Faoin Chistiú
I ndiaidh na chéad leaganacha píolótacha den scéim maoinithe Conairí um Éagsúlacht, Cothromas agus Ionchuimsitheacht, tá Fís Éireann, trí Cultural & Creative Industries Skillnet, ag cur leithdháileadh breise €100,000 ar fáil. Úsáidfear an maoiniú sin chun deiseanna oibre ar léirithe a sholáthar do phobail éagsúla atá faoi ghannionadaíocht agus dóibh siúd a raibh rochtain theoranta acu ar an earnáil, de réir na staire.
Cuirtear fáilte ar leith faoin scéim maoinithe Conairí roimh iarratais ar thograí léirithe a thacaíonn le rannpháirtithe/daoine aonair atá faoi ghannionadaíocht ar mhian leo aistriú ó earnálacha eile bacainní a shárú, agus a thacaíonn leo siúd ar mhian leo aistriú ó earnálacha eile bacainní a shárú, agus a thacaíonn leo siúd ar mhian leo filleadh ar an earnáil físe tar éis tréimhse asláithreachta. Chomh maith leis sin, fáiltítear faoin scéim roimh iarratais a thugann aghaidh ar an gcothromaíocht inscne agus éagsúlachta i Ranna agus Róil ar leith ina mbeadh an inscne agus an éagsúlacht as a riocht, de réir na staire. Tugtar tacaíocht ar leith sa scéim do dheiseanna a chuireann dul chun cinn suntasach gairme ar fáil do rannpháirtithe/dhaoine aonair, go háirithe sna réimsí tosaíochta siúd ina bhfuil bearnaí suntasacha scileanna le sonrú (mar a shainaithnítear i dtuarascálacha scileanna de chuid an rialtais agus i dtuarascálacha scileanna earnála). Tacaítear go háirithe sa scéim le deiseanna ina bhfuil duine ag glacadh le ról nua chun a ghairm a chur chun cinn, agus ina bhfuil bacainní suntasacha rompu maidir leis an deis seo a ghlacadh.
Cáilitheacht
- Is fearr iarratais a chur isteach sula gcuirtear tús leis an léiriú.
- Is féidir le léirithe atá faoi lánseol cheana féin iarratas a chur isteach chomh fada agus atá an léiriú fós ar siúl.
- Is féidir le léirithe atá faoi lánseol agus a bhfuil gníomhaíocht/togra ÉCI tugtha isteach acu mar chuid den léiriú cheana féin iarratas a dhéanamh chomh fada agus atá an ghníomhaíocht/togra ÉCI fós ag dul ar aghaidh.
- Ní féidir le léirithe atá curtha i gcrích cheana féin iarratas a chur isteach go cúlghabhálach.
Chun críocha scéim maoinithe Conairí um Éagsúlacht, Cothromas agus Ionchuimsitheacht, is gnách go gclúdaíonn an éagsúlacht, mar a bhaineann sí le gannionadaíocht sa tionscal físe, na forais seo a leanas:
- Inscne
- Stádas pósta
- Stádas Teaghlaigh
- Freagrachtaí Tuismitheoireachta agus Cúraimóra
- Aois
- Míchumas
- Suíomh Tíreolaíochta
- Réigiúnach (lasmuigh de Bhaile Átha Cliath agus Cill Mhantáin)
- Teanga
- Gnéaschlaonadh
- Eitneacht
- Creideamh
- Ballraíocht i bPobal an Lucht Siúil
- Míbhuntáiste socheacnamaíoch
- Néara-éagsúlacht
Cúinse Breise
I bhfianaise a bhfuil ag tarlú san Úcráin agus i dtíortha eile ina bhfuil díláithriú éigeantach mar gheall ar choinbhleacht, cuireann Fís Éireann fáilte roimh iarratais a thacaíonn le deiseanna do theifigh atá ina gcónaí in Éirinn faoi láthair, ar mhian leo aistriú chuig an Earnáil Físe in Éirinn.
Is féidir le hiarratasóirí treoir a lorg ón gceanneagraíocht (creativeskillnet@furthr.ie) sula gcuireann siad iarratas isteach.
Forchoimeádann Fís Éireann agus Cultural & Creative Industries Skillnet an ceart acu féin an dámhachtain a chur ar fionraí nó a chur ar ceal, sa chás, dar leo, nach bhfuil an tiomantas riachtanach don chlár/do na gníomhaíochtaí socraithe á chomhlíonadh ag an iarrthóir rathúil. Nuair is gá, iarrfar ar fhaighteoirí na dámhachtana eolas a chur ar fáil maidir lena ndul chun cinn.
