TG4 in association with Screen Ireland and Northern Ireland Screen announce a range of new Funding Schemes Investing in Screen Talent
Posted: 9th July 2022
TG4, Fís Eireann / Screen Ireland and Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund are pleased to announce they have joined forces to support a range of new Irish language development funds, aimed at supporting new & emerging talent today at Galway Film Fleadh.
Céim Eile is aimed at developing TV scripted drama, while Tús will support short filmmakers. A new factual short film scheme is also in the pipeline.
A one-off pilot scheme, Céim Eile welcomes applications for development for scripted single episode dramas of 30-minute duration with investment of €420,000. Eight projects will be shortlisted with a development fund of €15,000 each. Three projects will then be chosen for production with a budget of €100,000 each. Submissions for Céim Eile scheme are required to have fluent Irish speakers whilst supporting a diversity of talent from different backgrounds and communities. Applicants must form a partnership with an experienced production company as part of the submission with the means to bring the film to fruition both in development and production stages
A Scripted Short Film Initiative Tús 2022 was also announced today. The aim of this joint initiative, ‘Tús’ (meaning start) is to encourage, nurture and promote original drama in the Irish language and to support diverse creative voices le Gaeilge at an early stage in their careers. The scheme aims to develop drama shorts between 10 and 12 minutes in duration.
Ten ideas will be shortlisted in Tús 2022 and will each receive development fee of €3,000. Three of those shortlisted will be produced with a budget of €30,000 each.
A factual shorts initiative was also announced today by TG4, Screen Ireland and Northern Ireland Screen to develop creative, ambitious Irish language documentaries for festival release, broadcast, and digital platforms. The fund will support the development of 8 documentary projects (10’ approx. each) and 6 x circa 25-minute documentaries with a view to funding the production of 3 x 10’ shorts and 3 x 25’ tv documentaries. A total investment of €187,000 is available for the scheme.
Mary Ellen Ní Chualáin, Commissioning Manager TG4 said:
"TG4 is committed to supporting Irish creative talent to produce compelling and contemporary stories in the Irish language. We want to see more Irish language content screened at festivals and theatrical releases, as well as being available on TG4 and on TG4’s player worldwide. This is an opportunity to support & develop new creative projects.”
Andrew Byrne, Television, Screen Ireland said:
“Following our investment in Irish Language tv series development last year, we are delighted to further support new and emerging Irish Language voices and a diversity of talent. These new initiatives allow a range of opportunity and for all audiences to be reached with authentic, ambitious and contemporary stories. Separately, the investment in Irish Language documentary shorts further highlights our ambition in this genre, echoing our broader policy of investing in a variety of story-telling opportunities that reach local and international audiences across all platforms”.
Aine Walsh, Head of Northern Ireland Screen’s Irish Language Broadcast Fund, said:
“Developing skills within the Irish speaking production sector has always been an integral part of the Irish Language Broadcast Fund and we are delighted to be partnering with TG4 and Fís Éireann on this initiative which will give new and emerging talent the opportunity to develop and produce short dramas and documentaries. We are excited to see what new and wonderful stories and talent will emerge from this partnership.”
These new schemes follow in the enormous success of Cine4, the feature film scheme from TG4, Screen Ireland and the BAI and the TV Drama Development scheme in which five television contemporary drama projects have been selected for development.
More details are available on TG4's website.
TG4, Ardán and Galway City of Film also announced today the inaugural TG4 / Ardán Short Documentary Film / Gearrscannán Funding Awards.
Two teams will be awarded funding to produce and deliver a Short Film Documentary as Gaeilge. This award is open to filmmaking teams from Galway City and County and/or films produced in Galway City and County.
The Irish language bursary is aimed at emerging / intermediate filmmakers, who have delivered more than two documentaries to date. Successful applicants will be given a bursary of €15,000 to help make a short documentary of between 10 and 19 minutes in duration.
More details available on TG4's website.
Alan Duggan, CEO Ardán said:
“Tá muid fíor bhuíoch an scéim Ceanntar Scannán seo a bhunú le TG4 i mbliana. The UNESCO City of Film / Ceanntar Scannán designation for Galway City and County recognises our long heritage of film and tv production and we are delighted to continue this great tradition in the Irish language with this year's Ardán / TG4 Short documentary film bursary.”
