Hit enter to search or ESC to close

Cuireann Fís Éireann réimse leathan cláir chistiúcháin léirithe ar fáil chun ardleibhéal gníomhaíochta léirithe a chumasú agus a spreagadh san earnáil scannáin, theilifíse agus bheochana. Is féidir tuiilleadh sonraí faoi na cláir seo agus faoi iarratas a dhéanamh a fháil thíos. Do cheist ar bith nach bhfreagraítear sa cháipéise seo gabh i dteagmháil leis an Chomhordaitheoir Léirithe agus Forbartha más é do thoil é. Féach ar Rannán Áiseanna Léiritheoirí ar láithreán gréasáin Fís Éireann freisin le haghaidh doiciméad úsáideach eile agus eolais más é do thoil é.

Treoirphrionsabail

Maidir le measúnú agus cinní Fís Éireann i dtaobh le cúsraí maoinithe de, treoraíonn factóirí iad seo ina áirítear fiúntais eagarthóireachta agus chruthaitheachta mar aon le roinnt ceisteanna infheistíochta tábhachtacha.

Tá ár bprionsabail mheasúnaithe roinnte faoi na ceannteidil a leanas:

  • Fís Chruthaitheach
  • Forbairt Thallainne
  • Teacht ar Luchtanna Féachana
  • Cultúr & Breisíocht
  • Fás Tionscail & Uaillmhian Chruthaitheach

Fís Chruthaitheach

Tacaíonn Fís Éireann le soláthar saothar closamhairc ardchaighdeáin. Táimid tiomanta do mhaoiniú tograí atá ar luach méadaithe don mhargadh intíre agus idirnáisiúnta, a léiríonn ár láidreacht féiniúlachta, cruthaitheachta agus scéalaíochta ar dhóigh shoiléir, chumhachtach, bharántúil.

Beidh ár gcéad mhachnamh i dtaobh le tacaíocht chiste a thabhairt do thogra bunaithe ar na spriocanna eagarthóireachta a leanas:

  1. Grinneas Físe
  2. Inchreidteacht & Úrnuacht

Ní mór do gach togra a aidhmeanna agus spriocanna a léiriú go soiléir agus conas mar a bheidh sé i gceist aige na spriocanna seo a bhaint amach nó conas mar a baineadh amach cheana iad (maidir le cistiú forbartha de).

Grinneas Físe

Is fearr moltaí cistithe a bheidh soiléir agus achomair i dtaobh lena n-iarratais de, a léireoidh an deis go díreach agus a leagfaidh amach an chonair chun tosaigh i dtaobh leis an mholadh chruthaitheach agus lena aistear. Is féidir grinneas a bhaint amach trí scrúdú mion a dhéanamh ar ní amháin an moladh leathan agus an cur i láthair ach ar dheimhniú go léireofar an domhan cruthaitheach, na carachtair agus téamaí leathana aon aighneacht go soiléir lastigh den mholadh. Cé go mbeidh scóip i gcomhair forbairt leanúnach, beidh ar iarratais Léirithe a bheith go hiomlán cruthaithe, agus go dtuigfear agus go measfar bunchruth na n-eilimintí cruthaitheacha thuasluaite. I gcás Forbairt, cé nach mbeidh cuid de na heilimintí seo lánfhorbartha, ní mór do léiriú intinne agus cur chuige soiléir a bheith ar fáil.

Inchreidteacht & Úrnuacht

Díreofar cistiú Fís Éireann i dtreo tograí a mbeidh aidhmeanna iontaofa agus úrnua acu, a dheimhneoidh saothair chruthaitheacha ardchaighdeán, trí thallanna scríbhneoirí, stiúrthóirí, léiritheoirí agus bunphearsanra eile de chuid na hÉireann.

I gcroílár chistiú Fís Éireann is í tacaíocht scéalaíochta atá úr, uaillmhianach agus barántúil a chuirfidh dearcadh nua ar fáil agus a thiomáinfidh ciall agus tuiscint dhifriúil ar scáileán. Cruthaíonn sí seo deiseanna chun réimse leathan insintí éagsúla tallannthiomáinte a chur chun tosaigh a rachaidh i bhfeidhm ar luchtanna féachana mar gheall ar a nguthanna sainiúla iontaofa ó nádúr, a leagfaidh GDL(USP) ar leith amach i ndeireadh na dála.

Beidh cinní cistithe chun tairbhe na dtallann cruthaitheach siúd a thabharfaidh dearcadh sainiúil láidir ar an domhain chuig an scáileán, agus a chruthóidh saothair a thabharfaidh cur chuige nua agus/nó athbheochanta chuig an eispéireas sin.

Ní chiallaíonn na riachtanais seo go seachnófar foirmeacha nó seánraí reatha, ach ina ionad sin go mbeidh cur chuige úr agus smaointe nua ag na scríbhneoirí, stiúrthóirí agus léiritheoirí Éireannacha a dtacófar leo maidir leis na foirmeacha nó seánraí seo.

Toisc go bhfuil an acmhainn teoranta don mhargadh beidh ar thallann na hÉireann a bheith in ann comhoibriú le tallann ó thíortha eile ar thograí a mhaoineoidh Fís Éireann, agus leanfaidh úrnuacht de bheith ina factóir mar chuid de mheasúnú chomhthallanna na bpáirtithe go léir a bheidh páirteach.

Forbairt Thallainne

Is í forbairt thallainne na hÉireann atá i gcroílár chistiú Fís Éireann ina áirítear réimse leathan guthanna agus cúlraí éagsúla. Spreagaimid agus lorgaimid deiseanna go gníomhach chun tacú le réimse leathan léargas agus deacadh atá ag méadú trí ná tograí agus na scéalta a mhaoinímid, ag leagan sprioc infheistíochta Éireannach amach atá ionchuimsitheach agus leathan i dtéarmaí na tallainne a thacaítear léi agus a chuirtear ardán ar fáil di lena scéal a insint.

Tabharfar tús áite láidir d’aighneachtaí:

  • a thosaigh in Éirinn ó thaobh cruthaitheachta de; sé sin, gur tallanna Éireannacha a shamhlaigh, a scríobh, a léirigh agus/nó a stiúróidh iad, 
  • ina mbeidh tallann Éireannach nua, éiritheach agus éagsúil i mbunróil chruthaitheacha, i.e. stiúrthóir, scríbhneoir, léiritheoir, cumadóir, príomhaisteoir agus ceannairí eile rannóga.

Teacht ar Luchtanna Féachana

Tá fócas Fís Éireann ag méadú ar dheimhniú go mbeidh cinní cistithe i bhfách le tograí a bheidh dírithe go soiléir ar lucht féachana cuí.

Ní chiallaíonn sé seo nach bhfuil suim ag Fís Éireann ach i dtacaíocht a sholáthar d’ábhar a mbeidh dóchúlacht thráchtála ann ach ina ionad sin go mbeidh sí sásta tograí a mheas a bheidh tarraingteach do speictream leathan luchtanna féachana, bíodh siad brabúsach, ó thithe ealaíne, ina bhfreastalaithe féilte nó trasardáin srl.

Cuirfear béim ar leith ar acmhainn thogra chun dul i bhfeidhm ar a lucht féachana beartaithe, mar aon le cur chuige agus scála pleanáilte an togra. Ní mór do dheis shoiléir do lucht féachana a bheith ann agus a bheith léirithe mar chuid de gach moladh aonair a mbeidh fócas ann dul i bhfeidhm ar phobail nua agus éagsúla agus ar speictream leathan suimeanna.

Cultúr & Breisíocht

Le bheith i gcomhréir lena sainchúram Rialtais agus le bheith freagrach do riachtanais thionscal léirithe chlosamharc na hÉireann measann Fís Éireann gur tosaíochtaí soiléire tograí áirithe dá cuid cistithe i dtéarmaí a n-ábhar, a bhfoinsí nó a dtairbhí don tionscal.

Cultúr

Leagann Fís Éireann tábhacht méadaithe ar thograí agus ar aighneachtaí a thugann léargas cultúrtha agus ina bhfuil dearcaidh Éireannacha uathúla. Aithnítear mar chuid dár n-athbhreithniú iarratais a thugann deiseanna breise ár gcultúr agus ár dtraidisiúin shaibhre a léiriú agus tá sí mar aidhm againn a chinntiú go dtacófar le speictream téamaí traidisiúnta agus comhaimseartha agus ábhaír Éireannacha mar chuid dár gcistiú. Ina measc anseo tá ábhar a dhíríonn ar oidhreacht na hÉireann, Pobail ilchineálacha agus Tírdhreach agus a bhfuil baint chomhaimseartha do léargas agus stair na hÉireann ann.

Tabharfar tús áite láidir d’aighneachtaí:

  • a inseoidh scéalta Éireannacha a bheidh bunaithe ar agus a léireoidh cultúr, stair, modh maireachtála na hÉireann, a dearcadh ar an tsaol agus uirthi féin;
  • a dhéanfar go hiomlán nó go príomha as Gaeilge.
Breisíocht

Is réasúnaíocht riachtanach í le hairgead poiblí a sholáthar do thionscal gur chóir dó gníomhaíocht a chruthú nach dtarlódh achab é, i.e. nach spreagfadh an margadh as féin. Fágann sé sin gur chóir gurbh iad na saothair chlosamhairc a dtugfadh Fís Éireann tacaíocht airgid dóibh na cinn nach ndéanfaí, nó nach ndéanfaí leis an leibhéal chéanna tairbhe d’Éirinn, gan an tacaíocht ó Fís Éireann. Cuireann a leithéid de shaothair chlosamhairc agus na tairbhí a shíolraíonn uathu gníomhaíocht gheilleagrach ‘bhreise’ ar fáil.

Ní chiallaíonn sé seo nach bhfuil suim ag Fís Éireann ach i dtacaíocht a sholáthar in ábhar a mbeidh dóchúlacht thráchtála theoranta ann. Tá neart fianaise inár stair chlosamhairc le léiriú gur minic gur tograí ceannródaíocha na tionscadail rathúla. Tabharfaidh Fís Éireann tacaíocht fhuinniúil do léiritheoirí a léireoidh mian le rath margaíochta a bhaint amach agus do thograí a léireoidh tuiscint ar an mhargadh ach ag an am céanna a thabharfaidh dúshlán do dhearcaidh reatha ar a bhfuil áit an mhargaidh ag súil leis.

Fás Tionscail & Uaillmhian Chruthaitheach

Tacaíonn Fís Éireann freisin le hinfheistíochtaí a chuireann treocht fháis mhéadaithe ar fáil d’Earnáil Chlosamhairc na hÉireann, ag baint nuálaíocht bhreise amach i scéalaíocht chruthaitheach, ag díriú ar dheiseanna áitiúla agus idirnáisiúnta agus ag tógáil léiritheoirí cruthaitheacha, tallann agus tionscal níos leithne ar scála níos mó trí chomhpháirtíocht idirnáisiúnta agus feiceálacht mhéadaithe, le linn dóibh a bheith ag tacú le fostaíocht leanúnach agus caiteachas i ngeilleagar na hÉireann freisin.

