Hit enter to search or ESC to close

Cuireann Fís Éireann réimse leathan cláir chistiúcháin léirithe ar fáil chun ardleibhéal gníomhaíochta léirithe a chumasú agus a spreagadh san earnáil scannáin, theilifíse agus bheochana. Is féidir tuiilleadh sonraí faoi na cláir seo agus faoi iarratas a dhéanamh a fháil thíos. Do cheist ar bith nach bhfreagraítear sa cháipéise seo gabh i dteagmháil leis an Chomhordaitheoir Léirithe agus Forbartha más é do thoil é. Féach ar Rannán Áiseanna Léiritheoirí ar láithreán gréasáin Fís Éireann freisin le haghaidh doiciméad úsáideach eile agus eolais más é do thoil é.

Treoirphrionsabail

Maidir le measúnú agus cinní Fís Éireann i dtaobh le cúsraí maoinithe de, treoraíonn factóirí iad seo ina áirítear fiúntais eagarthóireachta agus chruthaitheachta mar aon le roinnt ceisteanna infheistíochta tábhachtacha.

Tá ár bprionsabail mheasúnaithe roinnte faoi na ceannteidil a leanas:

  • Fís Chruthaitheach
  • Forbairt Thallainne
  • Teacht ar Luchtanna Féachana
  • Cultúr & Breisíocht
  • Fás Tionscail & Uaillmhian Chruthaitheach

Fís Chruthaitheach

Tacaíonn Fís Éireann le soláthar saothar closamhairc ardchaighdeáin. Táimid tiomanta do mhaoiniú tograí atá ar luach méadaithe don mhargadh intíre agus idirnáisiúnta, a léiríonn ár láidreacht féiniúlachta, cruthaitheachta agus scéalaíochta ar dhóigh shoiléir, chumhachtach, bharántúil.

Beidh ár gcéad mhachnamh i dtaobh le tacaíocht chiste a thabhairt do thogra bunaithe ar na spriocanna eagarthóireachta a leanas:

  1. Grinneas Físe
  2. Inchreidteacht & Úrnuacht

Ní mór do gach togra a aidhmeanna agus spriocanna a léiriú go soiléir agus conas mar a bheidh sé i gceist aige na spriocanna seo a bhaint amach nó conas mar a baineadh amach cheana iad (maidir le cistiú forbartha de).

Grinneas Físe

Is fearr moltaí cistithe a bheidh soiléir agus achomair i dtaobh lena n-iarratais de, a léireoidh an deis go díreach agus a leagfaidh amach an chonair chun tosaigh i dtaobh leis an mholadh chruthaitheach agus lena aistear. Is féidir grinneas a bhaint amach trí scrúdú mion a dhéanamh ar ní amháin an moladh leathan agus an cur i láthair ach ar dheimhniú go léireofar an domhan cruthaitheach, na carachtair agus téamaí leathana aon aighneacht go soiléir lastigh den mholadh. Cé go mbeidh scóip i gcomhair forbairt leanúnach, beidh ar iarratais Léirithe a bheith go hiomlán cruthaithe, agus go dtuigfear agus go measfar bunchruth na n-eilimintí cruthaitheacha thuasluaite. I gcás Forbairt, cé nach mbeidh cuid de na heilimintí seo lánfhorbartha, ní mór do léiriú intinne agus cur chuige soiléir a bheith ar fáil.

Inchreidteacht & Úrnuacht

Díreofar cistiú Fís Éireann i dtreo tograí a mbeidh aidhmeanna iontaofa agus úrnua acu, a dheimhneoidh saothair chruthaitheacha ardchaighdeán, trí thallanna scríbhneoirí, stiúrthóirí, léiritheoirí agus bunphearsanra eile de chuid na hÉireann.

I gcroílár chistiú Fís Éireann is í tacaíocht scéalaíochta atá úr, uaillmhianach agus barántúil a chuirfidh dearcadh nua ar fáil agus a thiomáinfidh ciall agus tuiscint dhifriúil ar scáileán. Cruthaíonn sí seo deiseanna chun réimse leathan insintí éagsúla tallannthiomáinte a chur chun tosaigh a rachaidh i bhfeidhm ar luchtanna féachana mar gheall ar a nguthanna sainiúla iontaofa ó nádúr, a leagfaidh GDL(USP) ar leith amach i ndeireadh na dála.

Beidh cinní cistithe chun tairbhe na dtallann cruthaitheach siúd a thabharfaidh dearcadh sainiúil láidir ar an domhain chuig an scáileán, agus a chruthóidh saothair a thabharfaidh cur chuige nua agus/nó athbheochanta chuig an eispéireas sin.

Ní chiallaíonn na riachtanais seo go seachnófar foirmeacha nó seánraí reatha, ach ina ionad sin go mbeidh cur chuige úr agus smaointe nua ag na scríbhneoirí, stiúrthóirí agus léiritheoirí Éireannacha a dtacófar leo maidir leis na foirmeacha nó seánraí seo.

Toisc go bhfuil an acmhainn teoranta don mhargadh beidh ar thallann na hÉireann a bheith in ann comhoibriú le tallann ó thíortha eile ar thograí a mhaoineoidh Fís Éireann, agus leanfaidh úrnuacht de bheith ina factóir mar chuid de mheasúnú chomhthallanna na bpáirtithe go léir a bheidh páirteach.

Forbairt Thallainne

Is í forbairt thallainne na hÉireann atá i gcroílár chistiú Fís Éireann ina áirítear réimse leathan guthanna agus cúlraí éagsúla. Spreagaimid agus lorgaimid deiseanna go gníomhach chun tacú le réimse leathan léargas agus deacadh atá ag méadú trí ná tograí agus na scéalta a mhaoinímid, ag leagan sprioc infheistíochta Éireannach amach atá ionchuimsitheach agus leathan i dtéarmaí na tallainne a thacaítear léi agus a chuirtear ardán ar fáil di lena scéal a insint.

Tabharfar tús áite láidir d’aighneachtaí:

  • a thosaigh in Éirinn ó thaobh cruthaitheachta de; sé sin, gur tallanna Éireannacha a shamhlaigh, a scríobh, a léirigh agus/nó a stiúróidh iad, 
  • ina mbeidh tallann Éireannach nua, éiritheach agus éagsúil i mbunróil chruthaitheacha, i.e. stiúrthóir, scríbhneoir, léiritheoir, cumadóir, príomhaisteoir agus ceannairí eile rannóga.

Teacht ar Luchtanna Féachana

Tá fócas Fís Éireann ag méadú ar dheimhniú go mbeidh cinní cistithe i bhfách le tograí a bheidh dírithe go soiléir ar lucht féachana cuí.

Ní chiallaíonn sé seo nach bhfuil suim ag Fís Éireann ach i dtacaíocht a sholáthar d’ábhar a mbeidh dóchúlacht thráchtála ann ach ina ionad sin go mbeidh sí sásta tograí a mheas a bheidh tarraingteach do speictream leathan luchtanna féachana, bíodh siad brabúsach, ó thithe ealaíne, ina bhfreastalaithe féilte nó trasardáin srl.

Cuirfear béim ar leith ar acmhainn thogra chun dul i bhfeidhm ar a lucht féachana beartaithe, mar aon le cur chuige agus scála pleanáilte an togra. Ní mór do dheis shoiléir do lucht féachana a bheith ann agus a bheith léirithe mar chuid de gach moladh aonair a mbeidh fócas ann dul i bhfeidhm ar phobail nua agus éagsúla agus ar speictream leathan suimeanna.

Cultúr & Breisíocht

Le bheith i gcomhréir lena sainchúram Rialtais agus le bheith freagrach do riachtanais thionscal léirithe chlosamharc na hÉireann measann Fís Éireann gur tosaíochtaí soiléire tograí áirithe dá cuid cistithe i dtéarmaí a n-ábhar, a bhfoinsí nó a dtairbhí don tionscal.

Cultúr

Leagann Fís Éireann tábhacht méadaithe ar thograí agus ar aighneachtaí a thugann léargas cultúrtha agus ina bhfuil dearcaidh Éireannacha uathúla. Aithnítear mar chuid dár n-athbhreithniú iarratais a thugann deiseanna breise ár gcultúr agus ár dtraidisiúin shaibhre a léiriú agus tá sí mar aidhm againn a chinntiú go dtacófar le speictream téamaí traidisiúnta agus comhaimseartha agus ábhair Éireannacha mar chuid dár gcistiú. Ina measc anseo tá ábhar a dhíríonn ar oidhreacht na hÉireann, Pobail ilchineálacha agus Tírdhreach agus a bhfuil baint chomhaimseartha do léargas agus stair na hÉireann ann.

