{made}" />
Hit enter to search or ESC to close
Fograíonn IFTA An Cailín Ciúin mar iontráil na hÉireann d’Oscars® 2023, Scánnán Lánfhada Idirnáisiúnta Is Fearr

News

Fograíonn IFTA An Cailín Ciúin mar iontráil na hÉireann d’Oscars® 2023, Scánnán Lánfhada Idirnáisiúnta Is Fearr

Posted: 3rd August 2022

D’fhógair Acadamh Scannán agus Teilifíse na hÉireann (IFTA) gur roghnaíodh an scannán lánfhada Gaeilge An Cailín Ciúin (The Quiet Girl) mar iontráil na hÉireann do na hOscars® i gcatagóir an Scannáin Lánfhada Idirnáisiúnta Is Fearr ag an 95 cheiliúradh de chuid na nGradam Acadaimh bliantúil atá le teacht.

Ba é Coiste Roghnaithe Éireannach IFTA 2023 a roghnaigh é, ina bhfuil mar bhaill ann stiúrthóir agus aisteoir Emmy-ainmnithe Roma Downey (Ben-Hur, Touched by an Angel), aisteoir Oscar-ainmnithe John C. Reilly (Chicago, Winning Time: The Rise of the Lakers Dynasty), léiritheoir agus EVP Paramount TV ar Straitéis Idirnáisiúnta David Flynn (Bodkin, Seraphim Falls), stiúrthóir Oscar-ainmnithe Jim Sheridan (My Left Foot, In America), stiúrthóir Aisling Walsh (Maudie, Song for a Raggy Boy) agus aisteoir Fionnula Flanagan (The Others, The Guard). Ba í POF (CEO) an Acadaimh, Áine Moriarty, Cathaoirleach an Choiste.

Rinne céad scannán lánfhada Choilm Bairéid rud na ndearnadh riamh cheana in Éirinn le déanaí nuair ab é an chéad scannán Gaeilge é a bhain Gradam Acadamh na hÉireann (IFTA) don Scannán Is Fearr. Bronnadh 7 nIFTA air ar fad, ina measc: stiúrthóir, aisteoir, cinematagrafaíocht, eagarthóireacht, dearadh léiriúcháin agus scór úrnua.

Tá an scannán ag dul i bhfeidhm ar luchtanna féachana ar fud na cruinne atá corraithe ag an scannán an-álainn, uathúil seo, ina bhfuil scéalaíocht chumhachtach agus dráma theacht in aois a dhéanann iniúchadh ar bhrí an teaghlaigh trí shúile cailín óig, Cáit, a ndearnadh neamart inti, a raibh an pháirt ag Caitríona Clinse.

Ba ghearr go raibh An Cailín Ciúin ar cheann de na scannáin Éireannacha is mó moladh ó léirmheastóirí agus is rathúla ar na saolta deireanacha. Chuir The Observer síos ar an scannán mar “one of the most exquisitely-realized films of the year” agus chuir The Guardian síos air mar “a jewel” agus “already feels like a classic”

Agus í ag caint faoi thoghadh An Cailín Ciúin dúirt Áine Ní Mhuireartaigh -  POF Acadamh IFTA:

“Tá lúcháir ar Acadamh na hÉireann a fhógairt gurb í An Cailín Ciúin a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann na hÉireann don 95 Ghradaim Acadaimh i gcatagóir an Scannáin Lánfhada Idirnáisiúnta Is Fearr. Is scannán chomh leithleach agus álainn é seo a mheallann do chroí ón tús agus a chorraíonn go mór thú. Táimid chomh bródúil sin an scannán Gaeilge ar fheabhas seo a chur isteach ar an chomórtas Oscar, le dul in iomaíocht leis an chuid is fearr sa domhan, toisc go bhfuil a fhios againn go rachaidh an scéal seo i bhfeidhm ar luchtanna féachana idirnáisiúnta, thar theorainneacha teanga, agus gan amhras ar Bhaill an Acadaimh Mheiriceánaigh freisin.”

Dúirt an Scríbhneoir/Stiúrthóir, Colm Bairéad, agus Stiúrthóir, Cleona Ní Chrualaoi ó Inscéal:

“Is mór an onóir dúinn thar insint béil gur roghnaíodh An Cailín Ciúin / The Quiet Girl le hionadaíocht a dhéanamh thar ceann na hÉireann. Buíochas ó chroí le IFTA agus lena choiste roghnaithe. Chreideamar i gcónaí go bhféadfadh le scannán Gaeilge seasamh gualainn ar ghualainn leis an scannánaíocht dhomhanda is fearr agus tá an-bhród orainn a bheith mar ionadaithe dár dtír agus dár dteanga ar an chaoi seo. Ba phribhléid thar na bearta é ‘Foster’ de chuid Chláir Nic Aogáin a chóiriú don scáileán mhór agus táimid ar bís lenár scannán a léiriú don iliomad ball san Acadamh de réir mar a leanann An Cailín Ciúin de bheith feicthe ar an ardán idirnáisiúnta. Ní bheadh cuid ar bith de seo indéanta gan fís TG4, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann, a chómhaoinigh tionscnamh scannán lánfhada de chuid Cine4, a chruthaigh rabharta nua scannánaíochta Gaeilge atá á aithint ar fud an domhain.”