Tabharfar aird dháiríre ar aighneachtaí:

  • a mholfaidh togra fíor-Éireannach (maidir le suíomh, carachtair, srl.) a mbeidh infheistíocht idirnáisiúnta aige agus ar chomhpháirtíocht é idir tallann Éireannach agus siúd nach Éireannaigh iad.
  • a mbeidh léiritheoir Éireannach páirteach ann mar chomhléiritheoir mionlaigh nuair a bheidh (a) Fís Éireann cinnte de cháilíocht an togra agus (b) méid infheistíochta Fís Éireann ag teacht le leibhéal rannpháirteachais pearsanra Éireannach, eilimintí (siút, iarléiriú, srl.) agus áiseanna sa togra.

Beidh Fís Éireann faireach i gcónaí le cinntiú go gcaithfear méid ard infheistíocht ar bith ar phearsanra Éireannach agus sa tionscal Éireannach, agus is é is dóiche go mbeidh tionchar díreach ar ghné seo aighneachta ar chinneadh dheimhnitheach.

Déanfar machnamh breise freisin ar:

Dea-theist an Léiritheora
  • Ar bhainistigh agus ar sholáthraigh an léiritheoir saothair chlosamhairc ar dhóigh phroifisiúnta agus éifeachtach roimhe?
  • An raibh taithí dheimhneach roimh ré ag Fís Éireann nuair a bhíothas ag plé leis an léiritheoir agus leis an fhoireann chruthaitheach?
  • I gcomhléiriú, an bhfuil dea-theisteanna proifisiúnta ag na léiritheoirí nach Éireannaigh iad atá páirteach ann?
Fostaíocht Éireannach
  • An bhfostófar pearsanra Éireannach sna bunróil chruthaitheacha agus theicniúla?
  • I gcomhléiriú, an bhfuil comhréir na ngnéithe seo oiriúnach?
  • An gcuirfidh an léiriú fostaíocht den scoth ar fáil do phearsanra Éireannach trasna gach grád a bheidh ar fáil?
Caiteachas i ngeilleagar na hÉireann
  • An ndéanfar an saothar i bPoblacht na hÉireann?
  • An mbainfidh an togra an-chuid úsáid as áiseanna léirithe agus iarléirithe in Éirinn?
  • An meallfaidh an togra infheistíocht isteach i ngeilleagar na hÉireann?
Díolacháin agus Dáileadh
  • An bhfuil sprioc maidir le díolacháin idirnáisiúnta don scannán nó don tsraith theilifíse?
  • An bhfuil dáileoir ceangailte leis an togra?
  • An bhfuil aon ghníomhairí díolacháin, dáileoirí nó craoltóirí ag cur airgeadais léirithe ar fáil?
Struchtúr Airgeadais
  • An bhfuil comhairgeadaithe molta an scánnáin nó an chláir theilifíse iontaofa?
  • An ligfidh na socruithe airgeadais do Fís Éireann cur chuige aisghabhála réasúnta a shocrú?
  • An mbeidh trédhearcacht chuntasaíochta i dtaobh le hioncaim dhíolacháin, m.sh. trí úsáid ghníomhaire bailiúcháin?

Nóta Breise: Tá critéir ar leith dá gcuid féin ag roinnt clár cistithe de chuid Fís Éireann agus ní gá go mbeadh siad faoi smacht ag na prionsabail go léir atá leagtha amach thuas.

DÁILEADH CINEAMA

Cuirtear Tacaíocht Dháileacháin ar fáil do dháileoirí Éireannacha le haghaidh scannán ar thacaigh Fís Éireann leo a léiríonn go bhfeabhsóidh maoiniú ó Fís Éireann bolscaireacht scannáin i margadh na hÉireann. Soláthraítear Tacaíocht Dháiliúcháin/Taispeántais Díreach do léiritheoirí Éireannacha chun cuidiú le díol as costais eisiúna amharclannaíochta teoranta in Éirinn (Tuaisceart na hÉireann san áireamh) do scannáin lánfhada atá ag fáil maoiniú léiriúcháin Fís Éireann cheana féin nach raibh in ann dáileadh amharclannaíochta oiriúnach a aimsiú trí chomhlacht dáileacháin Éireannach bona fide ach a bhfuil acmhainn shoiléir iontu luchtanna féachana Éireannacha a mhealladh agus dul i bhfeidhm orthu.

Cuireann Fís Éireann/Screen Ireland (Fís Éireann) iasachtaí ar fáil chun cúnamh le léiriú tograí trí na scéimeanna a leanas:

IASACHT LEIBHÉAL CISTITHE ATÁ AR FÁIL CÉ ATÁ INCHÁILITHE LE CUR ISTEACH AIR TOGRAÍ INCHÁILITHE

Ficsean: Léiriú Éireannach

(Incháilithe do Mhaoiniú Léiriúcháin Feabhsaithe do Thallann Mná)

Is féidir le Fís Éireann maoiniú léiriúcháin a chur ar fáil de réir Threoirlínte maidir le Caiteachas Cruthaitheach Éireannach Inghlactha leis na coinníollacha seo a leanas:

Foirne Léiritheoir(í), Scríbhneoir(í) agus Stiúrthóir(í) Éireannacha (más cuí).

I ngach réim Ficsin: Ní mór do Léiriúchán Éireannach léiritheoir/léiritheoirí Éireannacha, scríbhneoir/scríbhneoirí Éireannacha agus stiúrthóir/stiúrthóirí Éireannacha a bheith ceangailte le tionscadal le go mbeidh sé incháilithe do na huasleibhéil sna réimeanna sin.

Príomhscannáin Bheo Aicsin nó Bheochana
  1. Maidir leis na tionscadail a bhfuil buiséid dar luach suas le €3 mhilliún acu, is féidir le Fís Éireann suas le 70% den bhuiséad a chur ar fáil le huasmhéid dar luach €950,000. 1. Beifear ag súil go mbeidh ionchas margaidh agus/nó féile ag tionscadail sa réim sin.  
  2. Maidir leis na tionscadail ag a bhfuil buiséid dar luach os cionn €3 mhilliún agus ní níos mó ná €7 mhilliún, is féidir le Fís Éireann suas le 65% den bhuiséad a chur ar fáil le huasmhéid dar luach €1,200,000. 2. Ní mór dáileoir Éireannach nó spéis díolacháin idirnáisiúnta a bheith ag tionscadail sa réim roimh iarratas a dhéanamh chun spéis an mhargaidh a chinntiú.  
  3. Maidir leis na tionscadail ag a bhfuil buiséid dar luach os cionn €7 mhilliún agus nach mó ná €20 milliún, is féidir le Fís Éireann suas le 65% den bhuiséad a chur ar fáil le huasmhéid dar luach €1,300,000. 3. Ní mór spéis díolacháin idirnáisiúnta nach beag agus réamhdhíolacháin nach beag/réamhíocaíocht díolacháin a bheith ag tionscadail sa réim seo sula ndéantar iarratas.  
Ficsean: Comhléiriú Cruthaitheach 1.5:1 cóimheas caiteachais ar aon dul le Caiteachas Ceadaithe Éireannach. Is féidir le Fís Éireann uasmhéid €350,000 a sholáthar in aghaidh an togra. Beidh iarléiriú amháin i réimse €150,000 in aghaidh an togra. Foirne Léiritheoir(í), Scríbhneoir(í) agus Stiúrthóir(í) (nuair is é an léiritheoir Éireannach an mion-chomhléiritheoir) Scannáin Lánfhada Bheo-aicsin nó Bheochana
Léiriú Drámaíochta Teilifíse

Do thograí a bhfuil buiséid acu suas le €6.5 mhilliún, is féidir le Fís Éireann 20% den bhuiséad a sholáthar le huasmhéid €650,000

Do thograí a bhfuil buiséid acu níos mó ná €6.5 mhilliún, is féidir le Fís Éireann 10% den bhuiséad a sholáthar le huasmhéid €950,000

Foirne Léiritheoir(í), Scríbhneoir(í) agus Stiúrthóir(í) Éireannach(a) (más cuí) Beo-aicsean

Léiriú Faisnéise

(Incháilithe do Mhaoiniú Léiriúcháin Feabhsaithe do Thallann Mná)

Suas le 65% an bhuiséid le hinfheistíocht Fís Éireann suas le huasmhéid €250,000 in aghaidh an tógra. Foirne Léiritheoir(í), Scríbhneoir(í) agus Stiúrthóir(í) Éireannach(a) (más cuí) Cláir Fhaisnéise Chineamatach Lánfhada
Léiriú Sraithe Faisnéise Suas le 65% an bhuiséid le hinfheistíocht Fís Éireann suas le huasmhéid €250,000 in aghaidh an tógra. Foirne Léiritheoir(í), Scríbhneoir(í) agus Stiúrthóir(í) Éireannach(a) (más cuí) Sraith Fhaisnéise
Clár Faisnéise: Comhléiriú Cruthaitheach Suas le 65% an bhuiséid le hinfheistíocht Fís Éireann suas le huasmhéid €150,000 in aghaidh an tógra. Foirne Léiritheoir(í), Scríbhneoir(í) agus Stiúrthóir(í) (nuair is é an léiritheoir Éireannach an mion-chomhléiritheoir) Cláir Fhaisnéise Chineamatach Lánfhada
Léiriú Beochana Teilifíse Suas le €400,000 Foirne Léiritheoir(í), Scríbhneoir(í) agus Stiúrthóir(í) Éireannach(a) (más cuí) Sraith Theilifíse Bheochana nó ceann singil
Cistiú Críochnaithe

Suas le €100,000 le haghaidh scannán beo aicsin nó beochana atá ar fhad príomhscannáin.

Suas le €50,000 le haghaidh scannán faisnéise atá ar fhad príomhscannáin.

Beidh ar thionscadail incháilithe gealltanas maidir le féile agus / nó dáileachán a chur in iúl.

Foirne Léiritheoir(í), Stiúrthóir(í) agus Scríbhneoir(í) Éireannach(a) Príomhscannáin Bheo Aicsin, Bheochana nó Faisnéise

Ba chóir d’iarrthóirí tabhairt faoi deara gur dóiche go dtairgfear sparánachtaí a bheidh go suntasach níos lú ná na huasmhéideanna atá ar fáil de bharr an bhrú atá ar áiseanna Fís Éireann.

