Hit enter to search or ESC to close
Forbairt Scripte Scannáin (Tallann Aitheanta)

Forbairt Scripte Scannáin (Tallann Aitheanta)

Nóta Tábhachtach: Cuimhnigh go mbíonn ár mbabhtaí cistiúcháin an-iomaíoch de bharr méid mór na n-iarratas agus na mbuiséad réamhshocraithe. Ciallaíonn sé seo nach mór dúinn i bhfad níos mó tograí a dhiúltú ná mar is féidir linn tacú leo. Mar sin de, tá sé an-tábhachtach dul i bhfeidhm orainn go láidir le d’iarratas. 

Faoi Chistiú

Tacaíonn Iasachtaí Forbartha Scripte Scannáin le scríbhneoirí/stiúrthóirí a bhfuil taithí acu scannán lánfhada beo-aicsin nó beochana a scríobh ó chéim an chéad smaoinimh i bhfoirm gearrchuntas nó dréacht scripte luath go dtí script scannáin chéad dréachta inmharthana. Cuirfear sparánachtaí suas le €12,000 ar fáil i gcás duine aonair nó suas le €16,000 i gcomhair foirne beirte nó níos mó sa chaoi is gur féidir leo bheith ag obair le heagarthóir scripte a bhfuil taithí aige a bheidh ceadaithe ag Fís Éireann. 

Tabhair faoi deara le do thoil nár chóir léiritheoirí a cheangal ag an chéim seo. Má chuirfear togra isteach le comhlacht léirithe agus/nó le léiritheoir san áireamh measfar go huathoibríoch go mbeidh sé neamh-incháilithe. Áfach, spreagaimid scríbhneoirí agus/nó stiúrthóirí de bheith ag machnamh chun tosaigh freisin i dtaca lena lucht féachana, a margadh agus comhlachtaí Éireannacha cuí go m’fhéidir gur mhian leo dul chun cainte leo ar chomhlíonadh a gcéime forbartha le Fís Éireann. 

Soláthraíonn Fís Éireann maoiniú forbartha i gcomhair scannánóireachta i mBéarla nó i nGaeilge go príomha, nó i meascán den dá theanga. Ní dheimhníonn sé maoiniú Léirithe ag céim níos déanaí. 

Le bheith ar aon dul le Maoiniú Forbartha Scannáin Lánfhada, tá Fís Éireann ag athrú gnéithe an phróisis iarratais maidir le Maoiniú Forbartha Scripte Scannáin. Is í aidhm na n-athruithe seo scríbhneoirí/stiúrthóirí a spreagadh chun an oiread ciall agus is féidir ar acmhainneacht a dtogra a chur in iúl ag céim an iarratais. Táimid ag iarraidh ar scríbhneoirí/stiúrthóirí smaoineamh an scéil, struchtúr, turais na gcarachtar a cheistiú go mór chomh maith leis an lucht féachana agus leis an mhargadh dá scannán ón chéim is luaithe trí ghearrchuntais mhionsonraithe. 

Cé Is Féidir Iarratas a Dhéanamh?

Tá Iasachtaí Forbartha Scripte Scannáin ar fáil do thallann Éireannach a bhfuil taithí aici, ina measc scríbhneoirí aonaracha, foirne scríbhneoirí, agus foirne ina bhfuil scríbhneoir agus stiúrthóir, sa chás go bhfuil creidiúint scannáin lánfhada léirithe amháin ar a laghad ag iarrthóirí mar scríbhneoir (dáileadh amharclainne, taispeáintí féilte, agus/nó dáileadh ar phríomhardán sruthaithe san áireamh) nó creidiúint(í) dhrámaíochta theilifíse, seónna beochana teilifíse san áireamh, mar scríbhneoir. Níl creidiúintí ar scannáin ghearra, ar fhógraí, ar chláir fhaisnéise nó creidiúintí ar ábhair neamhfhicsin incháilithe faoin chatagóir seo. Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil foirne ina bhfuil scríbhneoir amháin a bhfuil taithí aige agus scríbhneoir amháin a bhfuil níos lú taithí aige (gan scannáin lánfhada léirithe nó creidiúint dhráma theilifíse), incháilithe le hiarratas a chur isteach mar fhoireann chomhscríbhneoireachta. Má chuirfear iarratas isteach ina mbeidh níos mó ná aon scríbhneoir ceangailte leis, caithfidh gach scríbhneoir a bheith ina shaoránach Éireannach nó ina chónaí i bPoblacht na hÉireann le bheith incháilithe. 

Riachtanais Iarratais 

• Líne Mhínithe 

• Achoimre ghearr (tuairim is 1 leathanach) le Gearrchuntas Mionsonraithe (Íosmhéid 10 leathanach gan íomhánna san áireamh) 

• Achoimre níos faide ag tabhairt achoimre ar an scéal iomlán le Sampla Scripte (20-30 leathanach amháin) 

• Cur síos gairid ar na carachtair agus forbairtí na gcarachtar san áireamh 

• Nótaí Scríbhneora/Stiúrthóra 

• Fianaise Úinéireachta na gCearta

Treoirnótaí Iarratais 

Ligeann na riachtanais iarratais thuas d’iarratasóirí a dtogra a chur chun tosaigh ar dhóigh a léiríonn ar an chaoi is fearr a acmhainn i gcomhair breis forbairte. Mholfaimis duit machnamh ar na nithe a leanas nuair a thabharfaidh tú aghaidh ar gach gné: 

• Líne Mhínithe – Tá sé riachtanach gur féidir leat cur síos ar do scéal in abairt nó dhó.  Smaoinigh ar leithéid chur i láthair giotán focal a d’fhéadfadh a úsáid amach anseo in ábhair mhargaíochta. 