Dúirt Désirée Ní Fhionnagáin, Príomhfheidhmeannach, Fís Éireann/Screen Ireland:

“Tá sé dochreidte breathnú ar an ghlacadh fhíor-dheimhnitheach a fuair An Cailín Ciúin ó luchtanna féachana, ó léirmheastóirí agus ón tionscal idirnáisiúnta ó bhí a phremière domhanda ann ag an Berlinale níos luaithe i mbliana. Chruthaigh Colm Bairéad scannán cineamatach álainn, cigilteach agus caolchúiseach tríd An Cailín Ciúin. Is fiú don scannán a bheith in ann dul in iomaíocht leis an scannánaíocht domhanda is fearr don Scannán Lánfhada Idirnáisiúnta Is Fearr ag na Gradaim Acadaimh. Mar gheall ar an roghú seo ba mhian linn an deis seo a thapú chun comhghairdeas a ghabháil le Colm, leis an léiritheoir Cleona Ní Chrualaoí agus leis an fhoireann chruthaitheach uilig.”

Is dráma teacht in aois, casta, mórmhothaithe An Cailín Ciúin a dhéanann mionscagadh ar bhrí an teaghlaigh trí shúile cailín óig a ndearnadh neamart inti. Suite faoin tuath in Éirinn sa bhliain 1981, leanann an scannán Cáit (Caitríona Clinse) nuair a chuirtear óna teaghlach plódaithe, mífheidhmiúil í chun cónaí don samhradh le gaolta i bhfad amach. Cuireann Eibhlín (Carrie Ní Chrualaoich) fearadh na fáilte roimpi ach coinníonn a fear céile (Aindriú Mac Beinéid) Cáit ar fhad a sciatháin uaidh. Go mall, áfach, fásann láíocht sa teaghlach seiftithe seo agus tosaíonn Cáit ag bláthú faoina gcúram. Ach sa teach seo nach bhfuil aon rúin in ainm a bheith ann, tagann sí ar aon fhírinne phianmhar amháin.

Ba í Clíodhna Ní Chrualaoi ó Inscéal a léirigh An Cailín Ciúin mar chuid de scéim chistithe Cine4 do scannánaíocht Ghaeilge, i bpáirt le Fís Éireann, le TG4 agus le hÚdarás Craolacháin na hÉireann (BAI), agus tá an scannán ag baint tairbhe as dreasacht chánach Alt 481 de chuid Rialtas na hÉireann chomh maith.

Dúirt Máire Eibhlín Ní Chualáin, Bainisteoir Coimisiúnaithe TG4: “Comhghairdeas le Inscéal, le Colm agus le Cleona, leis an fhoireann aisteoirí agus leis an chriú a bhí páirteach i gcruthú An Cailín Ciúin faoina roghnú ag IFTA mar iontráil na hÉireann do na hOscair. Ba mhaith liom tréaslú le Máire Ní Chonláin freisin, Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4, agus  lenár gcomhghleacaithe i bhFís Éireann agus i BAI. Tá An Cailín Ciúin tar éis dul i bhfeidhm ar gach duine a chonaic é go nuige seo, anseo sa bhaile agus ar luchtanna féáchana ar fud na cruinne sa Bhreatain, san Eoraip, san Astráil, sa Nua Shéalainn agus sa Téaváin. Tá ag éirí leis an scéim Cine4 scannánaíocht Ghaeilge a fhorbairt agus táimid go léir i TG4 thar a bheith mórtasach as sin.”

Dúirt Ceilín de Creag, POF BAI: “Tréaslaíonn BAI le An Cailín Ciúin as a bheith tofa mar iontráil na hÉireann do chatagóir an Scannáin Lánfhada Idirnáisiúnta Is Fearr de chuid na nOscar. Léiríonn rath leanúnach an dráma Ghaeilge seo, sa bhaile agus go hidirnáisiúnta araon, cumhacht na scéalaíochta chun luchtanna féachana a mhealladh agus ina theannta sin is sampla ar leithead na tallainne atá ag obair i dtionscal chlosamharc na hÉirinn inniu é. Bhí ríméad orainn gur thacaíomar leis an scannán trínár Scéim Chistithe Fhuaime agus Fhíse.”

Is í an chéad chéim eile í go gcuirfear iomaitheoirí don Scannán Idirnáisiúnta Is Fearr de chuid na nOscar® ar ghearrliosta 15 iontráil idirnáisiúnta don bhabhta cheannais ar an Chéadaoin 21 Nollaig a ghearrfar siar ansin ar deireadh thiar go dtí 5 Ainmní Oscar® sa chatagóir sin ar 24 Eanáir. Tá ceiliúradh 95 na nGradam Acadaimh sceidealaithe faoi láthair a bheith ar siúl Dé Domhnaigh 12 Márta 2023 in Amharclann Dolby in Hollywood agus bronnfar onóracha ar rogha na scannán ó 2022.

Is é Scannáin Bankside atá ag láimhseáil Diolachán Domhanda do An Cailín Ciúin / The Quiet Girl.