Hit enter to search or ESC to close
Ciste Iltionscadail Dhírigh na Todhchaí Cruthaithí 2023

Ciste Iltionscadail Dhírigh na Todhchaí Cruthaithí

Ag infheistiú i bhforbairt iltionscadail chun guthanna cultúrtha Éireannacha agus MI/IP idirnáisiúnta a fhás

Mar áisíneacht náisiúnta thionscal scannánaíochta, dhrámaíochta theilifíse, bheochana agus chlár fhaisnéise na hÉireann, is í Fís Éireann/Screen Ireland comhpháirtí cruthaitheach na hearnála, ag infheistiú i dtallann, i gcruthaitheacht agus i bhfiontar.

Spreagann scéalaíocht úrnua sinn a mheallfaidh luchtanna féachana go mothúchánach sa bhaile agus thar sáile. Trí réimse leathan modhanna tacaíochta praiticiúla, maoinithe atá ar fáil fá choinne gnéithe forbartha, léirithe, dáilte, margaíochta agus forbairt scileanna, is amhlaidh go dtacaíonn Fís Éireann leis an earnáil trí gach céim an phróisis. Tacaímid le scannánóirí ina n-iarrachtaí cruthaitheacha chun scéalta luachmhara, ealaíonta, cultúrtha agus tráchtála a roinnt ar scáileán.

Sa bhliain 2021 sheolamar Ciste na Todhchaí Cruthaithí ar dhóigh úr í chun tacú le forbairt trí thacú le  hacmhainní cruthaitheacha atá lastigh de chomhlachtaí agus tríd an chóras thacaíochta sin a thógáil arb é croílár cruthaitheach an chomhlachta é. Ansin thacaíomar leis seo a thuilleadh trí chistiú fhorbartha iltionscadail ar leith a fhorbairt mar chuid den chiste seo.

Sa bhliain 2023 leanfaimid le Ciste Iltionscadail Dhírigh  na Todhchaí Cruthaithí (CIDTC/CFDSF) lena thuilleadh ciste iltionscadail díreach, a bheidh ar fáil ag comhlachtaí closamhairc a bheidh ag forbairt rogha tograí insinte trasna scannánaíochta, teilifíse, beochana agus clár faisnéise agus atá ag iarraidh méadú agus tógáil ar a gcuid mianta cruthaitheacha, tallann a fhorbairt agus dul i dtreo iltionscadail chruthaithigh atá éagsúil agus atá ag leathnú.

Cé Is Féidir Iarratas a Dhéanamh?

Tá sé ar fáil do Chomhlachtaí Léirithe Éireannacha (comhlachtaí léirithe atá cláraithe i bPoblacht na hÉireann a bhfuil oifig agus foireann acu atá lonnaithe i bPoblacht na hÉireann) atá ag obair ar Scannáin Lánfhada (Beo-aicsean agus Beochan), Sraitheanna Ileipeasóide (Beochan agus / nó Drámaíocht Theilifíse) agus ar Chláir Fhaisnéise.

Is féidir le hIltionscadail a bheith measctha idir seánra agus / nó formáid, comhdhéanta de chineál amháin nó d’éagsúlacht iad siúd atá réamhluaite. Aithnimid go n-oibríonn cuid mhór comhlachtaí trasna meascán formáidí agus beidh solúbthacht i mbronnadh na sparánachtaí cistithe. Is féidir le comhlachtaí a chuirfidh isteach ar chistiú iltionscadail do chláir fhaisnéise, is féidir leo cur isteach ar fhorbairt sraitheanna mar aon le cláir lánfhada aonair.

Ní mór do scannán lánfhada, sraith nó clár faisnéise amháin ar a laghad a bheith léirithe ag iarrthóirí mar phríomhléiritheoir.

Faoin Chistiú

Chun iltionscadail a fhorbairt tá gá le féith ch ruthaitheachta agus acmhainní láidre  mar aon le bainistiú tallainne agus sceideal. Is í an aidhm atá ag an CIDTC MI láidir a thógáil atá ábharthach ó thaobh cultúr de trí dhaoine cruthaitheacha trasna na tíre, a rachaidh i bhfeidhm ar luchtanna féachana in Éirinn agus thar sáile.

Is é €3,000,000 an ciste iomlán agus beidh fócas ar leith ar iarratais a mbeidh scóp nó fís náisiúnta acu. Cuirtear an CIDTC ar fáil i bhfoirm iasachtaa aisghabhfar ó thograí a rachaidh chun léirithe.