• Achoimre Fhada – (2 leathanach) Ar an tuiscint go gcuirfear seo isteach le páirtscript is gá di scéal iomlán an scannáin a insint dúinn go deireadh – tá milleadh scéalta uainn!  Cinntigh le do thoil go dtabharfar aire bhreise do dhréachtú na hachoimre seo toisc gur eilimint ríthábhachtach í agus Fís Éireann ag measúnú an togra. 

• Gearrchuntais – Ba chóir do seo a bheith mionsonraithe agus ciall an scéal iomlán a léiriú. Ba chóir do ghearrchuntais iarracht a dhéanamh ciall láidir a chur in iúl i dtaobh leis an téama, leis an charachtracht (sé sin, forbairtí agus cumainn) leis an  ton agus leis an phlóta de freisin. Spreagfaimis scríbhneoirí/stiúrthóirí nó foirne gearrchuntas a chur isteach murar scríobhadh an script go fóill. Is féidir leis a bheith i bhfad níos fusa an scéal a iniúchadh i dtaobh le turais na gcarachtar agus struchtúr de ag céim an ghearrchuntais agus mar sin de athruithe níos fusa a éascú  sula scríobhfar an script. Tabhair faoi deara le do thoil, déanfaimid measúnú ar ghearrchuntais atá nios giorra ná an íosmhéid 10 leathanach atáimid ag moladh anseo – áfach, cheapamar go raibh sé níos deacra poitéinseal a mheas agus ciall iomlán na scéalta a thuiscint bunaithe ar na cuntais seo a bhí níos giorra. 

• Cur síos ar na carachtair agus ar a bhforbairtí: ní gá do na cuntais a bheith fada, déanfaidh alt nó dhó cúis,  agus b’fhéidir go gcuirfidh tú forbairt an phríomhcharachtair agus an chumainn isteach – ní do na carachtair go léir. 

• Nótaí an Scríbhneora – Ní gá dóibh seo a bheith fada ach ba chóir dóibh léiriú cén fáth ar mhian leat an scéal seo a insint. Ba chóir do scríbhneoirí míniú cad iad na príomhghnéithe a mheasann tú go mbeidh ort díriú isteach orthu de réir mar a rachaidh tú i dtreo chéim an chéad dréachta. An bhfuil aon bhundhúshláin (m.sh. thiocfadh dó gur cóiriú atá ann, b’fhéidir go mbeadh ceisteanna bainteach le seánra nó le carachtracht)? 

• Ba chóir do stiúrthóirí insint dúinn cad é a mheall chuig an togra seo thú? Cad é an t-achar ama forbartha agus cad iad na príomhdhúshláin ag dul i dtreo chéim an chéad dréachta, dar leat? An bhfuil aon smaointí agat ar phoitéinseal, ar eagarthóirí scripte atá ceadaithe ag Fís Éireann? Nuair a bheadh stiúrthóir ceangailte ba chóir dó cur le nótaí an scríbhneora go sainiúil faoi obair fhorbartha atá de dhíth ar an script. Ó na nótaí seo ba chóir go mbeimis in ann ton agus fís comhtháite a fheiceáil don scannán ón scríbhneoir/stiúrthóir/fhoireann. 

Cóirithe agus Fíorscéalta: Caithfidh moltaí atá bunaithe ar ábhar foinse atá ann cheana, amhail drámaí nó úrscéalta, dul níos faide ná achoimrí plotaí agus beidh gá le leid shoiléir i dtaca leis an straitéis chóirithe de agus gearrchuntas scannánúil a chur san áireamh, sin nó achoimre mionsonraithe le sampla scripte. I gcás go mbeidh an eilimint bhunriachtanach seo in easnamh tarraingeofar iarratais amach go huathoibríoch. Mar a chéile, caithfidh moltaí atá bunaithe ar dhaoine nó ar eachtraí ón fhíorshaol dul thar achoimre thaighde agus an insint scannánúil a léiriú go soiléir. 

An Dóigh le hIarratas a Chur Isteach

Is féidir iarratas a dhéanamh ar líne anois. Téigh go dtí Déan Iarratas Ar Líne Fís Éireann. Caithfidh iarratasóirí breathnú ar Threoirlínte Maoiniú Forbartha sula gcuirfear iarratas isteach. Mura gcomhlíonfaidh iarratais na critéir atá leagtha amach sna treoirlínte seo measfar go huathoibríoch iad a bheith neamh-incháilithe.  

Spriocdhátaí Cistithe 2026

  • Dé hAoine 26 Eanáir ar 1in
  • Dé Luain 30 Dé Luain ar 1in
  • Dé Luain 25 Bealtaine ar 1in
  • Dé Luain 7 Meán Fómhair ar 1in

Más mian leat iarratas i gcomhair maoinithe a dhéanamh tríd an phost, déan teagmháil le 091 561 398 leis an fhoirm iarratais chuí a fháil. 

18.12.2025