Forchoimeádann Fís Éireann agus Cultural & Creative Industries Skillnet an ceart acu féin an tsuim a bhronntar a leasú, i gcás gur deimhin leo gur tugadh eolas míchruinn.
Méideanna Maoinithe
- Is féidir le léiritheoirí de chuid na n-earnálacha Beochana & VFX cur isteach ar dhámhachtain mhaoinithe suas le €10,000 ar a mhéad in aghaidh an léirithe/an tionscadail.
- D’fhéadfadh dámhachtain mhaoinithe níos airde a bheith i gceist dá gcuirfeadh an léiriú deiseanna iontacha CÉ&I ar fáil (tar éis don choiste bronnta athbhreithniú a dhéanamh).
- Ceadaítear níos mó ná iarratas amháin sa bhliain in aghaidh an chomhlachta/an léiritheora, le liúntas €20,000 ar a mhéad sa bhliain in aghaidh an chomhlachta/an léiritheora.
- I gcásanna eisceachtúla, féadfar athbhreithniú a dhéanamh ar an uasmhéid, faoi rogha choiste na scéime maoinithe.
Ní dhéanfar iarratais a mheas ach amháin má tá maoiniú faighte ag an gcomhlacht léirithe ó Chraoltóir, nó ó Choimisiún na Meán, má tá comhléiriú idirnáisiúnta aige le léiritheoir Éireannach, má cháilíonn sé do mhaoiniú cánach S481, nó do mhaoiniú de chuid Fhís Éireann, do scannán lánfhada nó sraith theilifíse. Nó i gcás VFX, má tá an comhlacht ag obair ar ghnéithe VFX de chuid thionscadal maoinithe S481, nó má tá sé ag obair ar ghnéithe VFX de chuid Scannán Lánfhada Idirnáisiúnta ar ardleibhéal nó Sraith Theilifíse.
Tabhair faoi deara, le do thoil, nach mór go mbeadh an t-airgead uilig a theastaíonn chun an léiriú a reáchtáil ag an gcomhlacht sula mbronnfaí maoiniú air do Chonairí. Ní mór do thionscadail ar ar bronnadh maoiniú tús a chur leis an léiriú roimh dheireadh na bliana ina ndearnadh an t-iarratas.
Tabhair faoi deara, le do thoil, nach féidir ciste Conairí a úsáid chun gníomhaíochtaí a mhaoiniú atá á maoiniú cheana féin ag aon cheann de na hAcadaimh Náisiúnta Tallainne.
Sonraí an Iarratais
- Ní mór don iarratasóir a bheith ina chomhlacht léirithe.
- Sula gcuirtear an t-iarratas isteach, ní mór go sainaithnítear rannpháirtithe incháilithe ann agus go leagtar amach na róil/gráid lena dtacófar.
- Ba cheart go mbeadh an léiriú in ann tacú le forbairt na ndaoine aonair. Ní mór sonraí maidir le conas a thacófar le rannpháirtithe a chur san iarratas.
- Freagracht an chomhlachta/an léiritheora is ea gach árachas a bhfuil gá leis.
- Níl cead níos mó ná €5,000 de mhaoiniú tacaíochta a leithdháileadh in aghaidh an duine aonair. Ba chóir do na rannpháirtithe/na daoine aonair atá san áireamh a bheith ag teacht lena bhfuil sa mhír cháilitheachta thuas.
- Ní mór na rannpháirtithe agus na róil/gráid a leagan amach san iarratas.
Freagracht an chomhlachta/an léiritheora is ea an chaoi a leithdháiltear agus a scaiptear an dámhachtain mhaoinithe. Ní mór don chomhlacht léirithe ar ar bronnadh an maoiniú cloí le gach reachtaíocht shóisialta agus fostaíochta maidir le húsáid chuí an mhaoinithe.
Ba cheart d’iarratasóirí a thabhairt faoi deara go mbronnfar marcanna breise ar iarratasóirí a bhfuil sé i gceist acu a bheith ag obair go comhoibríoch ar na gníomhaíochtaí beartaithe le heagraíocht nó le comhairleoir atá aitheanta agus gníomha i réimse an chothromais, na héagsúlachta agus na hionchuimsitheachta.