Tabharfar tús áite láidir d’aighneachtaí:

  • a inseoidh scéalta Éireannacha a bheidh bunaithe ar agus a léireoidh cultúr, stair, modh maireachtála na hÉireann, a dearcadh ar an tsaol agus uirthi féin;
  • a dhéanfar go hiomlán nó go príomha as Gaeilge.
Breisíocht

Is réasúnaíocht riachtanach í le hairgead poiblí a sholáthar do thionscal gur chóir dó gníomhaíocht a chruthú nach dtarlódh achab é, i.e. nach spreagfadh an margadh as féin. Fágann sé sin gur chóir gurbh iad na saothair chlosamhairc a dtabharfadh Fís Éireann tacaíocht airgid dóibh na cinn nach ndéanfaí, nó nach ndéanfaí leis an leibhéal chéanna tairbhe d’Éirinn, gan an tacaíocht ó Fís Éireann. Cuireann a leithéid de shaothair chlosamhairc agus na tairbhí a shíolraíonn uathu gníomhaíocht gheilleagrach ‘bhreise’ ar fáil.

Ní chiallaíonn sé seo nach bhfuil suim ag Fís Éireann ach i dtacaíocht a sholáthar in ábhar a mbeidh dóchúlacht thráchtála theoranta ann. Tá neart fianaise inár stair chlosamhairc le léiriú gur minic gur tograí ceannródaíocha na tionscadail rathúla. Tabharfaidh Fís Éireann tacaíocht fhuinniúil do léiritheoirí a léireoidh mian le rath margaíochta a bhaint amach agus do thograí a léireoidh tuiscint ar an mhargadh ach ag an am céanna a thabharfaidh dúshlán do dhearcaidh reatha a bhfuil áit an mhargaidh ag súil leis.

Fás Tionscail & Uaillmhian Chruthaitheach

Tacaíonn Fís Éireann freisin le hinfheistíochtaí a chuireann treocht fháis mhéadaithe ar fáil d’Earnáil Chlosamhairc na hÉireann, ag baint nuálaíocht bhreise amach i scéalaíocht chruthaitheach, ag díriú ar dheiseanna áitiúla agus idirnáisiúnta agus ag tógáil léiritheoirí cruthaitheacha, tallann agus tionscal níos leithne ar scála níos mó trí chomhpháirtíocht idirnáisiúnta agus feiceálacht mhéadaithe, le linn dóibh a bheith ag tacú le fostaíocht leanúnach agus caiteachas i ngeilleagar na hÉireann freisin.

Tabharfar aird dháiríre ar aighneachtaí:

  • a mholfaidh togra fíor-Éireannach (maidir le suíomh, carachtair, srl.) a mbeidh infheistíocht idirnáisiúnta aige agus ar chomhpháirtíocht é idir tallann Éireannach agus siúd nach Éireannaigh iad.
  • a mbeidh léiritheoir Éireannach páirteach ann mar chomhléiritheoir mionlaigh nuair a bheidh (a) Fís Éireann cinnte de cháilíocht an togra agus (b) méid infheistíochta Fís Éireann ag teacht le leibhéal rannpháirteachais pearsanra, eilimintí (siút, iarléiriú, srl.) agus áiseanna Éireannacha sa togra.

Beidh Fís Éireann faireach i gcónaí le cinntiú go gcaithfear méid ard infheistíocht ar bith ar phearsanra Éireannach agus sa tionscal Éireannach, agus is é is dóiche go mbeidh tionchar díreach ar ghné seo aighneachta ar chinneadh dheimhnitheach.

Déanfar machnamh breise freisin maidir le:

Dea-theist an Léiritheora
  • Ar bhainistigh agus ar sholáthraigh an léiritheoir saothair chlosamhairc ar dhóigh phroifisiúnta agus éifeachtach roimhe?
  • An raibh taithí dheimhneach roimh ré ag Fís Éireann nuair a bhíothas ag plé leis an léiritheoir agus leis an fhoireann chruthaitheach?
  • I gcomhléiriú, an bhfuil dea-theisteanna proifisiúnta ag na léiritheoirí nach Éireannaigh iad?
Fostaíocht Éireannach
  • An bhfostófar pearsanra Éireannach sna bunróil chruthaitheacha agus theicniúla?
  • I gcomhléiriú, an bhfuil comhréir na ngnéithe seo oiriúnach?
  • An gcuirfidh an léiriú fostaíocht ar fáil do phearsanra Éireannach trasna gach grád a bheidh ar fáil?
Caiteachas i ngeilleagar na hÉireann
  • An ndéanfar an saothar i bPoblacht na hÉireann? 
  • An mbainfidh an togra an-chuid úsáid as áiseanna léirithe agus iarléirithe in Éirinn?
  • An meallfaidh an togra infheistíocht isteach i ngeilleagar na hÉireann?
Díolacháin agus Dáileadh
  • An bhfuil sprioc maidir le díolacháin idirnáisiúnta don scannán nó don tsraith theilifíse?
  • An bhfuil dáileoir ceangailte leis an togra?
  • An bhfuil aon ghníomhairí díolacháin, dáileoirí nó craoltóirí ag cur airgeadais léirithe ar fáil?
Struchtúr Airgeadais
  • An bhfuil comhairgeadaithe molta an scánnáin nó an chláir theilifíse iontaofa?
  • An ligfidh na socruithe airgeadais do Fís Éireann cur chuige aisghabhála réasúnta a shocrú?
  • An mbeidh trédhearcacht chuntasaíochta réasúnta ann i dtaobh le hioncaim dhíolacháin, m.sh. trí úsáid ghníomhaire bhailiúcháin?

Nóta Breise: Tá critéir ar leith dá gcuid féin ag roinnt clár cistithe de chuid Fís Éireann agus ní gá go mbeadh siad faoi smacht ag na prionsabail go léir atá leagtha amach thuas.

DÁILEADH CINEAMA

Cuirtear Tacaíocht Dháileacháin ar fáil do dháileoirí Éireannacha le haghaidh scannán ar thacaigh Fís Éireann leo a léiríonn go bhfeabhsóidh maoiniú ó Fís Éireann bolscaireacht scannáin i margadh na hÉireann. Soláthraítear Tacaíocht Dháiliúcháin/Thaispeántais Dhíreach do léiritheoirí Éireannacha chun cuidiú le díol as costais eisiúna amharclannaíochta teoranta in Éirinn (Tuaisceart na hÉireann san áireamh) do scannáin lánfhada atá ag fáil maoiniú léiriúcháin Fís Éireann cheana féin nach raibh in ann dáileadh amharclannaíochta oiriúnach a aimsiú trí chomhlacht dháileacháin Éireannach bona fide ach a bhfuil acmhainn shoiléir iontu luchtanna féachana Éireannacha a mhealladh agus dul i bhfeidhm orthu.

Forléargas ar Chistiú Forbartha

Cuireann Fís Éireann/Screen Ireland (Fís Éireann) iasachtaí ar fáil chun cúnamh le léiriú tograí trí na scéimeanna a leanas.

IASACHT LEIBHÉAL CISTITHE ATÁ AR FÁIL CÉ ATÁ INCHÁILITHE LE CUR ISTEACH AIR TOGRAÍ INCHÁILITHE
Scannán Lánfhada

Suas le huasmhéid €75,000

Suas le huasmhéid €125,000 nuair atá maoiniú meaitseála ar fáil

Foirne Léiritheoir(í), Scríbhneoir(í) agus Stiúrthóir(í) Éireannach(a) (más cuí) Scannáin Lánfhada Bheo-aicsin nó Bheochana
Script Scannáin:Tallann Bhunaithe

Suas le €15,000 le haghaidh duine aonair

Suas le €20,000 le haghaidh beirte nó níos mó

Scríbhneoirí aonair, Scríbhneoir/Stiúrthóirí, Foirne Scríbhneoir(í) agus Stiúrthóir(í) a bhfuil creidiúint scannáin lánfhada léirithe nó creidiúint scríbhneoireachta dhráma theilifíse aige/acu.

