Hit enter to search or ESC to close
Smaointe - Scéim Iltionscadal an Ghaeilge

Smaointe - Scéim Iltionscadal an Ghaeilge

Ag infheistiú i bhforbairt iltionscadal na Gaeilge chun guthanna cultúrtha Gaeilge láidre agus IP ábhartha a fhás a rachaidh i bhfeidhm ar luchtanna féachana náisiúnta agus eachtrannacha.

Cúlra

Toisc gurb í Fís Éireann áisíneacht náisiúnta thionscal scannánaíochta, drámaíochta teilifíse, beochana agus chlár fhaisnéise na hÉireann, is í comhpháirtí cruthaitheach na hearnála, ag infheistiú i dtallann, i gcruthaitheacht agus i bhfiontar.

Sa bhliain 2021 sheolamar Ciste na Todhchaí Cruthaithí ar dhóigh úr í chun tacú le forbairt trí thacú le hacmhainní cruthaitheacha comhlachtaí agus trí thógáil ar an chóras thacaíochta sin arb é croílár cruthaitheach an chomhlachta é. Ansin thacaíomar leis seo a thuilleadh trí chistiú fhorbartha iltionscadail ar leith a fhorbairt mar chuid den chiste seo.

Sa bhliain 2025 leanfaimid le Ciste Iltionscadail lena thuilleadh ciste iltionscadail, Smaointe, a bheidh ar fáil ag comhlachtaí closamhairc a bheidh ag forbairt rogha tograí insinte Gaeilge trasna scannánaíochta, teilifíse, beochana agus clár faisnéise agus atá ag iarraidh méadú agus tógáil ar a gcuid mianta cruthaitheacha, tallann a fhorbairt agus dul i dtreo iltionscadail chruthaithigh atá éagsúil agus atá ag leathnú.

Cé Is Féidir Iarratas a Dhéanamh?

Tá sé ar fáil do Chomhlachtaí Léirithe Éireannacha (comhlachtaí léirithe atá cláraithe i bPoblacht na hÉireann a bhfuil oifig ghníomhach agus foireann acu atá lonnaithe i bPoblacht na hÉireann) atá ag obair ar Scannáin Lánfhada (Beo-aicsean agus Beochan), Sraitheanna Ileipeasóide (Beochan agus / nó Drámaíocht Theilifíse) agus ar Chláir Fhaisnéise agus, ar dháta an iarratais, a bhí bunaithe ar feadh íosmhéid dhá bhliana, agus a bhfuil stair chruthaithe acu de bheith ag forbairt agus ag léiriú ábhair as Gaeilge.

Is féidir le hIltionscadail a bheith measctha idir seánra agus / nó formáid, comhdhéanta de chineál amháin nó d’éagsúlacht dóibh siúd atá réamhluaite. Aithnimid go n-oibríonn cuid mhór comhlachtaí trasna meascán formáidí agus beidh solúbthacht i mbronnadh na sparánachtaí cistithe. Is féidir le comhlachtaí a chuirfidh isteach ar chistiú iltionscadail do chláir fhaisnéise, is féidir leo cur isteach ar fhorbairt sraitheanna freisin mar aon le cláir lánfhada aonair. Ní mór do thionscadail a bheith cumtha as Gaeilge agus a bheith go hiomlán i nGaeilge.

Ní mór do scannán lánfhada, sraith nó clár faisnéise amháin ar a laghad a bhí as Gaeilge a bheith léirithe ag iarrthóirí mar phríomhléiritheoir.

Faoin Chistiú

Chun iltionscadail a fhorbairt tá gá le féith chruthaitheachta agus acmhainní láidre mar aon le bainistiú tallainne agus sceideal. Is í an aidhm atá ag an Smaointe Gaeilge láidir a thógáil atá ábharthach ó thaobh cultúr de trí dhaoine cruthaitheacha a rachaidh i bhfeidhm ar luchtanna féachana in Éirinn agus thar sáile.

Is é €1,000,000 an ciste iomlán. Cuirtear maoiniú Smaointe ar fáil i bhfoirm iasachta a ghnóthófar ó thionscadail a théann chuig táirgeadh.