Ba chóir d’iarrthóirí tabhairt faoi deara freisin, i gcás iarratas Léirithe Éireannach nuair nach Éireannach/Éireannaigh an/na scríbheoir(í) nó an/na stiúrthóir(í), beidh aon sparánacht a thairgfear go suntasach níos lú ná na huimhreacha do Léiriú Éireannach atá cláraithe thuas.

Cistiú Léiriúcháin Feabhsaithe do Thallann Mná

Baineann an maoiniú léirithe seo amháin le tograí atá incháilithe don Ficsean: Léiriú Éireannach (scannáin lánfhada bheo-aicsin agus bheochana) agus scéimeanna cistithe Léirithe Faisnéise (scannáin lánfhada fhaisnéise chineamatach).

Tá an cistiú léirithe seo ar fáil do thallann mná Éireannach amháin (rugadh, cónaitheach nó sainchónaí in Éirinn).

Cuirfear an cistiú seo ar fáil sa bhreis ar an mhéid/na teorainneacha atá ar fáil faoi láthair mar atá leagtha amach i dtreoirlínte Cistithe Léirithe.

Le haghaidh Ficsin: Léiriú Éireannach: Is é uasmhéid an mhaoinithe léirithe fheabhsaithe do thogra €100,000 mar a leanas:

  • Beidh €50,000 ar fáil do thogra a mbeidh Scríbhneoir mná ceangailte leis nuair is é an Scríbhneoir an Cumadóir agus an Príomhscríbhneoir.
  • Beidh €25,000 ar fáil nuair a bheidh Scríbhneoir mná mar bhall den fhoireann chomhscríbhneoireachta chumadóireachta.
  • Beidh uasmhéid €50,000 ar fáil do thogra a mbeidh an iliomad Scríbhneoir mná ann.
  • Tabhair do d’aire nach mbeidh seo i bhfeidhm nuair nach é Scríbhneoir mná an Cumadóir/Príomhscríbhneoir / nach iad Scríbhneoirí Ban na Cumadóirí/Príomhscríbhneoirí.
  • Beidh €50,000 ar fáil do thogra a mbeidh Stiúrthóir mná ceangailte leis
  • Beidh €25,000 ar fáil do thogra a mbeidh Stiúrthóir mná mar bhall d’fhoireann chomhstiúrtha ina bhfuil inscne measctha.
  • Beidh uasmhéid €50,000 ar fáil do thogra a mbeidh an iliomad Stiúrthóir mná ann.
  • Beidh €100,000 ar fáil do thogra a mbeidh Scríbhneoir/Stiúrthóir mná ceangailte ann.

Le haghaidh Léiriú Faisnéise is é uasmhéid an chistithe léirithe fheabhsaithe do thogra €25,000 mar a leanas:

  • Beidh €25,000 ar fáil do thogra a mbeidh Stiúrthóir mná ceangailte leis.
  • Beidh €12,500 ar fáil do thogra a mbeidh Stiúrthóir mná mar bhall d’fhoireann chomhstiúrtha ina bhfuil inscne measctha.
  • Beidh uasmhéid €25,000 ar fáil do thogra a mbeidh an iliomad Stiúrthóir mná ann.

Beidh an maoiniú seo ar fáil go bhfógrófar a mhalairt. Ní bheidh an maoiniú seo ar fáil go cúlghabhálach.

Mar atá amhlaidh le gach iarratas a fhaigheann Fís Éireann, measfar gach aighneacht ag baint úsáid as Prionsabail agus Critéir ghinearálta Fís Éireann ag díriú aird ar leith ar chumas eagarthóireachta na scripte scannáin, ar dhea-theist na foirne cruthaithí, ar an fhonn mhargaidh, ar fhéidearthacht an bhuiséid léirithe agus ar an phlean airgeadais mar aon le hullmhacht le haghaidh léirithe.

Ní féidir iomlán an mhaoiniú a dhámhfaidh Fís Éireann (an tacaíocht fheabhsaithe seo san áireamh) dul thar Rialacháin agus Teorainneacha Fís Éireann a cheadaíonn an stát (sa chuid is mó cásanna 65% an 11 bhuiséid iomláine). Ní mór d’iomlán an chistiú a dhámhfaidh Fís Éireann a bheith ag teacht le treoirlínte Fís Éireann ar Chaiteachas Cheadaithe ar Chruthaitheacht Éireannach.

Rialacháin & Teorainneacha

Tá méid an mhaoinithe gur féidir le Fís Éireann bronnadh ar iarratasóirí faoi chuid mhaith de na cláir seo faoi theorainn rialacháin a aontaítear le Rialtas na hÉireann nó atá leagtha amach ag an Choimisiún Eorpach.

Déine Státchabhrach

Faoi rialacha an Choimisiúin Eorpaigh maidir le déine státchabhrach (sé sin, méid an mhaoinithe i dtogra a thagann as cistí fóirdheontais, ó scéimeanna dreasa cáinbhunaithe nó ó aon chórais thacaíochta eile), ní cheadaítear méid an stáitchabhrach a úsáidtear le togra scannánaíochta a mhaoiniú dul thar 50% dá chostas iomlán, faoi réir, inter alia, nuair a ghlactar leis go bhfuil an scannán ‘ar chostas bheag’ nó ‘deacair’ (féach an t-alt thíos);

Tabhair do d’aire go nglactar leis gur státchabhair luach glansochar cistí a chruinnítear faoi Alt 481 in Éirinn agus sparánachtaí a dhéantar ó Chiste Fuaime & Físe de chuid Choimisiún na Meán araon, agus i gcás comhléiriú idirnáisiúnta, is ionann méid na státchabhrach i dtogra agus comhiomlán a leithéid de chistiú agus a sholáthraíonn na tíortha comhléirithe go léir. Scannáin ar Chostas Bheag agus Scannáin Dheacra

Is í an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a dheimhníonn gur ‘ar chostas bheag’ atá togra. Tá Fís Éireann údaraithe le scannán a dhéanfar in Éirinn a dheimhniú mar ‘deacair’. Is féidir sainmhíniú faofa ‘deacair’ a fháil anseo.

Teorainneacha Cistithe Léirithe

I dtaobh le cistiú léirithe, tá rialacháin de chuid rialtas na hÉireann a chuireann srian leis an mhéid is féidir le Fís Éireann a chur ar fáil. Ina theannta sin, cuirfidh Fís Éireann socruithe maoinithe agus teorainneacha maoinithe i bhfeidhm freisin. Tá na teorainneacha mar atá leagtha amach thuas.

Coinníollacha Speisialta

Tá coinníollacha speisialta ar leith ag baint le cistiú Fís Éireann, ina measc: 12 Caithfidh míreanna sonraí dóthanacha a bheith san áireamh sa bhuiséad léirithe le hábhair mhargaíochta a dhéanamh. Ní mór don sceideal iarléirithe am dóthanach a chur ar fáil le haghaidh Trialach Scáileáin. Tá an triail scáileáin éigeantach agus eagróidh agus íocfaidh Fís Éireann aisti. Beifear ag dúil le heisiúint amharclainne in Éirinn do gach uile scannán lánfhada a gheobhaidh Cistiú Léirithe Éireannach (cé go bhféadfaí eisceachtaí a dhéanamh do chláir fhaisnéise).

Tógraí Bhuiséad Sárísle

Ligeann rialacháin an Choimisiúin Eorpaigh do Fís Éireann maoiniú léirithe 100% a sholáthar fós do thograí scannán is féidir a chríochnú agus a chur ar fáil do chostas léirithe iomlán nach bhfuil thar €100,000. Níl an Coinníoll Speisialta atá leagtha amach thuas bainteach lena leithéid de thograí.

Cásanna Eisceachtúla

Tabhair do d’aire go bhféadfadh na teorainneacha maoinithe uilig thuasluaite athrú sa chás go mbeadh cúinsí eisceachtúla ar fad i gceist i dtaobh le togra ar leith. Beidh Fís Éireann ag iarraidh a leithéid de chúinsí eisceachtúla ar fad a bheith leagtha amach go mion i scríbhinn le hiarratas ar bith. Ag cuimhniú ar leibhéil na sriantachtaí buiséid atá ann faoi láthair, níltear ag tnúth go nglacfaidh Fís Éireann le haon chúinsí eisceachtúla ar fad taobh istigh d’achar gearr.

Caiteachais Ceadaithe ar Chruthaitheacht Éireannach

Is bunphrionsabal maoinithe Fís Éireann le haghaidh léirithe é nach mór an tsuim iomlán infheistithe a chaitheamh ar phearsanra, ar earraí agus ar sheirbhísí Éireannacha. Nuair nach mbeidh ach cuid de léiriú togra ar siúl i bPoblacht na hÉireann, ba chóir do léiritheoirí tuiscint go bhféadfadh méid an mhaoiniú a iarrtar ó Fís Éireann a bheith teoranta de réir an mhéid a chaithfear in Éirinn.

Is dócha gur minice a bheidh seo amhlaidh i gcás tograí atá leagtha amach mar chomhléirithe ina mbeidh ról mionlaigh ag Éireannaigh agus a bheidh incháilithe do Ficsean: Cistiú Comhléirithe Cruthaithigh ó Fís Éireann. Seans go mbeadh sé bainteach chomh maith le tograí scannán lánfhada beochana (déanta mar chomhléirithe ilnáisiúnta go hiondúil) agus le Ficsean: tograí Léirithe Éireannacha nuair is ar éigean go ndéanfaí aon scannánaíocht in Éirinn.

Próiseas Iarratais

Lean an nasc le do thoil chuig an Córas Iarratais Ar Líne ar láithreán gréasáin Fís Éireann agus lean na treoracha. Má bheidh fadhb ar bith agat, seol ríomhphost chuig technicalsupport@screenireland.ie 24 huaire ar a laghad chun tosaigh ar an sprioc-am.

Má tá an togra á fhorbairt cheana le Fís Éireann, gabh i dteagmháil leis an Bhainisteoir Thionscadail chuí le do thoil chun an phróiseas iarratais a phlé. Do thograí úra NÍL réamhphlé le ball na foirne Léirithe agus Forbartha riachtanach chun iarratas a dhéanamh ar chistiú léirithe. Caithfidh dul i gcomhairle le Ceannaire Dáileacháin & Léirithe Gearrscannáin Fís Éireann, Emma Albanach, sula ndéanfar iarratas do Thacaíocht Dháileacháin nó do chistiú Dáileacháin Díreach.

Is iad seo a leanas spriocdhátaí a nglacfar le hiarratais chistithe léirithe agus dáileacháin i 2026. Ní mór do gach uile iarratas a bheith curtha isteach roimh 1in ar lá an spriocdháta.