Ní mór do na scríbhneoirí agus Stiúrthoirí uilig a bheith ina gcónaí agus/nó gur rugadh i bPoblacht na hÉireann iad.

Scannáin Lánfhada Bheo-aicsin nó Bheochana
Cláir Fhaisnéise

Suas le huasmhéid €15,000 ag an chéad chéim.

Suas le huasmhéid €10,000 ag an dara céim.

Foirne Léiritheoir(í), Scríbhneoir(í) agus Stiúrthóir(í) Éireannach(a) (más cuí) Cláir Fháisnéise nó Sraith Fhaisnéise Lánfhada Chineamatacha
Beochan Teilifíse Suas le huasmhéid €30,000 Foirne Léiritheoir(í), Scríbhneoir(í) agus Stiúrthóir(í) Éireannach(a) (más cuí) Sraith Theilifíse Bheochana no ceann singil
Drámaíocht Theilifíse

Suas le huasmhéid €25,000 ag an chéad chéim. Suas le huasmhéid breise €20,000 ag an dara céim.

Suas le huasmhéid €100,000 nuair atá maoiniú meaitseála ar fáil.

Foirne Léiritheoir(í), Scríbhneoir(í) agus Stiúrthóir(í) Éireannach(a) (más cuí) Sraith Dhrámaíochta Theilifíse

Rialacháin & Teorainneacha

Tá méid an mhaoinithe gur féidir le Fís Éireann bronnadh ar iarratasóirí faoi chuid mhaith de na cláir seo faoi theorainn rialacháin a aontaítear le Rialtas na hÉireann nó atá leagtha amach ag an Choimisiún Eorpach.

Teorainneacha Cistithe Forbartha

I dtaobh le cistiú forbartha, tá teorainneacha ar an mhéid is féidir le Fís Éireann a sholáthar do thograí de bhun rialacháin rialtais na hÉireann agus a chuireann Fís Éireann i bhfeidhm mar a leanas:

  • Is é uasmhéid cistithe forbartha is féidir le Fís Éireann a sholáthar d’aon togra amháin €125,000.
  • Ní mór méid ar bith atá thar €75,000 de mhaoiniú forbartha ó Fhís Éireann d’aon togra amháin a bheith cómhaoinithe ó fhoinsí eile.

Ba chóir d’iarratasóirí tabhairt faoi deara gur dóiche go dtairgfear sparánachtaí a bheidh go suntasach níos lú ná an t-uasmhéid de bharr an bhrú atá ar áiseanna Fís Éireann.

Aisíocaíocht

Caithfidh iasachtaí forbartha Fís Éireann a chur san áireamh mar mhír líne i mbuiséad an léirithe, agus ní mór aisíoc a dhéanamh ina iomlán um chéad lá na príomhscannánaíochta nó na príomhlíníochta beochana iomláine.

Cúinsí Eisceachtúla

Tabhair do d’aire go bhféadfadh na teorainneacha maoinithe uilig thuasluaite athrú sa chás go mbeadh cúinsí eisceachtúla ar fad i gceist i dtaobh le togra ar leith. Beidh Fís Éireann ag teastáil lena leithéid de chúinsí eisceachtúla ar fad a bheith leagtha amach go mion i scríbhinn le hiarratas ar bith. Ag cuimhniú ar leibhéil na sriantachtaí buiséid atá ann faoi láthair, níltear ag tnúth go nglacfaidh Fís Éireann le haon chúinsí eisceachtúla ar fad taobh istigh d’achar gearr.

Spriocdhátaí Iarratais Atá Ag Teacht Aníos

Is iad seo a leanas na dátaí deiridh a nglacfar le hiarratais chistithe fhorbartha i 2026. Dúnfaidh an tairseach iarratas ar 1in ar lá an spríocdháta mura léireofar a mhalairt ar an fhoirm iarratais. Ní ghlacfar le hiarratais a bheidh neamhiomlán nó déanach. De ghnáth déanfar socruithe taobh istigh de 12 sheachtain ón spriocdháta aighneachta.

Spriocdhátaí Iarratais Fhorbartha 2026

  • Dé Luain  26 Eanáir ar 1in
  • Dé Luain 30 Dé Luain ar 1in
  • Dé Luain 25 Bealtaine ar 1in
  • Dé Luain 7 Meán Fómhair ar 1in

NÍL réamhphlé le ball na foirne Léirithe agus Forbartha riachtanach chun iarratas a dhéanamh ar chistiú fhorbartha.

Ag Déanamh Iarratais

Lean an nasc seo le do thoil chuig an Córas Iarratais Ar Líne chun iarratas a dhéanamh. Má bheidh fadhb ar bith agat, seol ríomhphost chuig technicalsupport@screenireland.ie le do thoil 24 huaire ar a laghad roimh dhúnadh an sprioc-ama le cinntiú go mbeidh tréan ama ar fáil chun aon cheist a réiteach.

Ní ghlacfar le haon aighneacht a mheasfar a bheith neamhiomlán, drochullmhaithe, déanach nó déanta go neamhéifeachtach. Ní ghlacfar le hábhar breise tar éis an spriocdháta iarratais agus ní chuirfear san áireamh é nuair a dhéanfar machnamh ar an iarratas, ach amháin sa chás gur ball na foirne Léirithe agus Forbartha a d’iarr a leithéid d’ábhar go sonrach.

Ní mheasfaidh Fís Éireann togra a chuirfear isteach ar chlár chistithe ach dhá uair – má theipfidh ar iarratas i ndiaidh an dara aighneachta, ní bheidh sé incháilithe níos mó don chlár chistithe sin. Má bheidh tú ag pleanáil le hathiarratas a dhéanamh ar son an togra ar dhiúltaigh Fís Éireann cistiú forbartha dó roimhe, ní mór duit míniú conas mar a d’athraigh an togra ó cuireadh isteach roimhe é bíodh sin go cruthaitheach agus/nó maidir le foireann an togra atá san iarratas.

Próiseas Iarratais Cistithe Forbartha

Déanfaidh duine den fhoireann léiriúcháin agus forbartha measúnú ar gach tionscadal a chuirfear isteach. Féadfaidh comhaltaí ó Rannóg um Ghnóthaí Gnó, an Rannóg Dáileacháin agus rannóga eile a bheith san áireamh sa chruinniú seo freisin de réir mar is gá agus beidh an Príomhfheidhmeannach nó a ainmní ina chathaoirleach air.

Déantar na cinntí maoinithe maidir le maoiniú forbartha suas le €75,000 i gcruinniú Forbartha agus déanann Bord Fhís Éireann iad a dhaingniú ag an gcruinniú boird seo. Ceadóidh Bord Fhís Éireann na cinntí maoinithe maidir le maoiniú forbartha os cionn €75,000 sa chruinniú boird seo, de réir na moltaí na Foirne Léiriúcháin, Forbartha agus Dáileacháin.

Cuirfear gach iarratasóir ar an eolas faoi na cinntí deiridh nuair a dheimhnítear iad. Caithfidh na hiarratasóirí teagmháil a dhéanamh leis an gComhordaitheoir um Chúrsaí Dlí agus Gnó laistigh de dhá sheachtain tar éis an tairiscint seo a fháil. Mura dtugann an t iarratasóir aon fhreagairt, cuirfear deireadh leis an tionscadal agus beidh iarratas iomlán eile ag teastáil.

Is féidir leis na hiarratasóirí aiseolas a iarraidh ach teagmháil a dhéanamh le Development@screenireland.ie. Seolfar paragraf aiseolais chuig na hiarratasóirí ansin ina leagfar amach na cúiseanna leis an gcinneadh seo. Níl Fís Éireann in ann aiseolas don duine aonair a chur ar fáil faoi thionscadail nár éirigh leo lasmuigh den aiseolas sin.

Treoir Iarratais ar Chistiú Fhorbartha

Tá riachtanais ar leith ag gach scéim chistithe Fhorbartha a chaithfidh a chomhlíonadh trí gach céim an phróisis iarratais. Athléigh na treoirlínte seo roimh gach iarratas más é do thoil é siocair gur minic a uasdátaítear iad.

CHUIMHNIGH LE DO THOIL!

