{made}" />
Hit enter to search or ESC to close
TG4, Fís Éireann/Screen Ireland and Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund announce the successful recipients of the Tús and Céim Eile short film funding schemes

News

TG4, Fís Éireann/Screen Ireland and Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund announce the successful recipients of the Tús and Céim Eile short film funding schemes

Posted: 11th February 2026

Tús: 3 short film projects awarded €30,000 each (12 mins max.) 

Céim Eile: 3 films awarded €100,000 each (30 mins max.) 

Following the success of the investment made in the Cine4 and TG4/Fís Éireann/Screen Ireland Television Drama Development schemes devised to reach the next generation of talented writers, TG4, Fís Éireann/Screen Ireland and Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund (ILBF) have collaborated to encourage new writing for the screen.

Launched in 2024, this is the second iteration of this initiative and underlinesFís Éireann/Screen Ireland, the ILBF and TG4’s ongoing commitment to developing strength and depth in Irish language film making. This year’s intake of proposals proved to be extremely competitive, and the selection panel were impressed with the high standard of the applications.

Keith Potter, Head of Feature Film, Screen Ireland, said:

It was wonderful to witness the creativity and ambition evident in the applications for 2025 Tús and Céim Eile initiative. The range of stories told and breadth of themes covered indicates a great future for the screen writing in the Irish language. It was wonderful to work so closely with our partners in TG4 and the ILBF to place the Irish language firmly at the centre of our national storytelling and congratulations to all behind the successful projects named today.” 

Mary Ellen Ní Chualáin, Commissioning Manager, TG4, said:

The quality and ambition of the submissions to this year’s Tús and Céim Eile initiatives was extremely impressive. These schemes play a crucial role in supporting emerging Irish-language talent, and TG4 is proud to work with Fís Éireann/Screen Ireland and Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund to place the Irish language at the heart of contemporary screen storytelling.” 

Áine Walsh, Chief Language & Cultural Officer & Head of ILBF at Northern Ireland Screen, said:

After twenty years of shaping talent and transforming the landscape of Irish-language storytelling, the Irish Language Broadcast Fund continues to support a new wave of creative voices. This year’s Tús and Céim Eile schemes attracted an outstanding calibre of applications, reflecting the confidence and ambition of a sector in full stride. Through our partnership with TG4 and Fís Éireann/Screen Ireland, we are accelerating the discovery and development of Irish-speaking writers and directors, ensuring Irish-language drama is not only sustained but increasingly visible, influential and internationally resonant.” 

Successful Tús projects 

An Scoilt: A rower struggles to navigate the strong currents of her relationships and ambitions at a pivotal moment in her young life. Writer/Director: Barra Convery. Producer: Leeona Duff (Upon Blue Ridge Productions)

Fear: The new principal of an Irish college finds himself struggling with a tricky dilemma: where to house 15-year-old transgender girl Dreoilín, with the girls or the boys? Writers: Grace Mulvey & Antóin Beag Ó Colla. Director: Oisín Ó Heartáin. 

Haigh a Chairde!: A wannabe social media influencer struggles to maintain her real-world relationships. Writer/Director: Louise Richardson. Producer: Brídín Ní Mhaoldomhnaigh (Danú Media). 

Successful Céim Eile projects 

An Mháthair: A mother resolves to avenge her son’s death when she encounters the young man who killed him. Writer: Seán Keeley. Director: Vincent Gallagher. Producer: (Keeper Pictures). 

Ar Strae: The night takes a dark turn when a young woman finds herself alone at an after party with a group of men she barely knows. Writer/Director: Ciara Ní É. Producers:  Robert Davis & Jamie O'Rourke. (South Paw Pictures) 

Rith Maith: While out for a run in the countryside to manage his anxiety, a man happens upon a gangster and his sidekick in the process of disposing of a body. Writer/Director: Oisín Mistéil. Producer: Ailbhe Nic Dhonncha (Tua Films). 

About Tús and Céim Eile

Tús is a Short Film Irish language Script Initiative (12 minutes maximum) for New Writers & Creators. The aim of Tús, is to encourage, foster and promote new drama in Irish and to support various Irish speaking creative voices at an early stage of their careers. The three projects announced today have emerged from the second round of the selection process which initially short listed 10 short-form scripts for further development. The successful projects have been awarded €30,000 to produce their film. 