Is í €75,000 an ranníocaíocht is lú in aghaidh an iltionscadail le huasmhéid €250,000 i gcomhair scriptithe agus forbairt ealaíonta. Beidh réimse sparánachtaí cistithe a shocrófar de réir formáide agus na gcritéar roghnaithe atá thíos. Ní dóiche go mbronnfar uasleibhéil sparánachtaí d’aighneacht ar bith. Beidh suas le 25% san áireamh san iasacht le haghaidh táillí léiritheora agus forchostais de réir bhuiséid fhorbartha gach togra.

Plean Iltionscadal Díreach na Todhchaí Cruthaithí / Sonraí Iarratais

Beidh na gnéithe a leanas mar chuid den phlean iltionscadail agus den fhoirm iarratais atá ar fáil thíos le híoslódáil:

  • Fís Chruthaitheach, Cúlra & Uaillmhian an Chomhlachta  agus Ráiteas Oiriúnachta.
  • Plean Forbartha Tosaigh an Iltionscadail agus Mionsonraí an Togra.
  • Straitéis Fhorbartha Thallainne ina áireofar Ilchineálacht agus Ionchuimsiú.
  • Margaí agus Lucht Féachana a bhfuil sé ar intinn ag an chomhlacht léiriú dóibh.
  • Comhpháirtíochtaí Cruthaitheacha (náisiúnta agus idirnáisiúnta) – i gcás comhlachtaí beaga spreagaimid comhoibriú, comhroinnt áiseanna, comhfhiontair agus comhdhlúthú.
  • An Fhoireann Chruthaitheach agus Ghnó a thacóidh leis an fhís seo agus dea-theisteanna san áireamh.
  • Buiséid Fhorbartha Mhionsonraithe  agus mioneolas ar Fhoinsí Cistiithe Eile.
  • An tsraith is déanaí de chuntais bhliantúla atá agat.

Tabhair faoi deara: Ní féidir leis an Chiste ach tacú le gníomhaíocht bhreise amháin.

Tá cistiú agus CIDTC faoi réir threoirlínte státchabhair agus d’fhéadfadh sparánachtaí maoinithe a bheith coigeartaithe chun comhlíontacht a chinntiú le riachtanais rialacha státchabhrach.

Critéir Mheasúnaithe
  1. Grinneas Físe ag ailíniú le treocht fháis a bheidh réadúil ach uaillmhianach, dea-theist shoiléir agus aidhmeanna láidre agus faill chruthaitheach (20)
  2. Straitéis Fhorbartha Thallainne – Foireann chruthaitheach mholta agus struchtúr infheistíochta a fheabhsóidh agus a chumasóidh luasghéarú i gcumas cruthaitheach agus i saineolas, le fócas ar ghuthanna atá faoi ghannionadaíocht (20)
  3. Plean Forbartha Iltionscadail ina bhfuil moltaí togra soiléire láidre agus buiséid thacúla  - Tuiscint ar nacroídhúsláin agus ar dheiseanna an mhargaidh (40)
  4. Spriocanna Bunpháirtí Leasmhaire agus Páirtíocht Cruthaithí a bheidh ar leas na hearnála (náisiúnta agus idirnáisiúnta) (20)
Léargas ar an Iltionscadal agus ar an Phróiseas

Ní bheidh Comhlachtaí Léirithe a bheidh ag fáil cistiú Iltionscadail incháilithe do chistiú forbartha tógra aonair. Beidh saolré 12 mhí ag an scéim ó dháta chomhaontú chistithe iltionscadail Fís Éireann, nó go gcaithfear na suimeanna uilig (cibé acu is luaithe ach ní n threoirlínte íos giorra ná 9 mí); beidh comhlachtaí léirithe incháilithe ansin do chistiú forbartha tógra aonair. Sa chás nach gcaithfidh comhlacht léirithe an tsuim iomlán lastigh de 12 mhí leanfaidh an téarma ar aghaidh go dtí go gcaithfidh an comhlacht léirithe an t-airgead iltionscadail go léir. Ciallaíonn caite sa chomhthéacs seo caite nó ceangailte go do-chúlghairthe.

Is féidir le Comhlachtaí Léirithe iarratas a chur isteach le tograí atá mar chuid den iltionscadal faoi láthair agus / nó le tograí úra nuair a bheidh an obair fhorbartha ina gné bhreise. Caithfidh Fís Éireann a chur ar an eolas chun tosaigh faoi thograí úra de réir an teimpléid Fógra Tógra Nua, a chuirfidh Fís Éireann ar fáil, ach ní gá dóibh a bheith faofa ag Fís Éireann. Fanfaidh neamhspleáchas cruthaitheach leis an chomhlacht léirithe chun na socrui Costais agus Buiséad Incháilithe the sin a dhéanamh.