Spriocdhátaí Cistithe Léirithe 2026

  • Dé hAoine 12 Eanáir ar 1in
  • Dé hAoine 23 Márta ar 1in
  • Dé hAoine 13 Iúil ar 1in
  • Dé hAoine 26 Deireadh Fómhair ar 1in

Ní ghlacfar le hábhar breise tar éis an spriocdháta iarratais agus ní chuirfear san áireamh é nuair a dhéanfar machnamh ar an iarratas, ach amháin sa chás gur ball na foirne a d’iarr a leithéid d’ábhar go sonrach. De ghnáth déanfar socruithe taobh istigh de 10-12 sheachtain ón spriocdháta aighneachta.

Próiseas Measúnaithe

Ní mheasfaidh Fís Éireann togra i gcomhair cistithe léirithe ach amháin sa chás go gcuirfidh comhlacht léirithe neamhspleách isteach é, comhlacht atá bunaithe sa Stát nó atá bunaithe i Stát LEE diomaite den Stát agus a dhéanann gnó sa Stát trí chraobh nó áisíneacht a:

  • chaithfidh a bheith cáin-chomhlíontach i bPoblacht na hÉireann,
  • chaithfidh ionchur suntasach, leantach a dhéanamh do chultúr agus d’fhorbairt na hearnála Scannaíochta agus Teilifíse i bPoblacht na hÉireann,
  • mbeidh stiúrthóir comhlachta ann atá tiomanta don scannán nó don togra teilifíse a dhéanamh.

Measfaidh baill an Ghrúpa Thionscadail iarratais ag baint feidhme as Prionsabail & Critéir Fís Éireann ag cruinniú cistithe a bheidh comhdhéanta de bhaill na foirne Léirithe, Forbartha & Dáilte, de bhaill na foirne Gnóthaí Dlí & Gnó, agus, ar bhonn ad hoc, de chomhairleoirí as buíon bheag ghairmithe nach as Fís Éireann iad atá ar áirithíocht dá scileanna sainiúla. Cuirfear na cinní a dhéanfaidh an Grúpa Tionscadail in iúl do Bhord Fís Éireann mar mholtaí agus ansin beidh gá le faomhadh Bhord Fís Éireann go dtiocfaidh siad i bhfeidhm agus tar éis sin cuirfear in iúl d’Iarrthóirí iad.

Tar éis cinneadh mírathúil ón Bhord, ní féidir togra a chur isteach chuig Fís Éireann athuair ach amháin más amhlaidh go ndearnadh athruithe ábhartha suntasacha don phacáiste (sé sin, don script scannáin, do bhuneilimintí cruthaitheacha macasamhail roghnú aisteoirí nó don chostas léirithe). Ní mheasfaidh Fís Éireann togra a chuirfear isteach ar chlár chistithe ach dhá uair – má theipfidh ar iarratas i ndiaidh an dara aighneachta, ní bheidh sé incháilithe níos mó taobh istigh den chlár chistithe sin.

Roghanna Cistithe

Má dhámhfaidh Fís Éireann cistiú ar iarratas, d’fhéadfadh iarrthóirí tairiscint amháin den dá thairiscint a leanas a fháil:

  1. Tairiscint Ghealltanais Neamhthomhaiste chistithe léirithe a bheidh ar fáil do thréimhse 12 mhí.
  2. Sparánacht Thomhaiste chistithe léirithe a bheidh ar fáil do thréimhse 12 mhí.

Mura gcuirfear togra isteach le haghaidh cainníochtaithe nó nach mbeidh sé faoi chonradh roimh an dáta éaga ábhartha rachaidh an tairiscint i léig go huathoibríoch agus beidh ar an iarrthóir iarratas a chur isteach arís tríd an chóras iarratais atá ar líne.

Tá gach tairiscint ag brath ar chistiú a bheith ar fáil ag Fís Éireann. De bharr an bhrú atá ar chistiú Fís Éireann, tá tréimhsí agus téarmaí tairiscintí doshannta.

Coinníollacha Cistithe

  1. Soláthraítear cistiú i bhfoirm iasachtaí cirt cúitimh-teoranta atá in-aisghabhála ó sciar ioncam a gheobhfar ó shaothrú an togra agus a thabharfaidh ceart do Fís Éireann freisin ar chuid de na glanbhrabúis.
  2. Nuair a chuireann Fís Éireann cistiú ar fáil cuireann sé grinn i réamhobair na ndaoine aonaracha go léir atá páirteach (léiritheoirí, comh-airgeadaithe, gníomhairí díolacháin agus dáileoirí san 15 áireamh) ag glacadh san áireamh a gcumais chruthaitheacha i meáin chlosamhairc mar aon lena n-inniúlachtaí gairmiúla agus a n-iontaofacht. De ghnáth cuirtear cistiú léirithe Fís Éireann ar fáil le linn léiriúcháin de réir sreafa airgid aontaithe. Sula dtosófar ar chistiú ní mór do Fís Éireann a bheith sásta go mbeidh gach soláthraí airgeadais eile don léiriúchán faoi chonradh agus go mbeidh ceangal daingean orthu, agus go mbeidh an méid airgeadais a bheidh ar fáil leordhóthanach leis an bhuiséad iomlán a chlúdach.
  3. Ar gach uile léiriúchán a bhfuil buiséad léirithe domhanda aige atá thar chúig (5) mhilliún euro, is ceangaltas dian Fís Éireann go mbeidh ráthóir comhlíontachta faofa in áit don léiriú sa chás go mbeidh cistiú Fís Éireann curtha ar fáil i rith an léirithe.
  4. Is gnáthriachtanas Fís Éireann ceapadh gníomhaire airgeadais faofa.
  5. Ní féidir cistiú Fís Éireann a thabhú ach ar chostais Éireannacha (féach thíos treoirlínte ar Chaiteachas Éireannach Cruthaitheach Ceadaithe).
  6. Tá sé riachtanach ag Fís Éireann go mbeidh ceangal conartha ar gach uile cheart ar fud an domhain i dtaobh le togra (go mór mór i gcás cláir fhaisnéise) agus gan teorainn ama trasna gach foirm na meán. San áireamh anseo tá cearta a bhaineann le gach bunábhar, taibheoirí, ceol, píosaí scannánaíochta cartlainne srl.
  7. Caithfidh gach uile thogra atá ag fáil cistiú a bheith inghlactha d’árachas Earráidí agus Easnamh agus ní mór do liúntas chuige seo a bheith taobh istigh den bhuiséad léirithe a chuirfear isteach.
  8. Caithfidh gach uile thogra atá ag fáil cistiú Fís Éireann costais gan choinne 10% a sholáthar agus a cheadú den bhuiséid léirithe a chuirfear isteach. D’fhéadfadh go ndéanfaí eisceachtaí maidir le cláir fhaisnéise de réir an cháis.
  9. Beidh tréimhsí eisithe inoibrithe ag teastáil ar Fís Éireann do gach togra go háirithe iad siúd a mbaineann tacaíocht Chraoltóra leo. I gcás clár faisnéise tá íosmhéid tréimhse eisithe dhá mhí déag de dhíth ar Fís Éireann ó dháta na chéad taispeána féile. I gcás scannán fada tá tréimhse eisithe ceithre mhí is fiche de dhíth ar Fís Éireann ó dháta na chéad taispeána amharclainne.
  10. Do thograí a thacaítear trí mhaoiniú Chomhléirithe Chruthaithigh ó Fís Éireann, ní mór dóibh a bheith formheasta mar chomhléirithe oifigiúla faoi chonradh dhéthaobhach nó ag an Choinbhinsiún Eorpach ar Chomhtháirgeadh Chineamatagrafach. I gcásanna eisceachtúla nuair a aontóidh Fís Éireann leis an riachtanas seo a leagan ar leataobh, caithfidh struchtúr a chur ar an togra fós ionas gur comhléiriú bona fide é ina roinnfear úinéireacht, cearta agus ioncaim i measc na gcomhléiritheoirí. Caithfidh gach comhléiriú leis an RA, a thacóidh Fís Éireann leis, a bheith faofa mar chomhléiriú oifigiúil. Ní leagfaidh Fís Éireann an riachtanas ar leataobh do stádas oifigiúil maidir le comhléirithe leis an RA agus mar thoradh air sin ní féidir le Fís Éireann a bheith bainteach le tograí a mbeidh cistiú EIS nó SEIS acu mar chuid dá maoiniú.
  11. Maidir le Léiriú Teilifíse Beochana, tá an t-uasmhéid atá ar fáil bunaithe ar léiriú uasuimhir ghnátheagrán i sraith (m.sh. 52 x 11’). Nuair a mholfar níos lú eagrán, is dóiche go ndéanfar infheistíocht Fís Éireann dá réir.
  12. Ní féidir le haon duine a sháraíonn a chuid oibleagáidí conartha do Fís Éireann, ní féidir leis an riachtanas ar Dhearbhú Chomhlíonta a shíniú nuair a bheifear ag cur iarratais isteach.
  13. Cuirfidh Fís Éireann smachtbhannaí dochta i bhfeidhm ar aon duine nach gcomhlíonfaidh conradh, rud a d’fhéadfadh cosc a chur air ó bheith ag cur aon iarratais mhaoinithe eile isteach chuig Fís Éireann go ceann tréimhse ama sainithe agus ag ísliú nó ag cealú aon íocaíochtaí nár híocadh go fóill ar aon togra.
  14. Sula mbeidh aon aontú beidh ar gach comhlacht a shraith polasaithe a chur ar fáil do Fís Éireann mar chuid de na réamhchoinníollacha ina áireofar - (i) polasaí sláinte agus sábháilteachta (ii) polasaí dínite sa láthair oibre (iii) gnáis chasaoide (iv) polasaí um chosaint leanaí (v) polasaí ilchineálachta agus cuimsithe (vi) polasaí inbhuanaitheachta.

Treoirlínte ar Chaiteachas Cheadaithe ar Chruthaitheacht Éireannach

Is bunphrionsabal maoinithe Fís Éireann le haghaidh léirithe nach mór an tsuim iomlán infheistithe a chaitheamh ar phearsanra, ar earraí agus ar sheirbhísí Éireannacha. Nuair nach mbeidh ach cuid de léiriú togra ar siúl i bPoblacht na hÉireann, d’fhéadfadh méid an mhaoiniú a iarrtar ó Fís Éireann a bheith teoranta de réir an mhéid a chaithfear in Éirinn. I dtaobh leis an mhéid infheistíochta a iarrfar ó Fís Éireann do thogra agus leis an mhéid chaiteachais cheadaithe ar chruthaitheacht Éireannach a thabhófar, teastóidh cóimheas caiteachais 1.5:1 ó Fís Éireann ar a hinfheistíocht.