Céim Eile is a ½ hour Short Film Script Initiative for New Writers & Creators, it was devised to encourage emerging Irish speaking talent and fluent Irish speakers must be confirmed for each successful project. The stories should be diverse, innovative and ambitious and challenging in terms of content, style and approach. Eight projects were initially selected for further development with a script editor and from this short list 3 projects were selected for production with a budget of €100,000 each. 
 

As Gaeilge:

Is údar áthais do TG4, Fís Éireann agus Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann iarrthóirí rathúla na scéimeanna maoinithe gearrscannánaíochta Tús agus Céim Eile a fhógairt.

Tús: Bronnadh €30,000 in aghaidh an tionscadail ar 3 thionscadal gearrscannáin (12 nóiméad ar a mhéad)

Céim Eile: Bronnadh €100,000 in aghaidh an scannáin ar 3 scannán (30 nóiméad ar a mhéad)

Ó d'éirigh go seoigh leis an infheistíocht a rinneadh i scéimeanna Forbartha Drámaíochta Teilifíse Cine4 agus TG4/Fís Éireann, a bunaíodh chun an chéad ghlúin eile de scríbhneoirí cumasacha a spreagadh, tá TG4, Fís Éireann agus Ciste Craoltóireachta Gaeilge (ILBF) Scáileán Thuaisceart Éireann ag obair as lámha a chéile chun scríbhneoireacht nua don scáileán a chur chun cinn.

Is é seo an dara babhta den tionscnamh seo a seoladh in 2024, agus is léiriú atá sa scéim ar thiomantas leanúnach Fís Éireann, ILBF agus TG4 do shaothar mealltach, ardchaighdeáin a fhorbairt i scannánaíocht na Gaeilge. Bhí iomaíocht an-ghéar sa scéim i mbliana, agus bhí an coiste roghnaithe fíorthógtha le hardchaighdeán na n-iarratas.

Keith Potter, Ceannasaí Príomhscannán, Fís Éireann:

B'iontach an chruthaitheacht agus an uaillmhian a fheiceáil sna hiarratais ar thionscnaimh Tús agus Céim Eile in 2025. Léiríonn réimse na scéalta a insíodh agus éagsúlacht na dtéamaí a pléadh go bhfuil todhchaí gheal roimh scríbhneoireacht scáileáin na Gaeilge. B'iontach an rud é a bheith ag obair go dlúth lenár gcomhpháirtithe i TG4 agus san ILBF chun an Ghaeilge a chur i gcroílár na scéalaíochta náisiúnta agus tréaslaímid leis na foirne uile a raibh baint acu leis na tograí rathúla a fógraíodh inniu.” 

Mary Ellen Ní Chualáin, Bainisteoir Coimisiúnaithe, TG4:

Chuaigh uaillmhian na n-iarrthóirí agus caighdeán na n-iarratas ar na tionscnaimh Tús agus Céim Eile go mór i bhfeidhm orainn i mbliana. Tá ról ríthábhachtach ag na scéimeanna seo maidir le bheith ag tacú le cruthaitheoirí Gaeilge atá ag teacht chun cinn, agus tá TG4 bródúil as bheith ag obair le Fís Éireann agus Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann chun an Ghaeilge a chur i gcroílár na scéalaíochta don scáileán comhaimseartha.”

Áine Walsh, Príomhoifigeach Teanga & Cultúrtha & Ceannasaí ILBF i Scáileán Thuaisceart Éireann:

Tar éis fiche bliain de bheith ag tacú le cruthaitheoirí, agus de bheith ag obair chun tírdhreach na scéalaíochta Gaeilge a athrú ó bhonn, tá an Ciste Craoltóireachta Gaeilge ag leanúint de thacaíocht a chur ar fáil do rabharta eile de dhaoine cruthaitheacha. Cuireadh iarratais den chéad scoth isteach ar na scéimeanna Tús agus Céim Eile i mbliana. Is léiriú é seo ar an muinín agus ar an uaillmhian atá i measc na hearnála faoi láthair agus í i mbarr a réime. Agus muid ag comhoibriú le TG4 agus le Fís Éireann, tá ag éirí go maith linn scríbhneoirí agus stiúrthóirí Gaeilge a aimsiú agus a fhorbairt. Cinnteoidh sé seo ní hamháin go gcoinneofar beocht i ndrámaíocht na Gaeilge, ach go mbeidh sí níos feiceálaí, go mbeidh tionchar níos mó aici, agus go mbeidh suntas ag baint léi ar bhonn idirnáisiúnta.” 