  • Cuireann Fís Éireann cistiú forbartha ar fáil do thograí a dhéantar go príomha i mBéarla nó i nGaeilge, nó i meascán den dá theanga.
  • Le haghaidh iarratas cistithe Forbartha, is ionann léiritheoirí Éireannacha agus comhlachtaí léirithe neamhspleácha atá cláraithe i bPoblacht na hÉireann a bhfuil oifig agus foireann acu atá lonnaithe i bPoblacht na hÉireann. Beidh ar chomhlachtaí an cháipéisíocht chomhlachta ábhartha a bheith acu (teastas ionchorpraithe agus bunreacht an chomhlachta) chun tosaigh ar iarratas a dhéanamh. Tarraingeofar amach aon iarratais a chuirfear isteach sula bhfaighfear clárú cuideachta iomlán.
  • Ní dheimhníonn cistiú Forbartha na chéad chéime maoiniú breise níos faide ar aghaidh. Ní dheimhníonn maoiniú forbartha maoiniú Léirithe ag céim níos déanaí ach an oiread.
  • Ba chóir d’iarrthóirí tabhairt faoi deara gur dóiche go dtairgfear sparánachtaí a bheidh go suntasach níos lú ná na huasmhéideanna de bharr an bhrú atá ar áiseanna Fís Éireann.
  • Cinntigh le do thoil go mbeidh Prionsabail agus Critéir Fís Éireann léite agat sula gcuirfear iarratas isteach ar lorg maoinithe.
  • Léigh na Treoirnótaí d’Iarratais Ghinearálta le do thoil le haghaidh nod ar an chaoi is fearr le d’iarratas a chur i láthair in iarratas Forbartha.

Treoir ar an Bhosca Ghlasáilte Fhorbartha – Treoirscéim

Tá Fís Éireann ag reáchtáil córais úire Fhorbartha an Bhosca Ghlasáilte ar bhonn píolótach a bhainfidh i dtosach le híocaíochtaí forbartha do Scannáin Lánfhada Éireannacha.

Cé go mbeidh aisíocaíocht a cistithe forbartha Scannán Lánfhada na hÉireann de dhíobháil fós ar Fís Éireann mar is gnách, deimhneoidh an córas nua seo Bosca Glasáilte Forbartha, i gcás a thug Fís Éireann Cistiú Forbartha Scannán Lánfhada na hÉireann do thogra ar bith, go rachaidh an togra sin ar aghaidh go dtí an chéim léirithe agus go n-aisíocfar an ciste forbartha do Fís Éireann, go gcoinneoidh Fís Éireann an t-airgead seo faoi ‘chuntas’ an léiritheora agus go n-úsáidfidh an léiritheoir é le tograí incháilithe nua a fhorbairt, i gcónaí faoi réir uasmhéide leithdháilte €75,000 in aghaidh an togra (“Cistiú an Bhosca Ghlasáilte”).

Chun leas a bhaint as Cistiú an Bhosca Ghlasáilte caithfidh an léiritheoir Foirm Iarratais an Bhosca Ghlasáilte Fhorbartha a líonadh agus a chur isteach, a bhfuil cóip di ar fáil ach á iarraidh. Níl cead ag aon pháirtí eile diomaite den léiritheoir éileamh a dhéanamh faoi chóras an Bhosca Ghlasáilte Fhorbartha.

Caithfidh an léiritheoir buiséad agus plean airgeadais (i dteimpléid Fís Éireann) a chur ar fáil do Fís Éireann d’fhorbairt an togra nua incháilithe atá molta, ina mbeidh na sonraí ag brath ar chineálacha agus ar réimse na ngníomhaíochtaí molta. Nuair a fhormheasfar é íocfar an maoiniú ar fháil sonraisc bailí agus sonraí imréitigh cánach. 

Ní cheadaítear Cistiú an Bhosca Ghlasáilte a shannadh nó a choinneáil siar nó a aistriú ar chaoi ar bith eile go dtí aon tríú páirtí. Ní féidir Cistiú an Bhosca Ghlasáilte a úsáid chun caiteachas a athmhaoiniú a thabhaigh an léiritheoir nó aon duine eile a bhfuil baint aige leis an léiritheoir. The Locked Box Funding should be re-invested into the development of new Irish feature (film) projects within 24 months of the loan repayment date. Ba chóir Cistiú an Bhosca Ghlasáilte a athinfheistiú i bhforbairt tograí scannán lánfhada nua de chuid na hÉireann taobh istigh de 24 mhí ón dáta a aisíocfar an iasacht.

Forbairt Scannáin Lánfhada

Tograí Incháilithe: Scannáin Lánfhada Bheo-aicsin nó Bheochana.

LEIBHÉAL CISTITHE ATÁ AR FÁIL: Uasmhéid €75,000 gan maoiniú meaitseála. Uasmhéid €125,000 le maoiniú meaitseála ó tríú páirtí ó fhoinsí eile.

Obair Le Cur I gCrích: Is féidir cistiú a lorg le mionléiriú mionsonraithe a fhorbairt, le céad dréacht na scripte scannáin a fhorbairt nó an dá rud.

Cé Is Féidir Iarratas a Dhéanamh: Léiritheoirí Éireannacha a bhfuil togra scannáin lánfhada acu ar mhian leo a fhorbairt, a bhfuil teacht soiléir acu ar na cearta riachtanacha d’aon ábhar a bheidh le cur in oiriúint don scáileán, agus a bhfuil comhaontú acu (i bprionsabal ar a laghad) leis an scríbhneoir scripte ar mhian leo a choimisiúnú. Is féidir gealltanas stiúrthóra iarratas a threisiú ach níl sé riachtanach i dtosach báire. Is í aidhm na scéime cistithe seo tacú le tallann Éireannach agus béim ar scéalta an-Éireannach.

Riachtanais Iarratais:

  • Líne Mhínithe
  • Achoimre Ghearr (500 focal ar a mhéid.)
  • Achoimre Mhionsonraithe (1-2 leathanach amháin) ag cur síos ar an scéal iomlán.
  • Nuair nach bhfuil script ann cheana, cuir isteach Gearrchuntas Mionsonraithe (10 leathanach, seachas íomhánna.)
  • Nuair atá script ann cheana, cuir isteach leathanaigh scripte shamplacha (20-30 leathanach amháin.)
  • Cur síos gairid ar fhorbairtí na gcarachtar.
  • Nótaí Scríbheora/Stiúrthóra/Léiritheora.
  • Buiséad Forbartha (Tabhair do d’aire le do thoil nach bhfuil an teimpléad excel in úsáid níos mó. Líontar an buiséad amach ar an fhoirm iarratais ar líne.)
  • Fianaise ar Úinéireacht Chearta.

Forbairt Scannáin Lánfhada Breise

Tograí Incháilithe: Scannáin Lánfhada Bheo-aicsin nó Bheochana atá ag fáil maoiniú Fís Éireann cheana féin faoin chatagóir Forbairt Scannáin Lánfhada. Má tá tú ag cur togra nua isteach, féach ar na treoirlínte do Cistiú Forbartha Scannáin Lánfhada le do thoil. Má tá do thogra ag fáil cistiú lasmuigh den chatagóir Forbairt Scannáin Lánfhada (e.g. Forbairt Fheabhsaithe, Coincheap an Stiúrthóra, Cistiú Iltionscadal, Cistiú Iltionscadal na Todhchaí Cruthaithí, scéimeanna Covid-19 srl…) níl sé incháilithe don chatagóir seo ach amháin gur tugadh sparánacht roimhe faoi Forbairt Scannáin Lánfhada. Má tá tú éiginnte, gabh i dteagmháil le Development@screenireland.ie le do thoil sula gcuirfear aighneacht isteach.

Leibhéal Cistithe atá Ar Fáil: Uasmhéid €75,000 gan maoiniú meaitseála. Uasmhéid €125,000 le maoiniú meaitseála ó tríú páirtí ó fhoinsí eile.

Obair Le Cur I gCrích: Is féidir cistiú a lorg chun dara dréacht, nó dréacht ina dhiaidh sin, na scripte scannáin a fhorbairt.

Cé Is Féidir Iarratas a Dhéanamh: Léiritheoirí Éireannacha a bhfuil togra scannáin lánfhada acu a fuair cistiú Forbartha Scannáin Lánfhada cheana. Tar éis sheachadadh agus dhúnadh chéad chéim na Forbartha Scannáin Lánfhada leis na foirne Forbartha agus Cúrsaí Gnó, ba chóir aon iarratais bhreise ar chistiú Forbartha Scannáin Lánfhada a chur isteach faoin chatagóir seo. Is féidir iarratais a chur isteach ar bhonn rollach tríd an tairseach ar líne de chuid Fís Éireann.

