Creidmheas cánach feabhsaithe nua do scannáin le buiséid meánacha nó ísle á sheoladh ag an Aire O’Donovan agus an Aire Donohoe
Posted: 27th May 2025
Sonraí faoi chiste forbartha Gaeilge nua ‘Smaointe’ fógartha ag Fís Éireann
Inniu sheol an tAire Ealaíon, Meán, Cumarsáide, Cultúir agus Spóirt, Patrick O’Donovan T.D., agus an tAire Airgeadais, Paschal Donohoe T.D., an creidmheas cánach Alt 481 feabhsaithe nua i gcomhair scannán lánfhada le buiséid meánacha nó ísle, chomh maith le ciste forbartha Gaeilge nua de chuid Fhís Éireann a rachaidh chun tairbhe thionscal scannánaíochta na hÉireann.
Chuaigh raon mórealaíontóirí scáileáin Éireannacha in éineacht leis an Aire O’Donovan inniu, cosúil le Colm Bairéad, stiúrthóir An Cailín Ciúin a ainmníodh i gcomhair Duaise Acadaimh; Nora-Jane Noone, aisteoir a bhí le feiceáil in Bring Them Down le déanaí; Jade Jordan, aisteoir i Video Nasty agus scríbhneoir scripte atá ag teacht chun cinn; agus Eleanor Bowman, cineamatagrafaí ar scannáin Éireannacha ar nós Lies We Tell agus Testimony.
Chomh maith leis sin, inniu osclaíodh ‘Smaointe’ de chuid Fhís Éireann i gcomhair iarratas, ar ciste é lena dtacaítear le comhlachtaí léiriúcháin Éireannacha chun rogha tionscadal Gaeilge a fhorbairt.
Is ardú 8% é ‘Scéal’ ar dreasacht cánach 32% do scannáin agus teilifís in Éirinn, Alt 481. Beidh an t-ardú Scéal de 8% ar fáil do scannáin lánfhada a bhfuil buiséad de níos lú ná €20m acu agus ina bhfuil náisiúnach amháin de chuid na hÉireann nó de chuid an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch, nó duine a bhfuil ghnáthchónaí air nó uirthi laistigh de cheachtar den dá dhlínse sin, i gceann de na príomhróil chruthaitheacha, eadhon Stiúrthóir an Scannáin, Scríbhneoir Scripte, Cumadóir, Eagarthóir, Cineamatagrafaí agus Dearthóir Léiriúcháin agus i gcás scannán lánfhada beochana, Stiúrthóir Ealaíne, Cumadóir agus Dearthóir Léiriúcháin. Ní mór go mbeadh sé beartaithe an scannán lánfhada a chur ar taispeáint ag pictiúrlann tráchtála in Éirinn ar feadh 5 lá ar a laghad.
Is í atá mar aidhm leis an ardú ná spreagadh agus tacaíocht a thabhairt i gcomhair thionscal mionscannán na hÉireann, chun raon deiseanna a chur ar fáil do ghairmithe scannánaíochta atá lonnaithe in Éirinn agus iad ag forbairt a ngairmeacha agus ag cothú a n-uaillmhéine ealaíonta.
Le ‘Smaointe’, tacófar le scéaltionscadail Ghaeilge sa scannánaíocht, teilifís agus beochan, chun feabhas a chur ar scéalaíocht Ghaeilge ar an scáileán agus cumhacht a thabhairt do chomhlachtaí a bhfuil léiriúchán Gaeilge mar speisialtóireacht acu – agus go leor acu lonnaithe leasmuigh de mol léiriúcháin traidisiúnta – chun na scileanna, an inniúlacht agus an cumas gnó ceart a fhorbairt.
Dúirt an tAire Patrick O’Donovan:
“Le hardú ‘Scéal’ tugtar faoiseamh cánach breise de 8% do chomhlachtaí léiriúcháin a bhfuil scannáin lánfhada nó scannáin bheochana lánfhada á ndéanamh acu. Is athrú dearfach é seo ar Scéim Faoisimh Cánach Alt 481 do Scannáin a rachaidh chun tairbhe Thionscal Scannánaíochta na hÉireann, oibrithe scannán Éireannacha i róil chruthaitheacha shinsearacha agus pictiúrlann Éireannach. Táim ag súil leis na léiriúcháin a chruthófar sna blianta amach romhainn in earnálacha scannánaíochta agus beochana na hÉireann mar thoradh ar an scéim nua seo”.
Dúirt an tAire Paschal Donohoe:
“Cuireann an t-ardú Scéal go mór lenár gCreidmheas Cánach Scannán Alt 481 atá aitheanta ar fud an domhain. Beidh an t-ardú ina bhuntáiste mór dár léiriúcháin dhúchasacha beaga, an cineál a léiríonn scéalta Éireannacha ar an scáileán agus a thaispeánann iad ar fud an domhain. Léiríonn tabhairt isteach an bhirt seo go bhfuil an Rialtas seo tiomanta d’fhás leanúnach na hÉireann mar ionad barr feabhais do léiriú scannán agus táim ag tnúth leis an tionchar dearfach a bheidh ag an tionscnamh seo ar ár n-earnáil a fheiceáil.”
Dúirt Désirée Finnegan, Príomhfheidhmeannach Fhís Éireann:
“I bhFís Éireann, táimid an-bhródúil as tacaíocht a thabhairt do thionscal scannán na hÉireann, agus na léiriúcháin a rabhthas in ann a dhéanamh leis an tallann cruthaitheach a thuill méid mór clú agus rath dár dtionscal le blianta beaga anuas. Táimid buíoch don Roinn Ealaíon, Cultúir, Cumarsáide, Meán agus Spóirt, agus don Roinn Airgeadais as a dtacaíocht agus an t-ardú Scéal anois ar fáil, rud a chruthóidh deis nua do scannánóirí agus ealaíontóirí scáileáin Éireannacha.
Agus muid ag obair leis na tacaíochtaí seo, is deis bhreise é ‘Smaointe’, ciste forbartha do tionscadail Ghaeilge, do scéalaíocht Ghaeilge ar an scáileán. Táimid tiomanta, a bhuí leis an rath dochreidte atá ar thionscal scannán na Gaeilge, chun an uaillmhian agus an fhís ealaíonta ó scannánaíocht agus teilifís Gaeilge a fhorbairt.”