Tionscadail rathúla Tús

An Scoilt: Am cinniúnach is ea é do rámhaí óg agus í ag streachailt a bealach a dhéanamh trí shruthanna móra a saoil, idir a caidrimh phearsanta agus mianta a croí. Scríbhneoir/Stiúrthóir: Barra Convery. Léiritheoir: Leeona Duff (Upon Blue Ridge Productions).

Fear: Cuirtear dúshlán roimh phríomhoide úr i gColáiste Gaeilge, agus cinneadh le déanamh aige faoi lóistín a shocrú do Dhreoilín, cailín trasinscneach 15 bliana d'aois. Ar chóir Dreoilín a chur leis na cailíní nó leis na buachaillí? Scríbhneoirí: Grace Mulvey & Antóin Beag Ó Colla. Stiúrthóir: Oisín Ó Heartáin.

Haigh a Chairde!: Féachann bean le bheith ina tionchaire ar na meáin shóisialta cé nach bhfuil ag éirí go maith lena caidrimh féin sa saol. Scríbhneoir/Stiúrthóir: Louise Richardson. Léiritheoir: Brídín Ní Mhaoldomhnaigh (Danú Media).

Tionscadail rathúla Céim Eile

An Mháthair: Nuair a chasann bean ar an bhfear óg a mharaigh a mac, socraíonn sí díoltas a imirt air. Scríbhneoir: Seán Keeley. Stiúrthóir: Vincent Gallagher. Léiritheoir: (Keeper Pictures.)

Ar Strae: Tagann casadh dorcha ar an oíche do bhean, agus ise an t-aon bhean i láthair ag cóisir déanach san oíche, i measc grúpa fear nach bhfuil aithne cheart aici orthu. Scríbhneoir/Stiúrthóir: Ciara Ní É. Léiritheoirí:  Robert Davis & Jamie O'Rourke. (South Paw Pictures) 

Rith Maith: Agus é amuigh ag rith faoin tuath ar mhaithe leis an imní atá air a smachtú, casann fear ar dhrongadóir agus duine eile a chúnamh dó le linn dóibh a bheith ag fáil réidh le corp. Scríbhneoir/Stiúrthóir: Oisín Mistéil. Léiritheoir: Ailbhe Nic Dhonncha (Tua Films).

Nótaí d'Eagarthóirí

Tionscnamh Scripte do Ghearrscannáin Ghaeilge is ea Tús (12 nóiméad ar a mhéad) do Scríbhneoirí & do Chruthaitheoirí Nua. Is é aidhm Tús ná drámaíocht nua i nGaeilge a spreagadh, a chothú agus a chur chun cinn agus cuidiú le daoine éagsúla, cruthaitheacha a bhfuil Gaeilge acu agus iad ag céim luath ina ngairm bheatha. Tháinig na trí thionscadal rathúla a fógraíodh inniu ón dara babhta den phróiseas roghnúcháin, inar cuireadh 10 script ghearrfhoirme ar ghearrliosta le haghaidh tuilleadh forbartha. Bronnadh €30,000 in aghaidh an scannáin ar na tionscadail rathúla chun na scannáin a léiriú.

Tionscnamh Scripte do Ghearrscannáin leathuair an chloig is ea Céim Eile do Scríbhneoirí & do Chruthaitheoirí Nua. Bunaíodh an scéim chun cruthaitheoirí Gaeilge atá ag teacht chun cinn a spreagadh agus ní mór do chainteoirí líofa Gaeilge a bheith páirteach i ngach tionscadal rathúil. Ba chóir do na scéalta a bheith éagsúil, nuálach, uaillmhianach agus dúshlánach i dtaobh ábhair, stíle agus cuir chuige. Ar dtús, roghnaíodh ocht dtionscadal le haghaidh tuilleadh forbartha i gcomhar le heagarthóir scripte. Roghnaíodh 3 thionscadal ón ngearrliosta seo ina dhiaidh sin, ar bronnadh buiséad €100,000 in aghaidh an tionscadail orthu leis na scannáin a léiriú.