Is í €50,000 an ranníocaíocht is lú in aghaidh an iltionscadail le huasmhéid €125,000 i gcomhair scriptithe agus forbartha ealaíonta. Beidh réimse sparánachtaí cistithe a shocrófar de réir critéar formáide agus roghnaithe atá thíos. Ní dóiche go mbronnfar uasleibhéil sparánachtaí d’aighneacht ar bith. Beidh suas le 25% san áireamh san iasacht le haghaidh táillí léiritheora agus forchostais de réir bhuiséid fhorbartha gach tionscadail.

Plean Iltionscadal Smaointe / Sonraí Iarratais

Beidh na gnéithe a leanas mar chuid den phlean iltionscadail agus den iarratais:

  • Fís Chruthaitheach, Cúlra & Uaillmhian an Chomhlachta agus Ráiteas Oiriúnachta. .
  • Plean Forbartha Tosaigh an Iltionscadail agus Mionsonraí an Tionscadail.
  • Straitéis Fhorbartha Thallainne ina áireofar Ilchineálacht agus Ionchuimsiú.
  • Margaí agus Lucht Féachana a bhfuil sé ar intinn ag an chomhlacht léiriú dóibh.
  • Comhpháirtíochtaí Cruthaitheacha – i gcás comhlachtaí beaga spreagaimid comhoibriú, comhroinnt áiseanna, comhfhiontair agus comhdhlúthú.
  • An Fhoireann Chruthaitheach agus Ghnóa thacóidh leis an fhís seo agus dea-theisteanna san áireamh.
  • Buiséid Fhorbartha Mhionsonraithe agus mioneolas ar Fhoinsí Cistiithe Eile.
  • • An tsraith is déanaí de chuntais bhliantúla atá agat.

Tabhair faoi deara: Ní féidir leis an Chiste ach tacú le gníomhaíocht bhreise amháin. Ba chóir do gach infheistíocht mholta a bheith sa bhreis, gan aon mhaoiniú trasnasc. Ba chóir aird a dhíriú go soiléir ar aon chistiú ó ghníomhaireacht stáit ar bith eile agus ba chóir aird a tharraingt ar dheighilt infheistíochta mar aon le spriocanna soiléire d’infheistíocht fhorbartha nua atá á iarraidh.

Tá cistiú agus maoiniú Smaointe faoi réir threoirlínte státchabhair agus d’fhéadfadh sparánachtaí maoinithe a bheith coigeartaithe chun comhlíontacht a chinntiú le riachtanais rialacha státchabhrach.

Critéir Mheasúnaithe
  1. Grinneas Físe maidir leis an Phlean Iltionscadal, ag ailíniú le treocht fháis a bheidh réadúil ach uaillmhianach, dea-theist shoiléir agus aidhmeanna láidre agus faill chruthaitheach (30)
  2. Straitéis Fhorbartha Thallainne Foireann chruthaitheach mholta agus struchtúr infheistíochta a fheabhsóidh agus a chumasóidh luasghéarú i gcumas cruthaitheach agus i saineolas (30)
  3. Bua an mholaidh i gcoitinne, Phlean Fhorbartha an Iltionscadail agus na dtograí - Tuiscint ar na croídhúsláin agus ar dheiseanna an mhargaidh (30)
  4. Spriocanna Bunpháirtí Leasmhaire agus Páirtíocht Cruthaithí a bheidh ar leas na hearnála (10)
Léargas ar an Iltionscadal agus ar an Phróiseas

Ní bheidh Comhlachtaí Léirithe a bheidh ag fáil cistiú Iltionscadail incháilithe le cur isteach ar chistiú forbartha tógra aonair do thionscadail as Gaeilge. Fanfaifh siad incháilithe le cur isteach ar chistiú forbartha tógra aonair do thionscadail as Béarla. Beidh saolré 12 mhí ag an scéim ó dháta chomhaontú chistithe iltionscadail Fís Éireann, nó go gcaithfear na suimeanna uilig (cibé acu is luaithe ach ní n threoirlínte íos giorra ná 9 mí); beidh comhlachtaí léirithe incháilithe ansin do chistiú forbartha tógra aonair do thionscadail as Gaeilge. Sa chás nach gcaithfidh comhlacht léirithe an tsuim iomlán lastigh de 12 mhí leanfaidh an téarma ar aghaidh go dtí go gcaithfidh an comhlacht léirithe an t-airgead iltionscadail go léir. Ciallaíonn caite sa chomhthéacs seo caite nó ceangailte go do-chúlghairthe.