Costais agus Buiséad Incháilithe

Ba chóir don chomhlacht buiséad a chur isteach a leagfaidh amach na costais bhliantúla iomlána a bhainfidh le costais Chruthaitheacha / Fhorbartha sa chomhlacht. San áireamh ba chóir go mbeadh na costais atá ann cheana agus na costais bhreise atá molta faoin Phlean do Thodhchaí Chruthaitheach. Ba chóir dó síntiús an Chomhlachta Léirithe a thaispeáint go soiléir agus méid an cistithe atá á iarraidh. Is féidir le Fís Éireann suas le 100% de chostais na forbartha cruthaithí a mhaoiniú.

Mar chuid den chaiteachas incháilithe ar fhorbairt iltionscadail beidh glacadh na gceart, táillí Scríbhneoirí, táillí Stiúrthóra, taighde, eagarthóirí scripte agus forbairt dhéanach ina áireofar, b’fhéidir, pacáistiú. Beidh ar chuntas bainc tiomnaithe a bheith oscailte a ghlacfaidh cistiú Fís Éireann agus a thabhóidh caiteachas an iltionscadail. Ba chóir leithdháileadh 25% a bheith i ngach buiséad a d’fhéadfadh a úsáid le híoc i dtreo táillí léiritheora agus forchostas. Má chaithfear aon suim de chistiú forbartha iltionscadail thar €50,000 ar aon togra amháin atá san iltionscadal,  ní mór sin a bheith cómhaoinithe trí chistiú tríú páirtí ó fhoinsí eile. Is féidir Eagarthóirí Scripte atá fostaithe ag an chomhlacht léirithe a ghearradh ag leibhéal tionscadail réasúnta. Ba chóir do Chomhlachtaí Léirithe teimpléad caighdeánachbuiséid fhorbartha Fís Éireann a úsáid.

Aisghabháil

Aisghabhfar suimeanna iltionscadail mar chuid den ghnáthchúrsa fhorbartha má léireofar an togra. Beidh an tsuim sin mar chuid den bhuiséad léirithe agus aisíocfar é ar chéad lá na Príomhghrianghrafadóireachta nó ar dhúnadh airgeadais, cibé acu is moille.

Tá tograí a mbeidh nó nach mbeidh Fís Éireann bainteach leo san áireamh anseo agus téann sé i bhfeidhm ó lá sínithe fhoirm fhada an chonartha idir Fís Éireann agus an Comhlacht Léirithe.

Ag Tuairisciú agus Scoithphointe

Eagróidh Fís Éireann athbhreithniú do gach comhlacht léirithe atá ag fáil cistithe a tharlóidh 6 mhí ó dháta comhaontaithe cistithe Fís Éireann. Sa chás go measann Fís Éireann go bhfuil an comhlacht léirithe ag sárú nó ag loiceadh téarmaí agus coinníollacha comhaontú iltionscadail Fís Éireann,feidhmeoidh an t-athbhreithniú 6 mhí seo mar chlásal scoir má mheasann Fís Éireann go bhfuil gá leis. Comhlíonfar athbhreithniú deiridh tar éis 12 mhí nó nuair a chaithfear na suimeanna deiridh agus sula gceadófar don chomhlacht cur isteach ar chistiú forbartha tógra aonair. Ag deireadh an téarma beidh ar gach comhlacht léirithe tuairisc chostais iltionscadail dheiridh a chur ar fáil a leagfaidh amach an caiteachas ar gach togra agus achoimre ar an iltionscadal ar fad. Feidhmeoidh an caiteachas buiséadaithe sínithe in aghaidh an togra mar mhír shonraí fhorbartha bhuiséadaithe má rachaidh an togra chun léirithe.

Socrú Conartha agus Sreabhadh Airgid

Beidh ar Chomhlachtaí Léirithe Rathúla conradh cistithe a aontú le Fís Éireann agus beidh 60% ar fáil ar a shíniú – beidh 20% eile ar fáil tar éis an athbhreithnithe 6 mhí agus 20% ar fhaomhadh cháipéisíocht na tuairiscithe deiridh.

Próiseas Iarratais

Caithfidh iarrthóirí an Fhoirm Iarratais a líonadh (ar fáil trí ghréasán Fís Éireann) ag cur plean gnó cruthaitheach mionsonraithe san áireamh agus á chur isteach trí ríomhphost chuig applications@screenireland.ie (Líne an Ábhair: Aighneacht Chiste Iltionscadal Dhíreach na Todhchaí Cruthaithí) um an spriocdháta.