Riachtanais Iarratais:

  • Líne Mhínithe.
  • Achoimre Ghearr (500 focal ar a mhéid.)
  • Achoimre Mhionsonraithe (1-2 leathanach amháin) ag cur síos ar an scéal iomlán.
  • Dréacht is déanaí na Scripte Scannáin.
  • Cur síos gairid ar fhorbairtí na gcarachtar.
  • Nótaí Scríbheora/Stiúrthóra/Léiritheora.
  • Buiséad Forbartha (Tabhair do d’aire le do thoil nach bhfuil an teimpléad excel in úsáid níos mó. Líontar an buiséad amach ar an fhoirm iarratais ar líne.)
  • Fianaise ar Úinéireacht Chearta.

Forbairt Bheochana Theilifíse

Tograí Incháilithe: Sraith Bheochana Theilifíse.

Leibhéal Cistithe atá Ar Fáil: Uasmhéid suas le €30,000.

Obair Le Cur I gCrích: Is féidir cistiú a iarraidh le tabhairt faoi gach obair fhorbartha scripte, choincheapa agus dhearaidh atá riachtanach chun sraith bheochana theilifíse a ullmhú i gcomhair léirithe.

Cé Is Féidir Iarratas a Dhéanamh: Léiritheoirí Éireannacha a bhfuil sraith bheochana theilifíse acu ar mhian leo a fhorbairt. Ní mór do theacht soiléir a bheith acu ar na cearta riachtanacha d’aon ábhar a bheidh le cur in oiriúint don scáileán, agus caithfidh comhaontú a fháil (i bprionsabal ar a laghad) leis an scríbhneoir scripte agus le haon tallann chruthaitheach eile ar mhian leo a choimisiúnú sula gcuirfear iarratas isteach.

Riachtanais Iarratais:

  • Líne Mhínithe.
  • Achoimre Ghearr (500 focal ar a mhéid.)
  • Bíobla Sraithe mionsonraithe agus Creatlaigh Eipeasóide san áireamh (Iarrtar an bíobla mar chuid den fhoirm iarratais anois in ionad ceangaltáin. Cinntigh le do thoil go seiceálfar an líon focal agus an leagan amach sula gcuirfear isteach é.)
  • Script(eanna) eipeasóide iomlán(a) (má tá siad ar fáil.)
  • Íomhánna Samplacha.
  • Nótaí ar fhorbairt bhreise.
  • Buiséad Forbartha (Tabhair do d’aire le do thoil nach bhfuil an teimpléad excel in úsáid níos mó. Líontar an buiséad amach ar an fhoirm iarratais ar líne.)
  • Fianaise ar Úinéireacht Chearta

Forbairt Chláir Fhaisnéise ag an Chéad Chéim

Tograí Incháilithe: Tograí faisnéise scannáin lánfhada atá beartaithe go n-eiseofar ag féilte agus/nó i bpictiúrlanna iad agus sraitheanna faisnéise atá beartaithe go gcraolfar go hidirnáisiúnta iad.

Leibhéal Cistithe atá Ar Fáil: Uasmhéid suas le €15,000 ag an chéad chéim.

Obair Le Cur I gCrích: Is féidir cistiú a iarraidh le hobair choincheapa a chruthú (táirgeadh blaisín/mealltóige réamhbhlaisidh san áireamh), taighde, agus obair scéil atá riachtanach chun scannán faisnéise lánfhada nó sraith fhaisnéise a ullmhú i gcomhair léirithe.

Cé Is Féidir Iarratas a Dhéanamh: Léiritheoirí Éireannacha a bhfuil scannán faisnéise lánfhada nó sraith fhaisnéise acu ar mhian leo a fhorbairt. Ní mór do theacht soiléir a bheith acu ar chearta riachtanacha an tsaothair nó ar aon ábhar a léireofar, nó litir spéise, nó aontú i bhfoirm dhréachta leis an stiúrthóir agus le haon rannpháirtithe sula gcuirfear iarratas isteach. Ar fhail sparánachta, ní mór do cháipéisí ceata a bheith forghníomhaithe go hiomlán, i bhfoirm fhaofa, sular féidir maoiniú a tharraingt anuas.

Riachtanais Iarratais:

  • Líne Mhínithe
  • Achoimre Ghearr (500 focal ar a mhéid)
  • Gearrchuntas Tosaigh (Iarrtar an gearrchuntas mar chuid den fhoirm iarratais anois in ionad ceangaltáin. Cinntigh le do thoil go seiceálfar an líon focal agus an leagan amach sula gcuirfear isteach é)
  • Nótaí ar fhorbairt/chur i ngníomh an togra
  • Íomhánna Samplacha (má tá siad ar fáil)
  • Buiséad Forbartha (Tabhair do d’aire le do thoil nach bhfuil an teimpléad excel in úsáid níos mó. Líontar an buiséad amach ar an fhoirm iarratais ar líne.)
  • Fianaise ar Úinéireacht Chearta

Forbairt Bhreise Scannáin Lánfhada Fhaisnéise

Tograí Incháilithe: Scannáin lánfhada lhaisnéise atá ag fáil maoiniú Fís Éireann cheana féin faoin chatagóir Forbairt Chláir Fhaisnéise na Chéad Chéime.

Leibhéal Cistithe atá Ar Fáil: Uasmhéid suas le €10,000.

Ní dheimhníonn Cistiú Forbartha na Chéad Chéime maoiniú breise níos faide ar aghaidh.

Obair Le Cur I gCrích: Má bhíonn gá leis is féidir cistiú a iarraidh le haghaidh taighde bhreise, le freastal ar chur i láthair/mhargaíocht airgeadais agus/nó chun doiciméad díolta feabhsaithe agus tréiléar a chruthú a ardaíonn an togra ón Chéad Chéim Fhorbartha le bheith réidh don mhargadh i gcomhair airgeadais agus léirithe.

Cé Is Féidir Iarratas a Dhéanamh: Léiritheoirí Éireannacha a bhfuil togra scannán faisnéise acu a fuair cistiú Forbartha Cláir Faisnéise ag an Chéad Chéim nó Cistiú Forbartha Faisnéise cheana tar éis 1 Eanáir 2023 (babhtaí cistiúcháin Dheireadh Fómhair 2022, Feabhra 2023, Aibreán 2023 agus Meitheamh 2023). Is féidir iarratais a chur isteach ar bhonn rollach trí thairseach Fís Éireann atá ar líne ach caithfidh cead a fháil i dtosach ó Bhainisteoir Tionscadail le dul ar aghaidh leis.

Riachtanais Iarratais:

  • Líne Mhínithe.
  • Achoimre Ghearr (500 focal ar a mhéid.)
  • Gearrchuntas Mionsonraithe.
  • Nótaí ar thuilleadh fhorbairt/chur i ngníomh an togra.
  • Íomhánna Samplacha.
  • Buiséad Forbartha (Tabhair do d’aire le do thoil nach bhfuil an teimpléad excel in úsáid níos mó. Líontar an buiséad amach ar an fhoirm iarratais ar líne.)
  • Fianaise ar Úinéireacht Chearta.

Forbairt Bhreise Shraithe Fhaisnéise

Tograí Incháilithe: Sraitheanna Faisnéise atá ag fáil maoiniú Fís Éireann cheana féin faoin chatagóir Forbairt Chláir Fhaisnéise na Chéad Chéime.

Leibhéal Cistithe atá Ar Fáil: Uasmhéid suas le €10,000.

Ní dheimhníonn Cistiú Forbartha na Chéad Chéime maoiniú breise níos faide ar aghaidh.

Obair Le Cur I gCrích: Má bhíonn gá leis is féidir cistiú a iarraidh le haghaidh taighde bhreise, le freastal ar chur i láthair/mhargaíocht airgeadais agus/nó chun doiciméad díolta feabhsaithe agus tréiléar a chruthú a ardaíonn an togra ón Chéad Chéim Fhorbartha le bheith réidh don mhargadh i gcomhair airgeadais agus léirithe.

Riachtanais Iarratais:

  • Líne Mhínithe.
  • Achoimre Ghearr (500 focal ar a mhéid.)
  • Gearrchuntas Mionsonraithe agus miondealuithe eipeasóide san áireamh.
  • Nótaí ar thuilleadh fhorbairt/chur i ngníomh an togra.
  • Íomhánna Samplacha.
  • Buiséad Forbartha (Tabhair do d’aire le do thoil nach bhfuil an teimpléad excel in úsáid níos mó. Líontar an buiséad amach ar an fhoirm iarratais ar líne.)
  • Fianaise ar Úinéireacht Chearta.