___
Tá Raon Scéimeanna nua Maoinithe fógartha ag TG4 i gcomhar le Fís Éireann agus Scáileán Thuaisceart Éireann chun infhei
Tá áthas ar TG4, Fís Éireann agus Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann a fhógairt inniu ag Fleadh Scannán na Gaillimhe go bhfuil siad tagtha le chéile chun tacú le raon cistí nua forbartha Gaeilge, atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt do dhaoine nua cumasacha atá ag teacht chun cinn.
Tá Céim Eile dírithe ar dhrámaíocht teilifíse réamhscriptithe a fhorbairt, tacóidh Tús le gearrscannánóirí agus tá scéim nua fhíorasach gearrscannáin ar na bacáin chomh maith.
I scéim phíolótach ar leith, Céim Eile, cuirfear fáilte roimh iarratais lena bhforbairt do dhrámaí réamhscriptithe i gcomhair eipeasóid aonair 30 nóiméad le hinfheistíocht €420,000 i gceist. Cuirfear ocht dtionscadal ar ghearrliosta le ciste forbartha de €15,000 an ceann. Roghnófar trí thionscadal ansin le dul i mbun léiriúcháin a mbeidh buiséad €100,000 an ceann i gceist. Ní mór cainteoirí líofa Gaeilge a bheith páirteach in aighneachtaí don scéim Céim Eile fad a thacaítear le héagsúlacht daoine cumasacha ó chúlraí agus pobail éagsúla. Ní mór d’iarratasóirí dul i mbun comhpháirtíochta le comhlacht léiriúcháin a bhfuil taithí aige mar chuid den aighneacht chun bheith ábalta an scannán a thabhairt chun críche i gcéim forbartha agus i gcéim léiriúcháin araon.
Tá tionscnamh réamhscriptithe gearrscannáin, Tús 2022, fógartha freisin inniu. Is é aidhm an chomhthionscnaimh ‘Tús’ ná drámaíocht nua Ghaeilge a spreagadh, a chothú agus a chur chun cinn agus chun tacú le guthanna éagsúla cruthaitheacha a bhfuil Gaeilge acu ag tús a ngairmeacha. Tá an scéim dírithe ar ghearrdhrámaí idir 10 agus 12 nóiméad ar fad a fhorbairt.
Cuirfear deich smaoineamh ar ghearrliosta i dTús 2022 agus gheobhaidh gach ceann díobh táille forbartha €3,000. Déanfar trí cinn díobh sin ón ngearrliosta a léiriú agus buiséad €30,000 an ceann i gceist.
D’fhógair TG4, Fís Éireann agus Scáileán Thuaisceart Éireann tionscnamh fíorasach gearrscannáin inniu freisin chun cláracha faisnéise Gaeilge atá cruthaitheach agus uaillmhianach a fhorbairt le haghaidh eisiúint ag féilte, craolacháin agus ardáin dhigiteacha. Tacóidh an ciste le 8 dtionscadal faisnéise (tuairim is 10’ an ceann) agus tuairim is 6 x clár faisnéise atá 25 nóiméad ar fad a fhorbairt le maoiniú a chur ar fáil chun 3 x 10’ gearrscannán agus 3 x 25’ clár faisnéise teilifíse a léiriú. Tá infheistíocht iomlán €187,000 ar fáil don scéim.
Dúirt Mary Ellen Ní Chualáin, Bainisteoir Coimisiúnaithe TG4:
“Tá TG4 tiomanta do thacú le daoine cumasacha cruthaitheacha as Éirinn chun scéalta spéisiúla agus comhaimseartha Gaeilge a léiriú. Tá muid ag iarraidh níos mó ábhair Ghaeilge a fheiceáil ar an scáileán ag féilte agus ag eisiúintí amharclainne, chomh maith leis an ábhar sin a bheith ar fáil ar TG4 agus ar Sheinnteoir TG4 ar fud an domhain. Is deis é seo chun tacú le tionscadail nua chruthaitheacha agus iad a fhorbairt.”