Tá sé mar aidhm ag Fís Éireann cinneadh a phróiseáil taobh istigh de thríocha lá oibre ó spriocdháta na n-iarratas.

Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais 1 i.n. ​​​​Dé hAoine, 17 Samhain 2023.

Ní thosófar breithniú ar aon iarratas do thacaíocht go dtí go bhfaighfear foirme iarratais comhlánaithe.

Riarfar cinnidh trí phainéal a mbeidh meastóirí inmheanácha agus seachtracha araon air.

Pointí Eile - Faoi Réir Conartha
  • Tá cistiú ar fáil do chomhlachtaí léirithe Éireannacha (comhlachtaí léirithe atá cláraithe i bPoblacht na hÉireann a bhfuil oifig ghníomhach agus foireann acu atá lonnaithe i bPoblacht na hÉireann) agus, ar dháta an iarratais, a bhí bunaithe ar feadh íosmhéid téarma 2 bhliain.
  • Ba chóir do chomhlachtaí a bheith gníomhach ag forbairt iltionscadal Scannáin, DrámaíochtaTeilifíse, Clár Faisnéise agus/nó Beochana.
  • Ba chóir do gach infheistíocht mholta a bheith sa bhreis, gan aon mhaoiniú trasnasc. Ba chóir aird a dhíriú go soiléir ar aon chistiú ó ghníomhaireacht stáit ar bith eile agus ba chóir aird a tharraingt ar dheighilt infheistíochta mar aon le spriocanna soiléire d’infheistíocht fhorbartha nua atá á iarraidh.
  • Ina theannta sin agus ar mhaithe le soiléire, ní ghlacfar le hIarratais a bhaineann le costais nó le gníomhaíochtaí iardhearcacha.
  • Glacfar le cistiú meaitseála nuair a bheidh deighilt shoiléir maidir leis an chaiteachas shonrach bhreise.
  • Ní mór do chreidiúint a bheith ag Fís Éireann sa cháipéisíocht agus sna hábhair bholscaireachta uilig, a bhaineann leis an tionscnaíocht agus leis an infheistíocht seo a mhaoinigh Fís Éireann, i bhfoirm a leagfar amach sa chomhaontú iasachta fadfhoirme.
  • Dícháileofar iarratas láithreach má dhéanfar aon iarracht dul i gcion ar bhall painéil.
  • Ní mheasfar iarratais easnamhacha agus cuirfear ar ais chuig na hiarrthóirí iad. D’fhéadfadh eolas contráilte moilleanna a chur ar phróiseáil iarratas.
  • Forchoimeádann Fís Éireann an ceart chun maoiniú a chur ar fionraí agus/nó a chealú sa chás, dar leis, nach bhfuil aighneacht rathúil ag baint amach an tiomantas riachtanach mar atá leagtha síos sa chonradh.
  • Fanfaidh na Treoirlínte seo agus an Cistiú féin faoi réir athbhreithnithe agus leasú rialta. I gcás ar bith déanfar athbhreithniú orthu ar nó thart faoin 30 Meitheamh 2024.
  • Forchoimeádann Fís Éireann an ceart chun cuid ar bith de na Treoirlínte seo a cheartú nó a shoiléiriú. Sa chás go n-athrófar nó go n-athbhreithneofar na Treoirlínte seo, cuirfear leagan uasdátaithe ar fáil ar www.screenireland.ie  agus aithneofar é tríd an mhí agus an bhliain a foilsíodh é. Tá iarrthóirí freagrach as deimhniú go bhfuil siad ag úsáid leagan reatha na dTreoirlínte agus na foirme iarratais.
  • Níl aon dulagas cúraim i gceist cé acu gur Státchabhairan  cistiú seo  nó nach é, go bhfuil sé díolúinthe nó nach bhfuil, nó go bhfuil sé neamhdhleathach ar chaoi ar bith eile nó nach bhfuil sé faoin Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).Ní chóir i gcás ar bith ar chor bith glacadh leis go bhfuil Fís Éireann ag maíomh nó ag cur in iúl nó ag tabhairt barántas go bhfuil aon mhaoiniú áirithe dlíthiúil faoi na rialacha Stáitchabhair. Ní ghlacann Fís Éireann le dliteanas ar bith do chaillteanas de chineál ar bith a mhaítear a d’fhulaing aon iarrthóir mar gheall ar an chaoi a gcaithfear le haon mhaoiniú ar leith faoi dhlí Státchabhrach  agus faoi aon mheicníochtaí bainteacha ina n-áirítear aisghabháil nó aisghlámadh.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar an scéim gabh i dteagmháil más é do thoil é le andrew.byrne@screenireland.ie/cian.mcelhone@screenireland.ie