Is féidir le Comhlachtaí Léirithe iarratas a chur isteach le tograí atá mar chuid den iltionscadal faoi láthair agus / nó le tograí úra nuair a bheidh an obair fhorbartha ina gné bhreise. Ní mór Fís Éireann a chur ar an eolas chun tosaigh faoi thograí úra de réir an teimpléid Fógra Tógra Nua, a chuirfidh Fís Éireann ar fáil. Fanfaidh neamhspleáchas cruthaitheach leis an chomhlacht léirithe i dtaobh le forbairt a Iltionscadal de.

Costais agus Buiséad Incháilithe

Ba chóir don chomhlacht buiséad a chur isteach a leagfaidh amach costais chruthaitheacha / fhorbartha iomlána na dtionscadal atá san Iltionscadal. Ba chóir go mbeadh na costais atá ann cheana agus na costais bhreise atá molta faoin Phlean do Thodhchaí Chruthaitheach a bheith san áireamh. Ba chóir aon síntiús an Chomhlachta Léirithe a thaispeáint go soiléir agus méid an chistithe atá á iarraidh. Is féidir le Fís Éireann suas le 100% de chostais na forbartha cruthaithí a mhaoiniú.

Mar chuid den chaiteachas incháilithe ar fhorbairt iltionscadail beidh glacadh na gceart, táillí Scríbhneoirí, táillí Stiúrthóra, taighde, eagarthóirí scripte agus forbairt dhéanach ina áireofar, b’fhéidir, pacáistiú. Beidh ar chuntas bainc tiomnaithe a bheith oscailte a ghlacfaidh cistiú Fís Éireann agus a thabhóidh caiteachas an iltionscadail. Ba chóir leithdháileadh 25% a bheith i ngach buiséad a d’fhéadfadh a úsáid le híoc i dtreo táillí léiritheora agus forchostas. Má chaithfear aon suim de chistiú forbartha iltionscadail thar €75,000 ar aon togra amháin atá san iltionscadal, ní mór sin a bheith cómhaoinithe trí chistiú tríú páirtí ó fhoinsí eile. Is féidir Eagarthóirí Scripte atá fostaithe ag an chomhlacht léirithe a ghearradh ag leibhéal tionscadail réasúnta. Ba chóir do Chomhlachtaí Léirithe teimpléad caighdeánach bhuiséid fhorbartha Fís Éireann a úsáid.

Aisghabháil

Aisghabhfar suimeanna iltionscadail mar chuid den ghnáthchúrsa fhorbartha má léireofar an togra. Beidh an tsuim sin mar chuid den bhuiséad léirithe agus aisíocfar é ar chéad lá na Príomhghrianghrafadóireachta nó ar dhúnadh airgeadais, cibé acu is moille.

Tá tograí a mbeidh nó nach mbeidh Fís Éireann bainteach leo san áireamh anseo agus téann sé i bhfeidhm ó lá sínithe fhoirm fhada an chonartha idir Fís Éireann agus an Comhlacht Léirithe.

Ag Tuairisciú agus Scoithphointe

Eagróidh Fís Éireann athbhreithniú do gach comhlacht léirithe atá ag fáil cistithe a tharlóidh 6 mhí ó dháta comhaontaithe cistithe an Iltionscadail. Sa chás go measann Fís Éireann go bhfuil an comhlacht léirithe ag sárú nó ag loiceadh téarmaí agus coinníollacha an chomhaontaithe iltionscadail, feidhmeoidh an t-athbhreithniú 6 mhí seo mar chlásal scoir má mheasann Fís Éireann go bhfuil gá leis. Comhlíonfar athbhreithniú deiridh tar éis 12 mhí nó nuair a chaithfear na suimeanna deiridh agus sula gceadófar don chomhlacht cur isteach ar chistiú forbartha tógra aonair. Ag deireadh an téarma beidh ar gach comhlacht léirithe tuairisc chostais iltionscadail dheiridh a chur ar fáil a leagfaidh amach an caiteachas ar gach togra agus achoimre ar an iltionscadal ar fad. Feidhmeoidh an caiteachas buiséadaithe sínithe in aghaidh an togra mar mhír shonraí fhorbartha bhuiséadaithe má rachaidh an togra chun léirithe.