Tá an sainmhíniú ar chaiteachas cheadaithe ar chruthaitheacht Éireannach a rialaíonn leibhéal maoinithe Fís Éireann i dtogra, tá sin éagsúil ón sainmhíniú ar chaiteachas cheadaithe Éireannach atá faoi fhorálacha na dreasachta cánach Alt 481. Féachann Fís Éireann ar na gnéithe a leanas mar “Caiteachas Ceadaithe ar Chruthaitheacht Éireannach” ó thaobh a cuid infheistíochta féin de:

  • Táillí agus tuarastail a íoctar d’Éireannaigh a oibríonn i bPoblacht na hÉireann nó thar sáile.
  • Per diems a íoctar do dhuine ar bith le linn dó bheith ag obair i bPoblacht na hÉireann.
  • Caiteachas ar earraí agus seirbhísí a cheannaítear i bPoblacht na hÉireann.

Tabhair faoi deara le do thoil nach bhfuil na costais a leanas inghlactha mar Caiteachas Ceadaithe ar Chruthaitheacht Éireannach:

  • Costais thaistil daoine nach Éireannaigh iad ach amháin má tá siad ag taisteal go/ó (h)Éirinn le hobair a dhéanamh in Éirinn.
  • Íocaíochtaí d’árachais, banna críochnaithe san áireamh.
  • Íocaíochtaí do chearta imréitigh i dtaobh le ceol, saothar liteartha, ábhar ón chartlann, srl.
  • Costais mhaoinithe.

I gcás Comhléirithe Éireann/RA nuair a bheidh an léiriú á dhéanamh i bPoblacht na hÉireann agus i dTuaisceart na hÉireann, mar chuid dá méasúnú maidir le cistiú Fís Éireann, b’fhéidir go nglacfaidh Fís Éireann an cóimheas caiteachais idir Alt 481 agus creidmheas cánach RA san áireamh i dtaobh leis an togra de. I dtaca le costais fhorbartha, measfar iad seo de réir an cháis. Beidh íocaíochtaí d’Éireannaigh (m.sh. scríbhneoirí scripte) inghlactha dar ndóighe; measfar costais eile ag cur san áireamh náisiúntacht an léiritheora a bhfuil freagracht fhorbartha den chuid is mó air agus, i gcásanna áirithe, foinse maoinithe forbartha.

Baineann na dálaí thuas ar Chaiteachas Cheadaithe ar Chruthaitheacht Éireannach le Ficsean: Léiriú Éireannach, Ficsean: Comhléiriú Cruthaitheach agus Léiriú Teilifíse Beochana. Is é is dóiche go mbainfidh sé ach go háirithe le tograí a bhfuil struchtúir acu ina mbeidh mionról Éireannach comhléirithe agus atá inghlactha do Ficsean: Cistiú Comhléirithe Cruthaitheach. D’fhéadfadh siad a bheith ábhartha do scannáin lánfhada bheochana (déanta de ghnáth mar chomhléirithe iltíre) agus do Ficsean: Tograí Léirithe Éireannacha i gcásanna nach ndéantar mórán nó cuid ar bith den scannánú in Éirinn. Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil Treoirlínte Fís Éireann ar Chaiteachas Cheadaithe ar Chruthaitheacht Éireannach faoi réir athbhreithnithe thréimhsiúil.

Prionsabail Aisghabhála

Lorgaíonn Fís Éireann a hinfheistíocht a fháil ar ais pro rata pari passu le gach cothromas eile tar éis an bhainc. Glacfaimid le hairgeadas margaíochta áirithe sa chéad dul síos amhail airgeadas bearna agus réamhíocaíocht, costais agus coimisiúin idirbheartaithe an ghníomhaire díolacháin. Ni mór d’infheistíocht léiritheora a bheith déanta mar airgead tirim agus seolta chuig an léiriú ar dhruidim. Tá aon aisghabháil faoi Alt 481 tar éis Fís Éireann agus roimh Ghlanbhrabúis.

Treoirlínte na Conaire Aisghabhála

Faoi chóras chonaire aisghabhála Fís Éireann tá an léiritheoir Éireannach, an scríbhneoir Éireannach agus an stiúrthóir Éireannach d’aon scannán fada/dráma teilifíse/clár faisnéise fada/togra beochana ar chuir Fís Éireann cistiú léirithe ar fáil dó, tá siad i dteideal sciar 60% as conair aisghabhála faoi réir téarmaí agus coinníollacha áirithe.

Coillíollacha na Conaire Aisghabhála

Roinnfear an chonair aisghabhála seo mar a leanas:

  • 40% don Chomhlacht Léirithe,
  • 10% don Stiúrthóir Éireannach, agus
  • 10% don Scríbhneoir Éireannach.

Sa chás nach Éireannach an scríbhneoir nó an stiúrthóir roinnfear an chonair aisghabhála mar a leanas:

  • 45% don Chomhlacht Léirithe,
  • 10% do cibé duine acu an scríbhneoir nó an stiúrthóir ar Éireannach é.

Sa chás nach Éireannach ceachtar acu an scríbhneoir nó an stiúrthóir roinnfear 50% na conaire aisghabhála ar an Chomhlacht Léirithe.

I gcás Chlár Faisnéise roinnfear an chonair aisghabhála mar a leanas:

  • 45% don Chomhlacht Léirithe,
  • 10% don Stiúrthóir Éireannach.

I gcás sraitheanna drámaíochta teilifíse nó sraitheanna teilifíse beochana nuair a bheadh níos mó ná scríbhneoir Éireannach nó stiúrthóir Éireannach amháin páirteach roinnfear an chonair aisghabhála mar a leanas:

  • 40% don Chomhlacht Léirithe,
  • 10% don/do na Stiúrthóir(í) Éireannach(a) le bheith cionroinnte pro rata bunaithe ar líon na n-eagrán a stiúraíodh, agus
  • 10% don/do na Scríbhneoir(í) Éireannach(a) le bheith cionroinnte pro rata bunaithe ar líon na neagrán a scríobhadh.

Chun leas a bhaint as aon airgead a bheidh i gcuntas na conaire aisghabhála ní mór do gach rannpháirtí Foirm Iarratais na Conaire Aisghabhála a líonadh agus a chur isteach, a bhfuil cóip di ar fáil ach á iarraidh. Níl cead ag aon rannpháirtí éileamh a dhéanamh ar son aon rannpháirtí eile.

Ní mór do rannpháirtí na conaire aisghabhála na sonraí go léir a chur ar fáil do Fís Éireann faoi úsáid mholta an airgid, nach féidir a chaitheamh ach ar na gníomhaíochtaí sin a bhfuil faomhadh Státchabhair ag Fís Éireann dóibh i.e. Forbairt Togra, Léiriú (Scannáin lánfhada, Drámaíocht Theilifíse, Beochan agus Cláir Fhaisnéise), Dáileadh agus Oiliúint maidir le táirge cultúrtha nó seirbhís incháilithe. Nuair a fhaomhfar íocaíocht airgid íocfar é ar fháil sonrasc bailí agus sonraí imréitigh cánach. Beidh buiséad agus plean airgeadais do na gníomhaíochtaí molta ag teastáil ó Fís Éireann, ina mbeidh na sonraí ag brath ar chineálacha agus réimse na ngníomhaíochtaí molta. Mar shampla, sa phróiseas forbartha má bheidh scríbhneoir/stiúrthóir ag iarraidh céadrogha a ghlacadh ar ábhar áirithe b’fhéidir nach mbeidh sa phlean airgeadais ach costas tháille an chéadrogha; nó nuair a bheidh scríbhneoir/stiúrthóir ag iarraidh infheistíocht a dhéanamh i léiriú scannáin lánfhada Éireannaigh tabharfaidh an plean airgeadais eolas faoi liosta iomlán airgeadaithe an scannáin lánfhada Éireannaigh mholta.

Ní cheadaítear an chonair aisghabhála nó aon airgeadas a bheidh mar shochar inti a shannadh nó a choinneáil siar nó a aistriú ar chaoi ar bith eile go dtí aon tríú páirtí agus ní féidir ach go háirithe Rannpháirtí Conaire á thairiscint d’aon airgeadaí eile mar fhoinse aisghabhála nó mar theidlíocht airgeadais eile. Ní féidir ach oiread a leithéid d’airgead a úsáid chun caiteachas a athmhaoiniú a thabhaigh rannpháirtí conaire nó aon duine eile a bhfuil baint aige leis an rannpháirtí chonaire.

Ní mór d’íosmhéid €1,000 chun sochair an iarrthóra mar rannpháirtí conaire a bheith ar fáil sa chonair aisghabhála sula mbeidh an rannpháirtí conaire i dteideal iarratas a dhéanamh chun leas a bhaint as an airgeadas. Ní bheidh baint ar bith ag an chonair aisghabhála seo le haon chistiú bhreise a chur Fís Éireann ar fáil nó le cion glanbhrabúis Fís Éireann.

Tá gach tairiscint ag brath ar chistiú a bheith ar fáil ag Fís Éireann. De bharr an bhrú atá ar chistiú Fís Éireann, tá tréimhsí agus téarmaí tairiscintí doshannta.

Polasaí Cistithe Léirithe ar Ábhair Mhargaíochta

Do thograí a chuirfear isteach ag iarraidh cistithe, caithfidh míreanna sonraí dóthanacha a bheith san áireamh ina mbuiséid léirithe le costas táirge ábhar margaíochta de chaighdeán mhaith a chlúdach do do scannán.

Mar chuid de na hábhair mhargaíochta a thairgeofar le seachadadh chuig gníomhairí díolacháin agus dáileoirí ní mór iad seo a bheith san áireamh:

  • Réimse leathan stadán faofa na foirne aisteoirí, ceadaithe d’úsáid i mbunealaín (póstaeir, srl) agus d’úsáidí bolscaireachta eile.
  • Réimse leathan stadán léirithe.
  • Nótaí léirithe a ullmhaíodh go proifisiúnta, ina áireofar agallaimh mhionshonraithe leis an stiúrthóir, an scríbhneoir scripte, an léiritheoir, an fhoireann bharrlíne agus eochairchriú.
  • FLM/EPK (Fearas Leictreonach na Meán), ina mbeidh radharcanna ón scannán atá ceadaithe d’úsáid bholscaireachta san áireamh, agallaimh leis an fhoireann bharrlíne, agus píosaí scannánaíochta ar chúl stáitse ag taispeáint léiriú an scannáin.
  • Ba chóir poiblitheoir a cheapadh le táirgeadh na n-earraí seo a mhaoirsiú agus lena seachadadh a dheimhniú. Beidh na liúntais bhuiséid d’ábhair mhargaíochta agus do phearsanra faoi réir cheadú Fís Éireann, agus beidh an ceart ag Fís Éireann an poiblitheoir ceaptha, an grianghrafadóir stadáin agus an fhoireann FLM a cheadú.
  • Ba chóir Fís Éireann a aithint mar is cuí in aon ábhar san meáin agus ar ábhair bholscaireachta/mhargaíochta agus bunachair shonraí ar líne amhail IMDB srl. san áireamh.