Spriocdhátaí le hAghaidh Iarratais
Beidh an ciste Conairí Beochana & VFX oscailte ar fud 2025 go dtí go gcaithfear an ciste iomlán. Caithfidh iarratais a chur isteach sé seachtaine ar a laghad roimh thús fhostaíocht na rannpháirtithe molta; d’fhéadfadh, áfach, an painéal iarratais a mheas taobh amuigh den tréimhse seo i gcásanna eisceachtúla.
Ní mheasfar iarratais easnamhacha. D’fhéadfadh eolas contráilte moilleanna a chur ar phróiseáil iarratas.
Ní ghlacfar le hiarratais iardhearcacha.
Ní féidir iarratais mhírathúla a chur isteach arís lá is faide anonn. Is féidir le hiarrthóirí treoir a lorg ón cheanneagraíocht (creativeskillnet@furthr.ie) chun tosaigh ar aighneacht a dhéanamh.
Forchoimeádann Fís Éireann agus Cultural & Creative Industries Skillnet an ceart chun maoiniú a chur ar fionraí nó a chealú sa chás, dar léi, nach bhfuil iarrthóir rathúil ag baint amach an tiomantas riachtanach don chlár/do na gníomhaíochtaí aontaithe. Nuair a bheidh sé riachtanach, beidh ar fhaighteoirí sparánachtaí eolas a sholáthar ar a ndul chun cinn.
Forchoimeádann Fís Éireann agus Cultural & Creative Industries Skillnet an ceart chun athbhreithniú a dhéanamh ar an mhéid a bronnadh nuair atá sí sásta gur cuireadh eolas contráilte ar fáil.
Má tá ceisteanna breise ar bith eile gabh i dteagmháil le do thoil le: creativeskillnet@furthr.ie
Critéir Mheasúnaithe (Iomlán: 100%)
- Caighdeán foriomlán an iarratais, go háirithe maidir le gnéithe C, É & I an iarratais, lena n-áirítear iarratasóir a bhfuil sé i gceist aige a bheith ag obair go comhoibríoch ar na gníomhaíochtaí beartaithe le heagraíocht nó le comhairleoir atá aitheanta agus gníomhach i réimse an chothromais, na héagsúlachta agus na hionchuimsitheachta. (40%).
- Cuntas teiste na n-iarratasóirí i réimse C, É & I (15%).
- Tacaíochtaí molta C, É & I dóibh siúd atá rannpháirteach sa léiriú (20%).
- Ábharthacht agus tábhacht na deise forbartha scileanna d’fhorbairt ghairmiúil agus do dhul chun cinn gairme na rannpháirtithe (25%).
Socrú Conraidh agus Íocaíochtaí
- Íocfar an dámhachtain ina tráthchodanna agus dhá thráthchuid a bheidh i gceist.
- Íocfar an chéad tráthchuid (90%) suas le 30 lá i ndiaidh chur i gcrích an phróisis conraitheoireachta (nuair a fhaightear an conradh sínithe agus aon cháipéisíocht a iarradh).
- Beidh ar na léiritheoirí/comhlachtaí maoinithe uilig seiceáil isteach le Cultural & Creative Industries Skillnet trí uasdátú leathshlí a dhéanamh.
- Íocfar an tráthchuid dheireanach (10% de mhéid iomlán na dámhachtana) chomh luath agus a chuirfear an tuarascáil deiridh isteach.
- Ní mór an tuarascáil iar-thionscadail a chur isteach ar an teimpléad tuarascála a chuireann Cultural & Creative Industries Skillnet ar fáil agus ní mór na torthaí agus tionchar an mhaoinithe a bronnadh a leagan amach sa tuarascáil, mar aon le briseadh síos a sholáthar maidir le conas a leithdháileadh an dámhachtain mhaoinithe. Anuas air sin, ba cheart aon staitisticí/sonraí ábhartha Éagsúlachta a léiríonn tionchar dearfach an mhaoinithe a chur san áireamh sa tuarascáil deiridh, lena n-áirítear líon na ndaoine ar tacaíodh leo.
Chun iarratais a dhéanamh, ní mór an fhoirm iarratais a chomhlánú agus a sheoladh chuig creativeskillnet@furthr.ie, le “Iarratas ar Chiste Beochana & Conairí VFX” mar líne an ábhair.
Má bhíonn aon cheist eile agat téigh i dteagmháil le: creativeskillnet@furthr.ie