Socrú Conartha agus Sreabhadh Airgid

Beidh ar Chomhlachtaí Léirithe Rathúla conradh cistithe a aontú le Fís Éireann agus beidh 75% ar fáil ar a shíniú – beidh 10% eile ar fáil tar éis an athbhreithnithe 6 mhí agus 15% ar fhaomhadh cháipéisíocht na tuairiscithe deiridh.

Próiseas Iarratais

Beidh ar Chomhlachtaí Léirithe Rathúla conradh cistithe a aontú le Fís Éireann agus beidh 75% ar fáil ar a shíniú – beidh 10% eile ar fáil tar éis an athbhreithnithe 6 mhí agus 15% ar fhaomhadh cháipéisíocht na tuairiscithe deiridh.

Is féidir iarratais a dhéanamh ar líne anois ag baint úsáide as an chnaipe ‘Déan Iarratas’ ar an leathanach seo. Tá sé mar aidhm ag Fís Éireann cinneadh a phróiseáil taobh istigh de thríocha lá oibre ó spriocdháta na n-iarratas.

Is é an dáta deiridh go nglacfar le hiarratais Déardaoin 31 Iúil 2025.

Ní thosófar breithniú ar aon iarratas do thacaíocht ach ar fháil foirme iarratais comhlánaithe.

Riarfar cinnidh trí phainéal a mbeidh idir mheastóirí inmheanácha agus seachtracha air.

Pointí Eile - Faoi Réir Conartha
  • Tá cistiú ar fáil do chomhlachtaí atá cláraithe i bPoblacht na hÉireann a bhfuil oifig ghníomhach agus foireann acu atá lonnaithe i bPoblacht na hÉireann agus, ar dháta an iarratais, a bhí bunaithe ar feadh íosmhéid téarma 2 bhliana.
  • Ba chóir do chomhlachtaí a bheith gníomhach ag forbairt iltionscadal Scannáin, DrámaíochtaTeilifíse, Clár Faisnéise agus/nó Beochana as Gaeilge agus ba choir stair chruthaithe a bheith acu de bheith ag léiriú ábhair as Gaeilge.
  • Ní mór do Iltionscadail a bheith cumtha as Gaeilge agus a bheith go hiomlán i nGaeilge.
  • Ba chóir do gach infheistíocht mholta a bheith sa bhreis, gan aon mhaoiniú trasnasc. Ba chóir aird a dhíriú go soiléir ar aon chistiú ó ghníomhaireacht stáit ar bith eile agus ba chóir aird a tharraingt ar dheighilt infheistíochta mar aon le spriocanna soiléire d’infheistíocht fhorbartha nua atá á iarraidh.
  • Ina theannta sin agus ar mhaithe le soiléireacht, ní ghlacfar le hIarratais a bhaineann le costais nó le gníomhaíochtaí iardhearcacha.
  • Glacfar le cistiú meaitseála nuair a bheidh deighilt shoiléir maidir leis an chaiteachas shonrach bhreise.
  • Ní mór do chreidiúint a bheith ag Fís Éireann sa cháipéisíocht agus sna hábhair bholscaireachta uilig, a bhaineann leis an tionscnaíocht agus leis an infheistíocht seo a mhaoinigh Fís Éireann, i bhfoirm a leagfar amach sa chomhaontú iasachta fadfhoirme.
  • Dícháileofar iarratas láithreach má dhéanfar aon iarracht dul i gcion ar bhall painéil.
  • Ní mheasfar iarratais easnamhacha agus cuirfear ar ais chuig na hiarrthóirí iad. D’fhéadfadh eolas contráilte moilleanna a chur ar phróiseáil iarratas.
  • Forchoimeádann Fís Éireann an ceart chun maoiniú a chur ar fionraí agus/nó a chealú sa chás, dar leis, nach bhfuil aighneacht rathúil ag baint amach an tiomantas riachtanach mar atá leagtha síos sa chonradh.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar an scéim gabh i dteagmháil más é do thoil é le smaointe@screenireland.ie

Déan Iarratas