Treoir Iarratais

Tá riachtanais ar leith ag gach scéim chistithe Léirithe a chaithfidh a chomhlíonadh ar fud gach céim an phróisis iarratais.

Do gach iarratas Léirithe:

  • Deimhnigh le do thoil go logáiltear isteach ar an iarratas ar líne agus athbhreithnigh na ceisteanna iarratais ar leith uilig go maith chun tosaigh ar gach spriocdháta. Más iarratas é i gcomhair tionscadal atá á fhorbairt le Fís Éireann faoi láthair, gabh i dteagmháil leis an Bhainisteoir Thionscadail chuí sula gcuirfear aighneacht isteach. Más iarratas é seo i gcomhair tionscadail nua, cuir isteach go díreach é tríd an tairseach iarratais atá ar líne.
  • Seachas eisceacht i gcás iarratas Chomhléirithe Cruthaithigh, cuireann Fís Éireann cistiú ar fáil i gcoitinne do thograí a dhéantar go príomha i mBéarla nó i nGaeilge, nó i meascán den dá theanga.
  • D’iarratais fhicsean scannán lánfhada, ní mór do thograí mionshonraí a thabhairt ar fhad na scripte le riachtanais eisiúna scannáin lánfhada a chomhlíonadh (85-120 nóiméad).

Ficsean: Léiriú Éireannach

Faoin Chistiú

Tá an maoiniú seo dírithe ar scannáin lánfhada a cheap agus ar thug tallann Éireannach ceannaireacht chruthaitheach orthu, ina áirítear stiúrthóirí, scríbhneoirí agus léiritheoirí. Taispeánfaidh iarratais cultúr na hÉireann go ginearálta ar chaoi éigin agus ní mór don bhainistiú phraiticiúil a bheith i lámha Éireannacha den chuid is mó. Tá an clár seo dírithe ar scannáin lánfhada bheo-aicsin nó scannáin lánfhada bheochana.

I dtaca le hiarratais do thograí a mbeidh buiséid suas le €3,000,000 acu, cuirfear dea-theist an Stiúrthóra san áireamh. Mar sin de, caithfear fianaise a iaroibre stiúrthóireachta scannánaíochta a chur ar fáil. Murar stiúraigh an stiúrthóir scannán lánfhada roimhe ba chóir dó nasc a chur ar fáil dá ghearrscannán críochnaithe.

Cé Is Féidir Iarratas a Dhéanamh?

Ficsean: Tá cistiú Léirithe Éireannacha ar fáil ag léiritheoirí Éireannacha. Caithfidh teacht soiléir a bheith agat ar na cearta riachtanacha d’aon ábhar a bheidh le cur in oiriúint don scáileán agus comhaontú a bheith in áit leis an scríbhneoir scripte scannáin sula gcuirfear iarratas isteach. Sa chás gur comhléiriú an togra, ní mór don Léiritheoir Toscaire a bheith ina Éireannach.

Ficsean: Comhléiriú Cruthaitheach

Tá an maoiniú seo dírithe ar scannáin lánfhada bheo-aicsin nó bheochana a cruthaíodh taobh amuigh d’Éirinn ina bhfuil léiritheoir Éireannach (PnaÉ) páirteach mar chomhoibrí cruthaitheach, ní léiritheoir seirbhíse amháin ná soláthraí mhionmhéid an airgeadais atá ag teastáil.

Caithfidh struchtúr a chur ar an scannán ionas gur comhléiriú oifigiúil é a mbeidh cistiú tríú páirtí ann ón phríomhchríocha agus ní mór do bhunthallann Éireannach a bheith fostaithe ann.

Tabharfar tosaíocht do thograí a úsáidfidh Éire mar láthair scannánaíochta, a léireoidh Éire ar leas na hÉireann, agus i gcás go bhfostófar líon áirithe bunCRanna Éireannacha agus/nó aisteoirí as Éirinn. Lorgfar cómhalartacht ó ghníomhaireachtaí cistiúcháin atá i ndlínsí eile nuair a bheidh cúinsí cuí ann.

Ní dóiche go dtabharfar cistiú, nó beidh sé teoranta, i gcásanna comhléirithe nuair:

  • nach mbeidh mórán nó aon ábhar físiúil Éireannach ná aon bhaint chultúrtha le hÉirinn sa scannán críochnaithe
  • nach mbeidh aon phríomhghrianghrafadóireacht ar siúl i bPoblacht na hÉireann
  • a bheidh na heilimintí cruthaitheacha Éireannacha teoranta do dhuine nó beirt de na haisteoirí agus duine nó beirt de na CRanna a bheidh ag obair lasmuigh d’Éirinn
  • nach mbeidh ach cuid den iarléiriú ar siúl in Éirinn (measfar go deimhneach ar léirithe ina mbeidh maisíocht físe digiteach iomlán ar siúl in Éirinn)

Smaoineofar ar an liúntas iomlán i gcás na gcúinsí a leanas:

  • rinneadh scannánú iomlán an scannáin in Éirinn, léiríonn Éire ar leas na hÉireann ar scáileán agus insíonn sé scéal de chuid na hÉireann
  • is cóiriú an scannán ar shaothar a bhfuil tábhacht chultúrtha leis in Éirinn
  • is Éireannach an Scríbhneoir agus/nó an Stiúrthóir
  • nuair a cheanglaítear dáileadh idirnáisiúnta suntasach ag céim an iarratais
  • nuair a cheaptar tallann Éireannach i mbunróil

Ar bhonn prionsabail, do thograí a thacaítear trí mhaoiniú Chomhléirithe Chruthaithigh ó Fís Éireann, ní mór dóibh a bheith formheasta mar chomhléirithe oifigiúla faoin chonradh dhéthaobhach ábhartha nó faoin Choinbhinsiún Eorpach ar Chomhtháirgeadh Chineamatagrafach. I gcásanna eisceachtúla nuair a aontóidh Fís Éireann leis an riachtanas seo a leagan ar leataobh, caithfidh struchtúr a chur ar an togra fós ionas gur comhléiriú bona fide é ina roinnfear úinéireacht, cearta agus ioncaim i measc na gcomhléiritheoirí. Ní leagfaidh Fís Éireann an riachtanas do stádas oifigiúil ar leataobh maidir le comhléirithe leis an RA.

Is féidir le scannáin a mhaoinítear faoi chlár an Chomhléirithe Chruthaithigh a dhéanamh i dteanga ar bith.

Cé Is Féidir Iarratas a Dhéanamh?

Tá cistiú Chomhléirithe Chruthaithigh ar fáil do léiritheoirí Éireannacha. Tá cistiú ar fáil le comhléiriú agus le comhoibriú go cruthaitheach ar scannán lánfhada beo-aicsin nó beochana a cruthaíodh taobh amuigh d’Éirinn a bhfuil struchtúr air mar chomhléiriú oifigiúil a bhfuil cistiú tríú páirtí deimhnithe ann ón phríomhchríocha. Caithfidh teacht soiléir a bheith ann ar na cearta riachtanacha d’aon ábhar a bheidh le cur in oiriúint don scáileán agus comhaontú i bhfeidhm leis an scríbhneoir scripte scannáin agus leis an stiúrthóir sula gcuirfear iarratas isteach.

Léiriú Scannáin Lánfhada Fhaisnéise

Faoin Chistiú

Tá an maoiniú seo dírithe ar scannáin lánfhada fhaisnéise a cheap agus ar thug tallanna Éireannacha ceannaireacht chruthaitheach orthu - stiúrthóirí, léiritheoirí agus scríbhneoirí – a mbeidh a mbainistiú praiticiúil i lámha Éireannacha go príomha.

Tá an bhéim ar chláir fhaisnéise chruthaitheacha fada i mBéarla agus i nGaeilge a mbeidh ardchaighdeáin léirithe chineamatacha acu atá in ann dul chomh fada le lucht féachana idirnáisiúnta thrí léiriú amharclannach agus féilte agus ar ardáin úra.

Tabhair do d’aire más é do thoil é nach dtacófar le cláir fhaisnéise a bheidh dírithe ar mhír theilifíse aonuaire nó níos lú, nach mbeidh mórán ná a dhath de thóir idirnáisiúnta orthu. Tá Fís Éireann meáite ar thallanna Éireannacha a aimsiú agus a chothú a bheidh in ann ábhar neamhfhicsean a chur i láthair ar chaoi a sháraíonn cultúir agus teangacha agus a úsáideann modhanna aeistéitiúla agus mothúchánacha na scannánaíochta lena mbrí a chur in iúl.

Tabhair do d’aire le do thoil dálaí Fís Éireann a leanas:

  • Tá árachas E & O riachtanach ar gach uile thogra a dtacaíonn Fís Éireann leis.
  • Caithfidh aon cheol agus ábhair chartlainne a úsáidfear i dtogra a bheith imréitithe go brách ar fud an domhain, trasna gach cineál ardáin. Muna ngéillfear do seo beidh sárú tromchúiseach conartha ann dá bharr.
  • Nuair a bheidh tacaíocht Craoltóra i gceist, beidh íosmhéid ama dhá mhí déag tréimhse eisithe de dhíth ar Fís Éireann ón am a chuirfear an tionscadal ar scáileán féile den chéad uair.

Tá Fís Éireann tiomanta do chomhlachtaí a fhás a chruthóidh cláir fhaisnéise ardchaighdeáin a aithneofar go hidirnáisiúnta ar chaoi éifeachtach siosmaideach agus chuige seo, tá ról an léiritheora ríthábhachtach.

Ba chóir d’iarratais tuiscint shoiléir ar an mhargadh a léiriú agus plean réalaíoch le haghaidh shaothrú an scannáin. Spreagtar léiritheoirí comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a lorg in éindí le léiritheoirí, airgeadaithe, gníomhairí díolacháin agus dáileoirí.

Tá Fís Éireann sásta comhléirithe a mheas tríd an scéim seo a leanfaidh na prionsabail atá leagtha amach faoi Clár Faisnéise: Comhléiriú Cruthaitheach.

Cé Is Féidir Iarratas a Dhéanamh?

Tá cistiú Léirithe Faisnéise ar fáil do léiritheoirí Éireannacha a bhfuil togra faisnéise lánfhada acu ar mhian leo a léiriú, a bhfuil teacht soiléir acu ar na cearta riachtanacha d’aon ábhar agus a bhfuil comhaontú in áit acu leis an stiúrthóir, leis na príomhrannpháirtithe agus leis an scríbhneoir scripte scannáin más cuí. Beidh gá le húinéireacht shoiléir cearta a bheith ag an chomhlacht léirithe (ní ag na léiritheoirí aonaracha).