Forbairt Dhrámaíochta Theilifíse

Tograí Incháilithe: Tograí Drámaíochta Theilifíse a cruthaíodh agus a forbraíodh in Éirinn.

Leibhéal Cistithe atá Ar Fáil: Uasmhéid suas le €25,000 ag an chéad chéim agus €25,000 eile ag an dara céim nó na céimeanna ina dhiaidh sin. Uasmhéid suas le €100,000 le maoiniú meaitseála ó tríú páirtí ó fhoinsí eile.

Obair Le Cur I gCrích: Is féidir cistiú a iarraidh le haghaidh bíobla chéad dréachta agus clár píolótach sa chéad chéim fhorbartha a chruthú agus bíobla snasta (ina áireofar achoimrí mionsonraithe) agus clár píolótach/script(eanna) eipeasóide ina dhiaidh sin sa dara céim.

Cé Is Féidir Iarratas a Dhéanamh: Léiritheoirí Éireannacha a bhfuil togra drámaíochta teilifíse acu ar mhian leo a fhorbairt, a bhfuil teacht soiléir acu ar na cearta riachtanacha d’aon ábhar a bheidh le cur in oiriúint don scáileán, agus a bhfuil comhaontú acu (i bprionsabal ar a laghad) leis an scríbhneoir scripte ar mhian leo a choimisiúnú. Is féidir gealltanas stiúrthóra iarratas a threisiú ach níl sé riachtanach i dtosach báire.

Tá sí mar aidhm ag an scéim seo deiseanna a chur ar fáil do scríbhneoirí Éireannacha le hábhar drámaíochta úrnua a chruthú. Cuirfear béim ar scríbhneoirí Éireannacha agus ag tacú le scéalta anÉireannach. Nuair a chuirfear iarratas isteach a bhfuil scríbhneoir ceangailte leis nach Éireannach é, caithfidh an t-iarratas failleanna soiléire a léiriú gur féidir le scríbhneoirí Éireannacha a bheith ag obair le heagraithe seónna idirnáisiúnta a bhfuil an-taithí acu agus le scríbhneoirí a bhfuil creidiúintí teilifíse ardleibhéil acu. Cuirfear dea-theisteanna an léiritheora agus an Chomhlachta Léirithe sa mheá nuair a mheasfar aighneachtaí.

Eochairghnéithe le Cur San Áireamh d’Iarratais Fhorbartha Dhrámaíochta Theilifíse:

Grinneas Cuspóra

  • An bhfuil fócas soiléir ag an script agus ag na hábhair fhorbartha i dtaobh leis an fhaill atá sa mhargadh – an bhfuil seo comhtháite nó curtha san áireamh i bplean na hinsinte nó sa phlean fhorbartha?

Carachtracht

  • An bhfuil turas barántúil ag an charachtar/na carachtair?
  • Conas mar a thiomáineann na carachtair an insint ar dhóigh atá ciallmhar agus sothuigthe, ionas go mothóidh an breathnóir go bhfuil sí iontaofa, speisialta agus fóinteach?
  • Treocht fhorbartha charachtar/ Treocht Shraithe

Lucht Féachana

  • Cé hé do lucht féachana agus cén chaoi a bhfuil tú ag freastal orthu ar fud sraithe?
  • Cuimhnigh ar na heilimintí difriúla tarraingte agus ar na fírinní níos leithne insroichte, a dheimhneoidh déimeagrafach lucht féachana a bheidh leathan agus éagsúil mar atá ag teastáil go hiondúil.

Riachtanais Iarratais: Iarratas Cistithe 1 Chéim

  • Líne Mhínithe.
  • Achoimre Ghearr (500 focal ar a mhéid.)
  • Doiciméad Díolta Mionsonraithe agus Achoimrí Eipeasóide san áireamh (Iarrtar an doiciméad díolta mar chuid den fhoirm iarratais anois in ionad ceangaltáin. Cinntigh le do thoil go seiceálfar an líon focal agus an leagan amach sula gcuirfear isteach é.)
  • Nótaí ar a thuilleadh forbartha, lucht féachana agus margaidh.
  • Buiséad Forbartha (Tabhair do d’aire le do thoil nach bhfuil an teimpléad excel in úsáid níos mó. Líontar an buiséad amach ar an fhoirm iarratais ar líne.)
  • Fianaise ar Úinéireacht Chearta.

Iarratas Cistithe na Céime Breise (Tabhair do d’aire le do thoil nach bhfuil an cistiú seo ar fáil ach do thograí a fuair sparánacht mhaoinithe Fhorbartha Dhrámaíochta Theilifíse roimhe nó do thograí atá i sraith 2 (a fuair tacaíocht ó Fís Éireann do shraith 1).

  • Líne Mhínithe
  • Achoimre Ghearr (500 focal ar a mhéid)
  • Bíobla céad dréachta (má tá sé ar fáil)
  • Script Phíolótach
  • Nótaí ar a thuilleadh forbartha, lucht féachana agus margadh
  • Buiséad Forbartha (Tabhair do d’aire le do thoil nach bhfuil an teimpléad excel in úsáid níos mó. Líontar an buiséad amach ar an fhoirm iarratais ar líne.)
  • Fianaise ar Úinéireacht Chearta

Forbairt Scripte Scannáin (Tallann Bhunaithe)

Tograí Incháilithe: Scannáin Lánfhada Bheo-aicsin nó Bheochana a scríobh scríbhneoirí scripte bunaithe gan Comhlacht Léirithe ceangailte leo.

Leibhéal Cistithe atá Ar Fáil: Uasmhéid suas le €15,000 do dhuine aonair nó suas le €25,000 d’fhoirne beirte nó níos mó.

Obair le Cur I gCríoch: Céad dréacht na scripte scannáin, ag comhobair le tacaíocht scríbhneora scripte a fhaomh Fís Éireann le forbairt ó chéim an chéad mhachnaimh go dtí an chéad dréacht inghlactha.

Cé Is Féidir Iarratas a Dhéanamh: Tá Iasachtaí Forbartha Scripteanna Scannáin ar fáil ag tallann Éireannach a bhfuil taithí aici ina áirítear scríbhneoirí aonair, foirne scríbhneoirí agus foirne scríbhneoirí agus stiúrthóirí a bhfuil aon chreidiúint scannáin lánfhada léirithe ar a laghad ag iarrthóirí mar scríbhneoir(í) (dáileadh amharclainne, taispeáintí féilte, agus/nó dáileadh ar phríomhardán sruthaithe san áireamh) nó creidiúint(í) dhrámaíochta theilifíse, seónna beochana san áireamh, mar scríbhneoir. Níl creidiúintí ar scannáin ghearra nó ar fhógraí incháilithe faoin chatagóir seo. Deimhnigh más é do thoil é go mbeidh gach uile chreidiúint cláraithe i d’iarratas.

Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil foirne ina bhfuil scríbhneoir a bhfuil taithí aige agus scríbhneoir amháin a bhfuil níos lú taithí aige (gan creidiúint scannáin lánfhada léirithe nó dhráma theilifíse), incháilithe le hiarratas a chur isteach mar fhoireann chomhscríbhneoireachta. Má chuirfear iarratas isteach ina mbeidh níos mó ná scríbhneoir amháin ceangailte leis, caithfidh gach scríbhneoir a bheith ina shaoránach Éireannach nó ina chónaí i bPoblacht na hÉireann le bheith incháilithe.

Tabhair faoi deara le do thoil nár chóir léiritheoirí a cheangal ag an chéim seo. Má chuirfear togra isteach le comhlacht léirithe agus/nó le léiritheoir san áireamh measfar go huathoibríoch go mbeidh sé neamhincháilithe. Spreagaimid scríbhneoirí agus/nó stiúrthóirí áfach de bheith ag machnamh chun tosaigh freisin i dtaca lena lucht féachana, a margadh agus comhlachtaí Éireannacha cuí go m’fhéidir gur mhian leo dul chun cainte leo ar chomhlíonadh a gcéime forbartha le Fís Éireann.

