Hit enter to search or ESC to close
Léiriú Faisnéise: Scannan Lánfhada

Léiriú Faisnéise: Scannan Lánfhada

Faoin Chistiú

Tá an maoiniú seo dírithe ar scannáin lánfhada fhaisnéise a cheap agus ar thug tallanna Éireannacha ceannaireacht chruthaitheach orthu - stiúrthóirí, léiritheoirí agus scríbhneoirí – a mbeidh a mbainistiú praiticiúil i lámha Éireannacha go príomha.

Tá an bhéim ar chláir fhaisnéise chruthaitheacha fada i mBéarla agus i nGaeilge a mbeidh ardchaighdeáin léirithe chineamatacha acu atá in ann dul chomh fada le lucht féachana idirnáisiúnta thrí léiriú amharclannach agus féilte agus ar ardáin úra.

Tabhair do d’aire más é do thoil é nach dtacófar le cláir fhaisnéise a bheidh dírithe ar mhír theilifíse aon-uaire nó níos lú, nach mbeidh mórán ná a dhath de thóir idirnáisiúnta orthu. Tá Fís Éireann meáite ar thallanna Éireannacha a aimsiú agus a chothú a bheidh in ann ábhar neamhfhicsean a chur i láthair ar chaoi a sháraíonn cultúir agus teangacha agus a úsáideann modhanna aeistéitiúla agus mothúchánacha na scannánaíochta lena mbrí a chur in iúl.

Tabhair do d’aire le do thoil dálaí Fís Éireann a leanas:

  • Tá árachas E & O riachtanach ar gach uile thogra a dtacaíonn Fís Éireann leis.
  • Caithfidh aon cheol agus ábhair chartlainne a úsáidfear i dtogra a bheith imréitithe go brách ar fud an domhain, trasna gach cineál ardáin. Muna ngéillfear do seo beidh sárú tromchúiseach conartha ann dá bharr.
  • Nuair a bheidh tacaíocht Craoltóra i gceist, beidh íosmhéid ama dhá mhí déag tréimhse eisithe de dhíth ar Fís Éireann ón am a chuirfear an tionscadal ar scáileán féile den chéad uair.

Tá Fís Éireann tiomanta do chomhlachtaí a fhás a chruthóidh cláir fhaisnéise ardchaighdeáin a aithneofar go hidirnáisiúnta ar chaoi éifeachtach siosmaideach agus chuige seo, tá ról an léiritheora ríthábhachtach. Ba chóir d’iarratais tuiscint shoiléir ar an mhargadh a léiriú agus plean réalaíoch le haghaidh shaothrú an scannáin. Spreagtar léiritheoirí comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta a lorg in éindí le léiritheoirí, airgeadaithe, gníomhairí díolacháin agus dáileoirí.

Tá Fís Éireann sásta comhléirithe a mheas tríd an scéim seo a leanfaidh na prionsabail atá leagtha amach faoi Clár Faisnéise: Comhléiriú Cruthaitheach.

Tá cistiú Léirithe Faisnéise ar fáil do léiritheoirí Éireannacha a bhfuil togra faisnéise lánfhada acu ar mhian leo a léiriú, a bhfuil teacht soiléir acu ar na cearta riachtanacha d’aon ábhar agus a bhfuil comhaontú in áit acu leis an stiúrthóir, leis na príomhrannpháirtithe agus leis an scríbhneoir scripte scannáin más cuí. Beidh gá le húinéireacht shoiléir cearta a bheith ag an chomhlacht léirithe (ní ag na léiritheoirí aonaracha).

Iarratas a Dhéanamh

Caithfidh iarratasóirí breathnú ar Treoirlínte Cistithe Léirithe sula gcuirfidh siad aighneacht isteach. Measfar iarratais a bheith neamh-incháilithe gan mhachnamh mura gcomhlíonfaidh siad na critéir atá leagtha amach sna treoirlínte seo.  Léigh na treoirlínte seo go cúramach le do thoil roimh gach aighneacht siocair go nuashonraítear go rialta iad.

Más iarratas é seo i gcomhair tionscadal atá á fhorbairt le Fís Éireann faoi láthair, gabh i dteagmháil leis an Bhainisteoir Thionscadail chuí sula gcuirfear aighneacht isteach. Más iarratas é seo i gcomhair tionscadail nua, cuir isteach go díreach é tríd an tairseach iarratais atá ar líne.

Spriocdhátaí Cistithe Léirithe 2026

  • Dé hAoine 12 Eanáir ar 1in
  • Dé hAoine 23 Márta ar 1in
  • Dé hAoine 13 Iúil ar 1in
  • Dé hAoine 26 Deireadh Fómhair ar 1in

08.12.2025