Léiriú Sraithe Faisnéise

Faoin Chistiú

Tá an maoiniú seo dírithe ar shraitheanna faisnéise a cheap agus ar thug tallanna Éireannacha ceannaireacht chruthaitheach orthu - stiúrthóirí, léiritheoirí agus scríbhneoirí – chun ábhar teilifíse ardphróifíl a chruthú ag cuimhneamh ar lucht féachana agus ar mhargadh Éireannach agus idirnáisiúnta araon - a mbeidh a mbainistiú praiticiúil i lámha Éireannacha go príomha.

Tá an bhéim ar shraitheanna faisnéise a mbeidh ardchaighdeáin léirithe chineamatacha acu a bheidh in ann dul chomh fada le lucht féachana idirnáisiúnta agus a bhfuil tacaíocht mhargaidh bainte amach acu cheana i dtaca leis seo.

Tabhair do d’aire le do thoil dálaí Fís Éireann a leanas:

  • Tá árachas E & O riachtanach ar gach uile thogra a dtacaíonn Fís Éireann leis.
  • Caithfidh an ceol agus ábhair chartlainne go léir a úsáidfear i dtogra a bheith imréitithe go brách ar fud an domhain, trasna gach cineál ardáin. Muna ngéillfear do seo beidh sárú tromchúiseach conartha ann dá bharr.

Tá Fís Éireann tiomanta do chomhlachtaí a fhás a chruthóidh cláir fhaisnéise ardchaighdeáin a aithneofar go hidirnáisiúnta ar chaoi éifeachtach siosmaideach agus chuige seo, tá ról an léiritheora ríthábhachtach. Ba chóir d’iarrthóirí tuiscint shoiléir ar an mhargadh agus ar an phlean infheistíochta tacaíochta a léiriú a dheimhneoidh léiriú agus sraith ardluacha, ardleibhéil. Spreagtar léiritheoirí comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a lorg in éindí le léiritheoirí, airgeadaithe, craoltóirí, gníomhairí díolacháin agus dáileoirí ag cur sonraí a leithéide san áireamh san aighneacht.

Cé Is Féidir Iarratas a Dhéanamh?

Tá cistiú Léirithe Sraithe Faisnéise ar fáil do léiritheoirí Éireannacha a bhfuil togra sraithe faisnéise acu ar mhian leo a léiriú, a bhfuil teacht soiléir acu ar na cearta riachtanacha d’aon ábhar agus a bhfuil comhaontú in áit acu leis an stiúrthóir, leis na príomhrannpháirtithe agus leis an scríbhneoir scripte scannáin más cuí. Beidh gá le húinéireacht shoiléir cearta a bheith ag an chomhlacht léirithe (ní ag an léiritheoir aonarach/na léiritheoirí aonaracha). Ní mór do ghealltanas airgeadais dearbhaithe a bheith ag tograí ó chomhpháirtí idirnáisiúnta (i.e. dáileadh, díolacháin agus/nó craoltóir) sular gcuirfear iarratais isteach i gcomhair cistithe.

Scannán Lánfhada Faisnéise: Comhléiriú Cruthaitheach

Tá an maoiniú seo dírithe ar scannáin fhaisnéise lánfhada (níl sraitheanna faisnéise incháilithe) a cruthaíodh taobh amuigh d’Éirinn ina bhfuil léiritheoir Éireannach (PnaÉ) páirteach mar chomhoibrí cruthaitheach, ní léiritheoir seirbhíse amháin ná soláthraí mhionmhéid an airgeadais atá ag teastáil.

Caithfidh struchtúr a chur ar an scannán ionas gur comhléiriú oifigiúil é a mbeidh cistiú tríú páirtí ann ón phríomhchríocha agus ní mór do bhunthallann Éireannach a bheith fostaithe ann.

Tabharfar tosaíocht do thograí a mbeidh téamaí Éireannacha, ábhar Éireannach nó cuimsiú dhiaspóra na hÉireann iontú agus i gcás go bhfostófar líon áirithe bunCRanna Éireannacha. Lorgfar cómhalartacht ó ghníomhaireachtaí cistiúcháin atá i ndlínsí eile nuair a bheidh cúinsí cuí ann.

Smaoineofar ar chistiú fheabhsaithe i gcás na gcúinsí a leanas:

  • rinneadh scannánú iomlán an scannáin in Éirinn agus insíonn sé scéal de chuid na hÉireann
  • is Éireannach an Scríbhneoir agus/nó an Stiúrthóir
  • nuair a cheanglaítear dáileadh idirnáisiúnta suntasach ag céim an iarratais

D’fhéadfadh cistiú a bheith teoranta I gcásanna comhléirithe faisnéise nuair:

  • a bheidh na heilimintí cruthaitheacha Éireannacha teoranta do dhuine nó beirt de na CRanna a bheidh ag obair lasmuigh d’Éirinn.
  • nach mbeidh ach cuid den iarléiriú ar siúl in Éirinn.

Ar bhonn prionsabail, do thograí a thacaítear trí mhaoiniú Chomhléirithe Chruthaithigh ó Fís Éireann, ní mór dóibh a bheith formheasta mar chomhléirithe oifigiúla faoin chonradh dhéthaobhach ábhartha nó faoin Choinbhinsiún Eorpach ar Chomhtháirgeadh Chineamatagrafach. I gcásanna eisceachtúla nuair a aontóidh Fís Éireann leis an riachtanas seo a leagan ar leataobh, caithfidh struchtúr a chur ar an togra fós ionas gur comhléiriú bona fide é ina roinnfear úinéireacht, cearta agus ioncaim i measc na gcomhléiritheoirí. Ní leagfaidh Fís Éireann an riachtanas do stádas oifigiúil ar leataobh maidir le comhléirithe leis an RA. 

Is féidir le scannáin a mhaoinítear faoi chlár an Chomhléirithe Chruthaithigh a dhéanamh i dteanga ar bith.

Cé Is Féidir Iarratas a Dhéanamh?

Tá cistiú Chomhléirithe Chruthaithigh ar fáil do léiritheoirí Éireannacha. Tá cistiú ar fáil le comhléiriú agus le comhoibriú go cruthaitheach ar scannán lánfhada faisnéise a cruthaíodh taobh amuigh d’Éirinn a bhfuil struchtúr air mar chomhléiriú oifigiúil a bhfuil cistiú tríú páirtí deimhnithe ann ón phríomhchríocha. Caithfidh teacht soiléir a bheith ann ar na cearta riachtanacha d’aon ábhar a bheidh le cur in oiriúint don scáileán agus comhaontú in áit leis an scríbhneoir agus leis an stiúrthóir sula gcuirfear iarratas isteach.

Léiriú Drámaíochta Teilifíse

Faoin Chistiú

Tá an maoiniú seo dírithe ar shraitheanna drámaíochta teilifíse a cheap agus ar thug tallanna Éireannacha ceannaireacht chruthaitheach orthu – stiúrthóirí, scríbhneoirí, léiritheoirí – le hábhar dúchasach a chruthú le lucht féachana Éireannach agus idirnáisiúnta mar aon leis an dá mhargadh sin ar intinn acu. Taispeánfaidh iarratais cultúr na hÉireann go ginearálta ar chaoi éigin agus ní mór don bhainistiú phraiticiúil a bheith i lámha Éireannacha den chuid is mó. Is í aidhm Fís Éireann leathadh na hearnála léirithe drámaíochta teilifíse dúchasaigh a thiomáint agus failleanna a chur ar fáil do thallann na hÉireann forbairt go cruthaitheach agus go proifisiúnta araon.

Tabharfar tosaíocht do thograí a chomhlíonfaidh na critéir a leanas:

  • Tabharfar faoin phríomhghriangrafadóireacht in Éirinn
  • Tiomantas soiléir d’fhorbairt thallann mná as Éirinn
  • Cuir bíobla forbartha ar fáil ina mbeidh creatlacha mionsonraithe do gach eagrán. Breathnófar go dearfach ar thograí teilifíse a mbeidh an t-uasmhéid scripteanna curtha ar fáil iontu

Cé Is Féidir Iarratas a Dhéanamh?

Tá maoiniú i gcomhair Léirithe Drámaíochta Teilifíse ar fáil do léiritheoirí Éireannacha. Tá maoiniú ar fáil do shraith dhrámaíochta theilifíse. Caithfidh teacht soiléir a bheith ann ar na cearta riachtanacha d’aon ábhar a bheidh le cur in oiriúint don scáileán agus comhaontú in áit leis an scríbhneoir scripte scannáin agus leis an stiúrthóir sula gcuirfear iarratas isteach. Ní mór fianaise airgeadais ón mhargadh idirnáisiúnta agus ó chraoltóir suntasach nó maoiniú ó sheirbhís shruthaithe theilifíse a bheith curtha ar fáil ag céim an iarratais. Ní thacófar le haon hiarratas nach gceanglófar leis maoiniú ó chraoltóir shuntasach nó ó sheirbhís shruthaithe theilifíse agus/nó airgeadas ó mhargadh idirnáisiúnta.

Léiriú Beochana Teilifíse

Faoin Chistiú

Tá an maoiniú seo dírithe ar shraitheanna teilifíse beochana a cheap agus ar thug tallanna Éireannacha ceannaireacht chruthaitheach orthu - stiúrthóirí, scríbhneoirí, léiritheoirí, beochantóirí – ina mbeidh an t-ábhar ag léiriú chultúr na hÉireann ar chaoi éigin, agus a mbeidh a mbainistiú praiticiúil i lámha Éireannacha go príomha.

Cé Is Féidir Iarratas a Dhéanamh?

Tá cistiú Léirithe Beochana Teilifíse ar fáil do léiritheoirí Éireannacha. Tá cistiú ar fáil le haghaidh léirithe shingil bheochana theilifíse nó i gcomhair sraithe. Caithfidh teacht soiléir a bheith ann ar na cearta riachtanacha d’aon ábhar a bheidh le cur in oiriúint don scáileán agus ní mór do chomhaontú a bheith i bhfeidhm leis an scríbhneoir scripte scannáin agus caithfidh stiúrthóir agus phríomhbheochantóir a bheith ar fáil sula gcuirfear iarratas isteach. Ní mór d’fhianaise thacaíochta ó Chraoltóir a bheith ar fáil freisin ag céim an iarratais.

Cistiú Críochnaithe

Faoin Chistiú

Leis an maoiniú seo, cuirtear ar chumas na scannánóirí príomhscannán beo-aicsin, beochana nó faisnéise a chur i gcrích (agus nó dráma teilifíse, sraith teilifíse faisnéise, nó gearrscannán) atá ag céim 27 tar éis an chéad léiriúcháin nó níos déanaí (céim ag a bhfuil leagan garbh bainte amach) gan thacaíocht ó Fhís Éireann, a bhfuil gealladh amharclannaíochta faoi agus a dteastaíonn tuilleadh maoinithe uaidh.