Riachtanais Iarratais:

  • Líne Mhínithe
  • Achoimre Ghearr (500 focal ar a mhéid)
  • Achoimre mhionsonraithe ag cur síos ar an scél iomlán (1-2 leathanach amháin)
  • Nuair nach bhfuil script ann cheana, cuir isteach Gearrchuntas Mionsonraithe (10 leathanach, seachas íomhánna)
  • Nuair atá script ann cheana, cuir isteach leathanaigh scripte shamplacha (20-30 leathanach amháin)
  • Cur síos gairid ar charachtair ina áireofar forbairt charachtar
  • Nótaí Scríbhneora/Stiúrthóra
  • Buiséad Forbartha (Tabhair do d’aire le do thoil nach bhfuil an teimpléad excel in úsáid níos mó. Líontar an buiséad amach ar an fhoirm iarratais ar líne.)
  • Fianaise ar Úinéireacht Chearta

Treoirnótaí Ginearálta Iarratais

Ligeann na riachtanais iarratais thuas d’iarratasóirí a dtograí a chur chun tosaigh ar dhóigh a léiríonn ar an chaoi is fearr an acmhainn i gcomhair tuilleadh forbairte. Mholfaimis duit machnamh ar na nithe a leanas nuair a thabharfaidh tú aghaidh ar gach gné:

  • Líne Mhínithe - Tá sé riachtanach gur féidir leat cur síos ar do scéal in abairt nó dhó. Smaoinigh ar leithéid chur i láthair mar ghiotán focal a d’fhéadfadh a úsáid amach anseo in ábhair mhargaíochta.
  • Achoimre Fhada - (1-2 leathanach d’Fhorbairt Scannáin Lánfhada agus Scripte Scannáin) Ar an tuiscint go gcuirfear seo isteach le páirtscript is gá di scéal iomlán an scannáin a insint dúinn go deireadh – tá milleadh scéalta uainn! Cinntigh le do thoil go dtabharfar aire bhreise do dhréachtú na hachoimre seo toisc gur gné ríthábhachtach í agus Fís Éireann ag measúnú an togra.
  • Gearrchuntas – Ba chóir do seo a bheith mionsonraithe agus ciall an scéil iomláine a léiriú. Ba chóir do ghearrchuntais iarracht a dhéanamh ciall láidir a chur in iúl i dtaobh leis an téama, leis an charachtracht (sé sin, forbairtí agus cumainn) leis an ton agus leis an phlóta de freisin. Spreagtar gearrchuntais d’Fhorbairt Scannáin Lánfhada murar scríobhadh an script go fóill. Is féidir leis a bheith i bhfad níos fusa an scéal a iniúchadh i dtaobh le turais na gcarachtar agus struchtúr de ag céim an ghearrchuntais agus mar sin de le hathruithe níos fusa a éascú sula scríobhfar an script. Tabhair faoi deara le do thoil, maidir le Forbairt Scannáin Lánfhada de go nglacfar le gearrchuntais atá níos giorra ná an íosmhéid 10 leathanach - áfach, cheapamar go raibh sé níos deacra poitéinseal a mheas agus ciall iomlán na scéalta a thuiscint a bhí bunaithe ar na cuntais seo a bhí níos giorra.
  • Forbairtí na gCarachtar: ní gá do na cuntais a bheith fada, déanfaidh alt nó dhó cúis, agus b’fhéidir go gcuirfidh tú forbairt an phríomhcharachtair agus an chumainn isteach – ní do na carachtair go léir.
  • Nótaí Scríbhneora/Stiúrthóra/Léiritheora - Ní gá dóibh seo a bheith fada ach ba chóir dóibh léiriú cén fáth ar mhian leat an scéal seo a insint. Ba chóir do scríbhneoirí míniú cad iad na príomhghnéithe a mheastar a bheidh orthu díriú isteach orthu. An bhfuil aon bhundhúshláin (m.sh. thiocfadh dó gur cóiriú atá ann, b’fhéidir go mbeadh ceisteanna bainteach le seánra nó le carachtracht)? Ba chóir do léiritheoirí insint dúinn cad é a mheall chuig an togra seo iad? Cad é an t-achar ama forbartha agus cad iad na príomhdhúshláin, dar leat? Cé air a bhfuil tú ag smaoineamh mar fhéidearthacht don eagarthóir scripte? Nuair a bheadh stiúrthóir ceangailte ba chóir dó cur le nótaí an léiritheora agus an scríbhneora a dhíríonn ar obair fhorbartha atá de dhíth ar an script. Ó na nótaí seo ba chóir go mbeimis in ann ton agus fís chomhtháite a fheiceáil ón fhoireann.
  • Cóirithe agus Fíorscéalta - Caithfidh moltaí atá bunaithe ar ábhar foinse atá ann cheana, amhail drámaí nó úrscéalta, dul níos faide ná achoimrí plotaí agus beidh gá le leid shoiléir i dtaca leis an straitéis chóirithe de agus gearrchuntas scannánúil/bíobla teilifíse a chur san áireamh, nó achoimre mhionsonraithe le sampla scripte. I gcás go mbeidh an ghné bhunriachtanach seo in easnamh tarraingeofar iarratais amach go huathoibríoch. Mar a chéile, caithfidh moltaí atá bunaithe ar dhaoine nó ar eachtraí ón fhíorshaol dul thar achoimre thaighde agus insint an togra a léiriú go soiléir.
  • Buiséad – Ní chlúdóidh Fís Éireann ach costais na ngnéithe cruthaitheacha Éireannacha. Ní chlúdófar costais iardhearcacha.
  • Cearta/Cáipéisí Dlíthiúla – Ní mór do chuideachtaí léirithe a thaispeáint go bhfuair siad nó gur féidir leo na cearta riachtanacha a fháil sa togra. Tá comhaontú roghanna, aontú scríbhneora nó comhaontú scripte scannáin nó meabhrán margaidh sínithe a leagann amach na téarmaí (táillí aontaithe san áireamh) go soiléir inghlactha le haghaidh aighneachta.

Coinníollacha Cistithe Forbartha

Cuirtear cistiú forbartha ar fáil i bhfoirm iasachtaí inaisíoctha ar chéad lá príomhscannánaíochta an togra fhorbartha. Ní iompraíonn sparánachtaí forbartha Fís Éireann ús, ní ghearrtar aon chostas breise ag am na haisíocaíochta, agus ní fhaigheann Fís Éireann cion brabúis mar chúiteamh ar a cistiú forbartha.

Ní chisteoidh Fís Éireann costais fhorbartha iardhearcacha.

Muna n-aontófar a mhalairt, fanann cóipcheart sa script scannáin chistithe leis an/na scríbhneoir(í) nó leis an léiritheoir. B’fhéidir go mbeidh sciar cóipchearta ag teastáil ó Fís Éireann sa togra.

Slabhra Teidil: Tá an fhreagracht ar an Léiritheoir a dheimhniú go mbeidh cáipéisíocht shlabhra theidil shoiléir (comhaontú roghanna, aontú scríbhneora, aontú stiúrthóra agus comhaontú comhfhorbartha más cuí) in áit agus go gcomhlíonfaidh sí bunriachtanais chonartha Fís Éireann. Ní féidir agus ní thabharfaidh Fís Éireann cistiú do thograí gan an cháipéisíocht bhunriachtanach seo.

Comhfhorbairt: I gcásanna ina mbeidh comhlachtaí léirithe ag iarraidh tacaíocht a lorg do thograí a thiteann lastigh d’aontais chomhfhorbartha le léiritheoirí idirnáisiúnta, ní féidir cistiú a iarraidh ach amháin le costais na ngnéithe cruthaitheacha Éireannacha a chlúdach. Is í tosaíocht Fís Éireann tacú le forbairt thallainne agus scéalta cruthaitheacha Éireannacha agus beidh sé seo le sonrú sna cinní a dhéanfar. In aon socrú comhfhorbartha caithfidh roinnt shoiléir den chóipcheart idir na páirtithe a bheith ann agus beidh maoiniú meaitseála ag teastáil ó Fís Éireann de ghnáth ó chomhléiritheoir nó ó thríú páirtí.

Ní féidir a bheith i gcistiú forbartha Fís Éireann ach deonachán i dtreo chostais fhorbartha thogra agus go hiondúil níl Fís Éireann in ann na costais fhorbartha go léir a chlúdach. Tá an fhreagracht ar an Léiritheoir rátaí proifisiúnta a shocrú le tallann trí idirbheartaíocht a léireoidh gnásanna an tionscail agus creidiúintí léirithe na tallainne ar mhian leis a cheapadh.