Dúirt Andrew Byrne, Teilifís, Fís Éireann:
“I ndiaidh dúinn infheistíocht a dhéanamh i bhforbairt sraitheanna teilifíse Gaeilge anuraidh, tá ríméad orainn tacú tuilleadh le guthanna Gaeilge nua atá ag teacht chun cinn agus le héagsúlacht daoine cumasacha. Leis na tionscnaimh nua sin, beifear ábalta raon deiseanna a bhaint amach agus beifear ábalta dul i gcion ar an lucht féachana ar fad le scéalta barántúla, uaillmhianacha agus comhaimseartha. Is léiriú freisin é an infheistíocht i ngearrscannáin faisnéise Ghaeilge ar uaillmhian Fís Éireann sa seánra seo, a thugann ár mbeartas níos leithne le fios arís, is é sin infheistíocht a dhéanamh i ndeiseanna éagsúla seanchais a théann i gcion ar lucht spéise áitiúil agus idirnáisiúnta thar gach ardán”.
Dúirt Áine Walsh, Ceann ILBF, Scáileán Thuaisceart Éireann:
“Ba chuid lárnach riamh de Chiste Craoltóireachta na Gaeilge é scileanna a fhorbairt san earnáil léiriúcháin Ghaeilge agus tá an-áthas orainn i gcomhpháirt le TG4 agus le Fis Éireann an tionscnamh seo a thabharfaidh deis do thalann nua forbairt agus léiriú a dhéanamh ar dhrámaí agus cláir faisnéise. Tá sceitimíní orainn a fheiceáil cad iad na scéalta agus tallann nua iontach a éireoidh as an gcomhpháirtíocht seo.”
Tagann na scéimeanna nua seo sna sála ar an rath ollmhór a bhí ag Cine4, scéim fadscannáin TG4, Fís Éireann agus an BAI, agus an scéim Forbartha Drámaíochta Teilifíse ina bhfuil cúig thionscadal drámaíochta teilifíse comhaimseartha roghnaithe le go ndéanfar forbairt orthu.
Tá tuilleadh sonraí ar fáil ag TG4.
D’fhógair TG4, Ardán agus Cathair Scannánaíochta na Gaillimhe freisin inniu an chéad ghearrscannán faisnéise TG4 / Ardán / Gradaim Mhaoinithe Gearrscannán.
Bronnfar maoiniú ar dhá fhoireann chun Gearrscannán Faisnéise Gaeilge a léiriú agus a chur ar fáil. Is féidir le foirne scannánaíochta ó Chathair agus Contae na Gaillimhe agus/nó scannáin atá léirithe i gCathair agus Contae na Gaillimhe iarratas a dhéanamh ar an ngradam.
Tá an sparánacht Ghaeilge dírithe ar scannánóirí atá ag teacht chun cinn / scannánóirí idirmheánacha, a bhfuil níos mó ná dhá chlár faisnéise curtha ar fáil acu go dtí seo. Tabharfar sparánacht €15,000 d’iarratasóirí ar éirigh leo chun cuidiú leo gearrchlár faisnéise idir 10 agus 19 nóiméad ar fad a dhéanamh.
Is féidir tuilleadh sonraí a fháil anseo.
Is éard a dúirt Alan Duggan, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Ardán:
“Tá muid fíorbhuíoch an scéim, Ceantar Scannán, seo a bhunú le TG4 i mbliana. Tugann ceapadh Cheantar Scannán UNESCO do Chathair agus Contae na Gaillimhe aitheantas d’oidhreacht fhada an cheantair i dtaobh cúrsaí scannánaíochta agus léiriúcháin teilifíse agus tá ríméad orainn leanúint leis an traidisiún iontach seo i nGaeilge le sparánacht gearrscannáin faisnéise Ardán / TG4 na bliana seo."
Media Contacts / Teagmháil do na Meáin
TG4: Deirdre Ní Choistín | Bainisteoir Cumarsáide | deirdre.ni.choistin@tg4.ie | +86145327
Fís Éireann: Louise Ryan | Marketing and Communications Manager | louise.ryan@screenireland.ie | +353 1 6451536