Caithfidh na daoine a chruthaigh na tionscadail a bheith ina nÉireannaigh agus caithfidh siad a bheith faoi stiúir Éireannach - lena n-áirítear na stiúrthóirí, na scríbhneoirí agus na léiritheoirí. Is iondúil go mbeidh cultúr na hÉireann le feiceáil ina n-ábhar ar bhealach éigin agus caithfidh an bhainistíocht phraiticiúil a bheith faoi stiúir daoine Éireannacha den chuid is mó.

Tá scannáin a taispeánadh taobh amuigh de première féilte agus imeachtaí cléire agus criú agus preasa neamh-incháilithe.

Tá maoiniú ar fáil suas le €100,000 do phríomhscannáin bheo-aicsin nó bheochana agus suas le €50,000 do phríomhchláir faisnéise chun gur féidir an tionscadal a chur i gcrích agus a sheachadadh de réir scothchaighdeáin uasta an tionscail. Ní mór buiséad mionsonraithe ina liostaítear na costais atá le comhlánú a chur isteach le haon iarratas.

Déan cinnte de go léann tú Prionsabail agus Critéir Fhís Éireann sula ndéanann tú iarratas ar mhaoiniú.

Nótaí Tábhachtacha

Is mionchúiseach an measúnú a dhéantar ar na hiarratais le haghaidh maoiniú Críochnaithe Fhís Éireann, agus ní ghlactar leo ach i gcás ina bhfuil an t-ábhar a taifeadadh ar ardchaighdeán, agus a mheastar a bheith inmharthana do shaothrú ó thaobh na tráchtála de agus/nó a bheith rathúil ag féile, agus i gcás ina bhfuil bainistíocht an léiriúcháin agus an airgeadais go nuige seo soiléir agus nuair is léir go bhfuil sé proifisiúnta.

Tá infheistíocht Fhís Éireann in-fhorchúitithe, agus ba cheart tagairt a dhéanamh di sa sceideal forchúitimh, le faomhadh ag rannán Chúrsaí Dlí & Gnó Fhís Éireann.

Caithfidh árachas leordhóthanach léiriúcháin a bheith i bhfeidhm ag na tionscadail ar feadh na tréimhse léiriúcháin ar fad agus caithfear fianaise a thaispeáint ar na costais ar chlúdach árachais Earráidí agus Easnamh.

Cuirtear béim ar thionscadail a bhfuil spéis láidir faighte acu ó ghníomhairí díolacháin domhanda, ó dháileoirí agus/nó ó fhéilte idirnáisiúnta. Ba cheart go dtabharfaí mionsonraí sna hiarratais ar phleananna margaíochta agus freisin ar an straitéis saothraithe ó aon chomhpháirtí margaidh socraithe/ionchasach

Is iondúil go gcuirtear maoiniú Críochnaithe Fhís Éireann ar fáil le linn na gcéimeanna deiridh de léiriúchán faoi réir sreabhadh airgid comhaontaithe. Sula gcuirtear tús leis an maoiniú, beidh ar Fhís Éireann tuairisc costais iomlán cothrom le dáta a athbhreithniú agus a fhaomhadh. Caithfidh Fís Éireann a bheith sásta gur fhógair an léiritheoir spéis ábhair na bpáirtithe eile sa tionscadal, agus gur aontaigh aon airgeadaí eile a rinne infheistiú sa tionscadal leis na téarmaí ar a gcuirfear maoiniú Críochnaithe Fhís Éireann ar fáil.

Is ciste an-iomaíoch, teoranta é Maoiniú Críochnaithe Fhís Éireann. Ní mór aon dámhachtain maoinithe a chaitheamh ar ghnéithe Éireannacha.

Cé atá i dteideal Iarratas a Dhéanamh

Tá maoiniú críochnaithe ar fáil do léiritheoirí Éireannacha (gnólachtaí léiriúcháin neamhspleácha atá cláraithe i bPoblacht na hÉireann ag a bhfuil oifig agus baill foirne lonnaithe i Poblacht na hÉireann). Tá maoiniú ar fáil le haghaidh tionscadail bheo-aicsin, príomhthionscadail bheochana, nó príomhthioscadail faisnéise. Athraíodh rochtain shoiléir ar na cearta cuí in aon ábhar le haghaidh an scáileáin, agus tá na comhaontaithe iomlána i bhfeidhm leis an scríbhneoir scripte scannáin agus leis an bhfoireann ar fad agus tá fianaise le fáil ar árachas léiriúcháin agus caithfear imréitithe áite a fháil sula gcuirtear an t-iarratas isteach. Tabhair faoi deara nach bhfuil maoiniú ar fáil mar chabhair chun na tionscadail nach bhfuil an scannánaíocht críochnaithe acu a chur i gcrích.

Conas Iarratas a Dhéanamh

Ní mór d'iarratasóirí féachaint ar an Seicliosta maidir le Maoiniú Críochnaithe agus ar Threoirlínte Maoinithe Léiriúcháin sula ndéanfaidh siad aighneacht. Measfar go huathoibríoch nach bhfuil iarratais nach gcomhlíonann na critéir atá leagtha amach sna treoirlínte seo incháilithe lena mbreithniú. Léigh na treoirlínte seo go cúramach roimh gach aighneacht mar go ndéantar iad a nuashonrú go tráthrialta. Más rud é gur iarratas é seo do thionscadal atá á fhorbairt le Fís Éireann, déan teagmháil leis an mBainisteoir Tionscadail cuí sula gcuirtear an t-iarratas isteach. Más iarratas é seo do thionscadal nua, cuir an t-iarratas isteach tríd an tairseach iarratas ar líne go díreach.

Seicliosta maidir le Maoiniú Críochnaithe

Is bunriachtanais iad na rudaí atá liostaithe in íochtar do gach tionscadal le bheith incháilithe chun aighneacht a chur chuig Fís Éireann le haghaidh Maoiniú Críochnaithe, ach cosnaíonn Fís Éireann an ceart chun cáipéisíocht bhreise a iarraidh nuair is cuí.

  • Buiséad soiléir léiriúcháin mionsonraithe agus plean airgeadais atá suas chun dáta.
  • Buiséad Críochnaithe agus plean airgeadais nuashonraithe (tá an t-airgeadas a bhaineann le críochnú an scannáin le cur san áireamh chomh maith leis na gnéithe atá le clúdach ag Maoiniú Críochnaithe Fhís Éireann.
  • Gach comhaontú atá curtha i gcrích le haon duine nó le gnólacht eile a chuireann maoiniú nó cúnamh ar fáil maidir leis an tionscadal, ina léiríonn aon ról forchúitimh atá aontaithe cheana (lena n-áirítear cóip den chomhaontú bailiúcháin más rud é go bhfuil ceann i bhfeidhm cheana). Ní mór gurb é Maoiniú Críochnaithe Fhís Éireann an chéad rud a dhéanfar a fhorchúiteamh.
  • Sraith Shoiléir de na Teidil (comhaontaithe curtha i gcrích ina bhfuil fianaise ar úinéireacht an iarratasóra, na cearta leordhóthanacha sa script scannáin, na comhaontaithe 29 stiúrthóra agus léiritheora agus iad curtha i gcrích le gnólacht léiriúcháin an iarratasóra).
  • Foirmeacha eisiúna nó comhaontaithe foirme fada na nAisteoirí/Ranníocóirí nuair is cuí.
  • Foirmeacha eisiúna áite.
  • Fianaise go bhfuil imréitithe iomlána ar fáil (ar fud an domhain agus go buan) do gach ábhar ceoil agus cartlainne a úsáidtear.
  • Fianaise go bhfuil na costais a bhaineann le hárachas Earráidí agus Easnamh agus le hathbhreithniú dlíthiúil ar fáil don bhuiséad Críochnaithe.
  • Sceideal d’árachais léiriúcháin leordhóthanacha chun an ghníomhaíocht léiriúcháin go dtí seo a chlúdach.
  • Meastachán riachtanach do gach saothar i ndiaidh an léiriúcháin (chun seachadadh do DCP a chur san áireamh).
  • Deimhniú corpraithe agus bunreacht an ghnólachta.
  • Sonraí Imréitigh Cánach do ghnólacht léiriúcháin an iarratasóra.
  • Tairiscint d’fhéile féideartha agus straitéis eisiúna amharclannaíochta a léiríonn spéis an mhargaidh sa tionscadal go dtí seo.
  • Leagan amach sonraithe den obair a rinneadh go dtí seo agus den obair atá fós le déanamh.

Nósanna Imeachta Coimhlinte Leasa

Glacann Fís Éireann le nósanna imeachta de réir na dtreoirlínte a eisíonn an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a chlúdaíonn leas pearsanta baill Bhoird agus foirne. In imeacht an lae, b’fhéidir go gceadódh Fís Éireann sparánachtaí nó go ndéanfaí socruithe conartha eile le heintitis a bhfuil Baill Bhoird nó foireann Fís Éireann fostaithe iontu nó a bhfuil baint eile acu leo. Tá nósanna imeachta coimhlinte leasa láidre i bhfeidhm ag Fís Éireann a bhfuil cur síos orthu i gCód Iompair Fís Éireann, ach mar achoimre:

  1. Is mír ar chlár chruinnithe léiriú coimhlinte leasa ag gach Cruinniú Boird.
  2. Coinníonn Rúnaí an Bhoird clár leasa do na baill Bhoird go léir. Uasdátaítear an clár seo go rialta d’aon choimhlintí úra a éiríonn tar éis ceapacháin.
  3. Ar eagla féidearthachta coimhlinte leasa, ní fhaigheann baill Bhoird aon cháipéisíocht nó ní ghlacann siad páirt nó ní bhíonn siad i láthair ag aon chíoradh a bhaineann leis na gnéithe seo.
  4. Nochtar sceideal beart a raibh leas ag Ball Boird iontu i dtuairisc bhliantúil Fís Éireann chun trédhearcacht a chinntiú.
  5. Comhlíonann gach Ball Boird Ráiteas Leasa bliantúil le seoladh ar ais chuig an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí ag tabhairt eolas faoi aon leas ábhartha de réir na nAchtanna um Eitic in Oifigí Poiblí 1995 agus 2001.
  6. Fuair gach Ball Boird oiliúint i rialachas corparáideach ó sholáthraí neamhspleách mar chuid dá phróiseas induchtaithe agus is gné thábhachtach den oiliúint seo coimhlintí leasa.
  7. Taifeadtar na bronntaí sparánachta go léir go poiblí agus foilsítear ar láithreán gréasáin Fís Éireann iad sa bhreis ar an tuairisc bhliantúil.

Teagmhálacha na bhFoirne Léirithe, Forbartha agus Dáilte

Back to top