Próiseas Conartha Cistithe Forbartha

Tar éis do Fís Éireann sparánacht a bhronnadh ar thogra, leanfaidh forbairt ar aghaidh de réir céimeanna aontaithe, agus údarófar an Bainisteoir Cúrsaí Gnó agus an Comhordaitheoir Cúrsaí Gnó cistiú sciar in airgead tirim a cheadú mar is gá, nó chun cistiú a ghearradh má shocróidh siad (i ndiaidh dul i gcomhairle le comhghleacaithe Fís Éireann) gur stad an togra de bheith ag déanamh dul chun cinn úsáideach.

Beidh an cháipéisíocht a leanas de dhíobháil i gcás gach togra a gheobhaidh Iasacht Forbartha Scripte Scannáin nó Iasacht Forbartha Spotsolais:

  • Sonraí Imréitigh Cánach cothrom le dáta don iarrthóir/do na hiarrthóirí
  • Comhaontú/comhaontuithe a bhaineann le bunchearta (mar is cuí)
  • Sonrasc: ní mór don iarrthóir/ do na hiarrthóirí sonrasc a chur chuig Fís Éireann do gach céim chistithe a tharraingeofar anuas

Beidh an cháipéisíocht a leanas de dhíobháil i gcás gach togra a gheobhaidh Iasachtaí Forbartha Togra, Forbartha Beochana, Forbartha Drámaíochta Teilifíse agus Forbartha Chlár Faisnéise:

  • Cáipéisíocht bhunreachtúil an chomhlachta léirithe. 
  • Sonraí Imréitigh Cánach cothrom le dáta don chomhlacht léirithe.
  • Comhaontuithe maidir le bunchearta (mar is cuí) amhail aontú roghanna, aontú scríbhneora scripte agus/nó comhaontuithe forbartha stiúrthóra (féach Riachtanais Chonartha Íosta Fís Éireann atá in-íoslódáilte ón leathanach seo).
  • Litir Bhainc Gan Fritháireamh: Caithfidh an léiritheoir cuntas bainc atá sonrach don togra amháin a oscailt agus fianaise faoin chuntas a chur ar fáil do Fís Éireann i litir, ar féidir eolas foirme a fháil di trí ríomhphost a sheoladh chuig an Chomhordaitheoir Cúrsaí Gnó.
  • Litir Dhreasachta Léiritheora: ní mór don léiritheoir dearbhú do Fís Éireann go bhforbróidh sé an togra atá i gceist, i litir ar féidir eolas foirme a fháil di ón Chomhordaitheoir Cúrsaí Gnó.
  • Buiséad Forbartha le haon leasuithe a rinneadh mar a aontaíodh i mbun cainteanna le foireann fhorbartha Fís Éireann.
  • Sonrasc: ní mór don léiritheoir sonrasc a chur chuig Fís Éireann do gach céim chistithe a tharraingeofar anuas.

Nuair a thagann comhlacht léirithe i gceannas ar fhorbairt togra a fuair sparánacht trí chomhlacht eile ó chistiú fhorbartha Fís Éireann roimhe, ní mór don úinéir úr aontú scríofa nua a dhéanamh le Fís Éireann ag glacadh le dliteanas as aisíoc iasacht(aí) a bhronn Fís Éireann roimhe sin.

Beidh ar gach léiritheoir a gheobhaidh cistiú forbartha ó Fís Éireann atá os cionn €15,000 teastas iniúchóireachta a chur ar fáil do thograí de réir ráitis theicniúil an ICAI's M45. Cuirfear maoiniú ar fáil leis an chostas seo a chlúdach sa leithdháileadh forbartha a bhronnfaidh Fís Éireann. Is féidir a thuilleadh sonraí a fháil faoi seo ón Chomhordaitheoir Cúrsaí Gnó.

Is éigean do gach íocaíocht a dhéanfar i bhforbairt an togra a dhéanamh de réir an bhuiséid fhorbartha aontaithe agus a bheith íoctha go díreach ón chuntas bhainc atá sonrach don togra amháin. Muna ngéillfear do seo beidh loiceadh ábhartha mar thoradh ann ar chonradh Fís Éireann.

Féach an mhír thíos más é do thoil é le feiceáint ar riachtanais chonartha íosta Fís Éireann a bhaineann le gach comhaontú cearta.

Riachtanais Chonartha Íosta Fís Éireann

Comhaontuithe Bunchearta

  • Caithfidh an léiritheoir a bheith in ann slabhra teidil soiléir a thaispeáint ina áireofar, más gá, fianaise fháltas na n-íocaíochtaí do roghanna agus athnuachan roghanna.
  • Ba chóir cearta cíosa agus iasachta go léir a bheith san áireamh sa deonú cearta mar aon le soláthar do luach saothair cothrom.
  • Ní mór do tharscaoileadh cearta morálta go léir atá do-chúlghairthe agus neamhchoinníollach a bheith ann.
  • Ba chóir don deonú cearta a bheith eisiach don tréimhse chóipchirt iomlán. Caithfidh aon laghdú san eisiachas a bheith faofa roimh ré ag Fís Éireann.
  • Caithfidh gach doiciméad a bheith forghníomhaithe mar is cóir agus i gcás saothar foilsithe ní mór do fhuascailtí foilsitheoirí cuí agus teastais údar a bheith ar fáil leo i dteangacha an Bhéarla agus na Fraincise.
  • Caithfidh na comhaontuithe a bheith in-sannaithe gan srian do Fís Éireann.
  • Ní mór do bharánta a bheith ann a dhearbhaíonn gur bunábhar dóibh atá ann agus nach sáraíonn sé cearta aon tríú páirtí.
  • Má choinnítear aon chearta siar caithfidh siad a bheith bunaithe ar bhaic a fhaomh Fís Éireann.
  • Caithfidh tarscaoileadh fhaoisimh urghaire a bheith san áireamh sa deonú cearta do shárú ón Léiritheora (nó comharbaí i dteideal).
  • Ní féidir aon fhoráil a bheith in aon aontú do fhrithdhílse ar shárú, ar fhéimheacht nó ar dhócmhainneacht.
  • Más dráma an saothar, beidh gníomhas um éileamh a scor sínithe de dhíth ar Fís Éireann ó léiritheoirí an dráma bhunaidh.

Aontú Scríbhneora

  • Ba chóir cearta cíosa agus iasachta go léir a bheith san áireamh sa deonú cearta mar aon le soláthar do luach saothair cothrom.
  • Ní mór do tharscaoileadh cearta morálta atá do-chúlghairthe agus neamhchoinníollach a bheith ann.
  • Ní mór do shannadh cóipchirt iomlán ar fud an domhain a bheith sna comhaontuithe don tréimhse chóipchirt iomlán agus as sin amach go brách.
  • Caithfidh gach doiciméad a bheith forghníomhaithe mar is cóir agus i gcás saothar foilsithe ní mór do fhuascailtí foilsitheoirí cuí agus teastais údar a bheith leo i dteangacha an Bhéarla agus na Fraincise.
  • Caithfidh na comhaontuithe a bheith in-sannaithe gan srian do Fís Éireann.
  • Ní mór do bharánta a bheith ann a dhearbhaíonn gur bunábhar dóibh atá ann agus nach sáraíonn sé cearta aon tríú páirtí.
  • Má choinnítear aon chearta siar caithfidh siad a bheith bunaithe ar bhaic a fhaomh Fís Éireann.
  • Caithfidh tarscaoileadh fhaoisimh urghaire a bheith san áireamh sa deonú cearta do shárú ón Léiritheora (nó comharbaí i dteideal).
  • Ní féidir aon fhoráil a bheith in aon aontú do fhrithdhílse ar shárú, ar fhéimheacht nó ar dhócmhainneacht.
  • Caithfidh na scríbhneoirí gach uile cheart a dheonú lena n-ainmneacha, a n-íomhánna agus a mbeathaisnéisí a úsáid i bhfógraíocht, I mbolscaireacht, i bpoiblíocht agus i saothrú an togra.

Ní liosta iomlán de na riachtanais chonartha íosta an liosta roimhe seo agus forchoimeádann Fís Éireann an ceart téarmaí breise a iarraidh de réir mar a cheaptar iad a bheith riachtanach.

Teagmhálacha na bhFoirne Léirithe, Forbartha agus Dáilte

Back to top