Lasair - Clár Forbartha Gearrscannán Faisnéise Gaeilge
Posted: 5th March 2026
Tionscnamh de chuid Docs Ireland, i gcomhpháirt le Féile Idirnáisiúnta Scannán Chorcaí
Le tacaíocht ó An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála - Chiste na nOileán Roinnte, TG4, BBC Thuaisceart Éireann, Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann, agus Fís Éireann.
Is gorlann forbartha trasteorann thionscadal-dírithe é Lasair faoi choinne gearrscannáin faisnéise ardchaighdeáin i nGaeilge.
Ó cuireadh ar bun in 2019 é, tá Docs Ireland ag tacú le scannánóirí faisnéise ar oileán na hÉireann maidir le forbairt agus cur i láthair a gcuid saothar, gur bunchuid anois é d’éiceachóras neamhfhicsin an oileáin, ag tacú le fás inbhuanaithe an tionscail tríd an fhéile s’againn, Marketplace, tríd an Chlár Forbartha Tallainne s’againn, IGNITE-Docs, trí ‘Pits Scáileán Thuaisceart Éireann’ agus trí thionscnaimh eile nach iad.
Is é Lasair an tionscnamh is úire dár gcuid. Is clár atá ann le gearrscannáin faisnéise ardchaighdeáin scéaldírithe a chruthú i nGaeilge. Tá an scéim oscailte do scannánóirí ag gach céim dá ngairmréim, ó thallann a bheadh ag teacht chun cinn go scannánóirí seanbhunaithe, agus tacófar leo trí chlár oiliúna coimeádta agus ansin deis, trí chur i láthair a dhéanamh, le maoiniú léiriúcháin a mhealladh dá scannán.
Creidimid go daingean i dtábhacht na ngearrscannán mar mheán cumhachtach scéalaíochta, agus tabharfaidh an scéim seo deis do scannánóirí faisnéise ar oileán na hÉireann a gcruthaitheacht a chur ar taispeáint i bhfoirm ghearr.
Tá muid ar lorg tograí tarraingteacha ríspéisiúla a mbeadh cur chuige soiléir cineamatach ag baint leo; tograí a mbeadh práinn ag baint leo, san aimsir ina mairimid, mar aon le dearcthaí uathúla, guthanna faoi leith agus coincheapa a rachaidh i bhfeidhm orainn agus a thabharfaidh ár ndúshlán. Roghnófar suas le deich dtionscadal san iomlán. Is é is aidhm le Lasair ná smaointe neamhfhicsin a fhorbairt ina dtionscadail láidre mhionsonraithe forbartha, réidh lena léiriú i nGaeilge.
Le linn an tionscnaimh oiliúna chuimsithigh seo, gheobhaidh rannpháirtithe bunoiliúint chun a dtionscadal gearrscannán faisnéise a fhorbairt go cruthaitheach, agus cuimseoidh sé seo ceardlanna, máistir-ranganna, cás-staidéir agus comhráite pearsanta le déantóirí scannán faisnéise seanbhunaithe. Reáchtálfar an oiliúint ar fad i dtimpeallacht phearsanta, rud a fhágfaidh go mbeifear in ann leas a bhaint as cur chuige praiticiúil; go n-éascófar an uas-acmhainneacht foghlama agus deiseanna uasta le líonrú a dhéanamh agus caidrimh úra a chothú.
Ag deireadh na tréimhse oiliúna, déanfaidh foirne ‘pits’ a chur i láthair bunaithe ar a dtionscadal le dul san iomaíocht le maoiniú léiriúcháin a fháil dá scannán. Cuirfidh Docs Ireland tacaíocht chomhchineáil agus dáileacháin ar fáil do na scannáin deiridh.
Tá na hiarratais oscailte do scannánóirí atá lonnaithe ar oileán na hÉireann, agus atá in ann bheith ag obair trí mheán na Gaeilge. Cuirfear fáilte roimh iarratais ó fhoirne stiúrthóir/léiritheoir, stiúrthóir/scríbhneoir, comhstiúrthóir agus stiúrthóir aonair. Ní mór ainm gach baill foirne, sa ról atá beartaithe dó nó di, a bheith luaite roimhe seo le haon chlár faisnéise amháin, ar a laghad (clár gairid, meánfhaid nó fada). Ní mór inniúlacht sa Ghaeilge a bheith ag ball foirne amháin, ar a laghad. Breithneofar ar chláir ghairide den uile sheánra, den uile inneachar téamach agus ar gach ábhar agus tabharfar tús áite do chláir faisnéise a mbeadh cur chuige soiléir cineamatach ag baint leo, mar aon le tarraingt idirnáisiúnta.
Chun críche na scéime, beidh muid ag breithniú ar thionscadail dar fad 40 bomaite nó níos lú.
Beidh rannpháirteachas fadtréimhseach ag baint leis an chlár, lena n-áirítear:
- Seisiúin oiliúna ar líne iolracha ó Bhealtaine go Samhain 2026.
- Ceardlanna fhisiceacha, máistir-ranganna agus imeachtaí ag Docs Ireland i mí an Mheithimh, 2026.
- Imeachtaí agus cur i láthair deiridh ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Chorcaí i mí na Samhna 2026.
- Deis freastal a dhéanamh ar mhórfhéile scannán.
Reáchtálfar seisiún eolais ar líne ar an scéim Dé Luain, an 23ú Márta ar 12pm. Is féidir clárú don seisiún anseo.
Próiseas Iarratais
Le cur isteach ar an chlár Lasair, iarrtar ort an fhoirm iarratais thíos a chomhlánú, lena n-áirítear sonraí iomlána ar an tionscadal, ar an stiúrthóir agus ar an léiritheoir a cheangal:
Bheadh muid buíoch dá ndéanfá, agus d’iarratas á chur isteach agat, foirm Ilchineálachta Lasair a chomhlánú don dá bhall de d’fhoireann chruthaitheach. Tá sé iomlán anaithnid agus úsáidtear í le monatóireacht ilchineálachta a dhéanamh don fhéile. Tá an fhoirm ar fáil thíos:
Is é an spriocdháta faoi choinne iarratas ná Dé Domhnaigh 19 Aibreán, meán oíche 12am. Fógrófar na tionscadail rathúla roimh dheireadh mhí na Bealtaine.
Is féidir amharc ar threoirlínte Lasair ina n-iomláine anseo.
Má bhíonn aon cheisteanna agat, déan teagmháil le roisin@docsireland.ie.
Faigheann clár Forbartha Gearrscannán Faisnéise Lasair tacaíocht ó An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála - Chiste na nOileán Roinnte, TG4, BBC Thuaisceart Éireann, Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann, agus Fís Éireann.