhá uair iad don scéim fhorbartha scannán lánfhada de chuid Cine4. Mar shaorfhoireann léitheora-scríbhneora/ stiúrthóra, d’oibrigh Colm agus Clíodhna ar go leor cláir agus cláir fhaisnéise shuaitheanta a raibh duaiseanna buaite acu do chraoltóirí in Éirinn, ina measc an tsraith a raibh tóir uirthi a d’ainmnigh IFTA faoin saol taobh istigh de phríosún Mhuinseo i mBaile Átha Cliath, The Joy agus an dráma faisnéise, Cumann Na mBan a bhain IFTA sa bhliain 2015.

Bhain gearrscannáin Choilm duaiseanna fosta ar fud an domhain. Bhronn Cuallacht Stiúrthóirí Scáileáin na hÉireann gradam air dá “obair thar barr mar stiúrthóir as Gaeilge”. Ag Duaiseanna Fís Éireann-IFTA 2022 bronnadh Gradam Réalta Ag Teacht Chun Cinn air.

Roghnaigh Screen International Clíodhna le déanaí mar dhuine de Réaltaí Amárach 2022. Is é An Cailín Ciúin (The Quiet Girl) céad scannán lánfhada Inscéal atá ar cheann de na scannáin Éireannacha is rathúla le tamall anuas i ndiaidh an iliomad duaiseanna a bhaint ag an Berlinale, ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath agus seacht nGradam Acadaimh de chuid Scannánaíocht agus Theilifís na hÉireann, ina measc An Scannán Is Fearr, An Stiúrthóir Is Fearr agus an Príomhaisteoir Is Fearr. Is é an scannán Éireannach is mó é a thug airgead isteach le blianta beaga anuas ag oifig na dticéad in Éirinn agus sa RA.

 

Le tuilleadh eolais a fháil gabh i dteagmháil más é do thoil é le:

Sarah Townsend | sarah@bankside-films.com | Guthán: +44 7887 644 700